English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley agus an tAire Naughton pleananna chun 5 scoil speisialta nua a bhunú chun breis áiteanna a sholáthar do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 18 Deireadh Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Hildegarde Naughton TD, pleananna inniu, 18 Deireadh Fómhair, chun cúig scoil speisialta nua a bhunú an bhliain seo chugainn chun freastal ar an líon scoláirí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) acu agus an líon sin ag méadú.

Freastalóidh na scoileanna ar leanaí agus daoine óga suas go 18 mbliana d’aois a bhfuil riachtanais speisialta oideachais atá casta acu. Tá siad á gceadú chomh luath agus is féidir mar chuid den phleanáil chun cinn ar ardleibhéal don chéad scoilbhliain eile 2025/2026 chun a chinntiú go bhfuil socrúcháin oiriúnacha ar fáil nuair is gá chun freastal ar riachtanais scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Bunófar na cúig scoil speisialta nua i gcontaetha Chorcaí, Bhaile Átha Cliath (2), Mhuineachán agus Thiobraid Árann. Tharla sé sin tar éis anailíse a rinne CNOS agus an Roinn Oideachais a d’aithin nach bhféadfaí freastal ar an leibhéal riachtanas sna réimsí áirithe seo trí mhéadú a dhéanamh ar áiteanna i scoileanna speisialta atá ann cheana féin.

Tá an soláthar breise seo atá á chur leis an líonra reatha de 124 scoil speisialta ar fud na tíre a fhaigheann tacaíocht ó CNOS mar chuid den phacáiste leathnaithe €2.9 billiún i mBuiséad 2025 d’oideachas riachtanas speisialta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:

“Mar Aire Oideachais táim tiomanta do chóras oideachais a oibríonn do chách. Céim shuntasach chun cinn is ea cúig scoil speisialta nua a fhógairt a fhreastalaíonn ar Chorcaigh, Baile Átha Cliath, Muineachán agus Tiobraid Árann. Tá a fhios agam go bhfuil éileamh mór i Muineachán go háirithe ar an gcéad scoil speisialta sa chontae. Bhuail mé le tuismitheoirí agus grúpaí i Muineachán roinnt uaireanta agus thug mé gealltanas dóibh go réiteofaí é sin roimh dheireadh na bliana. Tá lúcháir orm go bhfuil sé sin bainte amach anois.

"I mBuiséad 2025, leagtar síos breis agus €2.9 billiún chun tacaíochtaí a sholáthar do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Ar fud na hÉireann, leanann líon na socrúchán oideachais speisialta ag fás bliain i ndiaidh bliana ag cinntiú go bhfuil rochtain ag leanaí agus daoine óga ar áiteanna scoile atá oiriúnach dá gcuid riachtanas.

"Léiríonn an fógra seo an bhéim an-láidir a chuirtear ar phleanáil chun cinn agus ar fheidhmiú céimneach an tsoláthair do leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

"Tá fíorthiomantas léirithe ag ár bpobail scoile don chuimsiú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd atá páirteach sa tacaíocht a thugtar do bhunú leanúnach ranganna speisialta agus scoileanna speisialta.

"Tá áthas orm go bhfuil fíor-dhul chun cinn á dhéanamh againn maidir le freastal ar riachtanais ár ndaoine óga agus ag comhoibriú ar bhealaí nua lena chinntiú go bhfuil rochtain ag gach leanbh ar thimpeallacht fháilteach agus chuimsitheach chun foghlaim agus bláthú a dhéanamh."

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Naughton:

“Mar Aire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, tá gealltanas tugtha agam a chinntiú go bhfuil áit scoile oiriúnach dá riachtanas ag gach leanbh. Tá ról ríthábhachtach ag scoileanna speisialta, agus is ar an ábhar sin atá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil cúig scoil speisialta nua á mbunú i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath, i Muineachán agus i dTiobraid Árann. Déanfaidh an soláthar breise seo fíordhifríocht do theaghlaigh agus do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu agus tabharfaidh sé soiléireacht dóibh chomh luath agus is féidir don scoilbhliain seo chugainn.

