Fógraíonn an tAire Foley sonraí maidir le scéim nua chun deireadh a chur le costas leabhar scoile do theaghlaigh scoláirí na Sraithe Sóisearaí
- Foilsithe: 5 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 24 Meitheamh 2024
D’fhógair an tAire Foley inniu (Dé Máirt) sonraí scéime úrnua a chuireann leabhair scoile saor in aisce ar fáil do scoláirí na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna sa Scéim Saoroideachais.
Bainfidh breis agus 212,000 scoláire cláraithe i thart ar 670 iar-bhunscoil leas as an scéim nua.
Cuirfear Deontas Tacaíochta Riaracháin ar fáil, ar leith, do scoileanna freisin chun cabhrú le rolladh amach agus cur i bhfeidhm na scéime agus chun aon ualach riaracháin breise a mhaolú.
Is méadú suntasach í an infheistíocht maoinithe de €68 milliún in 2024 atá ar a bhfuil ar fáil faoi láthair do leabhair scoile agus tugann sé isteach scéim leabhar scoile in aisce do bhlianta na Sraithe Sóisearaí i ngach iar-bhunscoil sa Scéim Saoroideachais. Treisíonn sé tiomantas an Rialtais scéim na leabhar scoile in aisce a leathnú chuig scoileanna ar fud na tíre, de réir mar a cheadaíonn acmhainní.
Cinnteoidh an scéim seo nach n-iarrfar ar thuismitheoirí/chaomhnóirí scoláirí atá cláraithe i mblianta na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna sa Scéim Saoroideachais aon leabhair scoile a cheannach nó a fháil ar cíos don scoilbhliain 2024/25.
Soláthróidh an scéim, ar a laghad, leabhair scoile in aisce, agus acmhainní lárnacha ranga do gach scoláire i mblianta na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna sa scéim in aisce sa scoilbhliain 2024/25, ag éascú ualach airgeadais theaghlaigh le linn na tréimhse ina mbítear ag filleadh ar scoil.
Gheobhaidh scoileanna speisialta ina bhfuil leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus atá cláraithe i gcláir na Sraithe Sóisearaí ráta na Sraithe Sóisearaí do gach dalta in 2024/25.
Dúirt an tAire Foley:
“Tar éis feidhmiú rathúil na scéime leabhar scoile ag an mbunleibhéal in 2023, tá an-áthas orm sonraí a fhógairt faoin bpacáiste maoinithe de os cionn €68 milliún chun scéim shuntasach úrnua a thabhairt isteach a chuirfidh leabhair scoile ar fáil do scoláirí uile na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna atá sa Chóras Saoroideachais.
"Laghdóidh an beart úrnua, buan seo cuid den ualach airgeadais atá ar theaghlaigh maidir le costais filleadh ar scoil.
"Féadfaidh an t-aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil ualach breise airgeadais a chur ar theaghlaigh, agus is ardú croí dom a fheiceáil go mbainfidh leanaí agus daoine óga leas anois as scéim na leabhar scoile in aisce agus iad ag gluaiseacht tríd an tSraith Shóisearach.
“Trí leabhair scoile saor in aisce agus acmhainní lárnacha ranga a sholáthar dár ndaoine óga i mblianta na Sraithe Sóisearaí, táimid ag feabhsú a n-eispéireas oideachais, ní hamháin sa seomra ranga ach níos faide ná sin go dtí an teaghlach sa bhaile.”
Dúirt an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Josepha Madigan TD:
“Déanfaidh seachadadh an ghealltanais seo i gClár an Rialtais difríocht mhór maidir le costais fhilleadh ar scoil do thuismitheoirí/chaomhnóirí scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu atá ag freastal ar ranganna príomhshrutha agus speisialta in iar-bhunscoileanna.
"Go tábhachtach, i gcás scoláire i scoil speisialta atá cláraithe ar chláir na Sraithe Sóisearaí, gheobhaidh an scoil ráta na leabhar iar-bhunscoile, rud a thacóidh tuilleadh lena bhfoghlaim agus a bhforbairt.
"Ar aon dul leis an scéim bunscoile, tá an tsolúbthacht ag scoileanna maoiniú a úsáid chun acmhainní ranga a cheannach chun freastal ar shainriachtanais foghlama na scoláirí nuair a bhíonn costas na leabhar scoile agus na hacmhainní ranga lárnacha clúdaithe. Tá an tsolúbthacht seo thar a bheith tábhachtach do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.”
Baineann cuspóir na scéime nua lena chinntiú go bhfuil na hacmhainní atá de dhíth orthu ag gach leanbh agus duine óg atá cláraithe i mblianta na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna sa Scéim Saoroideachais chun oideachas a rochtain agus chun na hualaí airgeadais a bhaineann le costais filleadh ar an scoil a mhaolú, costais a d’fhéadfadh deacracht airgeadais a chruthú do go leor teaghlach gach bliain.
