Fógraíonn an tAire Foley glaoch ar iarratais ó scoileanna maidir le BLAST 2024/25 – tionscnamh na nEalaíon san Oideachas
- Foilsithe: 19 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Thug an tAire Oideachais Norma Foley, TD, cuireadh inniu do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna, scoileanna speisialta agus Ógtheagmháil cur isteach ar thionscnamh na n-ealaíon san oideachas BLAST - Bringing Live Arts to Students and Teachers - 2024/25.
Is breá leis an Aire Foley a fhógairt go mbeidh BLAST á rith arís sa bhliain 2024, an ceathrú babhta. Déanfar freastal faoi chlár na bliana 2024 do 425 shocrú cónaitheachta nua ealaíne san oideachas i rith na bliana i scoileanna éagsúla.
Tá d'aidhm le BLAST deis a thabhairt, ó thaobh ama agus spáis, do dhaltaí i scoileanna ar fud na tíre oibriú le healaíontóir/saothraí cruthaitheachta gairmiúil ar thograí samhlaíochta agus siamsa. Is tionscnamh barrthábhachtach BLAST faoi Phlean Óige Ildánach 2023-2027, na Roinne Oideachais, tionscnamh atá dírithe ar bhéim scoileanna ar an gcruthaitheacht a chothú agus ar dheiseanna a thabhairt do dhaoine óga na scileanna agus an cumas buntábhachtach a fhorbairt a ghabhann le hoibriú i gcomhar, smaointeoireacht chriticiúil, scaoileadh fadhbanna agus nuálaíocht.
Déantar socruithe cónaitheachta nuálacha BLAST a cheapadh agus a fhorbairt idir an t-ealaíontóir/saothraí cruthaitheachta, múinteoir, daltaí agus pobal na scoile agus déanann Ionaid Tacaíochta Oideachais Éireann (tá 21 Ionad lánaimseartha sa chóras náisiúnta) comhordú orthu.
Dúirt an tAire Foley: “Is cúis mhór mórtais dom a fhógairt go bhfuil BLAST 2024 á sheoladh, clár a chuirfidh leis an rath iontach a bhí ar Chlár BLAST na mblianta 2021, 2022 agus 2023.
“Nuair a sheol mé BLAST den chéad uair sa bhliain 2021, bhí súil agam go dtarlódh múscailt ina n-intinn agus ina gcroí ag leanaí agus ógánaigh na hÉireann nuair a bheadh deiseanna nua á gcur ar fáil do leanaí agus d'ógánaigh agus do scoileanna bearta comhair agus cruthaitheachta a thaithí agus a chleachtadh a thabhairt dóibh. Is léir ón bhfianaise le trí bliana anuas go bhfuil glactha ag pobal scoileanna le BLAST níos fearr fiú ná a bhí á thuar. Tá tábhacht le timpeallacht a chruthú agus leis an ealaín agus an chruthaitheacht a chur i gceartlár an oideachais, ní hamháin maidir le hacmhainn agus scileanna cruthaitheachta a chothú, ach le freagracht shóisialta a spreagadh freisin chomh maith le tréithe pearsanta de leithéid na seasmhachta agus na báúlachta agus acmhainn oibriú i gcomhar.”
I measc thionscadail BLAST sna scoileanna i rith na bliana 2023, bhí na samplaí seo a leanas:
- Music Helps Me Relax: Ghlac daltaí SN Bhaile na Daibhche in iarthar Chorcaí páirt in BLAST le saothraí cruthaitheachta agus, le linn na tréimhse cónaitheachta seo a bhí bunaithe ar an gceol, bhain an grúpa úsáid as plé agus as modhanna oibre na cruthaitheachta chun an tionscadal a stiúradh. Má bhíonn gach tús lag, agus má bhí na daltaí ag foghlaim le ceol ar uirlis nua, chuir an scoil ar fad ceolchoirm ar siúl ag seinm ar an ucailéile faoin am ar tháinig deireadh leis an tréimhse cónaitheachta.
- Hedgerow Parade: Rinne Scoil Speisialta Naomh Seosamh i bPort Láirge an taobh tíre faoin tuath in Éirinn a fhiosrú i ndáil le scéalta agus miotais arna spreagadh ag fiosracht maidir le plandaí agus ainmhithe an cheantair. Trí phlé mion a dhéanamh sa chomhrá idir na daltaí, an múinteoir agus an saothraí cruthaitheachta, cóiríodh gach seisiún i ndáil le foghlaim agus cumas na ndaltaí. Mar bhailchríoch ar an tréimhse chónaitheachta, eagraíodh paráid spleodrach lena gcuid mascanna á gcaitheamh ag na leanaí agus iad ag aithris rannta agus ag déanamh fuaimeanna agus gluaiseachtaí a bhí foghlamtha acu i rith na seisiún.
