English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley ainm na 25 eagraíocht a gheobhaidh deontas faoin Scéim Sparánachtaí Oideachais Ceoil Neamh-Phríomhshrutha

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 10 Bealtaine 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Inniu (10 Bealtaine), d’fhógair Norma Foley TD, an tAire Oideachais, ainm na 25 eagraíocht a gheobhaidh deontas faoi Scéim Sparánachtaí Oideachais Ceoil Neamh-Phríomhshrutha a roinne don bhliain 2024.

Tríd an Scéim Sparánachtaí Oideachais Ceoil Neamh-Phríomhshrutha, soláthraítear deontas airgid chun tacú le hoideachas ceoil agus tionscnaimh cheoil a sholáthar chun gur féidir leanúint le tallann ár gceoltóirí óga a chothú.

Tugann na heagraíochtaí, na grúpaí agus na daoine aonair lena mbaineann rochtain do dhaoine óga agus leanaí ar raon éagsúil eispéireas oideachais ceoil.

I mí Feabhra i mbliana, d’iarr an Roinn Oideachais iarratais ar dheontais faoin scéim. Is é €100,000 an buiséad iomlán atá ar fáil sa bhliain 2024. Tá liosta iomlán de na hiarratasóirí rathúla tugtha thíos.

Dúirt an tAire Foley:

“Tá an-áthas orm gur féidir linn an sparánacht seo a thairiscint, a chabhróidh lenár gceoltóirí cumasacha óga a chothú agus a thacóidh leis an gcuid mhór tionscnamh iontach ceoil atá ar bun ar fud na tíre. Go háirithe, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do thiomantas na n-eagraíochtaí agus an lín mhóir eagraíochtaí a chuireann a gcuid ama agus scileanna ar fáil chun obair le ceoltóirí óga, agus iad ag tabhairt deiseanna luachmhara dóibh barr a gcumais a iniúchadh.”

Áiríodh iad seo a leanas leis na faighteoirí:

Ionad Pobail San Aignéas do Cheol agus do na hEalaíona CLG, Cromghlinn, Baile Átha Cliath 12: Dámhachtain sparánachta €29,000.

Bhunaigh an tSiúr Bernadette Sweeney Ionad Pobail San Aignéas do Cheol agus do na hEalaíona i mí na Samhna 2013. Tugann sé rochtain do gach duine óg i bpobal Chromghlinne ar ranganna teagaisc ceoil agus grúpa ceoil ar bhonn cuimsitheach cúig lá in aghaidh na seachtaine. Freastalaíonn sé ar 669 nduine de leanaí agus de dhaoine óga in aghaidh na seachtaine faoi láthair, lena n-áirítear rang d’ochtar leanaí a bhfuil uathachas orthu, a fhreastalaíonn ar dhaoine nua den tsochaí agus ar dhaoine aonair easáitithe. I dteannta teagasc seachtainiúil, óstálann sé geamaireacht agus ceoldráma gach bliain, mar aon le campa samhraidh do leanaí.

Club Amhránaíochta agus Comharthaíochta Bhaile Átha Í, Contae Chill Dara: Dámhachtain Sparánachta €4,000.

Tá Club Amhránaíochta agus Comharthaíochta Bhaile Átha Í ina ghrúpa pobail a theagascann Teanga Chomharthaíochta na hÉireann i dtimpeallacht foghlama spraíúil chairdiúil trí cheol agus trí chruthaitheacht. Tá 80 ball aige faoi láthair. Tá an club tiomanta do cheardlanna uathúla aistriúcháin ceoil a sholáthar do dhaoine a bhfuil laige éisteachta orthu, atá bodhar nó a bhfuil allaíre orthu. Aistríonn sé seánraí difriúla amhrán go Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, agus leathnaíonn sé an clár ceoil trí cheardlanna agus léirithe a thairiscint. Tá súil ag an gclub an sparánacht a úsáid chun sainchomhairleoir Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a fhruiliú chun cruinneas na n-aistriúchán a chinntiú, chun trealamh nua a cheannach, agus chun dul i bhfeidhm ar thuilleadh scoláirí ó phobal na mbodhar.

Banna Ceoil Chloich Cheann Fhaola, an Fál Carrach, Contae Dhún na nGall: Dámhachtain Sparánachta €2,000

Bunaíodh Banna Ceoil Chloich Cheann Fhaola, an Fál Carrach, Contae Dhún na nGall, sa bhliain 1983. Cuimsíonn an banna sóisearach cúigear teagascóirí agus 42 bhall atá faoi bhun 18 mbliana d’aois, agus léiríonn sé ceol comhaimseartha agus ceol traidisiúnta araon. Cinnteoidh an sparánacht gur féidir leis an mbanna fás agus leanúint leis an oideachas ceoil is fearr is féidir a thabhairt do leanaí áitiúla.

Nótaí don Eagarthóir:

Na critéir a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar iarratais.

  • Cuntas teiste cruthaithe in oideachas ceoil a sholáthar le níos mó ná trí bliana.
  • Seirbhísí a sholáthar i réimse an oideachais ceoil neamh-phríomhshrutha/an cheoil pobail.
  • Oideachas ceoil neamh-phríomhshrutha a sholáthar do dhaoine óga atá 18 mbliana d’aois nó níos óige.
  • Torthaí láidre foghlama a bhaint amach do rannpháirtithe.
  • Tugadh tús áite freisin do na heagraíochtaí/na grúpaí sin ar féidir leo a thaispeáint go bhfreastalaíonn siad ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch.

Liosta iomlán faighteoirí:

Amount Recipient County
€29,000 St. Agnes’ Community Centre, Crumlin Dublin
€14,000 Whitefriar Street String Project Dublin
€4,000 Musica Fusion Community Orchestra Cork
€4,000 Athy Sing and Sign Kildare
€4,000 CCE Gorey Ballygarrett Wexford
€3,000 Sandyford Youth Band Dublin
€3,000 Finglas Concert and Marching Band Dublin
€3,000 Bofield CCE Mayo
€3,000 Dublin Choral Foundation Dublin
€3,000 Clonmel Youth Marching & Concert Band Tipperary
€2,500 Clarecastle CCE Clare
€2,000 Wicklow Miners CCE Wicklow
€2,000 Ceol na Locha Mayo
€2,000 Cullen Pipe Band Cork
€2,000 Loughmore CCE Tipperary
€2,000 Craobh Osraí CCE Kilkenny Kilkenny
€2,000 Listowel Duagh CCE Kerry
€2,000 Anne Devlin CCE Wicklow
€2,000 Craobh Caiseal Mumhan Tipperary
€2,000 Tralee Pipes and Drums (St. John’s Pipe Band) Kerry
€2,000 Cloughaneely Junior Band Donegal
€2,000 Scoil Acla Mayo
€2,000 Tigh na Coille Clare
€2,000 Danecastle Music Group Wexford
€1,500 Music and Health Ireland CLG Meath