Fógraíonn an tAire Foley go bhfuil tús á chur le clárúcháin don Chúrsa Samhraidh um Chomhpháirtíocht an Mhúinteora-Ealaíontóra+
- Foilsithe: 15 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley TD, inniu go raibh tús á chur le clárúchán do na cúrsaí samhraidh um Chomhpháirtíocht an Mhúinteora-Ealaíontóra+ 2024 do bhunmhúinteoirí agus múinteoirí scoileanna speisialta.
Tá na cúrsaí samhraidh seo um fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus do chleachtóirí gairmiúla dírithe ar na healaíona agus an chruthaitheacht a fheabhsú i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta.
Cuirfear na cúrsaí samhraidh um Comhpháirtíocht an Mhúinteora-Ealaíontóra+ ar fáil saor in aisce i ngach ceann de na 21 ionad oideachais lánaimseartha in Éirinn an samhradh seo.
Beidh 20 bunmhúinteoir agus ceathrar ealaíontóirí gairmiúla rannpháirteach i ngach cúrsa.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley: “Is deis iontach atá anseo do mhúinteoirí agus do chleachtóirí cruthaitheacha a bheith páirteach i gcomhar i gCúrsa Samhraidh atá dírithe ar chomhpháirtíocht chruthaitheach a thacaíonn leis na healaíona agus leis an gcruthaitheacht agus a chuireann leo san oideachas i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta, agus ag an am céanna a thacaíonn le cumas cruthaitheach gach linbh agus a dhéanann forbairt air.
“Tá súil agam go gcabhróidh an tionscnamh spreagúil seo le múinteoirí agus le scoileanna chun tuilleadh feabhais a chur ar an gcruthaitheacht ina seomraí ranga. Tá sé tábhachtach go dtugtar cead dár leanaí iad féin a chur in iúl agus go bhfoghlaimeoidh siad conas oiriúnú a dhéanamh agus comhoibriú le chéile.”
Tá sé mar aidhm ag an gClár don Óige Ildánach an cumas cruthaitheachta atá i ngach leanbh a fhorbairt. Tá forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus do chleachtóirí cruthaitheacha atá ag obair i scoileanna thar a bheith tábhachtach maidir le rath fadtéarmach agus inbhuanaitheacht na cruthaitheachta san oideachas.
Chun cuspóirí fadtéarmacha an oideachais chultúrtha agus chruthaithigh a bhaint amach, is gá mais chriticiúil de ghairmithe oideachais agus cleachtóirí cruthaitheacha gairmiúla a thógáil, a bhfuil eolas acu ar chreata teoiriciúla an oideachais sna healaíona agus sa chruthaitheacht agus a bhfuil na scileanna agus na teicnící acu chun cláir a sholáthar i gcomhar.
Tabharfaidh gné chónaitheachta TAP+ an chláir seo deis do scoláirí ag gach aois i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta a múinteoir oilte TAP+ agus a n-ealaíontóir a bheith ag obair le chéile ina seomra ranga agus forbairt na scileanna tábhachtacha sin á n-éascú acu le go mbainfidh scoláirí taitneamh as léiriú ealaíne agus cruthaitheachta agus go ndéanfaidh siad iniúchadh air.
Tugann TAP+ deis do mhúinteoirí oilte Ealaíontóir Cónaitheach TAP+ lánmhaoinithe a óstáil ina scoil féin in 2024/25. Is clár atá an-nuálach, cruthaitheach agus an-fhreagrúil don rannpháirtí an tionscnamh seo, atá á threorú ag an Roinn Oideachais agus cuireann sé foghlaim ghairmiúil i dtreo na comhpháirtíochta chun cinn.
Nótaí don eagarthóir
Cúrsa um fhorbairt ghairmiúil atá saor in aisce is ea an Chomhpháirtíocht Ealaíontóra-Múinteora+ (TAP+) 2024 a bhfuil ceadú do laethanta EPV aige agus deiseanna ann do mhúinteoirí rannpháirteacha iarratas a dhéanamh ar Chónaitheacht ionscoile lánmhaoinithe ina scoil féin do bhliain acadúil 2024/2025.
Tá Cúrsa TAP+ 2024 ar siúl ón Luan an 1 Iúil go dtí an Aoine 5 Iúil.
Tabhair cuairt, le do thoil, ar shuíomh gréasáin d’Ionaid Oideachais Lánaimseartha áitiúil chun clárú anois.
Físeán ar Chomhpháirtíocht Mhúinteora-Ealaíontóra+ & BLAST - anseo.