"Tugann Buiséad 2025 an gealltanas is mó riamh do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus dá dteaghlaigh .Táim meáite ar thacaíocht a thabhairt do scoláirí agus do theaghlaigh chun áiteanna scoile a chinntiú áit a bhfuil gá leo. Tá obair shuntasach á déanamh ag an Roinn agus ag CNOS le scoileanna lena chinntiú go gceadaítear soláthar breise RSO chomh luath agus is féidir roimh an scoilbhliain seo chugainn. Tugann fógra an lae inniu níos mó ama ná riamh do phleanáil iontrála scoile, earcú foirne, oiliúint foirne agus tabhairt faoi aon oibreacha tógála/athearraíochta mar ullmhúchán d'oscailt na scoileanna speisialta nua seo do scoilbhliain 2025/26.

"Rachaidh fógra an lae inniu chun tairbhe do leanaí agus do daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus dá dteaghlaigh, chun na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach.”

Garsprioc thábhachtach is ea an fógra luath faoi na scoileanna nua inniu mar go gceadaíonn sé níos mó ama le hiontrálacha scoile a phleanáil, foireann a earcú, oiliúint foirne agus oibreacha tógála riachtanacha a chur i gcrích.

Tá sé i gceist go mbainfear athearraíocht as foirgnimh atá ann cheana chun oscailt na scoileanna speisialta nua a éascú do scoilbhliain 2025/26. Deimhneofar tuilleadh sonraí in am trátha mar chuid de chríochnú na socruithe chun na scoileanna speisialta nua a oscailt.

Cuimsíonn an réamhphleanáil don oideachas speisialta ciorclán nua 0080/2024 Item was unpublished or removed ina leagtar amach bearta nua chun tacú le pleanáil chun cinn an tsoláthair oideachais speisialta. D'eisigh an Roinn é seo go luath i mí Dheireadh Fómhair do gach scoil, tar éis dian-rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara.

I measc na mbeart a bhfuil breac-chuntas orthu san imlitir nua tá:

  • A thabhairt chun suntais go mbeidh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) ag díriú ar bhunscoileanna meánmhéide agus móra nach bhfuil rang speisialta acu chun ranganna speisialta a oscailt don scoilbhliain 2025/2026;
  • Ag meabhrú do gach iar-bhunscoil leanúint ar aghaidh ag pleanáil chun 4 rang speisialta a sholáthar, agus
  • Breac-chuntas a thabhairt ar shocruithe nua cuíchóirithe chun tacú le hathearraíocht a bhaint as cóiríocht atá ann cheana féin chun oscailt ranganna speisialta nua a éascú.

Tá na cúig scoil speisialta nua á maoiniú ón bpacáiste leathnaithe €2.9 billiún don oideachas speisialta i mBuiséad 2025, lena n-áirítear freisin:

  • Suas le 2,700 áit nua do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
  • 768 múinteoir oideachais speisialta breise agus 1,600 cúntóir riachtanas speisialta (CRS) chun tacú le leanaí ar fud ranganna príomhshrutha, ranganna speisialta agus scoileanna speisialta. Is é sin an líon is airde CRSanna a leithdháileadh riamh agus mar sin in 2025 beidh os cionn 23,000 CRS inár gcóras oideachais. Is aitheantas é sin go bhfuil na riachtanais atá ag leanaí ag méadú i ngach suíomh. San iomlán, beidh os cionn 44,000 ball foirne tiomnaithe chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu inár scoileanna.
  • Suas le 400 rang speisialta sa bhreis do scoilbhliain 2025/26.
  • Méadú ar acmhainneacht i scoileanna speisialta atá ann cheana féin ar fud na tíre.
  • Maoiniú breise don Scéim Iompair Scoile chun níos mó áiteanna a sholáthar do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus chun costais conraitheoirí bus a chlúdach.
  • Maoiniú méadaithe don Chlár Samhraidh, a mbaineann cuid de na leanaí is leochailí inár sochaí an-tairbhe go deo as.