- Share our similarities. Celebrate our differences: Rinne daltaí in Iar-Bhunscoil Mhaigh Nuad i gContae Chill Dara cíoradh ar an téama roghnaithe le saothraí cruthaitheachta agus grianghrafadóir, ag feabhsú an chomhchaidrimh shóisialta agus a gcuid scileanna ealaíne trí oibriú i gcomhar ar mhaithe le saothair speisialta ealaíne a chruthú. Rinneadh anamúlacht le scáileán uaine ionas gur ceanglaíodh féinphortráidí le físeáin ghairide trí eagarthóireacht a dhéanamh ar aipeanna. D'fhoghlaim na daltaí scileanna léiriúcháin agus teicniúla, mar shampla i mbun chrochadh an tsaothair agus a chur i láthair don taispeántas deiridh, ach bhí an tréimhse chónaitheachta bunaithe ar chaidreamh agus ar shiamsa a chothú.
Dúirt an tAire Foley: “Sa bhliain 2023, eagraíodh 425 tréimhse chónaitheachta nua ealaíon sna scoileanna faoi BLAST, arna chinntiú go bhféadfadh na mílte dalta, chomh maith lena gcuid múinteoirí agus scoileanna, leas a bhaint as an tionscnamh. Phléigh roinnt de na healaíontóirí/saothraithe cruthaitheachta oilte atá ar fáil ag na scoileanna réimsí faoi leith, mar shampla saothar ilmheáin, saothrú na mínealaíne, mósáic, gloine dhaite, dealbhadóireacht/anamúlacht agus oirfidíocht.
“Is léir ó BLAST gur iontach an timpeallacht í an scoil ag leanaí agus daoine óga ag tabhairt faoi ghnéithe den saol atá nua agus éagsúil acu, ag cothú cairdis le daoine nua, ag saothrú a gcuid cruthaitheachta agus, ní is tábhachtach, ag foghlaim ar bhealach lena mbaineann spraoi agus samhlaíocht,” arsa an tAire.
Nótaí d’Eagarthóirí
Conas a oibreoidh tionscnamh Chónaitheacht BLAST na nEalaíon san Oideachas?
Córas Lárnach Iarratais maidir le BLAST 2024/25
Is féidir le Scoil nó Ionad Ógtheagmhála cur isteach ar chónaitheacht BLAST i rith na scoilbhliana 2024/25 tríd an nasc iarratais lárnach seo a leanas: https://forms.gle/Z8CSgCw3huEVxUyx9
Tá cuntas ginearálta ar fhreagraí ceisteanna ar fáil sna Treoirlínte maidir le hIarratas BLAST.
An tIonad Tacaíochta Oideachais
Cuirfidh na scoileanna isteach ar Chónaitheacht Ealaíon san Oideachas BLAST trí phróiseas lárnach iarratais. Beidh Clár na nEalaíontóirí/Saothraithe Cruthaitheachta Ceadaithe ar fáil ar an láithreán gréasáin atá ag an Ionad Tacaíochta Oideachais áitiúil. Luaitear ar an liosta sin ainm an tSaothraí Cruthaitheachta chomh maith le réimse saothair, oiliúint, samplaí den saothar go dtí seo agus aon taithí gaolmhar i gcomhthéacs gnóthaí oideachais agus pobail.
An tEalaíontóir/Saothraí Cruthaitheachta
Clárófar le gach ceann de na 21 Ionad Tacaíochta Oideachais lánaimseartha Ealaíontóirí/Saothraithe Cruthaitheachta a shaothraíonn réimse ar bith den ealaín nó den chruthaitheacht. Áirítear ar na réimsí cruthaitheachta, ealaín don tsúil, ceardaíocht, ceol, damhsa, drámaíocht, litríocht agus scannánaíocht. Beidh leathnú á chur leis na réimsí cruthaitheachta de réir mar a thugtar Clár Cónaitheachta BLAST chun cinn i rith na mblianta seo romhainn.
Beidh oiliúint roimh ré ar na healaíontóirí/saothraithe cruthaitheachta ar an gClár na nEalaíontóirí/Saothraithe Cruthaitheachta Ceadaithe agus beidh cleachtadh roimhe seo acu ar thréimhse cónaitheachta le scoil faoi CME+ (an tionscnamh FGL agus Cónaitheachta Comhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí+) atá ceadaithe agus faoi stiúir na Roinne Oideachais. Déantar Ealaíontóirí/Saothraithe Cruthaitheachta a oiliúint faoi láthair agus a chlárú ar Chlár Ar Líne na nEalaíontóirí/Saothraithe Cruthaitheachta Ceadaithe atá faoi bhainistíocht chóras náisiúnta na nIonad Tacaíochta Oideachais. Iarrfaidh an t-ionad tacaíochta oideachais Grinnfhiosrúchán an Gharda i ndáil le healaíontóirí/saothraithe cruthaitheachta sa chás go n-éiríonn le hiarratas scoile. Eagróidh an tIonad Tacaíochta Oideachais cúrsaí íocaíochta don ealaíontóir freisin, ní eile a mhaolaíonn an t-ualach riaracháin a thiocfadh dá uireasa sin ar mhúinteoirí agus ar scoileanna.
