English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley ainm na 24 eagraíocht a bhainfidh tairbhe as rannpháirtíocht sa Scéim Sparánachtaí Oideachais Ceoil Neamh-Phríomhshrutha ar fiú €100,000

Inniu, d’fhógair Norma Foley TD, an tAire Oideachais, ainm na 24 eagraíocht a gheobhaidh deontas faoi Scéim Sparánachtaí Oideachais Ceoil Neamh-Phríomhshrutha na Roinne don bhliain 2022.

Tríd an Scéim Sparánachtaí Oideachais Ceoil Neamh-Phríomhshrutha, soláthraítear deontas beag airgid chun tacú le hoideachas ceoil agus tionscnaimh cheoil a sholáthar chun gur féidir leanúint le tallann ár gceoltóirí óga a chothú. Tugann na heagraíochtaí, na grúpaí agus na daoine aonair lena mbaineann rochtain do dhaoine óga agus leanaí sa phobal ar raon éagsúil eispéireas oideachais ceoil lasmuigh den soláthar scoile agus den soláthar curaclaim araon.

I mí an Mhárta i mbliana, d’iarr an Roinn Oideachais iarratais ar dheontais faoin scéim. Is é €100,000 an buiséad iomlán atá ar fáil sa bhliain 2022. Tá liosta iomlán de na 24 iarratasóir rathúla tugtha thíos.

Dúirt an tAire Foley:

“A bhuí leis na sparánachtaí atá ar fáil faoin scéim seo, cabhrófar le heagraíochtaí teacht ar na hacmhainní a theastaíonn uathu chun leanúint de bheith ag obair le leanaí agus daoine óga i suíomhanna pobail.

“Cuid dhílis dár gcultúr is ea ceol, agus tá sé ina bhealach tábhachtach inar féidir le daoine iad féin a chur in iúl agus a gcruthaitheacht a thaispeáint. Tá súil agam go mbeidh eagraíochtaí pobail in ann na deontais seo a úsáid chun leanúint le teagasc agus ranganna ceoil a sholáthar ar feadh na coda eile den bhliain agus cabhrú leis an téarnamh ón tionchar a bhí ag paindéim Covid-19 ar ár gcuid leanaí agus daoine óga.”


Nótaí don Eagarthóir

Áirítear iad seo a leanas leis na faighteoirí:

Baile Átha Cliath 12 – Ionad Pobail San Aignéas do Cheol agus do na hEalaíona CLG: Dámhachtain sparánachta €17,000

Bhunaigh an tSiúr Bernadette Sweeney Ionad Pobail San Aignéas do Cheol agus do na hEalaíona i mí na Samhna 2013. Tugann sé rochtain do gach duine óg i bpobal Chromghlinne ar ranganna teagaisc ceoil agus grúpa ceoil ar bhonn cuimsitheach. Freastalaíonn sé ar 350 duine de leanaí agus de dhaoine óga in aghaidh na seachtaine faoi láthair. Bíonn an t-ionad ar oscailt cúig lá sa tseachtain agus, uaireanta, óstálann sé ceolchoirmeacha agus imeachtaí ar an Satharn agus ar an Domhnach freisin. Tá aidhmeanna ceoil an ionaid bunaithe go príomha ar an bprionsabal um rochtain do chách. Ráthaíonn sainfhoireann teagaisc an ionaid cáilíocht an tsoláthair. Ráthaítear í freisin trí pháirt a ghlacadh go rialta i nGrádscrúduithe Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann. Áirítear leis na deiseanna taibhithe a sholáthraítear ceolchoirmeacha ceolfhoirneacha a reáchtáiltear ar bhonn leanúnach, dhá cheolchoirm samhraidh a eagraítear chun tallann rannpháirtithe an ionaid a shárthaispeáint agus, tar éis campa samhraidh a reáchtáiltear i mí Iúil gach bliain, ceolchoirm cheolfhoirneach a chuirtear ar siúl in Ard-Eaglais Chríost i mBaile Átha Cliath. Eagraíonn sé geamaireacht agus ceoldráma gach bliain freisin.

