Fógraíonn an tAire Foley infheistíocht €800 milliún i mbeagnach 90 tionscadal tógála scoile
- Foilsithe: 10 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD pleananna inniu (Dé Céadaoin) chun an chéad chéim eile de chlár tógála scoile na roinne a chur i bhfeidhm.
Tá sé beartaithe go mbeidh cead ag beagnach 90 tionscadal tógála scoile atá ag céim na tairisceana faoi láthair dul ar aghaidh leis an tógáil le linn 2024 agus go luath in 2025.
Cuirfidh na tionscadail seo áiseanna nua agus nuachóirithe ar fáil chun cabhrú le scoileanna freastal ar dhaonraí atá ag fás ina gceantair féin agus áireofar leo 138 seomra ranga do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, rud atá ina phríomhthosaíocht ag an Rialtas.
San iomlán, infheisteofar thart ar €800 milliún sna tionscadail seo faoi Chlár Caipitil Mórscála na roinne agus faoin Scéim Cóiríochta Breise do chóiríocht riachtanach ranga.
Dúirt an tAire Foley:
"Is é seo an leibhéal is airde infheistíochta i bhfoirgnimh scoile. Cuirfidh sé le líon na n-áiteanna scoile, cuirfidh sé go mór leis an soláthar d'oideachas speisialta agus déanfaidh sé uasghrádú agus nuachóiriú ar ár mbonneagar scoile. Beidh a thionchar seo le brath i bpobail ar fud na tíre."
Ó 2020 i leith, tá thart ar €4.5 billiún infheistithe ag an Roinn Oideachais i scoileanna ar fud na tíre. Tá thart ar 800 tionscadal tógála scoile curtha i gcrích agus tá 300 tionscadal eile á dtógáil.
Aithníonn an leibhéal seo de chur i bhfeidhm tógála an tosaíocht a thugann an Rialtas d’ infheistíocht san oideachas. Deimhníodh leithdháiltí caipitil meántéarmacha nua don Roinn Oideachais san athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar leithdháiltí an Phlean Forbartha Náisiúnta.
Cuirfidh na tionscadail a bheidh á dtógáil sa chéad chéim eile seo thart ar 200,000 m2 d'acmhainn bhuan bhreise agus nuachóirithe ar fud eastát na scoile agus beidh 28 foirgneamh scoile nua agus 61 síneadh le foirgnimh atá ann cheana féin i gceist.
Faoin gcéad chéim eile den chlár tógála scoile, údarófar do thionscadail tógála scoile aonair dul ar aghaidh chuig an tógáil faoi réir measúnú a dhéanamh ar thuarascálacha tairisceana agus dícheall cuí ábhartha ó Aonad Pleanála agus Foirgníochta na roinne de réir Threoirlínte Bonneagair an Rialtais.
Is éard atá i gceist le tionscadail tógála scoile atá á dtógáil ná infheistíocht fhoriomlán Stáit de níos mó ná €1.2 billiún agus tá formhór na dtionscadal sin le críochnú in 2024 agus 2025. Is leibhéal infheistíochta é seo nach ndearnadh riamh roimhe seo agus leagann sé béim ar an teist an-láidir atá ag an roinn maidir le hacmhainn bhreise agus áiseanna nua-aimseartha a chur ar fáil dár bpobail scoile.
Is é cur chuige na roinne an úsáid is mó is féidir a bhaint as acmhainn reatha in eastát na scoile agus, i gcomhar leis seo, dul chun cinn na píblíne tionscadal atá ann cheana féin a bhainistiú laistigh de na buiséid atá ar fáil agus de réir Threoirlínte Bonneagair an Rialtais. Ceadaíonn sé seo don roinn fócas láidir a choinneáil ar acmhainn bhreise a sholáthar chun freastal ar dhéimeagrafaic, forbairtí nua tithíochta agus ranganna speisialta breise a chur i bhfeidhm do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Baintear úsáid as Clár Cóiríochta Modúlach na roinne freisin chun acmhainn bhreise a chur ar fáil in eastát na scoile chun riachtanais phráinneacha a chomhlíonadh.
Leagtar amach stádas na dtionscadal uile atá ar na bacáin, lena n-áirítear iad siúd ag céim na tairisceana, Item was unpublished or removed agus déantar é a nuashonrú ar bhonn rialta.