Fógraíonn an tAire Foley sonraí maidir le bliain 2 de Scéim na Leabhar Bunscoile chun deireadh a chur le costas na leabhar scoile i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta
- Foilsithe: 8 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD, an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Hildegarde Naughton TD agus Aire Stáit ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le freagracht speisialta as Soláthar Poiblí agus ríomh-Rialtas Ossian Smyth TD inniu (Dé Céadaoin 8 Bealtaine 2024) sonraí bhliain 2 de Scéim na Leabhar Bunscoile a chuireann leabhair scoile saor in aisce ar fáil do dhaltaí bunscoile agus scoileanna speisialta.
Leanfaidh breis is 563,000 dalta i thart ar 3,230 bunscoil aitheanta, lena n-áirítear os cionn 130 scoil speisialta, ag baint leasa as an scéim.
Leanfaidh an tionscnamh ag soláthar ní hamháin leabhair scoile, ach leabhair shaothair agus cóipleabhair freisin do gach leanbh agus duine óg i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta, ag laghdú ualach an airgeadais a bhíonn ar theaghlaigh le linn am fillte ar scoil.
Leanfaidh an Roinn Oideachais freisin ag cur Deontas Tacaíochta Riaracháin ar fáil do scoileanna chun cabhrú le cur i bhfeidhm na scéime le linn bhliain 2 agus chun an t-ualach riaracháin ar scoileanna a mhaolú.
Leanfar leis an infheistíocht os cionn €47 milliún d’fhonn a chinntiú nach n-iarrfar ar thuismitheoirí ná ar chaomhnóirí leabhair scoile, leabhair shaothair nó cóipleabhair a cheannach nó a fháil ar cíos. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar bhliain 1 den scéim tá treoir athbhreithnithe do scoileanna á eisiúint ag an Roinn agus is féidir le scoil ar bith a bhfuil ceisteanna acu faoin scéim teagmháil a dhéanamh go díreach leis an Roinn.
Dúirt an tAire Foley:
“Tá an-áthas orm sonraí a fhógairt faoin bpacáiste maoinithe os cionn €47 milliún a fuarthas in 2024 chun an scéim fhiúntach seo a leabú tuilleadh inár gcóras bunscoile.
“Níos luaithe i mbliana d’fhógair mé sonraí faoi Scéim Leabhar Scoile na Sraithe Sóisearaí in aisce agus méadaíonn sé seo an infheistíocht iomlán sna scéimeanna leabhar scoile in aisce in 2024 go breis agus €115 milliún. Is méadú suntasach é seo ar an maoiniú do leabhair scoile a cuireadh ar fáil roimhe seo do gach bunscoil agus iar-bhunscoil aitheanta sa Scéim Saoroideachais ar fud na tíre.
“Leanfaidh an maoiniú a chuirtear ar fáil do leabhair bhunscoile in 2024 ar chuid den ualach airgeadais atá ar theaghlaigh le costais filleadh ar scoil a laghdú.
“Cuirfidh an scéim ar fáil, ar a laghad, leabhair scoile, leabhair shaothair agus cóipleabhair in aisce do gach dalta atá cláraithe i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta sa scoilbhliain 2024/25.
“Táim tiomanta a chinntiú go mbeidh dóthain tacaíochta ag scoileanna chun an scéim seo a chur i bhfeidhm. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar bhliain 1 den scéim tá áthas orm a fhógairt go leanfar leis an deontas tacaíochta Riaracháin a cuireadh ar fáil do scoileanna don bhliain 2024/2025.
“Tá mo Roinn tar éis cur freisin leis an tacaíocht do scoileanna le méadú ar na laethanta a leithdháiltear ar scoileanna chun an obair bhreise is gá a chur san áireamh.”
Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Hildegarde Naughton TD:
“Is cúis áthais dom a fheiceáil go leanfar le tiomantas an Chláir Rialtais seo, le leabhair scoile saor in aisce do gach dalta i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta. Cabhróidh an tionscnamh seo le tionchar an chostais mhaireachtála ardaitheach a laghdú agus cuirfidh sé tacaíocht shuntasach ar fáil do thuismitheoirí leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a fhreastalaíonn ar ranganna príomhshrutha bunscoile, ar ranganna speisialta i mbunscoileanna nó i scoileanna speisialta.
“Fáiltím freisin roimh chinneadh an Aire níos luaithe i mbliana ráta per capita na Sraithe Sóisearaí a íoc le daltaí atá cláraithe ar chláir na Sraithe Sóisearaí i scoileanna speisialta.
“Tá áthas ar leith orm a thabhairt faoi deara go bhfuil solúbthacht na scéime coimeádta don scoilbhliain 2024/25 chun a chinntiú go dtacaítear le teagasc agus foghlaim leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Ligeann sé seo do scoileanna maoiniú a úsáid chun acmhainní ranga gaolmhara a cheannach d’fhonn freastal ar riachtanais foghlama a ndaltaí ranga a luaithe a shásaítear an costas a bhaineann le leabhair scoile, leabhair shaothair agus cóipleabhair cuí.
“Tá an tsolúbthacht seo thar a bheith tábhachtach do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu atá ag freastal ar ranganna príomhshrutha i mbunscoileanna agus do bhreis agus 19,000 leanbh agus duine óg atá ag freastal ar ranganna speisialta i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta.”
Ciallaíonn an scéim seo:
- go gcuirfidh scoileanna leabhair scoile, leabhair shaothair agus cóipleabhair ar fáil go díreach do gach dalta
- nach gá do thuismitheoirí ná do chaomhnóirí na hearraí seo a cheannach nó a fháil ar cíos
- go gcuirfear dóthain maoinithe ar fáil do scoileanna chun costais na n-earraí seo a chlúdach
- go mbaineann na leabhair scoile leis an scoil agus go gcaithfear iad a thabhairt ar ais ag deireadh na scoilbhliana
- go gcuirfear tacaíocht riaracháin bhreise ar fáil do scoileanna.
Faoin scéim, íocfar €80 in aghaidh an dalta don scoilbhliain 2024/25 de réir rollú aitheanta daltaí ar 30 Meán Fómhair 2023. Toisc go bhfuil an scéim i bhfeidhm anois i ngach bunscoil agus scoil speisialta aitheanta táthar ag súil gur úsáid scoileanna an maoiniú a cuireadh ar fáil faoin scéim sa scoilbhliain 2023/24 chun stoic leabhar scoile agus acmhainní ranga eile a cheannach. Tá go leor de na hearraí seo ar fáil anois ag scoileanna don athúsáid sa scoilbhliain 2024/25 agus i scoilbhlianta ina dhiaidh sin. Cuirtear é sin san áireamh sa mhaoiniú atá leithdháilte don scéim sa scoilbhliain 2024/25.
Chun tacú le riaradh na scéime seo leanfar leis an deontas tacaíochta Riaracháin a chuireann an Roinn ar fáil do bhunscoileanna don scoilbhliain 2024/25, bunaithe ar mhéid na scoile, chun cabhrú le haon obair bhreise is gá chun an scéim a chur i bhfeidhm. Féadfaidh scoileanna an deontas seo a úsáid chun duine a fhostú chun obair riaracháin a dhéanamh ar an scéim.
Tá treoir foilsithe ag an Roinn do scoileanna agus eolas do thuismitheoirí faoin gcaoi a bhfeidhmeoidh an scéim nua ag Item was unpublished or removed
Nótaí d’Eagarthóirí
1. Cúlra
An Scéim Leabhar Scoile do Bhunscoileanna
Mar chuid de Bhuiséad 2023, d’fhógair an Roinn breis agus €50 milliún chun leabhair scoile saor in aisce a sholáthar do dhaltaí bunscoile laistigh den scéim saoroideachais ó Mheán Fómhair 2023. Tá breis agus 563,000 dalta i thart ar 3,230 bunscoil aitheanta, lena n-áirítear breis is 130 scoil speisialta, tar éis leas a bhaint as Scéim na Leabhar Bunscoile.
