Fógraíonn an tAire Foley nuashonraithe maidir le hAthfhorbairt na Sraithe Sinsearaí.
- Foilsithe: 20 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 25 Meán Fómhair 2023
Fógraíonn an tAire Oideachais, Norma Foley T.D., inniu 20 Meán Fómhair 2023, nuashonraithe maidir le hAthfhorbairt leanúnach na Sraithe Sinsearaí.
Le fógra an lae inniu cuirfear dlús le clár uaillmhianach an Aire um athchóiriú na Sraithe Sinsearaí.
In 2025, bainfidh scoláirí leas as rolladh amach mear naoi sonraíochtaí ábhair nua lena n-áirítear Bitheolaíocht, Fisic, Ceimic agus Staidéar Gnó - dhá bhliain níos luaithe ná mar a cuireadh in iúl roimhe seo.
I measc na bhforbairtí bunathraithe eile tá tabhairt isteach an dá ábhar nua sa tSraith Shinsearach, Drámaíocht, Scannánaíocht agus Amharclannaíocht, agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe.
Beidh comhpháirteanna arna measúnú go seachtrach nach scrúdú scríofa traidisiúnta iad comhtháite i ngach ceann den chéad tráinse seo de shonraíochtaí ábhair nua. Déanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) measúnú seachtrach ar na comhpháirteanna seo.
Tabharfar isteach dara tráinse d’ocht n-ábhar nua ag tús na bliana 2026 agus tabharfar isteach tuilleadh tráinsí gach bliain ina dhiaidh sin. Dúirt an tAire Foley:
Bhí eispéireas scoláirí lárnach i gcónaí in athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí. Le dhá bhliain anuas thug mé cuairt ar na céadta scoil agus d’éist mé le heispéiris agus le haiseolas ó ranganna Ardteistiméireachta agus bhíodar d’aon ghuth gurb é an rud atá á éileamh ag ár scoláirí agus atá de dhíth orainn ná rogha níos leithne, brú laghdaithe agus go dteastaíonn sé sin anois.
Ó mo chéad fhógra, tá dul chun cinn suntasach déanta i dtreo sárú na ndúshlán seo. Áiríodh leis seo taighde tábhachtach agus fairsing, bunú Bhord Seachadta an Chláir um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, Fóram Comhpháirtithe um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, agus Grúpaí Forbartha Ábhar a thabhairt le chéile.
Tá áthas orm a fhógairt inniu go bhfuil dlús á chur agam le forbairt sonraíochtaí nua agus athbhreithnithe i naoi n-ábhar agus go bhfeidhmeoidh an CNCM chun comhpháirteanna a ndéantar measúnú seachtrach orthu a fhorbairt i ngach ábhar nach scrúdú scríofa traidisiúnta a bhíonn i gceist iontu.
Cinnteoidh sé seo nach mbeidh toradh iomlán an scoláire ag brath ar fheidhmíocht aon lae i mí an Mheithimh.
Tá na hamlínte don chur i bhfeidhm á leasú agam chun freastal níos fearr ar líon níos mó scoláirí. Sa chéim nua seo den chlár déanfar rolladh amach náisiúnta luathaithe ar na sonraíochtaí ábhair athbhreithnithe do na seacht n-ábhar san Ardteistiméireacht bhunaithe atá faoi láthair mar chuid de Thráinse a hAon, i mí Mheán Fómhair 2025, dhá bhliain níos luaithe ná mar a fógraíodh roimhe seo.
Déanfar gach tráinse ina dhiaidh sin a rolladh amach go náisiúnta, ar bhonn bliantúil, rud a chinnteoidh tuilleadh athchóirithe ar luas níos tapúla.
I mí Mheán Fómhair 2025 tabharfar isteach, ar bhonn céimnithe, dhá ábhar nua freisin – Drámaíocht, Scannánaíocht agus Amharclannaíocht mar aon le Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe.
Le dhá bhliain anuas, d’éist mé le dearcthaí scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí agus páirtithe leasmhara eile.
Táim san airdeall ach go háirithe faoi fhorbairtí le déanaí ar ghiniúint agus ar fhorbairt faoi luas na hIntleachta Saorga (IS) agus tuigim gur gá iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi ina bhféadfaí leas a bhaint as na deiseanna a chruthaíonn na forbairtí seo i gcomhthéacs oideachasúil, mar aon leis na dúshláin a d’fhéadfadh teacht uathu.
Agus é sin san áireamh, d'iarr mé ar CSS tuilleadh taighde a choimisiúnú ar ról agus ar thionchar féideartha na hintleachta saorga giniúna go háirithe i measúnú múinteoir-bhunaithe.
Agus an obair seo idir lámha, tá cinneadh déanta agam comhpháirteanna breise praiticiúla a chur chun cinn a ndéanfaidh CSS measúnú seachtrach orthu.
Táim ag súil le bheith ag obair i gcomhar lenár gcomhpháirtithe ar fud na hearnála oideachais chun ár gcomhfhís a bhaint amach maidir le sármhaitheas agus cothromas, agus eispéireas ár scoláirí a shaibhriú, de réir Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí.
In 2022, d’fhógair an tAire clár uaillmhianach d’athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, treoraithe ag fís do Shraith Shinsearach a sholáthraíonn “cothromas agus sármhaitheas do chách.”
Tá an clár bunaithe agus ag tógáil ar thuarascáil chomhairleach na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ar athbhreithniú na Sraithe Sinsearaí, mar aon le taithí scoláirí Ardteistiméireachta, éileamh méadaitheach ar athrú agus taithí agus dearcthaí idirnáisiúnta.
