English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Foley Oibrithe Naisc Pobail chun tacú le daltaí agus scoláirí ó Phobal an Lucht Siúil agus na Romach agus leo siúd atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 31 Deireadh Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 31 Deireadh Fómhair 2024

D'fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley TD, maoiniú de €1.25 milliún inniu chun 12 ról mar Oibrí Naisc Pobail a bhunú chun tacú le leanaí agus daoine óga ó phobal an Lucht Siúil agus na Romach agus leo siúd is mó atá i mbaol míbhuntáiste oideachasúil.

Is príomhghníomhaíocht í seo faoin Straitéis Oideachais do Phobal an Lucht Siúil agus na Romach (TRES) agus faoin Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú an Lucht Siúil agus na Romach (NTRIS II) chun rannpháirtíocht dhearfach idir scoileanna, teaghlaigh agus pobail a fheabhsú chun tacú le foghlaim agus feabhas a chur ar thorthaí oideachais leanaí agus daoine óga ó Phobal an Lucht Siúil agus na Romach. Gníomh atá molta sa Tionscadal Oideachais do Shochaithe Cuimsitheacha de chuid ECFE dar teideal Athbhreithniú ar Sholáthar Acmhainní do Scoileanna chun Aghaidh a Thabhairt ar Mhíbhuntáiste Oideachais in Éirinn is ea naisc phobail agus theaghlaigh a thógáil leis an oideachas trí thacaíocht phiarthreoraithe.

Oibreoidh Oibrithe Naisc Pobail ar fud roinnt scoileanna i gceantair ina bhfuil líon ard leanaí agus daoine óga ó Phobal an Lucht Siúil agus na Romach. Beidh a róil dírithe ar rannpháirtíocht níos mó a chothú le teaghlaigh ó Phobal an Lucht Siúil agus na Romach chun cumarsáid rathúil a éascú, caidreamh dearfach a chur chun cinn agus chun tacú le foghlaim leanaí agus daoine óga ó Phobal an Lucht Siúil agus na Romach. Soláthróidh na hoibrithe naisc rannpháirtíocht ríthábhachtach idir scoileanna agus pobail.

Oibreoidh oifigigh na Roinne Oideachais agus na Seirbhíse Tacaíochta Oideachais de chuid Tusla (TESS) i ndlúthchomhar le heagraíochtaí a bhaineann le Pobal an Lucht Siúil agus na Romach chun róil na nOibrithe Naisc Pobail a fhorbairt, chun riachtanais shonracha na dteaghlach agus na bpobal a aithint agus chun a chinntiú go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil acu san áit is mó a bhfuil gá léi.

Dúirt an tAire Foley: "Bhí sé mar thosaíocht agam i gcónaí mar Aire comhionannas rochtana níos fearr ar an oideachas a chinntiú. Infheistíocht shuntasach in oideachas leanaí agus daoine óga ó Phobal an Lucht Siúil agus na Romach, chomh maith leo siúd is leochailí ó thaobh míbhuntáiste oideachais de, is ea an maoiniú de €1.25 milliún a fógraíodh inniu d'Oibrithe Naisc Pobail. Aithníonn sé an tábhacht a bhaineann le hathruithe dearfacha a dhéanamh idir scoileanna agus pobail chun tacú le tinreamh, rannpháirtíocht agus coinneáil níos fearr. Tá an deis tuillte ag gach leanbh barr a gcumais a bhaint amach agus beidh ról ríthábhachtach ag na hOibrithe Naisc Pobail chun é sin a bhaint amach trí naisc láidre a chothú idir scoileanna, teaghlaigh agus pobail''.

Tá fostú oibrithe naisc pobail bunaithe ar mholtaí/thorthaí na Straitéise Oideachais do Phobal an Lucht Siúil agus na Romach a foilsíodh i mí Iúil. Tagann sé sna sála freisin ar fhoilsiú thionscadal ECFE Oideachas do Shochaithe Cuimsitheacha Athbhreithniú ar Sholáthar Acmhainní do Scoileanna chun Aghaidh a Thabhairt ar Mhíbhuntáiste Oideachais in Éirinn .

