Fógraíonn an tAire Foley bunú an Ghrúpa Beartais Náisiúnta um Threoir ar feadh an tSaoil
- Foilsithe: 25 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 25 Márta 2022
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu bunú Grúpa Beartais Náisiúnta nua um Threoir ar feadh an tSaoil mar a mhol Indecon ina athbhreithniú ar Uirlisí agus Faisnéis Gairmthreorach.
Ar an nGrúpa Beartais Náisiúnta um Threoir ar feadh an tSaoil tá oifigigh shinsearacha ón Roinn Oideachais, ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus ón Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta. An Roinn Oideachais a bheidh sa chathaoir.
Is é ról an ghrúpa Beartais Náisiúnta stiúradh a dhéanamh ar fhorbairt creata straitéisigh fadtéarmaigh, comhleanúnaigh do threoir ar feadh an tsaoil, ag cinntiú go bhfuil an fhreagairt ar mholtaí thuarascáil Indecon ag teacht le forbairt cur chuige náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le treoir ar feadh an tsaoil.
Rachaidh an Grúpa Beartais i mbun oibre le páirtithe leasmhara ábhartha chun a chuid oibre a threorú trí Ranna ceannais de réir mar is cuí. D’fhógair an tAire Foley go mbunóidh an Roinn Oideachais grúpa comhairleach ar a mbeidh páirtithe leasmhara ábhartha sa treoir scoile, sna seachtainí atá romhainn.
Dúirt an tAire Foley:
“Tá lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil obair á déanamh ar na moltaí atá i dtuarascáil Indecon agus tabharfar spreagadh breise don obair seo anois faoin nGrúpa Beartais Náisiúnta um Threoir ar Feadh an tSaoil. Cinnteoidh obair an ghrúpa seo go mbeidh treoir ar feadh an tsaoil inrochtana agus cuimsitheach agus ina cuid lárnach agus tábhachtach den chóras oideachais.
“Ba mhaith liom ómós a thabhairt do Stiúrthóirí agus d’fhoireann an Lárionaid Náisiúnta um Threoir san Oideachas faoi láthair agus san am atá caite as a gcuid oibre ag cur beartas agus cleachtas treorach chun cinn le blianta fada. Tógfar ar an obair luachmhar seo agus neartófar í lena chinntiú go bhforbróidh Éire creatlach straitéiseach náisiúnta do threoir ar feadh an tsaoil ar féidir linn a bheith bródúil aisti.”
Mar chuid dá cuid oibre maidir le treoir, tá cinneadh déanta ag an Roinn athstruchtúrú agus neartú a dhéanamh ar an mbealach a soláthraítear tacaíocht forbartha gairmiúla do threoir scoile. Tá sé i gceist go ndéanfaí an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí deiseanna foghlama gairmiúla, comhoibriú agus cleachtas bunaithe ar fhianaise a chur ar fáil do threoirchomhairleoirí agus ceannairí scoile ón 1 Meán Fómhair 2022. Ina theannta sin, déanfar an fheidhm bheartais don treoir i scoileanna a lárú laistigh den Roinn Oideachais nuair a bhunófar Aonad Treorach nua. Forbróidh an t-aonad seo polasaí treorach agus comhordóidh sé feidhmeanna/freagrachtaí treorach laistigh den Roinn Oideachais (moladh eile atá i dtuarascáil Indecon). Rachaidh an tAonad Treorach i mbun oibre go náisiúnta leis na Ranna Rialtais ábhartha agus ag leibhéal AE agus idirnáisiúnta. Leanfaidh foireann an Lárionaid Náisiunta um Threoir san Oideachais agus foireann Léargas orthu ag tacú leis an Roinn le linn na hidirthréimhse seo chun atheagrú gan bhac a chinntiú.
Tá an t-athstruchtúrú seo ailínithe leis na moltaí atá leagtha amach i dtuarascáil Indecon agus neartóidh sé a thuilleadh an chaoi a dtugann an Roinn aghaidh ar mholtaí eile agus a rannchuidíonn sí go háirithe le creat straitéiseach a fhorbairt do threoir ar feadh an tsaoil.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Athbhreithniú Indecon ar an nGairmthreoir: Foilsíodh an Tuarascáil deiridh in Aibreán 2019 : https://assets.gov.ie/24951/dffde726604b451aa6cc50239a375299.pdf
Ról an Ghrúpa Beartais Náisiúnta um Threoir:
• na príomhthéamaí a leagan amach agus roghanna a aithint chun ullmhú creata straitéisigh do threoir ar feadh an tsaoil a chur chun cinn ag tarraingt ar an anailís atá in Athbhreithniú Indecon, ag tógáil ar bheartas, ar thionscnaimh agus ar chuir chuige atá ann cheana féin
• dul chun cinn a mheas maidir leis na moltaí atá in Athbhreithniú Indecon, ag cur béim ar réimsí tosaíochta ina mbeifí ag súil go dtiocfadh buntáistí suntasacha as dul chun cinn gasta chun faisnéis agus treoir ghairme a neartú
• a chinntiú go bhfuil ailíniú agus comhordú agus comhoibriú cuí, lena n-áirítear maidir le beartais agus tionscnaimh a bhaineann le faisnéis agus gairmthreoir, idir na Ranna a bhfuil ionadaíocht acu ar an nGrúpa
• machnamh a dhéanamh ar a úsáidí a bheadh sé creat straitéiseach a fhorbairt do threoir ar feadh an tsaoil; i bhfianaise na moltaí ábhartha in Athbhreithniú Indecon;
• na cineálacha cur chuige is fearr a fhiosrú lena chinntiú go ndéantar saineolas sa réimse treorach agus dearcthaí na bpáirtithe leasmhara a ghabháil chun eolas cuí a chur ar fáil d’obair an Ghrúpa Bheartais
• breithniú, le himeacht ama, an bhfuil gá le haon struchtúir bhreise chun tacú le hobair an Ghrúpa Beartais