English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley agus an tAire Byrne Nósanna Imeachta nuashonraithe maidir le húsáid Foirgneamh Scoile agus Áiseanna Spóirt Scoile lasmuigh d'Uaireanta Scoile

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 12 Meitheamh 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD, agus an tAire Stáit Spóirt, Corpoideachais agus Gaeltachta, Thomas Byrne TD, Nósanna Imeachta nuashonraithe inniu maidir le húsáid Foirgneamh Scoile agus Áiseanna Spóirt Scoile lasmuigh d'Uaireanta Scoile.

Léiríonn na nósanna imeachta nuashonraithe an luach agus an tábhacht a bhaineann le foirgnimh scoile agus áiseanna spóirt scoile atá á n-úsáid lasmuigh d'uaireanta scoile.

Is é cuspóir na nósanna imeachta seo tógáil ar an dea-theist atá ag scoileanna maidir le háiseanna a oscailt do phobail áitiúla ionas go mbainfear an leas is fearr is féidir as deiseanna chun rochtain a éascú. Chun úsáid níos mó na n-áiseanna sin a spreagadh, tabharfaidh an Roinn Oideachais ráthaíocht do scoileanna nach gcuirfidh aon ioncam ó úsáid iarscoile a n-áiseanna isteach ar a ndeontais Stáit, ar a dtáillí caipitíochta ná ar aon chineál eile maoinithe ón Roinn.

Chun feasacht a leathnú agus rochtain ar na háiseanna a fheabhsú, tá socruithe á gcur i bhfeidhm ag an Roinn chun eolas a fháil faoi scoileanna atá sásta a gcuid áiseanna a chur ar fáil lasmuigh d'uaireanta scoile (nó atá á dhéanamh sin cheana féin) le bheith ar fáil do phobail áitiúla.

Mar chuid de chomóradh céad bliain na Roinne i mí Dheireadh Fómhair 2024, tá ócáid seóthaispeántais beartaithe do scoileanna atá ag cur a gcuid áiseanna ar fáil do phobail. Cuirfidh an seórthaispeántas seo béim ar thionchar scoileanna i bpobail áitiúla.

Dúirt an tAire Foley: "Tá go leor scoileanna ag cur a gcuid áiseanna iontacha ar fáil lasmuigh d'uaireanta scoile cheana féin ar mhaithe le pobail áitiúla. Ba mhaith linn úsáid ár bhfoirgneamh scoile a spreagadh i rith na seachtaine agus na bliana féilire."

Dúirt an tAire Byrne: "Cuirim fáilte mhór roimh fhoilsiú na nósanna imeachta nuashonraithe seo agus spreagaim a n-úsáid i scoileanna agus i bpobail áitiúla. Mar Rialtas, táimid ag obair chun rannpháirtíocht ar feadh an tsaoil i spórt agus i ngníomhaíocht choirp a chur chun cinn agus is bealach amháin é úsáid áiseanna spóirt scoile, lasmuigh d'uaireanta scoile, a uasmhéadú chun an aidhm sin a bhaint amach. Is acmhainn an-tábhachtach iad áiseanna spóirt scoile agus tríd an úsáid is mó is féidir a bhaint astu lasmuigh de shaol na scoile, cuirtear go mór le hinbhuanaitheacht na bpobal áitiúil.

I measc na mbuntáistí a bhaineann le foirgnimh scoile agus áiseanna spóirt scoile a úsáid lasmuigh d'uaireanta scoile tá:

· Tacú le creatlach shóisialta shaol an phobail trí rochtain ar áiseanna áitiúla a éascú,

· Cuidiú le freastal ar an ngá atá le háiseanna pobail nua i gceantair ina bhfuil forbairtí cónaithe á gcur i bhfeidhm go láidir,

· Soláthar cúraim leanaí iarscoile a éascú chun tacú le teaghlaigh atá ag obair,

· Astaíochtaí féideartha iompair a laghdú i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta Aeráide an Rialtais trí rochtain a thabhairt do dhaoine áitiúla ar áiseanna áitiúla seachas iad siúd atá lonnaithe níos faide ó bhaile agus

· Tacú le stíl mhaireachtála ghníomhach agus shláintiúil do phobail i gcomhréir le beartas Éire Shláintiúil.

Forbraíodh na nósanna imeachta nuashonraithe tar éis rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara san earnáil oideachais agus le ranna rialtais ábhartha. Tagann na nósanna imeachta in ionad na dTreoirlínte maidir le húsáid Foirgneamh Scoile lasmuigh d'Uaireanta Scoile', a eisíodh i mí Dheireadh Fómhair 2017.

Soiléiríonn na nósanna imeachta nuashonraithe freisin na céimeanna is gá a ghlacadh chun naíolann nó réamhscoil a bhunú laistigh d'fhoirgneamh atá ann cheana féin nó ar thailte scoile. Cé gurb é príomhchuspóir na scoileanna oideachas bunscoile agus iar-bhunscoile a sholáthar, tacaíonn an Roinn le húsáid na maoine scoile atá ar fáil ag soláthraithe cúraim leanaí má tá spás ar fáil agus nach gcuireann sé isteach ar reáchtáil na scoile ó lá go lá. Tá sé an-tábhachtach tacú le soláthar cúraim leanaí iarscoile agus moltar go láidir é.

Rinne na nósanna imeachta nua forbairt ar na treoirlínte roimhe seo agus leagann siad béim ar riachtanais áirithe lena n-áirítear an gá atá le socruithe dlíthiúla a chur i bhfeidhm agus árachas, agus nár cheart go mbeadh tionchar ag na gníomhaíochtaí lasmuigh d'uaireanta scoile atá beartaithe ar fhorbairt na scoile amach anseo. Tá cuid mhaith den eolas sna nósanna imeachta i bhformáid pointí urchair anois agus tá sraith seicliostaí sna haguisíní chun éascaíocht úsáide a éascú.

Meabhraítear do scoileanna cead a bpátrúin a lorg sula gcuirtear áiseanna scoile ar fáil.

Notes to Editor:

Nósanna imeachta maidir le húsáid réadmhaoin na scoile agus áiseanna spóirt scoile lasmuigh d’uaireanta scoile
Amharc amharc