English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley €9 milliún d’acmhainní agus ábhair scoileanna chun tacú le curaclam nua na bunscoile

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu infheistíocht shuntasach de €9 milliún le hacmhainní agus ábhair scoile a chur ar fáil do churaclam nua na bunscoile.

Leis an maoiniú tosaigh seo cinnteofar go mbeidh na hacmhainní agus ábhair riachtanacha le curaclam comhaimseartha agus dinimiciúil a sheachadadh a fhreastalaíonn ar riachtanais foghlaimeoirí an lae inniu.

Tá sé seo sa bhreis ar níos mó ná infheistíocht bhreise de €2m breise a cuireadh ar fáil sa scoilbhliain seo le haghaidh chostais an chláir agus chun an líon foirne a mhéadú in Oide chun tacaíocht a thabhairt do scoileanna le curaclam na bunscoile athfhorbartha a chur i bhfeidhm.

Dúir an tAire Foley:

“Is cúis áthais dom an infheistíocht seo de €9 milliún a fhógairt in acmhainní agus ábhair scoile chun cuidiú le curaclam nua na bunscoile a chur i bhfeidhm. Leis seo beifear in ann foghlaim theagmhálach agus idirghníomhach a dhéanamh, ina mbeidh múinteoirí agus daltaí dul i ngleic go dlúth leis an gcuraclam.

"I gcuraclam nua na bunscoile, leagtar béim ar chur chuige leanbhlárnach, ina bhforbraíonn leanaí a gcuid eolais, scileanna agus dearcthaí go gníomhach in éineacht lena bpiaraí. Leagtar béim freisin ar ról lárnach na múinteoirí, le dul i bhfeidhm ar an gcuraclam agus lena sheachadadh go héifeachtach araon sa seomra ranga.”

Tá an maoiniú seo le haghaidh 2024 ag tógáil ar bhunchloch na n-infheistíochtaí roimhe seo a rinne an Roinn Oideachais lena chinntiú go seachadtar curaclam na bunscoile go rathúil. San áireamh anseo tá an méid seo a leanas:

  • Deiseanna foghlama gairmiúla leanúnacha.
  • Ábhair tacaíochta curaclaim, sraitheanna uirlisí san áireamh.
  • Doiciméid curaclaim curtha ar fáil do gach múinteoir.
  • Scéim na dtéacsleabhar saor in aisce.
  • €20 milliún in 2022 le haghaidh acmhainní litearthachta.
  • Deontais Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) leanúnacha do scoileanna, agus dáileadh €50 milliún i mbliana.
  • Deontais Oideachais um Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) do scoileanna.
  • Deontais ETIM (STEM) do scoileanna.
  • Deontais Chnuasaigh Chruthaitheacha.

Leis Curaclam na Bunscoile athfhorbartha, tugtar isteach raon réimsí foghlama nua ábhair, ina dtugtar níos mó solúbthachta do scoileanna agus do mhúinteoirí leis an bhfoghlaim a chur in oiriúint dá ndaltaí. Tá an maoiniú reatha ag díriú go sonrach ar thacaíocht a thabhairt do réimsí curaclaim na hEolaíochta, na Teicneolaíochta, na hInnealtóireachta agus na Matamaitice (ETIM) agus na nEalaíon.

Mar thoradhar an infheistíocht do na réimsí seo beidh scoileanna in ann acmhainní riachtanacha a cheannach ar nós acmhainní agus ábhair foghlama chun tacú leis an bhfoghlaim ghníomhach agus theagmhálach. Cabhrófar freisin le timpeallachtaí foghlama atá níos cuimsithí agus níos mealltaí do na daltaí ar fad, go háirithe iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

D'áitigh an tAire Foley go bhfuil an infheistíocht seo mar chuid de straitéis níos fadtéarmaí le tacaíocht leanúnach do scoileanna a chinntiú:

“Sna blianta amach romhainn, leanfaimid ag dáileadh acmhainní chun tacú lenár scoileanna leis an gcuraclam a chur i bhfeidhm. Is tionscnamh maoinithe ilbhliantúil a bheidh i gceist leis seo, agus beidh an leithdháileadh amach anseo ag brath ar chúinsí buiséid agus ar riachtanais a thagann chun cinn de réir mar a chuirmid an curaclam i bhfeidhm ar bhonn céimneach ar fud na tíre."

“Táimid tiomanta lena chinntiú go bhfuil na huirlisí agus na hacmhainní atá ag teastáil ag gach scoil chun oideachas ar ardchaighdeán a sheachadadh dá gcuid daltaí ar fad. Agus muid ag pleanáil go fadtéarmach, táimid in ann dul in oiriúint do riachtanais na scoileanna atá ag athrú agus feabhsúcháin leanúnacha a chinntiú san fhoghlaim agus sa teagasc ar fud na tíre”.

Eiseofar treoir ina leagfar amach na critéir don scéim deontais chuig scoileanna sna seachtainí amach romhainn.


Nótaí d’Eagarthóirí:

Creatchuraclam na Bunscoile

Tá athchóiriú agus athfhorbairt á ndéanamh ar churaclam na bunscoile atá faoi threoir CNCM le tacaíocht ón Roinn Oideachais, ó na seirbhísí tacaíochta oideachais, agus ó pháirtithe leasmhara náisiúnta eile.

