Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley ainm na 39 n-eagraíocht a bhainfidh tairbhe as rannpháirtíocht i Scéim Sparánachtaí Oideachais Cheoil Neamh-Phríomhshrutha ar fiú €100,000

Inniu (13 Iúil 2021), d’fhógair Norma Foley TD, an tAire Oideachais, ainm na 39 n-eagraíocht a gheobhaidh deontas faoi Scéim Sparánachtaí Oideachais Cheoil Neamh-Phríomhshrutha na Roinne don bhliain 2021.

Tríd an Scéim Sparánachtaí Oideachais Cheoil Neamh-Phríomhshrutha, soláthraítear deontas beag airgid chun tacú le hoideachas ceoil agus tionscnaimh cheoil a sholáthar chun gur féidir leanúint le tallann ár gceoltóirí óga a chothú. Tugann na heagraíochtaí, na grúpaí agus na daoine aonair lena mbaineann rochtain do dhaoine óga agus leanaí sa phobal ar raon éagsúil eispéireas oideachais cheoil lasmuigh den soláthar scoile agus den soláthar curaclaim araon.

I mí Aibreáin i mbliana, d’iarr an Roinn Oideachais iarratais ar dheontais faoin scéim. Is é €100,000 an buiséad iomlán atá ar fáil sa bhliain 2021. Tá liosta iomlán de na 39 n-iarratasóir rathúla tugtha thíos.

Dúirt an tAire Foley:

“Tá ceol ina bhealach tábhachtach inar féidir le daoine iad féin a chur in iúl agus a gcruthaitheacht a thaispeáint. Tá sé ríthábhachtach go soláthróimis na deiseanna sin dár leanaí agus dár ndaoine óga. Tá súil agam go mbeidh eagraíochtaí pobail in ann na deontais seo a úsáid chun leanúint le teagasc agus ranganna ceoil a sholáthar ar feadh na coda eile den bhliain.

“A bhuí leis na sparánachtaí atá ar fáil faoin scéim seo, cabhrófar le heagraíochtaí teacht ar na hacmhainní a theastaíonn uathu chun leanúint de bheith ag obair le leanaí agus daoine óga i suíomhanna pobail.”

Nótaí don Eagarthóir

Áirítear iad seo a leanas leis na faighteoirí:

Baile Átha Cliath 12 – Ionad Pobail San Aignéas do Cheol agus do na hEalaíona CLG: Dámhachtain sparánachta €12,000

Bhunaigh an tSiúr Bernadette Sweeney Ionad Pobail San Aignéas do Cheol agus do na hEalaíona i mí na Samhna 2013. Tugann sé rochtain do gach duine óg i bpobal Chromghlinne ar ranganna teagaisc cheoil agus grúpa ceoil ar bhonn cuimsitheach. Freastalaíonn sé ar 350 duine de leanaí agus de dhaoine óga in aghaidh na seachtaine faoi láthair. Bíonn an t-ionad ar oscailt cúig lá sa tseachtain agus, uaireanta, óstálann sé ceolchoirmeacha agus imeachtaí ar an Satharn agus ar an Domhnach freisin. Tá aidhmeanna ceoil an ionaid bunaithe go príomha ar an bprionsabal um rochtain do chách. Ráthaíonn sainfhoireann teagaisc an ionaid cáilíocht an tsoláthair. Ráthaítear í freisin trí pháirt a ghlacadh go rialta i nGrádscrúduithe Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann. Áirítear leis na deiseanna taibhithe a sholáthraítear ceolchoirmeacha ceolfhoirneacha a reáchtáiltear ar bhonn leanúnach, dhá cheolchoirm samhraidh a eagraítear chun tallann rannpháirtithe an ionaid a shárthaispeáint agus, tar éis campa samhraidh a reáchtáiltear i mí Iúil gach bliain, ceolchoirm cheolfhoirneach a chuirtear ar siúl in Ard-Eaglais Chríost i mBaile Átha Cliath. Eagraíonn sé geamaireacht agus ceoldráma gach bliain freisin.

Ionad Cultúir Dhiarmuid Uí Chatháin, Leic Snámha, Contae Chiarraí: Dámhachtain sparánachta €4,000

Tá sé mar aidhm ag Ionad Cultúir Dhiarmuid Uí Chatháin, Leic Snámha, Contae Chiarraí, gach teaghlach, idir dhaoine áitiúla agus imircigh, a imeascadh sa phobal trí cheol traidisiúnta, trí amhránaíocht thraidisiúnta agus trí dhamhsa traidisiúnta. Bunaíodh an t-ionad sa bhliain 1960 agus tá 310 mball aige, a bhfuil 180 duine díobh faoi bhun 18 mbliana d’aois. Tá teagascóirí ceoil, seisear teagascóirí damhsa, teagascóir amhránaíochta amháin agus beirt teagascóirí Gaeilge aige. Rinne an t-ionad iarratas ar an sparánacht chun stór uirlisí a cheannach ar mhaithe le scéim iasachta uirlisí a bhunú.

