Fógraíonn an tAire Foley agus Naughton próiseas leasaithe um measúnú ar riachtanas do scoileanna
- Foilsithe: 15 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley, TD, agus an tAire Oideachais Speisialta agus Cuimsithe, Hildegarde Naughton, TD, inniu (Dé Luain) próiseas leasaithe um measúnú ar riachtanas do scoileanna.
Forbraíodh an próiseas leasaithe seo de bhun breithiúnais Ard-Chúirte le déanaí inar cinneadh go bhfuil an saineolas cuí ag múinteoirí le go n-ainmneodh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) iad chun riachtanais oideachais linbh a mheas.
Is ar FSS atá an fhreagracht fhoriomlán as measúnú a dhéanamh ar an bpróiseas riachtanas do leanaí agus níl i measúnuithe múinteoirí ar riachtanais oideachais linbh ach cuid amháin den phróiseas.
Forbraíodh an próiseas leasaithe tar éis athbhreithniú mionsonraithe a dhéanamh ar bhreithiúnas na hArd-Chúirte chun a chinntiú go gcloífeadh aon phróiseas nuashonraithe le cinntí na Cúirte. Chuaigh an Roinn agus CNOS i mbun plé forleathan le páirtithe leasmhara oideachais chun léiriú a thabhairt ar an gcaoi ar féidir leis an bpróiseas leasaithe freastal ar riachtanais oideachais na leanaí lena mbaineann agus ar na ceanglais maidir leis an Acht um Míchumas, 2005 a chomhlíonadh.
Tá réimse beart curtha i bhfeidhm ag an Roinn agus ag CNOS chun tacú le scoileanna atá ag tabhairt faoin ngné oideachasúil den mheasúnú ar riachtanais. Áirítear leis sin doiciméid treorach agus tacaíocht ríomhphoist agus teileafóin.
I gcásanna ina mbíonn líon níos mó atreoruithe um measúnú ar riachtanas ag scoileanna, leithdháilfear uaireanta tacaíochta breise um measúnú ar riachtanas ar na scoileanna sin. Cuirfear iad sin ar fáil go huathoibríoch do na scoileanna lena mbaineann gach ráithe i riaráiste.
Dúirt an tAire Foley:
“Is é an t-ábhar imní is mó atá agam mar Aire ná a chinntiú go ndéantar soláthar do gach leanbh, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, inár scoileanna. Cé gur ar FSS atá an fhreagracht maidir leis an bpróiseas um measúnú ar riachtanas, deimhníodh le breithiúnas na hArd-Chúirte le déanaí go bhfuil ról tábhachtach ag scoileanna agus go bhfuil múinteoirí cáilithe go cuí chun riachtanais oideachais a mheas.
“Aithnítear sa bhreithiúnas go bhfuil eolas substaintiúil agus ábhartha ag múinteoirí ar leanaí agus ar dhaoine óga ina gcuid ranganna. Beidh an t-eolas sin, a dhíorthaítear ó chleachtais mheasúnaithe agus ó léargais ghairmiúla, mar chuid den phictiúr foriomlán maidir le riachtanais an linbh.
“Rinneadh plé forleathan le páirtithe leasmhara oideachais chun an próiseas leasaithe a nuashonrú agus ba mhaith liom scoileanna a spreagadh chun leanúint ar aghaidh ag obair leis an Roinn agus le CNOS chun na measúnuithe sin a chur i gcrích, ar measúnuithe iad a bhfuil leanaí i dteideal rochtain a fháil orthu faoin Acht um Míchumas.”
Dúirt an tAire Naughton:
“Tá a fhios againn gur áiteanna gnóthacha iad na scoileanna. Oibríonn príomhoidí agus múinteoirí go dian chun freastal ar riachtanais na leanaí agus na ndaoine óga ina scoileanna. Is é an rud is mian linn a dhéanamh ná na hacmhainní agus na tacaíochtaí is gá a chur ar fáil dóibh, a mhéid agus is féidir, chun go leanfaidh siad orthu ag déanamh na hoibre criticiúla seo.
“Tá áthas orm a thabhairt faoi deara, mar sin, go bhfuil raon tacaíochtaí curtha i bhfeidhm ag CNOS do scoileanna nuair a fhaigheann siad iarratas um measúnú ar riachtanas, lena n-áirítear tacaíocht ríomhphoist agus fóin chomh maith le hábhair threoracha agus rochtain ar chomhairleoir CNOS. Sa chás go bhfaigheann scoileanna líon mór iarratas um measúnú ar riachtanas, beidh siad in ann leas a bhaint as uaireanta teagaisc breise freisin.
“Ar an gcaoi chéanna, áfach, tá sé tábhachtach a chinntiú go ndéanaimid monatóireacht ar thionchar na hoibre seo ar scoileanna. Mar sin, fáiltím roimh thiomantas na Roinne athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an bpróiseas um measúnú ar riachtanais ionas gur féidir linn a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí cuí agus riachtanacha acu.”
Nótaí d'eagarthóirí
- Is próiseas reachtúil faoin Acht um Míchumas, (2005) é measúnú ar riachtanas.
- Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte freagrach as an bpróiseas um measúnú ar riachtanas. Is próiseas faoi stiúir FSS é an próiseas um Measúnú ar Riachtanas. Leagtar amach san Acht um Míchumas, 2005 an fhreagracht dhlíthiúil maidir leis an bpróiseas um measúnú ar riachtanas agus leagtar an fhreagracht sin ar FSS. Laistigh den Acht um Míchumas, tá dualgas reachtúil ar CNOS 'daoine cuí' a ainmniú chun cabhrú le FSS sa phróiseas um measúnú ar riachtanas.