Scoileanna agus Ionaid Ógtheagmhála atá Inghlactha
Ní mór don scoil a theacht faoi scáth Ionad Tacaíochta Oideachais lánaimseartha áitiúil. Aon iarratas amháin a cheadaítear ón scoil.
Spreagtar leis an tionscnamh seo:
- Bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna agus Ionaid Ógtheagmhála nach raibh deis acu le tamall páirt a ghlacadh i dtionscnamh cruthaitheachta den sórt seo.
- Scoileanna a thacaíonn le lánpháirtíocht agus le rannpháirtíocht bhreise ealaíon san oideachas i gcás dhaltaí faoi mhíbhuntáiste agus daltaí le ROS.
- Scoileanna a bhfuil de theist orthu gur cuireadh comhpháirtíocht múinteora le healaíontóir chun feidhme sa seomra ranga agus sa scoil.
- Dúthracht na scoile uile i ndáil leis an tionscadal, cé nach gá go n-oibreodh na ranganna go léir leis an Ealaíontóir/Saothraí Cruthaitheachta.
- Ba cheart go mbeadh aird sa tionscadal ar churaclam na scoile de réir mar is cuí agus go mbeadh béim ar phróiseas.
Ní cheadaítear iarratas páirt a ghlacadh in BLAST ó na scoileanna seo:
- Scoileanna a éilíonn táillí i.e. Scoileanna nach bhfaigheann deontas caipitíochta ón Roinn Oideachais / ó bhord oideachais agus oiliúna agus nach dtagann faoin scéim saoroideachais.
Cistí do Chónaitheacht BLAST Ealaíon san Oideachas
Is ionann táille an ealaíontora agus €1,100 (€200 don taisteal san áireamh) in aghaidh gach tréimhse cónaitheachta, arna mhaoiniú ag an Roinn Oideachais tríd an ionad tacaíochta oideachais. An t-ionad tacaíochta oideachais a íocfaidh an t-ealaíontóir. Tugtar maoiniú don ealaíontóir i ndáil le 20 uair an chloig conartha, ar a n-áirítear sé huaire a chloig d'am pleanála/forbartha/athbhreithnithe agus 14 uair an chloig caidrimh sa scoil. Is féidir tréimhse chónaitheachta atá ceadaithe agus a bhfuil ciste curtha ar fáil ina leith a rith tráth ar bith i rith na scoilbhliana, ag tosú i mí Meán Fómhair 2024.
Cuireann córas na nIonad Tacaíochta Oideachais, an clár FGL Comhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí (CME+) agus Tairseach na nEalaíon san Oideachas bonn treise faoin tionscnamh.
Beidh eolas breise faoi BLAST chomh maith le treoirlínte agus an fhoirm iarratais ar fáil ar Gov.ie/blast agus ar na láithreáin gréasáin atá ag na 21 Ionad Tacaíochta Oideachais lánaimseartha.
Beidh tús leis an bpróiseas iarratais ar an 19 Márta 2024 agus deireadh le hiarratais ar an 10 Bealtaine 2024.
Clár Éire Ildánach
Is clár cúig bhliana uile-rialtais é Éire Ildánach 2023-2027 atá bunaithe ar chúrsaí cultúir agus a leagann béim ar an tábhacht atá le cruthaitheacht an duine do dhea-bhail an duine féin, do bhail an phobail agus do bhail an náisiúin. An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a dhéanann ceannródaíocht maidir leis an gclár. Tá de bhuntuiscint maidir leis an gclár go bhfuil acmhainn cruthaitheachta san uile dhuine agus go ndéanann cothú na hacmhainne sin leas an duine féin chomh maith le leas an phobail i gcoitinne.
Tá cúig cinn de cholúin ag baint leis an gClár:
1. Na Daoine Óga
2. Pobal na gComharsanachtaí
3. An tInfreastruchtúr Cultúir agus Cruthaitheachta
4. Tionscail na Cruthaitheachta
5. Clú Dhomhanda
Óige Ildánach – an plean maidir le Colún 1
Tá d'aidhm leis an gclár seo treisiú le comhtháthú na bprionsabal agus na bpríomhscileanna a leagtar amach i gcairt Ealaíona san Oideachas agus in Éire Ildánach (2023-2027), Colún 1 Óige Ildánach.
Ar an 28 Márta 2023, seoladh plean 2023-2027 Óige Ildánach – Plean maidir le Scód a ligean le Cumas na Cruthaitheachta i ngach Leanbh agus i ngach Duine Óg. Is é atá d'aidhm leis an bplean maith a dhéanamh de ghealltanas an Rialtais maidir lena chinntiú go mbíonn teacht áisiúil ag gach leanbh agus ógánach faoi bhun 24 bliana d'aois in Éirinn ar dheiseanna teagaisc, agus ar chruthaitheacht a thaithí agus a chleachtadh. Is iad an Roinn Oideachais, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais agus an Chomhairle Ealaíon na príomhpháirtnéirí maidir le Óige Ildánach a thabhairt i gcrích.