English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley foilsiú Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht

Sheol an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht, céim mhór chun tosaigh chun déileáil le bulaíocht ar scoil agus chun í a sheachaint. D’fhorbair an Roinn Oideachais an plean gníomhaíochta seo i gcomhar le Coiste Stiúrtha ilchineálach, faoi stiúir an Dr. Noel Purdy ó Choláiste Ollscoile Stranmillis i mBéal Feirste, agus cuimsíonn an plean tuairimí leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí, oibrithe scoile, páirtnéirí oideachais agus daoine aonair ón bpobal chun an dalta a chur ag croílár an phlean.

Tógann an plean seo ar atá bainte amach agus ar uaillmhian an Phlean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht 2013, a chuaigh roimhe, agus ar an obair atá déanta le blianta anuas le cinntiú gur áiteanna sábháilte agus sona d’ár leanaí agus daoine óga uile iad ár scoileanna.

I measc na mórghníomh tá:

  • Bunachar sonraí náisiúnta nua a fhorbairt chun tuairisc bhliaintiúil ar an mbulaíocht ar scoil a fhoilsiú
  • Eolas agus scileanna mic léinn mhúinteoireachta agus oibrithe scoile a fheabhsú maidir le déileáil le bulaíocht agus í a sheachaint
  • Próiseas aitheantais a fhorbairt, mar shampla bratach Cineáltas, le haghaidh scoileanna a chuireann gníomhaíochtaí i bhfeidhm chun déileáil le bulaíocht agus chun í a sheachaint
  • Scéim píolótach tacaíochta comhairleoireachta do bhunscoileanna
  • Treoir a thabhairt ar bhunú múnla Foireann Tacaíochta Daltaí i mbunscoileanna móra
  • Aonad ar leith a bhunú sa Roinn Oideachais chun glór leanaí agus daoine óga a chur chun cinn agus chun cinntiú go bhfuil ionchur suntasach acu i bhforbairt pholasaí na Roinne
  • Dul chun cinn ar Bhille na gCairt agus Treoirlínte Cairte a fhorbairt a neartóidh glór agus rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga, agus a dtuistí, i bforbairt agus feidhmiú polasaithe scoile.

Dúirt an tAire Foley: “Tá ár scoileanna spleodrach, nuálach agus thar cheann gach rud eile ionchuimsitheach mar áiteanna foghlama, ach is fírinne do-ghlactha í an bhulaíocht do roinnt bheag leanaí agus daoine óga.

“Ní cóir go mbeadh taithí ar bith ag aon pháiste ar an mbulaíocht; ina measc cibirbhulaíocht, ciníochas, bulaíocht de bharr féiniúlachta inscne nó ciapadh gnéis, ná aon chineál eile.

“Tá treochlár soiléir sa phlean seo a thaispeánann conas gur féidir leis an bpobal oideachais agus an tsochaí teacht le chéile chun déileáil le bulaíocht inár scoileanna agus chun í a sheachaint.

“Cuideoidh cur i bhfeidhm na ngníomh sa phlean seo leis an obair atá ar siúl againn cheana féin chun leanaí agus daoine óga inár scoileanna a chosaint ó gach diobháil. Cinnteoidh sé chomh maith go bhfuil folláine ár leanaí agus ár ndaoine óga chun tosaigh i ngach aon rud atá ar siúl againn.

“Ba mhian liom aitheantas a thabhairt do na daoine ar fad a bhain páirt sa phróiseas comharliúcháin, go háirithe iad siúd a bhí bainteach leis an gCoiste Stiúrtha. De bharr a gcuid oibre, cuimsíonn an plean seo gach cheann den naoi gcomhpháirt den gcur chuige UNESCO “Whole Education Approach”. Ba mhaith liom chomh maith, mo bhuíochas a chur in iúl do na leanaí agus na daoine óga ar fad a thug cuidiú éifeachtach le linn an bpróiseas chomhairliúchán, agus atá a nguthanna cloiste i bhforbairt an phlean seo.”

Tá Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht fréamhaithe sna ceithre mhórphrionsabal seo a leanas:

Cosc: Is iad oideachas agus giniúint na comhbhá na bunchlocha don eolas, don mheas agus don ionchuimsitheacht

Tacaíocht: Soláthraíonn tacaíochtaí inbhraite agus spriocdhírithe creat do phobail scoile chun oibriú le chéile

Maoirseacht: Spreagann ceannaireacht sofheicthe timpeallachtaí dearfacha do leanaí agus don phobal scoile

Pobal: Le pobail scoile ionchuimsitheacha atá nasctha forbraítear caidreamh agus comhpháirtíochtaí dearfacha.

Agus Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht a fhorbairt, bhí próiseas leathan comhairliúcháin ar bun.

  • Os cionn 50 cur i láthair déanta don choiste stiúrtha
  • Os cionn 4,600 freagra faighte ar an gceistneoir comhairliúcháin poiblí
  • 78 aighneacht faighte ón bpobal mar fhreagra ar an iarratas poiblí d’aighneachtaí
  • 41 ball foirne scoile agus bord bainistíochta páirteach i bhfócasghrúpaí scoile
  • 170 paiste agus duine óg bainteach sa chomhairliúchán, ina measc páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, páistí ón Lucht Siúil agus an pobal Roma, páistí ón Úcráin agus teifigh.

Tá cóip den bPlean Gníomhaíochta ar fáil anseo: Item was unpublished or removed

CRÍOCH

Cúlra an phróiseais chomhairliúcháin

Tuairiscí ar an bpróiseas comhairliúcháin ar fail ar: gov.ie/pleangniomhaiochtaarbhulaiocht

1. Tuairisc ar an gcomhairliúchán le paistí agus daoine óga

2. Tuairisc ar an bhfócasghrúpa le hoibrithe scoile

3. Tuairisc ar aighneachtaí scríofa sa chomhairliúchán poiblí

4. Tuairisc ar an suirbhé ar-líne sa chomhairliúchán poiblí