Le roinnt blianta anuas, bunaíodh 11 scoil speisialta i gcontaetha Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, Luimnigh, na Mí agus Loch Garman. Mar chuid den phleanáil chun cinn atá déanta ag an Roinn agus ag CNOS, tá scoileanna speisialta breise á bpleanáil anois sna ceithre chontae, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Muineachán agus Tiobraid Árann. San áireamh sa phleanáil chun cinn seo bhí measúnú ar fhaisnéis agus ar shonraí maidir le hacmhainn reatha, éileamh, liostaí feithimh, réamh-mheastacháin rollaithe scoláirí, agus líon na leanaí a thaistealaíonn lasmuigh dá gceantar áitiúil chun teacht ar shocrúchán scoile speisialta.

Oibreoidh CNOS go dlúth le teaghlaigh na leanaí agus na ndaoine óga lena mbaineann chun cabhrú leo teacht ar na háiteanna nua a bheidh ar fáil do scoilbhliain 2025/26.

Cuirfear tús láithreach le pleanáil do bhunú agus oscailt na scoileanna speisialta nua. San áireamh ansin beidh cinneadh ar mhéid na scoile a bheidh ag teastáil ionas gur féidir earcú foirne atá riachtanach, forbairt polasaí scoile agus socruithe gaolmhara a chur i bhfeidhm. Deimhneofar go luath sonraí maidir le suíomh na scoileanna speisialta nua, an próiseas iontrála agus líon na n-áiteanna atá le tairiscint do scoilbhliain 2025/26 i ngach scoil speisialta nua. Deimhneofar freisin sonraí an phátrúin do gach scoil speisialta nua.

Chomh maith le cúig scoil nua a bhunú do scoilbhliain 2025/26, tá líon suntasach tionscadal tógála scoile a bhaineann le scoileanna speisialta ar siúl faoi láthair.

Idir an dá linn, i measc roinnt tionscadal cóiríochta modúlach agus oibreacha athchumraithe atá á bpleanáil nó ar siúl faoi láthair ag scoileanna speisialta tá:

Contae Uimhir Rolla Ainm na scoile Líon seomraí ranga breise
Baile Átha Cliath 20548N Pobalscoil Speisialta Dhanú 2
Gaillimh 19201O Scoil Radharc an Locha 1
Gaillimh 20329B Ionad Oideachais agus Forbartha Leanaí Tígh Nan Dooley 1
Ciarraí 19547E Scoil Speisialta Naomh Proinsias 2
Ciarraí 19376D SS Naomh Íde agus Naomh Seosamh 2
Cill Dara 20376K Scoil Speisialta Saplings 2
Cill Chainnigh 19210P Scoil Speisialta Mháthair an Ghrá Chóir 2
Maigh Eo 19773N Scoil Speisialta San Nioclás 1
Ros Comáin 19789F Scoil Micheal Naofa 2
Sligeach 19206B Scoil Naomh Cecillias 1

Tá eolas ar scoileanna speisialta agus liosta na scoileanna príomhshrutha a bhfuil ranganna speisialta acu, lena n-áirítear ranganna speisialta nua don scoilbhliain reatha 2024/25, agus cineálacha agus láithreacha na ranganna sin foilsithe ar shuíomh Gréasáin CNOS agus tá sé ar fáil ag www.ncse.ie. Leanfaidh CNOS ag nuashonrú an liosta de réir mar a cheadófar ranganna roimh scoilbhliain 2025/26.

Nótaí don Eagarthóir

Bunaíoch aon cheann déag de scoileanna speisialta nua le cúig bliana anuas. Is iad sin:

Contae Ainm na scoile Uimhir Rolla
Corcaigh Pobalscoil Speisialta Charraig Uí Leighin 20559O
Corcaigh Pobalscoil Speisialta Oirthear Chorcaí 20574O
Corcaigh Pobalscoil Speisialta Bhaile an Róistigh 20565N
Baile Átha Cliath Pobalscoil Speisialta an Chosáin 20572K
Baile Átha Cliath Pobalscoil Speisialta Dhanú 20548N
Baile Átha Cliath Scoil Libermann an Spioraid Naoimh, Teach Mealóg 20563J
Baile Átha Cliath Scoil Mhuire an Dóchais, Cromghlinn 20555K
Cill Dara Scoil Bhaile an Chradógaigh 20581L
Luimneach Pobalscoil Speisialta Luimnigh 20579B
An Mhí Pobalscoil Speisialta Cara 20578W
Loch Gorman Scoil Chnoc Ghuaire 20580J

Tá gach ceann de na haon cheann déag de scoileanna nuabhunaithe ag feidhmiú. Ciallaíonn sé sin go bhfuil 124 scoil speisialta i bhfeidhm do scoilbhliain 2024/25.

Tá an Roinn, in éineacht le CNOS, ag déanamh monatóireachta ar infhaighteacht áiteanna do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ar fud na tíre mar shaincheist tosaíochta agus leanfaidh sí ag obair le páirtithe leasmhara ábhartha.

Oibríonn an Roinn go dlúth le CNOS, a bhfuil freagracht uirthi as oibriú le teaghlaigh agus le scoileanna agus as líon imleor saináiteanna oideachais a sholáthar agus a chomhordú chun freastal ar riachtanas áitiúil ar fud na tíre.

Tá roinnt tionscnamh straitéiseach tugtha isteach ag an Roinn Oideachais agus ag CNOS chun pleanáil a dhéanamh agus dóthain áiteanna ranga speisialta agus scoileanna speisialta a sholáthar. Tá torthaí ag teacht ar na tionscnaimh seo agus beagnach 1,700 rang speisialta nua ceadaithe agus aon scoil speisialta déag nua bunaithe le cúig bliana anuas.

Tá 3,335 rang speisialta san iomlán ar fud na tíre, 2,338 ag an mbunleibhéal agus 997 ag an iar-bhunleibhéal. Is gá leanúint leis an leibhéal dul chun cinn seo chun a chinntiú go bhfuil dóthain áiteanna i ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha do leanaí a bhfuil gá acu leo.

Méadú ar sholáthar foirne CNOS

Ina theannta sin, tá acmhainní agus maoiniú suntasach breise leithdháilte ar CNOS i mBuiséid le déanaí chun a seirbhísí a leathnú. Le bliain anuas tá dul chun cinn suntasach déanta ag CNOS maidir le hEagraithe Riachtanas Speisialta Oideachais (ERSOanna), Bainisteoirí Foirne agus Comhairleoirí a earcú. Tá 120 ERSO ag CNOS ar fud na tíre anois, méadú ó 65. Cinnteoidh an líon méadaithe ERSOanna go mbeidh leibhéal feabhsaithe seirbhíse ag tuismitheoirí/caomhnóirí agus scoileanna maidir le fiosruithe faoi thuairiscí, rollú i ranganna speisialta agus i scoileanna speisialta, oiliúint agus acmhainní foirne. . Bhí CNOS i dteagmháil le gach scoil chun iad a chur ar an eolas faoina ERSO nua. Tá tús curtha ag ERSOanna le cuairteanna pleanála scoile chun bualadh le bainistíocht scoile ina gceantar áitiúil. Leanfaidh na cuairteanna seo ar aghaidh sna blianta amach romhainn mar chuid de phleananna CNOS chun caidreamh níos láidre a chothú le scoileanna.

Ranganna speisialta nua breise

Soláthraíonn Buiséad 2025 maoiniú freisin do 400 rang speisialta nua breise do scoilbhliain 2025/2026. Tógann sé seo ar an soláthar luathaithe de bheagnach 1,700 rang speisialta nua le 5 bliana anuas agus ciallóidh sé go mbeidh os cionn 3,700 rang speisialta ar fáil do scoilbhliain 2025/2026.

D’fhoilsigh an Roinn Oideachais Imlitir 0080/2024 le déanaí ina leagtar a amach roinnt beart nua chun cabhrú le pleanáil chun cinn an tsoláthair oideachais speisialta. Leag an Roinn amach freisin go ndíreofar ar bhunscoileanna meánmhéide agus ar bhunscoileanna móra nach bhfuil rang speisialta acu faoi láthair, chun ranganna speisialta nua a oscailt. Tá sé sin á dhéanamh chun cothromas níos fearr a chinntiú maidir le soláthar ranganna speisialta ar fud na mbunscoileanna. Ar an mbealach céanna, caithfidh iar-bhunscoileanna leanúint ar aghaidh ag pleanáil chun ceithre rang speisialta ar an meán a sholáthar