Fógraíonn an tAire Foley, an tAire Naughton agus an tAire Byrne mionsonraí maidir le cistiú oideachais is fiú beagnach €12 billiún i mBuiséad 2025
- Foilsithe: 2 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 2 Deireadh Fómhair 2024
D’fhógair Norma Foley, an tAire Oideachais, in éineacht le Hildegarde Naughton, an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, agus Thomas Byrne, an tAire Stáit um Spórt agus Corpoideachas, mionsonraí inniu maidir le hinfheistíocht €11.8 billiún gan fasach san Oideachas agus i Scoileanna i mBuiséad 2025, rud atá cothrom le méadú 9 faoin gcéad nó mar sin ar an bhfigiúr céanna i mBuiséad 2024.
Le Buiséad 2025, soláthraítear méadú €712 mhilliún i gcroíchistiú reatha, chomh maith le breis agus €360 milliún i gcroíchistiú caipitil, i gcomparáid leis an leithdháileadh bunaidh faoin bPlean Forbartha Náisiúnta don bhliain 2024. Tá suim bhreise €120 milliún á soláthar freisin mar chuid de thacaí Costas Maireachtála, mar aon le suim €140 milliún i riocht tacaí a bhaineann leis an Úcráin. Leis na cistí breise sin, cuirtear leis na méaduithe suntasacha a chonacthas i mbuiséid le déanaí, agus cuirtear feabhas eile ar an infheistíocht i gcóras bunoideachais, iar-bhunoideachais agus oideachais speisialta na hÉireann.
Is ionann an infheistíocht shuntasach mhéadaithe agus an buiséad Oideachais is mó riamh i stair an Stáit, agus is léiriú í ar a thiomanta atá an Rialtas do chóras scoile atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán a bhaint amach agus do thorthaí foghlama a fheabhsú do gach dalta.
Áirítear iad seo a leanas leis na príomhghnéithe:
•Cistiú is fiú thart ar €51 mhilliún chun scéim na leabhar scoile saor in aisce a leathnú chuig daltaí idirbhliana agus sraithe sinsearaí, rud a fhágann go dtacófar anois le 940,000 dalta i mbunscoileanna, i scoileanna speisialta agus in iar-bhunscoileanna faoin scéim saor in aisce.
•Méadú suntasach i gcistiú scoile, agus an cistiú stáit in aghaidh an dalta – ar a dtugtar an ráta caipitíochta – ag méadú ó €200 go €224 in aghaidh an dalta i mbunscoileanna agus ó €345 go €386 in aghaidh an dalta in iar-bhunscoileanna. Is é €30 milliún an costas a bheidh ag baint leis an méadú 12 faoin gcéad sin a bhfuil i gceist leis cabhrú le scoileanna freastal ar an méadú i gcostais reatha laethúla.
•€45 mhilliún sa bhreis i riocht tacaí costas maireachtála do gach bunscoil, scoil speisialta agus iar-bhunscoil sa scéim saoroideachais chun cabhrú leo déileáil leis an méadú i gcostais.
•768 múinteoir oideachais speisialta sa bhreis agus 1,600 cúntóir riachtanas speisialta sa bhreis chun tacú le leanaí ar fud ranganna príomhshrutha, ranganna speisialta agus scoileanna speisialta. Is é sin an líon is mó cúntóirí riachtanas speisialta a leithdháileadh riamh, agus fágann sé go mbeidh breis agus 23,000 cúntóir riachtanas speisialta againn inár gcóras oideachais sa bhliain 2025. Is aitheantas é sin ar na riachtanais mhéadaitheacha atá ag leanaí ar fud na suíomhanna uile. San iomlán, beidh os cionn 44,000 ball foirne tiomnaithe ann chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu inár scoileanna.
•Tionscnamh nua folláine atá ceaptha chun tacú le scoileanna an toirmeasc ar úsáid fón póca ag daltaí iar-bhunscoile i rith an lae scoile a chur chun feidhme, ar tionscnamh é lena gcuirtear leis an rath a bhí ar an tionscnamh ‘An Óige a Choinneáil Saor ón bhFón Cliste’.
•Pacáiste beart atá ceaptha chun a chinntiú go leanfaidh soláthar múinteoirí den scoth de bheith ar fáil dár scoileanna, lena n-áirítear sparánacht do mhúinteoirí faoi oiliúint chun cur leis an líon múinteoirí cáilithe Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice in iar-bhunscoileanna, agus cistiú leantach ann do chúrsaí uasoiliúna saor in aisce do mhúinteoirí i réimsí ábhair ardéilimh.
•Cistiú breise chun dul i ngleic le míbhuntáiste oideachasúil, agus méadú tagtha ar na tacaí oideachais ar fáil do leanaí i suíomhanna malartacha scoile, mar aon le cur i bhfeidhm na Straitéise Oideachais don Lucht Siúil agus na Romaigh.
