English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley bunú Bhord Seachadta an Chláir um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí agus go gcuirfear siar an t-aistriú a bhí beartaithe do Pháipéar a hAon i Scrúduithe Béarla agus Gaeilge na hArdteistiméireachta

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu bunú Bhord Seachadta an Chláir um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí agus Fóram na gComhpháirtithe um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí.

I mí an Mhárta 2022, d’fhógair an tAire Foley pleananna uaillmhianacha do Shraith Shinsearach athshamhlaithe oideachais do scoláirí iar-bhunscoile, áit a mbíonn an scoláire i gcroílár a n-eispéiris sa tSraith Shinsearach. Bunaíodh clár athchóirithe ar Thuarascáil Chomhairleach an Athbhreithnithe ar an tSraith Shinsearach a d’ullmhaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), a foilsíodh an lá céanna.

Mar chuid den fhógra seo, leag an tAire Foley béim ar an ngá atá le struchtúir láidre forfheidhmithe a chur i bhfeidhm chun tacú lena clár uaillmhianach d’athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí.

Beidh Bord Seachadta an Chláir um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar obair athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí agus tuairisceoidh sé go rialta don Aire ar a dhul chun cinn. Tá an Dr Harold Hislop, iar-Phríomhchigire na Roinne Oideachais, ceaptha mar Chathaoirleach neamhspleách ar an mBord Seachadta.

I dteannta leis an gCathaoirleach, áirítear ar bhallraíocht Bhord Seachadta an Chláir:

  • John Curtis, Iar-Ard-Rúnaí, An Comhchomhlacht Bainistíochta
  • Bernie Gray, Boird Níos Fearr / Cathaoirleach, Coillte / Comhalta, Bord Cuntasachta na Státseirbhíse
  • Tanya Ward, Príomhfheidhmeannach, Comhaontas um Chearta Leanaí

Freastalóidh oifigigh ábhartha ón Roinn Oideachais agus a gníomhaireachtaí ar chruinnithe Bhord Seachadta an Chláir freisin.

Dúirt an tAire Foley: “Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh chomhaltaí nua an Bhoird Sheachadta ar a gceapachán agus buíochas a ghabháil leo as a gcuid ama agus saineolais a thabhairt don obair thábhachtach atá amach romhainn ar athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Dr Harold Hislop as ucht a bheith ina Chathaoirleach ar Bhord Seachadta an Chláir.

“Tá sé ríthábhachtach go mbeadh struchtúr láidir forfheidhmithe agus maoirseachta i bhfeidhm ag an obair thábhachtach seo d’fhonn cur i bhfeidhm mo fhíse maidir le Timthriall Sinsearach athfhorbartha do chách a chur chun cinn.

“Táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth le Bord Seachadta an Chláir chun an clár athchóirithe tábhachtach seo a sheachadadh.”

Chomh maith le Bord Seachadta an Chláir, tá an Fóram Comhpháirtithe um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí á bhunú ag an Aire. Is grúpa ionadaíoch rannpháirtíochta geallsealbhóirí é seo a bheidh mar thaca don chomhoibriú atá riachtanach chun tacú le cur i bhfeidhm agus, nuair is cuí, forbairtí breise faoi chlár athfhorbartha na Sraithe Sinsearaí.

Dúirt an tAire Foley: “Beidh Fóram na gComhpháirtithe um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí mar thaca don chomhoibriú atá riachtanach chun tacú le cur i bhfeidhm chlár oibre athchóirithe na Sraithe Sinsearaí. Léiríodh i dTuarascáil Chomhairleach na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus inár dtaithí ar Covid go bhfuil gá le rannpháirtíocht láidir le páirtithe leasmhara maidir le saincheisteanna ríthábhachtacha oideachais a chur chun cinn.

“Sna laethanta amach romhainn, beidh mé ag tabhairt cuireadh dár gcomhpháirtithe oideachais, chomh maith le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine óga agus ar an earnáil chuimsithe, ionadaithe a ainmniú le bheith rannpháirteach san fhóram tábhachtach seo.

“Beidh ról tábhachtach ag an bhfóram chun tacú leis an gcomhoibriú atá riachtanach chun tacú leis an gclár uaillmhianach athraithe a leag mé amach i mí an Mhárta seo caite a chur i bhfeidhm.