Baile Átha Cliath 2 – Tionscadal Téide Shráid na mBráithre Bána: Dámhachtain sparánachta €12,000

Oibríonn Tionscadal Téide Shráid na mBráithre Bána amach as Ionad Pobail na gCairmilíteach, Sráid Aungier, Baile Átha Cliath 2. Is clár téide é do leanaí idir 6 bliana d’aois agus 12 bhliain d’aois. Bunaíodh an tionscnamh sa bhliain 2011. Freastalaítear leis ar 96 dhalta idir rang 1 agus rang 6 i suíomh neamh-phríomhshrutha lasmuigh d’amanna scoile. Bíonn ranganna ceoltóireachta ar siúl ar an Satharn. Tríd an tionscnamh, soláthraítear teagasc gairmiúil téide saor in aisce do leanaí áitiúla idir 6 bliana d’aois agus 12 bhliain d’aois a fhreastalaíonn ar scoileanna áitiúla DEIS. Cothaítear leis an gclár cuimsiú agus imeascadh sóisialta leanaí áitiúla agus teaghlach áitiúil.

Reáchtáiltear an clár lasmuigh den churaclam scoile agus bhí breis agus 200 leanbh páirteach ann cheana féin. Gach bliain, dámhtar do thriúr daltaí ón tionscadal scoláireacht chun dul isteach i gClár Cheolfhoireann na nÓg ( www.yops-ireland.com) ar mhaithe le tuilleadh oiliúna uirlise a fháil. Leis an gclár téide, soláthraítear uirlisí agus teagasc ranga saor in aisce. Thaibhigh na daltaí don Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn sa bhliain 2012 agus ag Féile Ceoil Thraidisiúnta Bharra an Teampaill sa bhliain 2013. Soláthraíonn Ionad Pobail na gCairmilíteach spás réamhchleachtaidh saor in aisce don tionscnamh. Tá an tionscnamh ag iarraidh an sparánacht a úsáid chun uirlisí a cheannach.

Na critéir a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar iarratais:

• Cuntas teiste cruthaithe in oideachas ceoil a sholáthar

• Seirbhísí a sholáthar i réimse an oideachais cheoil neamh-phríomhshrutha/an cheoil phobail

• Oideachas ceoil neamh-phríomhshrutha a sholáthar do dhaoine óga atá 18 mbliana d’aois nó níos óige

• Torthaí láidre foghlama a bhaint amach do rannpháirtithe

• Tugadh tús áite freisin do na heagraíochtaí/na grúpaí sin ar féidir leo a thaispeáint go bhfreastalaíonn siad ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch.

Liosta iomlán faighteoirí:

€12,000 St. Agnes Community Centre for Music and Arts Crumlin, Dublin
€12,000 Whitefriar Street String Project Dublin
€4,000 The Diarmuid O' Catháin Cultural Centre Kerry
€3,000 Longford School of Rock Longford
€3,000 Autism Support Louth & Meath Youth Clubs Louth
€2,000 Musica Fusion Community Orchestra Cork
€2,000 St. Mary's Brass and Reed Band Cavan
€2,000 Partry Community Kids Choir Mayo
€2,000 Bundoran Community Music Project Donegal
€2,000 The Training Band of the Stedfast Band Blackrock, Dublin
€2,000 Clew Bay Pipe Band Mayo
€2,000 Drogheda Brass Band Louth
€2,000 Banna Cheoil Chloich Cheann Fhaola Donegal
€2,000 Stedfast Shoes Brass Band Monaghan
€2,000 Kilmuckridge Monamolin CCE Wexford
€2,000 Ballymore Eustace Concert Band Kildare
€2,000 Association of Irish Musical Societies Dublin 8
€2,000 Gaillimh Theas Comhaltas Galway
€2,000 Wicklow Miners CCE Wicklow
€2,000 Kilrush Comhaltas Ceoltoiri Éireann Clare
€2,000 Freemont Comhaltas CeolTóiri Éireann Cork
€2,000 NYAH Comhaltas Cavan
€2,000 City of Waterford Brass Waterford
€2,000 Mullingar Town Band Westmeath
€2,000 Tuaisceart Loch Garman, CCE Wexford
€2,000 Loughmore CCE Tipperary
€2,000 Craobh Phiarais Uí Ghréagáin Dublin
€2,000 Bofield CCE Mayo
€2,000 CCE Pheig Uí Riain Limerick
€2,000 Ardee Concert Band Louth
€2,000 Cavan Town Branch CCE Cavan
€2,000 Fermoy Concert and Youth Band Cork
€2,000 Clara Town Band Offaly
€2,000 Cork Youth Orchestra Cork
€2,000 Carlow Youth Orchestra Carlow
€2,000 Dundalk Branch of CCE Louth
€2,000 Navan Comhaltas Meath
€1,000 Irish Pipe Band Association Kerry
€1,000 Kiltra School of Music Wexford

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat