English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley go bhfuil tús á chur le próiseas an chomhairliúcháin

Inniu, chuir an tAire Oideachais, Norma Foley TD, tús le próiseas comhairliúcháin phoiblí chun bonn eolais a chur faoin Straitéis nua Oideachais um Pobal an Lucht Siúil agus na Romach. Déanfar an chéad chéim den chomhairliúchán trí shuirbhé ar líne agus beidh comhairliúchán níos spriocdhírithe ar siúl níos déanaí i mbliana.

Tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara an suirbhé ar líne a chomhlánú agus tá sé ar fáil ag Traveller and Roma Education Consultation Survey.

Cuirfidh an próiseas comhairliúcháin bonn eolais faoi fhorbairt na Straitéise nua Oideachais um Pobal an Lucht Siúil agus na Romach.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley: “Creidim go láidir gur cheart an deis is fearr a thabhairt do leanaí ó phobal an Lucht Siúil agus na Romach chun barr a gcumais a bhaint amach san oideachas.

Táim tiomanta a chinntiú go ndéantar freastal ar na riachtanais oideachais atá ag scoláirí ó phobal an Lucht Siúil agus na Romach. Is féidir linn é sin a dhéanamh ach tacú lena gcuimsiú i scoileanna agus dul i ngleic le baic ar bith a théann i gcion ar a ngnóthachtáil oideachais.

“Tá an-áthas orm an comhairliúchán poiblí chun bonn eolais a chur faoin bhforbairt ar an Straitéis nua Oideachais um Pobal an Lucht Siúil agus na Romach a fhógairt.

Taispeánann an tuarascáil staitistiúil a d’fhoilsigh mo roinnse le déanaí: Daltaí ó Phobal an Lucht Siúil, 2016-2020, go bhfuil méadú ar an líon atá rannpháirteach sa tSraith Shinsearach agus go bhfuil roinnt treochtaí dearfacha ann, go háirithe maidir le coinneáil go dtí an tSraith Shóisearach agus rollú ag leibhéal na hiar-bhunscoile.

“Mar sin féin, taispeánann an tuarascáil go bhfuil an leibhéal coinneála suas go dtí an Ardteistiméireacht íseal i gcomparáid leis an meán náisiúnta.

“Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaimis straitéis nua a fhorbairt, chun treochlár a sholáthar ionas go ndúnfar an bhearna. Molaim do na páirtithe leasmhara go léir páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo ar líne. Dá réir sin, cuirfear bonn eolais faoi chomhairliúcháin spriocdhírithe a bheidh ar siúl níos déanaí i mbliana.

“Le linn an phróisis comhairliúcháin, cinnteoidh mo roinnse go mbeidh rannpháirtíocht shonrach agus fhónta ann chun rannpháirtíocht fhónta scoláirí ó phobal an Lucht Siúil agus na Romach a chinntiú, chomh maith le rannpháirtíocht a dteaghlach.

“Tá súil agam go mbeidh mé ábalta an straitéis nua a fhoilsiú in 2024.

Tá gealltanas sa Chlár Rialtais “Leanúint ar aghaidh leis an bPlean Náisiúnta um Chothromas Rochtana ar an Ardoideachas agus é a leathnú agus Straitéis Náisiúnta um Oideachas don Lucht Siúil a fhorbairt, lena n-áirítear plean chun rochtain ar an ardoideachas a fheabhsú do Phobal an Lucht Siúil.

Faoi láthair, tá bearta chun torthaí oideachais do phobal an Lucht Siúil agus na Romach mar chuid den Straitéis um Chuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach, straitéis tras-rannach ina nglactar cur chuige rialtais uile maidir le saol an Lucht Siúil agus na Romach a fheabhsú ar bhealaí praiticiúla agus inbhraite, lena n-áirítear na haidhmeanna maidir le comhionannas i dtorthaí oideachais a bhaint amach, tacú le pobal scoile atá ionchuimsitheach agus cultúr dearfach a chur chun cinn ina léirítear meas ar fhéiniúlacht chultúrtha an Lucht Siúil agus na Romach san oideachas agus ina ndéantar í a chosaint.

CRÍOCH