I gCreatchuraclam na Bunscoile, a foilsíodh i mí an Mhárta 2023, leagtar amach moltaí le haghaidh athfhorbairt churaclam na bunscoileanna. Leagtar amach ann an fhís; prionsabail; príomhinniúlachtaí; struchtúr; cuir chuige i dtreo na foghlama, an teagaisc agus na measúnachta; agus leithdháileadh ama molta Churaclam na Bunscoile.

Sa chreat déantar an méid seo a leanas-

  • tógtar ar rath agus ar láidreachtaí na gcuraclam roimhe seo agus ag an am céanna aithnítear na dúshláin, na riachtanais atá ag athrú agus na tosaíochtaí agus tugtar aghaidh orthu
  • cuirtear gníomhú agus solúbthacht ar fáil i scoileanna
  • déantar naisc le cad agus conas a fhoghlaimíonn leanaí sa réamhscoil, sna bunscoileanna, sa scoileanna speisialta agus sna hiar-bhunscoileanna
  • aithnítear tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn d’fhoghlaim leanaí agus tugtar aghaidh orthu
  • athraítear an chaoi ina gcuirtear struchtúr ar an gcuraclam agus ina gcuirtear é i láthair
  • tacaítear le cuir chuige agus straitéisí oideolaíocha agus tá an measúnú lárnach don fhoghlaim agus don teagasc.

Tá an CNCM i mbun cúig shonraíocht churaclaim nua a fhorbairt. Is iad seo a leanas na chúig réimse churaclaim, mar atá leagtha amach thíos, agus na hábhair a bhaineann leo:

  • Teanga (uasdátaithe le Nuatheangacha Iasachta (NTI) a chur san áireamh i gcéimeanna 3 agus 4 (rang a trí go dtí rang a sé).
  • Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM)
  • Folláine
  • Oideachas na nEalaíon
  • Oideachas Sóisialta agus Comhshaoil (Stair agus Tíreolaíocht)

Tabharfar na sonraíochtaí nua isteach ó mhí Mheán Fómhair 2025 agus cuirfear iad i bhfeidhm ar bhonn céimnithe.

Curaclam Matamaitice na Bunscoile

Foilsíodh Curaclam Matamaitice nua na Bunscoile i mí Mheán Fómhair 2023. Tá an Mhatamaitic suite laistigh de churaclam Oideachas na hEolaíochta, na Teicneolaíochta, na hInnealtóireachta agus na Matamaitice (ETIM). Is é aidhm uileghabhálach Churaclam Matamaitice na Bunscoile forbairt a dhéanamh ar an inniúlacht sa mhatamaitic.

Cé nach mbeidh athrú go fóill ar ‘cad’ a fhoghlaimeoidh leanaí den chuid is mó, tá béim níos mó leagtha ar an gcaoi is fearr a gcuirtear feabhas ar ‘conas’ a fhoghlaimíonn leanaí an mhatamaitic. Sa Churaclam nua, leagtar amach fís úr d’fhoghlaim leanaí a bhfuil an spraíúlacht, cruthaitheacht, dúshlán, dul i riosca, agus deiseanna le réasúnú a dhéanamh agus le fadhbanna sa saol mar atá a réiteach, mar shaintréithe.

Tá sraith de thacaíochtaí forbartha gairmiúla ardchaighdeáin á cur ar fáil ag an Roinn, in éineacht le Oide agus leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) chun tacú le rannpháirtíocht, comhoibriú agus foghlaim ghairmiúil na gceannairí scoile agus na múinteoirí le dul i dtaithí ar Churaclam Matamaitice na Bunscoile agus lena chur i bhfeidhm.

Curaclam Teanga na Bunscoile

Tugadh isteach Curaclam Teanga na Bunscoile le haghaidh gach céim sa bhunscoil in 2019. Faoi Chreatchuraclam na Bunscoile, tabharfar Curaclam Teanga na Bunscoile suas chun dáta le tabhairt isteach na nuatheangacha iasachta ag an leibhéal bunscoile (rang 3 go rang 6) a léiriú, a thabharfar isteach sna scoileanna i scoilbhliain 2025/2026. Roimhe seo, tá an modúl samplóra ‘Cuir Fáilte roimh Theangacha’ a mhaireann ocht seachtaine ag tosú ina 3ú bliain agus tá 1,200 bunscoil rannpháirteach in 2023/24.

Maoiniú

Eisíodh na deontais seo go huathoibríoch chuig na scoileanna aitheanta uile faoi na scoileanna saor in aisce roimh dheireadh 2024.

Eiseofar sonraí breise sna seachtainí amach romhainn chuig scoileanna maidir le leibhéal an mhaoinithe a íocfar le scoileanna, i gcomhréir le méid na scoile.

Eiseofar treoir freisin chuig scoileanna ina leagfar amach na riachtanais maidir leis an gcaiteachas faoin deontas seo. Éilítear ar scoileanna faoi Chiorclán 0074/2020 go mbeidh ardán foghlama digití i bhfeidhm acu.