•Cistiú breise is fiú níos mó ná €50 milliún don Scéim Iompair Scoile chun tuilleadh áiteanna a sholáthar do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus chun costais conraitheoirí bus a cumhdach.
•Coinneofar táillí laghdaithe na scéime iompair scoile i bhfeidhm do theaghlaigh an bhliain seo chugainn. Fanfaidh siad ag €50 do dhaltaí bunscoile, ag €75 do dhaltaí iar-bhunscoile agus ag €125 do thicéad teaghlaigh.
•Cistiú chun treoirthionscadail iompair scoile a chur i bhfeidhm agus chun ráta an deontais Iompair Speisialta a mhéadú.
•Leithdháilfear 1,000 post freagrachta scoile sa bhreis chun cabhrú leis an lucht ceannaireachta agus bainistíochta i scoileanna ó thús na scoilbhliana 2025/26 i leith.
•Cuirfear cistiú breise ar fáil d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí agus do Churaclam nua na Bunscoile.
•Beidh díolúine ag daltaí Sraithe Sóisearaí agus Ardteistiméireachta ó ghnáth-tháillí scrúduithe os cionn €100 a íoc arís eile an samhradh seo chugainn.
•Tiocfaidh méadú os cionn €360 milliún ar an mbuiséad caipitil i gcomparáid leis an leithdháileadh bunaidh faoin bPlean Forbartha Náisiúnta don bhliain 2024, agus é ag méadú go €1.3 billiún sa bhliain 2025. Ar an tslí sin, tacófar le thart ar 350 tionscadal tógála atá á dtógáil faoi láthair agus le breis agus 200 tionscadal eile a gcuirfear tús lena dtógáil le linn na bliana 2025 agus i dtús na bliana 2026. Faoi Thionscadal Éireann 2040, infheisteofar thart ar €6 billiún san earnáil oideachais sa tréimhse 2021-2025.
•Cistiú chun clár na mBratach Scoile Gníomhaí a leathnú i mbunscoileanna chun an líon bratach a bhronntar a mhéadú agus chun bogadh ar aghaidh ó threoirchéim go cur i bhfeidhm iomlán an chláir iar-bhunscoile.
Dúirt an tAire Foley:
“Is ar bhaill foirne scoile, ar thuismitheoirí agus ar theaghlaigh atáim ag díriú go príomha i mBuiséad 2025. Buailim le tuismitheoirí ar fud na tíre ar fad. Tá a fhios agam cé chomh strusmhar, cé chomh dúshlánach, agus cé chomh deacair is a bhíonn rudaí do thuismitheoirí. Dúirt tuismitheoir amháin liom le déanaí go measann sé gur fáinne fí é saol an tuismitheora.
“Mar sin, faoi Bhuiséad 2025 inniu, táim ag fógairt go gcumhdófar gach dalta, ón mbunscoil suas go deireadh na hArdteistiméireachta, le scéim na leabhar scoile saor in aisce. Maolóidh sé sin an brú airgeadais atá ar thuismitheoirí de chuid aon mhilliún dalta, beagnach.
“Tá a fhios agam gur mórfhoinse struis do thuismitheoirí atá in áiteanna scoile oideachais speisialta a aimsiú. Mar sin, faoin mBuiséad seo, táimid chun 1,600 cúntóir riachtanas speisialta sa bhreis agus 768 múinteoir riachtanas speisialta sa bhreis a fhostú i seomraí ranga. Osclóidh sé sin 2,700 áit scoile nua do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu.
“Bunaithe ar mo chuid cuairteanna ar scoileanna ar fud na tíre, tá a fhios agam gur ábhar ollmhór imní do thuismitheoirí í úsáid fón póca i scoileanna. Táim chun cistiú a chur ar fáil d’iar-bhunscoileanna chun gur féidir leo réitigh stórála a chur i bhfeidhm ionas go bhfaighidh daltaí sos meabhrach ón bhfón i rith an lae scoile.
“Is léir go mbraitheann cuid mhór tuismitheoirí go bhfuil brú orthu tacú lena scoileanna trí ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh. Is é sin an fáth a bhfuil an cistiú stáit do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna – ar a dtugtar deontais chaipitíochta – á mhéadú agam faoi 12 faoin gcéad. Ar an tslí sin, méadófar an cistiú a bheidh ar fáil do scoileanna chun a gcostais a chumhdach.
“Táimid chun a chinntiú freisin go leanfaidh soláthar múinteoirí den scoth de bheith ar fáil dár scoileanna trí thionscnaimh Bhuiséid amhail sparánacht nua do mhúinteoirí Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice, 1,000 post freagrachta scoile sa bhreis, cúrsaí uasoiliúna saor in aisce do bhaill foirne, agus cistiú do churaclam nua na bunscoile agus d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí.