- Sa phróiseas um measúnú ar riachtanas, éilítear ar Oifigeach Measúnaithe, atá ag obair do FSS, riachtanais sláinte agus oideachais iarratasóra um measúnú ar riachtanas a chinneadh.
- Má thagann Oifigeach Measúnaithe ar an tuairim go mb'fhéidir go mbeadh gá le seirbhís oideachais a chur ar fáil, tá dualgas reachtúil ar CNOS 'daoine cuí' a ainmniú chun cabhrú le FSS sa phróiseas um measúnú ar riachtanas.
- Tá an Roinn Oideachais sásta go bhfuil múinteoirí cáilithe go cuí agus dá bhrí sin gur 'daoine cuí' le hainmniú ag CNOS iad, de réir mar is cuí, chun cabhrú le FSS sa phróiseas um measúnú ar riachtanais.
- Tá múinteoirí cáilithe go cuí chun cabhrú leis an bpróiseas um measúnú ar riachtanais mar gheall ar a saineolas agus a mbreithiúnas gairmiúil agus seasadh leis sin i mbreithiúnas cúirte le déanaí. Ceann d'fheidhmeanna scoile, mar atá sonraithe san Acht Oideachais (1998), is ea a chinntiú go n-aithnítear agus go ndéantar soláthar do riachtanais oideachais gach linbh/duine óig, lena n-áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu. Ina theannta sin, ceanglaítear le hAcht EPSEN (2004) ar scoileanna comhoibriú leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta i gcomhlíonadh a feidhmeanna ag an gComhairle. Dá bhrí sin, ní mór do scoileanna an Tuarascáil ar Riachtanais Oideachais a chomhlánú chun an ceanglas sin a chomhlíonadh.
- Is féidir le múinteoirí a n-eolas gairmiúil agus a dtaithí ar bheith ag obair leis an leanbh/duine óg a úsáid chun riachtanais oideachais a aithint agus féadfaidh siad aon eolas atá acu a úsáid chun riachtanais oideachais an linbh/an duine óig a aithint, lena n-áirítear aon tuarascálacha ábhartha atá ar fáil.
- Ní gá go mbeadh moltaí múinteoirí maidir le seirbhísí oideachais do leanaí/daoine óga a bhfuil siad ag tuairisciú orthu teoranta do na seirbhísí sin atá ar fáil ina scoil. I measc samplaí de sheirbhísí d'fhéadfadh socrúchán i rang speisialta nó i scoil speisialta, rochtain ar theicneolaíocht chúnta, síceolaí, teiripeoir urlabhra nó saothair nó rochtain ar Chúntóir Riachtanas Speisialta a bheith i gceist. Ní liosta uileghabhálach é seo. Bainfidh an tOifigeach Measúnaithe úsáid as an Tuairisc ar Riachtanais Oideachais atá comhlánaithe ag múinteoirí mar chuid de mheasúnú ar riachtanas FSS
- Is féidir le príomhoide/leas-phríomhoide na scoile, nó múinteoir atá ainmnithe ag príomhoide na scoile a bhfuil cur amach aige/aici ar an dalta (m.sh. Múinteoir Ranga/Ábhair, Múinteoir Oideachais Speisialta) an measúnú a dhéanamh ar riachtanais oideachais linbh i scoil.
- Tá an Measúnú ar Riachtanas seo de chuid FSS le déanamh gan aird a thabhairt ar chostas aon seirbhísí a mheastar a bheith riachtanach chun freastal ar riachtanais an linbh/an duine óig de réir Alt 8(5) den Acht um Míchumas, 2005, ná ar an gcumas aon seirbhísí a sholáthar. Measúnú 'ar an gcaighdeán is airde' atá ann. Mar sin, ba cheart do mhúinteoirí aon seirbhísí oideachais a mheasann siad atá oiriúnach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais oideachais an linbh/an duine óig a shainaithint.
- Agus bailchríoch á cur ar an tuairisc um measúnú ar riachtanas, ceanglaítear ar an Oifigeach Measúnaithe in FSS breithiúnas gairmiúil a dhéanamh bunaithe ar an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil dó/di, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuireann an múinteoir ar fáil.
- Meastar go mbíonn idir 6,000 agus 7,000 iarratas um measúnuithe ar riachtanais ann gach bliain ar an meán. Tugann na sonraí is déanaí atá ar fáil le fios go mbaineann 70 faoin gcéad le leanaí in aois scoile. Is é an miondealú de réir earnála ná 88 faoin gcéad sa bhunscoil agus 12 faoin gcéad san iar-bhunscoil. Nuair a scaiptear é ar fud 4,000 bunscoil agus iar-bhunscoil, ba chóir gurb ionann é sin agus líon beag atreoruithe chuig scoileanna aonair.
- I gcásanna ina mbíonn líon níos mó atreoruithe um measúnú ar riachtanas ag scoileanna, leithdháilfear uaireanta tacaíochta breise um measúnú ar riachtanas ar na scoileanna sin.
- Gheobhaidh bunscoil a fhaigheann níos mó ná cúig atreorú um measúnú ar riachtanas do dhaltaí in aghaidh an téarma cúig uair an chloig tacaíochta um measúnú ar riachtanas. Gheobhaidh bunscoileanna a fhaigheann níos mó ná 15 atreorú um measúnú ar riachtanas deich n-uair an chloig tacaíochta um measúnú ar riachtanas.
- Gheobhaidh iarbhunscoil a fhaigheann níos mó ná cúig atreorú um measúnú ar riachtanas do scoláirí in aghaidh an téarma sé uair an chloig tacaíochta um measúnú ar riachtanas. Gheobhaidh iar-bunscoileanna a fhaigheann níos mó ná 15 atreorú um measúnú ar riachtanas 12 uair an chloig tacaíochta um measúnú ar riachtanas.