“Ba mhaith liom ár gcomhpháirtithe a spreagadh chun dul isteach san fhóram seo agus páirt a ghlacadh ann, agus táim ag tnúth le tuairiscí a chloisteáil ar a dhul chun cinn.”

Áireofar ar Fhóram na gComhpháirtithe ionadaithe ó scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí, comhlachtaí ceannaireachta agus bainistíochta scoile, Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS), CNCM, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus eagraíochtaí ábhartha eile, lena n-áirítear an earnáil chuimsithe.

Is é Cathaoirleach Bhord Seachadta an Chláir um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí a bheidh ina chathaoirleach ar Fhóram na gComhpháirtithe. Fónfaidh an Cathaoirleach freisin mar ionadaí an Fhóraim ar Bhord Seachadta an Chláir.

Soláthróidh Oifig Bainistíochta an Chláir um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí sa Roinn Oideachais an rúnaíocht do Bhord Seachadta an Chláir agus d’Fhóram na gComhpháirtithe freisin.

Táthar ag súil go mbeidh an chéad chruinniú foirmiúil de Bhord Seachadta an Chláir ann i mí an Mhárta. Táthar ag súil go mbeidh an chéad chruinniú foirmiúil d’Fhóram na gComhpháirtithe ann go luath i ndiaidh an chéad chruinnithe de Bhord Seachadta an Chláir.

Aistriú a bhí beartaithe do Pháipéar a hAon i mBéarla agus Gaeilge na hArdteistiméireachta curtha siar

Dheimhnigh an tAire Foley inniu freisin go bhfuil an plean chun an chéad cheann de dhá pháipéar i scrúduithe Béarla agus Gaeilge na hArdteistiméireachta a dhéanamh sa Chúigiú Bliain curtha siar.

Ina fógra i mí an Mhárta 2022, thug an tAire faoi deara go bhféadfadh sé a bheith an-strusmhar do scoláirí a bheith ag brath ar scrúdú scríofa amháin. D’fhonn an t-ualach measúnaithe a leathadh, d’fhógair an tAire go ndéanfaí, mar bheart eatramhach, ceann de na páipéir i mBéarla agus i nGaeilge na hArdteistiméireachta ag deireadh na Cúigiú Bliana, ag tosú le scoláirí a bheidh ag tosú sa Chúigiú Bliain i Meán Fómhair 2023.

Tar éis don Aire agus a Roinn dul i gcaidreamh go mór le páirtithe leasmhara maidir le himní faoi chur i bhfeidhm na n-athruithe molta, chinn an tAire an beart seo a chur siar.

Déanfaidh scoláirí a thosaíonn an Cúigiú Bliain i Meán Fómhair 2023 na scrúduithe seo ag deireadh na séú bliana, mar a bhí sna blianta roimhe sin.

Dúirt an tAire Foley: “Bhí an t-aistriú de Pháipéar 1 ceaptha le bheith ina bheart eatramhach mar fhreagra ar chomhdhearcadh leathan maidir leis an ualach measúnaithe a scaipeadh.

“Rinne mé féin agus m’oifigigh caidreamh le hionadaithe na scoláirí, le ceardchumainn na múinteoirí, le hionadaithe na dtuismitheoirí agus le heagraíochtaí múinteoirí ábhair le roinnt míonna anuas chun a n-imní faoin athrú seo a thuiscint.

“I measc na bpríomhábhar imní a leagadh amach bhí, i bhfianaise an tsuaite shuntasaigh a bheidh ar oideachas na scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chúigiú bliain i Meán Fómhair na bliana seo mar thoradh ar an bpaindéim, gur cheart an t-athrú seo a chur siar seachas é a chur i bhfeidhm sa scoilbhliain amach romhainn.

“Tar éis dom machnamh a dhéanamh ar thuairimí na bpáirtithe leasmhara, tá cinneadh déanta agam tabhairt isteach an athraithe bheartaithe seo a chur siar ionas go suífidh siad siúd a bheidh ag dul isteach sa chúigiú bliain i mí Mheán Fómhair seo chugainn an dá pháipéar i nGaeilge agus i mBéarla freisin sa séú bliain.

“Chomh maith leis sin, tá a fhios agam go raibh imní ar roinnt páirtithe leasmhara go bhféadfadh scoláirí nach bhfuil rochtain acu ar an Idirbhliain a bheith faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar an athrú seo.