Bunaíodh an scéim ar an mbonn go gcuirfear cistí ar fáil go díreach do scoileanna chun leabhair scoile, leabhair shaothair, cóipleabhair agus, nuair is féidir, roinnt acmhainní ranga gaolmhara a cheannach.
Tá discréid ag scoileanna maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear an maoiniú deontais leabhar scoile in aisce ar an mbonn go gcuireann sé deireadh le costas iomlán na leabhar scoile, na leabhar saothair, na gcóipleabhar agus, nuair is féidir, roinnt acmhainní ranga gaolmhara do thuismitheoirí. Ní féidir iarraidh ar thuismitheoirí leabhair scoile, leabhair oibre nó cóipleabhair a cheannach nó ranníocaíocht a dhéanamh leis an scoil i dtreo chostas na n-earraí seo.
Beidh sé mar chuspóir ag an scéim a chinntiú go mbaintear luach ar airgead amach, agus go dtacófar le scoileanna an scéim a chur i bhfeidhm ar bhealach ina gcruthófar na torthaí foghlama is fearr do dhaltaí. Leanfar leis an neamhspleáchas atá ag scoileanna leabhair a roghnú a shásóidh riachtanais an churaclaim.
Beidh úinéireacht i gcónaí ag na scoileanna ar na leabhair agus cinnteoidh na scoileanna, chomh fada agus is féidir, go dtabharfar ar ais na téacsleabhair ar fad ag deireadh na scoilbhliana lena n-athúsáid an bhliain dár gcionn.
2. Doiciméad Treorach
Tá treoirdhoiciméad leasaithe forbartha do bhunscoileanna faoin gcaoi a leanfaidh an scéim ag feidhmiú. Leanfaidh an Roinn ag cur Deontas Tacaíochta Riaracháin ar fáil do bhunscoileanna chun cabhrú le rolladh amach agus cur i bhfeidhm na scéime agus chun an t-ualach riaracháin ar scoileanna a mhaolú. Tá an treoir foilsithe ag Item was unpublished or removed
3. Maoiniú
Eiseofar an maoiniú go díreach chuig scoileanna sna laethanta atá le teacht.
4. Soláthar
Is é an tAonad um Sholáthar do Scoileanna (SPU) an acmhainn tacaíochta lárnach chun treoir a sholáthar do gach bunscoil aitheanta, lena n-áirítear scoileanna speisialta, agus iar-bhunscoileanna (seachas scoileanna BOO) ar aon cheist a bhaineann le soláthar. Cuireann an SPU comhairle agus tacaíocht phraiticiúil in aisce ar fáil do scoileanna chun cabhrú leo a bpróiseas, a gcleachtais agus a dtorthaí soláthair a fheabhsú. Tacaíonn a mBOO áitiúil le scoileanna BOO lena ngníomhaíocht soláthair.
Tá leathanach gréasáin tiomnaithe ag an Aonad um Sholáthar do Scoileanna (SPU) https://www.spu.ie/schoolbooks-scheme/
Tá dualgais ar scoileanna cheana féin maidir le treoirlínte soláthair poiblí agus an dlí a rialaíonn soláthar poiblí in Éirinn nuair a bhíonn earraí agus seirbhísí á fhoinsiú acu.
Cothaíonn na Treoirlínte um Sholáthar Poiblí, arna bhfoilsiú ag an Oifig um Sholáthar Rialtais (OSR), dea-chleachtas agus comhsheasmhacht i leith rialacha soláthair phoiblí a chur i bhfeidhm maidir le ceannach earraí agus seirbhísí.