“Tá dhá bheart shuntasacha eile á gcur ar áireamh agam sa bhuiséad seo chun cabhrú le tuismitheoirí an costas maireachtála a sheasamh. Táim chun díolúine a thabhairt arís do dhaltaí Sraithe Sóisearaí agus Ardteistiméireachta ó ghnáth-tháillí scrúduithe os cionn €100 a íoc an samhradh seo chugainn. Agus táim chun táillí laghdaithe na scéime iompair scoile a choinneáil i bhfeidhm do theaghlaigh – fanfaidh siad ag €50 do dhaltaí bunscoile, ag €75 do dhaltaí iar-bhunscoile agus ag €125 do thicéad teaghlaigh.
“Ar an iomlán, is fiú beagnach €12 billiún an buiséad oideachais faoi Bhuiséad 2025, an figiúr is airde riamh. Creidim go gcabhróidh sé sin le costais a laghdú do thuismitheoirí agus do theaghlaigh, chomh maith le leanúint ar aghaidh lenár gcóras ríthábhachtach oideachais a fheabhsú.”
Dúirt an tAire Naughton:
“Ó ceapadh mé mar Aire ar a bhfuil freagracht as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú i mí Aibreáin, rinne mé caidreamh tráthrialta le grúpaí a dhéanann ionadaíocht do leanaí, dá dtuismitheoirí, do mhúinteoirí, do chúntóirí riachtanas speisialta, do cheannairí scoile agus do ghrúpaí sainleasmhara.
“Tríd an gcaidreamh sin, ghnóthaigh mé léargais agus dearcthaí luachmhara ar na gnáthdhúshláin agus na gnáth-shaincheisteanna laethúla a thagann chun cinn san oideachas speisialta.
“Is ar na léargais sin atá an Buiséad Oideachais Speisialta don bhliain 2025 bunaithe. Is fiú €2.9 billiún san iomlán é an pacáiste cistiúcháin a d’áirithigh mé. Is ionann é sin agus méadú 6%, nó €159 milliún, don bhliain 2025.
“Seasann an cistiú do na bearta atá á bhfógairt inniu don ghealltanas is mó riamh i dtéarmaí airgeadais maidir le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a chumasú bláthú inár gcóras oideachais.
“Gné lárnach d’áit scoile chuí a thabhairt do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu is ea múinteoirí oideachais speisialta agus cúntóirí riachtanas speisialta a sholáthar.
“Mar thoradh ar an mbuiséad seo, beidh 768 múinteoir oideachais speisialta sa bhreis agus 1,600 cúntóir riachtanas speisialta sa bhreis fostaithe chun tacú le leanaí ar fud ranganna príomhshrutha, ranganna speisialta agus scoileanna speisialta.
“Mar gheall ar na poist bhreise sin, beimid in ann 400 áit ranga speisialta eile a oscailt ar leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile araon sa bhliain 2025, agus níos mó ná 3,700 rang speisialta san iomlán ann dá bharr sin. Beimid in ann freisin 300 áit eile a chruthú i scoileanna speisialta trí scoileanna atá ann cheana a leathnú agus trí scoileanna nua a oscailt, nuair is gá.
“Soláthraítear leis an mBuiséad cistiú €62 mhilliún don Chlár Samhraidh freisin, rud a théann chun mórthairbhe do roinnt de na leanaí is soghonta inár sochaí.
“Trí Bhuiséad 2025, déanfar infheistíocht spriocdhírithe freisin chun cabhrú le scoileanna plé le haistriú éifeachtach leanaí a bhfuil an leibhéal is airde riachtanais acu ón mbunoideachas chuig an iar-bhunoideachas. Cuirfear acmhainní ar fáil d’iar-bhunscoileanna freisin chun cabhrú leo pleanáil éifeachtach a dhéanamh do na leanaí sin agus tacaíocht éifeachtach a thabhairt dóibh.
.“Mar gheall ar an ngá atá le forbairt go leanúnach agus leis an dea-chleachtas a scrúdú go leanúnach chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, bunófar ciste nua nuálaíochta oideachais speisialta sa bhliain 2025. Bainfear úsáid as an gciste sin chun roinnt de na smaointe spéisiúla agus fiúntacha éagsúla a mhol na grúpaí a ndearna mé caidreamh leo a chur ar aghaidh, ar mhaithe lenár gcóras oideachais a fheabhsú agus a chomhlánú.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Cé gurb eol dúinn gur gá dúinn coinneáil gníomhach ar mhaithe lenár sláinte fhisiciúil agus mheabhrach, is fadhb dhomhanda é an laghdú i leibhéil ghníomhaíochta i measc na hóige. Tá ár scoileanna san áit is fearr chun daoine óga a chumhachtú chun a bheith níos gníomhaí ar bhonn níos minice. Táim ag tnúth le tuilleadh scoileanna a bheith páirteach sa chlár agus a bheith ag obair i dtreo a mBratach Scoile Gníomhaí féin a ghnóthú.
“Mar rialtas, táimid ag obair go dícheallach chun cloí leis an ngealltanas atá tugtha againn sláinte agus folláine phearsanta ár ndaoine óga a chur chun cinn.”