“Tá soiléire ag teastáil ó scoláirí agus ó mhúinteoirí roimh an scoilbhliain nua, agus teastaíonn dóthain ama uathu chun ullmhú le haghaidh na n-athruithe seo amach anseo. Tugann fógra an lae inniu an tsoiléire sin dóibh. Sna míonna atá amach romhainn scrúdóidh mé féin agus m’oifigigh a thuilleadh cathain agus conas an t-athrú seo a chur i bhfeidhm i bhfianaise na mbuarthaí atá aibhsithe.”

______________________________________________________________________________________

Nótaí d'Eagarthóirí

Cúlra

Ar an 29 Márta 2022, d’fhógair an tAire Oideachais clár uaillmhianach oibre don tSraith Shinsearach athshamhlaithe ina mbíonn an scoláire i gcroílár a n-eispéiris sa tSraith Shinsearach.

Idir 2016 agus 2020, rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) athbhreithniú fairsing ar chláir na sraithe sinsearaí agus ar bhealaí gairme, lena n-áirítear an Idirbhliain, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF), Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) agus an Ardteistiméireacht Bhunaithe (ATB). Foilsíodh doiciméad CNCM Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach: Tuarascáil Chomhairleach an lá céanna.

Chuimsigh athbhreithniú CNCM raon an-leathan taighde, comhairliúcháin agus cumarsáide le raon leathan páirtithe leasmhara ar gach gné den athbhreithniú agus den athfhorbairt thar roinnt céimeanna thar thréimhse an athbhreithnithe. D’ordaigh CNCM saineolas seachtrach freisin chun tacú leis an bpróiseas, lena n-áirítear ITES agus ECFE.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le Tuarascáil Chomhairleach CNCM féach www.ncca.ie

Thóg fógra an Aire ar an Tuarascáil Chomhairleach ach rinneadh iarracht freisin tógáil ar:

  • taithí scoláirí Ardteistiméireachta thar thréimhse na paindéime;
  • comhdhearcadh méadaitheach (agus éileamh ar athrú) — ag léiriú guth níos gníomhaí na scoláirí sa díospóireacht; agus
  • taithí agus dearcthaí idirnáisiúnta.

Páipéar a hAon i mBéarla agus i nGaeilge na hArdteistiméireachta

Luaigh an tAire ina fógra go bhféadfadh sé a bheith an-strusmhar do scoláirí a bheith ag brath ar aon scrúdú scríofa amháin. Chun an t-ualach measúnaithe a leathadh, d’fhógair an tAire go dtógfaí ceann de na páipéir i mBéarla agus i nGaeilge na hArdteistiméireachta ag deireadh na cúigiú bliana mar bheart eatramhach, ag tosú le scoláirí ag tosú ar an gcúigiú bliain i Meán Fómhair 2023.

Tar éis fógra an lae inniu, tá an t-athrú seo á chur siar agus déanfaidh scoláirí atá ag tosú sa chúigiú bliain i Meán Fómhair 2023 na scrúduithe seo ag deireadh na séú bliana mar a bhí sna blianta roimhe sin.

Príomhthiomantais d’Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí

I measc na bpríomhthiomantas a bhaineann le hAthfhorbairt na Sraithe Sinsearaí tá:

  • Athbhreithniú a dhéanamh, i roinnt sciaranna, ar na curaclaim do na hábhair go léir, inneachar na n-ábhar a nuashonrú agus nósanna imeachta measúnaithe a athrú chun spleáchas ar scrúduithe deiridh a laghdú tuilleadh, ualach measúnaithe a leathnú agus na scileanna ar a ndéantar measúnú a leathnú;
  • Comhpháirt measúnaithe atá múinteoir-bhunaithe agus a mhodhnaítear go seachtrach ar fiú 40% a thabhairt isteach do gach ábhar;
  • Sciar tosaigh de dhá ábhar nua agus seacht n-ábhar athbhreithnithe a thabhairt isteach i Meán Fómhair 2024, do scoláirí atá ag dul isteach sa chúigiú bliain i Scoileanna Líonra (is iad an dá ábhar nua (i) Staidéar Drámaíochta, Scannán agus Amharclannaíochta agus (ii) Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe);
  • Scrúduithe béil do Theangacha le cur ar siúl le linn shos na Cásca sa séú bliain, mar a bhí in 2022;
  • Bacainní a laghdú idir an ATB, an Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF) agus Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT);
  • Cláir leantacha a fhorbairt ag tógáil ar na cláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 ar éirigh thar barr leo ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí;
  • Clár leasaithe na hIdirbhliana le rogha a bheith ag gach scoláire i ngach scoil rochtain a fháil ar an Idirbhliain.