Nótaí don Eagarthóir

Bunaithe ar cheantair a aithint ina bhfuil líon ard leanaí agus daoine óga ó Phobal an Lucht Siúil agus na Romach cláraithe i scoileanna – roghnaíodh an dá cheantar déag atá liostaithe thíos mar áiteanna ina mbunófar róil mar Oibrí Naisc Pobail. Beidh ról an oibrí naisc freagrach as tacú le rannpháirtíocht idir teaghlaigh agus pobail an Lucht Siúil agus na Romach agus scoileanna sna ceantair sin. Oibreoidh an roinn le heagraíochtaí an Lucht Siúil agus na Romach chun an ról a dhearadh ar mhaithe leis an aidhm seo a bhaint amach ar an mbealach is fearr.

1. Baile Munna/Fionnghlas/Darndál

2. Tamhlacht/Cluain Dolcáin

3. Loch Garman

4. Oirthear na Gaillimhe / Baile Ros Comáin

5. Cathair na Gaillimhe

6. Cathair Chorcaí

7. Inis

8. An Longfort

9. Cathair Luimnigh

10. Lú

11. Ciarraí

12. An Muileann gCearr

Straitéis Oideachais do Phobal an Lucht Siúil agus na Romach (TRES) 2024-2030

Foilsíodh an Straitéis Oideachais do Phobal an Lucht Siúil agus na Romach (TRES) 2024-2030 agus an Plean um Chur i bhFeidhm agus Gníomhaíocht 2024-2026 ar an 16 Iúil 2024. D'fhorbair an Roinn Oideachais an TRES, in éineacht leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus i ndlúthchomhar le heagraíochtaí ó Phobal an Lucht Siúil agus na Romach agus le príomhpháirtithe leasmhara eile.

Tá an straitéis seo á forbairt go sonrach chun freastal ar riachtanais na leanaí, na ndaoine óga agus na ndaoine fásta ó Phobal an Lucht Siúil agus na Romach agus é mar aidhm acu feabhas a chur ar a n-eispéireas oideachais agus ar a gcuid rathúlachta.

Leagtar amach sa phlean forfheidhmithe agus gnímh 2024-2026 roinnt gníomhartha atá le cur i bhfeidhm agus le tacaíocht ó earnáil na luathfhoghlama agus an chúraim, na scoile agus an oideachais threasaigh. Aithníonn tabhairt isteach oibrithe naisc pobail an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga ó Phobal an Lucht Siúil agus na Romach agus dá dteaghlaigh araon chun rannpháirtíocht agus feasacht ar na seirbhísí agus na hacmhainní atá ar fáil a mhéadú ar mhaithe le tinreamh, rannpháirtíocht agus coinneáil ar scoil a fheabhsú.

Athbhreithniú ECFE ar Sholáthar Acmhainní do Scoileanna chun Aghaidh a Thabhairt ar Mhíbhuntáiste Oideachais in Éirinn

I mí Iúil 2023, d'fhógair an tAire Foley gur tugadh cuireadh don tionscadal ECFE Oideachas do Shochaithe Cuimsitheacha athbhreithniú a dhéanamh ar chur chuige na hÉireann maidir le leithdháileadh acmhainní chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachasúil ar leibhéal na scoile ar mhaithe le bonn eolais a chur faoi bheartas sa réimse seo amach anseo.

Cinneadh san athbhreithniú, a foilsíodh i mí Iúil 2024, cé go bhfuil córas oideachais measartha cothrom ag Éirinn agus go gcuireann clár DEIS go mór leis sin, go bhfuil bearnaí sna torthaí fós i gcás na leanaí agus na daoine óga sin a bhfuil na leibhéil is airde míbhuntáiste acu.

Moltar san athbhreithniú go n-úsáidfí idirghabhálaithe cultúrtha nó ról comhchosúil ar féidir leo tacú le scoileanna agus le múinteoirí teagmháil a dhéanamh le leanaí agus daoine óga ó Phobal an Lucht Siúil agus na Romach agus lena dteaghlaigh chun cumarsáid rathúil a éascú, caidreamh dearfach a chur chun cinn agus tacú le foghlaim leanaí agus daoine óga ó Phobal an Lucht Siúil agus na Romach. Tá an tuarascáil ar fáil ar gov.ie.

Cuireann Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (TESS) seirbhís chomhtháite trí shnáithe ar fáil tríd an gClár Críochnaithe Scoile (SCP), tríd an tSeirbhís reachtúil Leasa Oideachais (SFPF) agus tríd an Scéim Theagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (HSCL) chun contanam láidir tacaíochta agus idirghabhála a chur ar fáil atá dírithe ar eispéireas agus torthaí oideachais a fheabhsú do leanaí agus do dhaoine óga atá i mbaol luathfhágála scoile agus míbhuntáiste oideachais.