Baile Átha Cliath 2 – Tionscadal Téide Shráid na mBráithre Bána: Dámhachtain sparánachta €17,000

Oibríonn Tionscadal Téide Shráid na mBráithre Bána amach as Ionad Pobail na gCairmilíteach, Sráid Aungier, Baile Átha Cliath 2. Is clár téide é do leanaí idir 6 bliana d’aois agus 12 bhliain d’aois. Bunaíodh an tionscnamh sa bhliain 2011. Freastalaítear leis ar 96 dhalta idir rang 1 agus rang 6 i suíomh neamh-phríomhshrutha lasmuigh d’amanna scoile. Bíonn ranganna ceoltóireachta ar siúl ar an Satharn. Tríd an tionscnamh, soláthraítear teagasc gairmiúil téide saor in aisce do leanaí áitiúla idir 6 bliana d’aois agus 12 bhliain d’aois a fhreastalaíonn ar scoileanna áitiúla DEIS. Cothaítear leis an gclár cuimsiú agus imeascadh sóisialta leanaí áitiúla agus teaghlach áitiúil.

Reáchtáiltear an clár lasmuigh den churaclam scoile agus bhí breis agus 200 leanbh páirteach ann cheana féin. Gach bliain, dámhtar do thriúr daltaí ón tionscadal scoláireacht chun dul isteach i gClár Cheolfhoireann na nÓg (www.yops-ireland.com) ar mhaithe le tuilleadh oiliúna uirlise a fháil. Leis an gclár téide, soláthraítear uirlisí agus teagasc ranga saor in aisce. Thaibhigh na daltaí don Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn sa bhliain 2012 agus ag Féile Ceoil Thraidisiúnta Bharra an Teampaill sa bhliain 2013. Soláthraíonn Ionad Pobail na gCairmilíteach spás réamhchleachtaidh saor in aisce don tionscnamh. Tá an tionscnamh ag iarraidh an sparánacht a úsáid chun uirlisí a cheannach.

Na critéir a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar iarratais:

• Cuntas teiste cruthaithe in oideachas ceoil a sholáthar

• Seirbhísí a sholáthar i réimse an oideachais ceoil neamh-phríomhshrutha/an cheoil pobail

• Oideachas ceoil neamh-phríomhshrutha a sholáthar do dhaoine óga atá 18 mbliana d’aois nó níos óige

• Torthaí láidre foghlama a bhaint amach do rannpháirtithe

• Tugadh tús áite freisin do na heagraíochtaí/na grúpaí sin ar féidir leo a thaispeáint go bhfreastalaíonn siad ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch.

Liosta iomlán faighteoirí:

€17,000 St. Agnes’ Community Centre, Crumlin Dublin

€17,000 Whitefriar Street String Project Dublin

€6,000 Clondalkin Youth Band Dublin

€5,000 Musica Fusion Community Orchestra Cork

€5,000 Finglas Concert Band Dublin

€4,000 Sandyford Youth Band Dublin

€4,000 Accora Orchestra Cavan

€3,000 Ceol na Loca Tourmakeedy Mayo

€3,000 Portarlington Concert Band Offaly

€3,000 Tuismitheoirí na Gaeltachta Galway

€2,500 Wicklow Miners CCE Wicklow

€2,500 West Offaly Comhaltas Offaly

€2,500 The Stedfast Band Dublin

€2,500 Loughmore CCE Tipperary

€2,500 Cahir Comhaltas Tipperary

€2,500 Club Ceoil Blarney Cork

€2,500 Comhaltas Douglas Cork

€2,500 Cnoc na Gaoithe Clare

€2,500 Bofield CCE Mayo

€2,500 Craobh Ciaseal Mumhan CCÉ Tipperary

€2,000 St. Brendan's Music Group Mayo

€2,000 Arklow Silver Band Wicklow

€2,000 Naomh Brid Music Laois

€2,000 Cullen Pipe Band Cork