Dul chun cinn go dtí seo

Ó fhógra an Aire i leith, tá obair shuntasach déanta, lena n-áirítear:

  • Reáchtáladh raon cruinnithe faisnéise agus cruinnithe le linn Aibreáin agus Bealtaine 2022 le geallsealbhóirí chun faisnéis agus soiléire níos fearr a sholáthar maidir le fógra an Aire.
  • Thar thréimhse an tsamhraidh rinneadh obair ullmhúcháin, lena n-áirítear Bord nua na Sraithe Sinsearaí a thionól laistigh de struchtúir CNCM;
  • Ainmnithe do Ghrúpaí Forbartha Ábhair a aithint;
  • Páipéir cúlra ábhair a ullmhú don dá ábhar nua ((i) Staidéar Drámaíochta, Scannán agus Amharclannaíochta agus (ii) Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe) agus Gnó agus comhairliúchán poiblí a thabhairt chun críche i dtaca leo seo;
  • Tionóladh Grúpaí Forbartha Ábhair don dá ábhar nua agus don Ghnó le roinnt cruinnithe (míosúla) go dtí seo;
  • Páipéar cúlra a ullmhú ar Ráiteas Cláir athbhreithnithe na hIdirbhliana agus comhairliúchán poiblí a thabhairt chun críche maidir leis sin;
  • Grúpa Forbartha Ráitis do Ráiteas Cláir athbhreithnithe na hIdirbhliana tugtha le chéile le roinnt cruinnithe (míosúla) go dtí seo;
  • Breithniú mionsonraithe ar fheidhmiú féideartha chur chuige na Scoileanna Líonra maidir le hábhair nua agus athbhreithnithe a thabhairt isteach ó Mheán Fómhair 2024;
  • Measúnú ar thaithí 2022 ar na Scrúduithe Praiticiúla Béil agus Ceoil a reáchtáil um Cháisc chun eolas a sholáthar don chur chuige sna blianta amach anseo; agus
  • Deireadh a chur le cuid de na riachtanais a bhí sainiúil d’ábhair roimhe seo san ATF agus GCAT.

Is iad seo na chéad chéimeanna a mbeidh sé mar thoradh orthu sa deireadh thiar thall go mbeidh Ardteistiméireacht níos comhtháite ar fáil do gach scoláire.

Is féidir achoimre a dhéanamh ar ghníomhartha eile atá ar siúl mar seo a leanas:

  • Achoimre don Ghrúpa Forbartha Oideachais Speisialta ullmhaithe chun deis a thabhairt don ghrúpa a thionól agus tús a chur leis an obair, agus obair ar siúl chun Páipéar Cúlra a fhorbairt;
  • Tá taighde ordaithe CNCM agus ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) maidir le hualú, comhdhéanamh agus modhnóireacht na gcomhpháirteanna measúnaithe múinteoir-bhunaithe, agus táthar ag súil go dtiocfaidh an taighde seo chun críche sna míonna amach romhainn;
  • An-dul chun cinn déanta ar pháipéar mionsonraithe i dtaca le foirm theicniúil sonraíochtaí curaclaim agus is dócha go gcuirfear faoi bhráid Chomhairle CNCM é sna míonna amach romhainn; agus
  • Próiseas athbhreithnithe ar achtú luath na Ríomheolaíochta ar bun.

Tá pleanáil shuntasach ag dul chun cinn maidir leis an gcur chuige do Scoileanna Líonra agus tá gá le tuilleadh teagmhála go hinmheánach, le CNCM agus freisin leis na príomhpháirtithe sula seolfar próiseas Léirithe Suime do scoileanna chun a rannpháirtíocht a lorg.

Cuireann CNCM ar an Aire Oideachais maidir le curaclam agus measúnú don oideachas luath-óige, bunscoile agus iar-bhunscoile agus ar na nósanna imeachta measúnaithe a úsáidtear i scoileanna agus scrúduithe ar ábhair, atá mar chuid den churaclam.

Tá CSS freagrach as forbairt, measúnú, creidiúnú agus deimhniú scrúduithe dara leibhéal an Stáit, an Teastas Sóisearach agus an Ardteistiméireacht.

Leithdháileadh maoiniú breise de €2m i mBuiséad 2023 chun obair ar athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí a chur chun cinn.