Tionóladh Grúpaí Forbartha Ábhar don dá ábhar nua Ardteistiméireachta - Drámaíocht, Scannánaíocht agus Amharclannaíocht, agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe mar aon leis an athbhreithniú ar an ábhar Gnó na hArdteistiméireachta a
tá ann faoi láthair, agus tá na Grúpaí do na hábhair eile sa chéad tráinse tagtha le chéile arís.
Tá rochtain fheabhsaithe ag scoláirí na hArdteistiméireachta Feidhmí ar Mhatamaitic agus ar Nuatheangacha Iasachta san Ardteistiméireacht Bhunaithe, agus i scoileanna ina bhfuil an GCAT (Gairmchlár na hArdteistiméireachta) ar fáil, féadfaidh scoláirí nascmhodúil a rochtain anois gan na sainchritéir ábhar ná riachtanais na nuatheangacha Eorpacha a chomhlíonadh.
Ina theannta sinn, tharla rannpháirtíocht shuntasach le páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear ionadaithe scoláirí, múinteoirí, tuismitheoirí, ceannaireacht scoile, comhlachtaí bainistíochta, agus saineolaithe ábhar.
Tá dul chun cinn déanta trí bhunú Bord Seachadta an Chláir um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, agus Fóram Comhpháirtithe um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, agus cur i gcrích taighde arna choimisiúnú ag an CNCM agus ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) bainteach le hualú, comhdhéanamh agus modhnóireacht na gcomhpháirteanna measúnaithe múinteoir-bhunaithe
Agus an dul chun cinn seo agus an rannpháirtíocht dhearfach á aithint, agus tuiscint ag an am céanna ar na dúshláin atá ag teacht chun cinn agus ar rudaí atá foghlamtha ó dhlínsí eile, is mian leis an Aire anois roinnt céimeanna a ghlacadh. Beidh curaclaim ábhar athbhreithnithe ann níos luaithe ná mar a bhí beartaithe mar thoradh ar na céimeanna seo.
CRÍOCH
Nótaí
Dul chun cinn go dtí seo
- Ullmhaíodh páipéir chúlra ábhair, cuireadh comhairliúcháin phoiblí i gcrích, agus tionóladh Grúpaí Forbartha Ábhar don dá ábhar nua Ardteistiméireachta - Drámaíocht, Scannánaíocht agus Amharclannaíocht, agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe, agus d’athbhreithnithe ar an ábhar reatha Gnó na hArdteistiméireachta;
- Tionóladh athuair Grúpaí Forbartha Ábhar le haghaidh na n-ábhar eile sa chéad tráinse (Bitheolaíocht, Ceimic, Fisic, Araibis, Laidin agus Sean-Ghréigis);
- Tá rochtain fheabhsaithe ag scoláirí na hArdteistiméireachta Feidhmí (ATF) ar Mhatamaitic agus ar Nuatheangacha Iasachta na hArdteistiméireachta Bunaithe (ATB) ó Mheán Fómhair 2022, rud a leathnaíonn na roghanna don ATF;
- Is féidir le scoláirí i scoileanna ina bhfuil an GCAT ar fáil nasc-mhodúil GCAT a rochtain anois gan sainchritéir ábhar ná riachtanais na nuatheangacha Eorpacha, a chomhlíonadh;
- Tá Grúpa Forbartha um Oideachas Speisialta Iar-Bhunscoile bunaithe laistigh de struchtúir an CNCM chun modúil leantacha sa tSraith Shinsearach a fhorbairt do scoláirí atá ag dul ar aghaidh ó Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 na Sraithe Sóisearaí;
- Ullmhaíodh páipéar cúlra agus treoir d’athbhreithniú agus do leasú Ráiteas Chlár na hIdirbhliana, agus táthar faoi láthair i mbun chomhairliúcháin phoiblí ar an bpáipéar seo, agus táthar ag súil go mbeidh sé críochnaithe ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair;
- Bhí rannpháirtíocht shuntasach le grúpaí páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear ionadaithe scoláirí, múinteoirí, tuismitheoirí, ceannaireachta scoile, comhlachtaí bainistíochta, agus saineolaithe ábhar; agus
- Eagraíodh scrúduithe cainte sna hábhair teanga le linn tréimhse saoire scoile na Cásca.
- Bhunaigh an tAire Bord Seachadta an Chláir um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí, agus Fóram Comhpháirtithe um Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí;
- Tionóladh Bord nua don tSraith Shinsearach laistigh de struchtúir an CNCM;
- Choimisiúnaigh an CNCM agus an CSS taighde bainteach le hualú, comhdhéanamh agus modhnóireacht na gcomhpháirteanna measúnaithe múinteoir-bhunaithe, tá an taighde seo críochnaithe anois agus curtha faoi bhráid an Aire i mí Iúil 2023;
- Tá grinnpháipéar maidir le Foirm Theicniúil na Sonraíochtaí Curaclaim ceadaithe ag Comhairle an CNCM. Cuirfidh an páipéar teimpléad ar fáil faoin gcaoi a gcuirtear an curaclam/sonraíocht i ngach ábhar athbhreithnithe i láthair.
- Tá iarrtha ag an Aire ar an CNCM sceideal a chur ar fáil go práinneach ina leagfar amach na céimeanna nó na tráinsí ina ndéanfar na hábhair go léir a athbhreithniú de réir an chur chuige atá leagtha amach thuas.