Mar thoradh ar an scéim nua seo:
- Cuirfear leabhair scoile, agus acmhainní lárnacha ranga ar nós dialanna, cóipleabhair, foclóirí agus áireamháin ar fáil do gach scoláire i mblianta na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna sa Scéim Saoroideachais. Ní gá do thuismitheoirí/chaomhnóirí na nithe seo a cheannach nó a fháil ar cíos.
- Cuirfear dóthain maoinithe ar fáil do scoileanna chun costais soláthar na nithe seo a chlúdach.
- Baineann na leabhair scoile leis an scoil agus ní mór iad a thabhairt ar ais ag deireadh na scoilbhliana nó na Sraithe Sóisearaí.
- Cuirfear tacaíocht riaracháin bhreise ar fáil do scoileanna i bhfoirm Deontas Tacaíochta Riaracháin.
Chun tacú le riaradh na scéime seo, tá an Roinn ag leithdháileadh Deontas Tacaíochta Riaracháin ar iar-bhunscoileanna don scoilbhliain 2024/25, bunaithe ar mhéid na scoile, chun cabhrú le haon obair bhreise is gá chun an scéim a chur i bhfeidhm. Féadfaidh scoileanna an deontas seo a úsáid chun duine a fhostú chun obair riaracháin a dhéanamh ar an scéim nó an t-airgead a úsáid i dtreo costais riaracháin eile a bhaineann le cur i bhfeidhm na scéime.
Tá treoir á eisiúint ag an Roinn d’iar-bhunscoileanna agus is féidir le hiar-bhunscoileanna a bhfuil ceisteanna acu faoin scéim teagmháil a dhéanamh go díreach leis an Roinn.
Tá treoir foilsithe ag an Roinn do scoileanna agus eolas do thuismitheoirí/chaomhnóirí faoin gcaoi a bhfeidhmeoidh an scéim nua Item was unpublished or removed
Críoch
Nótaí d’Eagarthóirí
6. Cúlra
Scéim leabhair ar cíos atá faoi láthair in iar-bhunscoileanna
Tá deontas leabhar de thart ar €10.7 milliún á chur ar fáil ag an Roinn Oideachais cheana féin do gach iar-bhunscoil laistigh den Scéim Saoroideachais chun cúnamh a sholáthar do leabhair, lena n-áirítear scéimeanna leabhar ar cíos agus spreagtar gach scoil scéimeanna leabhar ar cíos a chur i bhfeidhm chun cabhrú leo costais ar thuismitheoirí/chaomhnóirí a mhaolú.
Faigheann daoine óga i mblianta na Sraithe Sinsearaí i scoileanna atá rannpháirteach sa chlár DEIS leithdháileadh de €39 in aghaidh an scoláire (€15 sa bhreis in aghaidh an dalta i gcomparáid le scoileanna neamh-DEIS) a leanfaidh don scoilbhliain 2024/25.
Faoin scéim cíosa leabhar atá ann faoi láthair, atá leagtha amach in Ciorclán 46/2013, is faoi bhord bainistíochta gach scoile atá sé cinneadh a dhéanamh ar a bpolasaí féin maidir le húsáid an mhaoinithe seo sa scoil ach táthar ag súil go mbeidh cur chuige ag scoileanna a bheidh comhfhiosach faoi chostais maidir le roghnú na leabhar le húsáid ina ranganna.
Is féidir le scéimeanna cíosa leabhar scoile difríocht shuntasach a dhéanamh don chostas a bhaineann le leabhair scoile a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga. Chuir an Roinn treoirlínte ar fáil in 2012 do scoileanna maidir le scéimeanna cíosa leabhar scoile a fheidhmiú. Bhí sé mar aidhm ag na treoirlínte seo cabhrú le scoileanna scéimeanna cíosa leabhar a bhunú agus a fheidhmiú. Chuir na treoirlínte prionsabail dea-chleachtais ar fáil bunaithe ar thaithí na scoileanna agus na gcumann tuismitheoirí a raibh scéimeanna cíosa rathúla i bhfeidhm acu. Ina theannta sin, ag an am sin d’aontaigh príomhfhoilsitheoirí oideachais na hÉireann Cód Cleachtais a chur i bhfeidhm chun cabhrú le costas leabhar scoile do thuismitheoirí/chaomhnóirí agus do scoileanna a laghdú.
Tá scéim cíosa de chineál éigin i bhfeidhm ag go leor iar-bhunscoileanna faoi láthair.
7. Scéim Leabhair Scoile na Sraithe Sóisearaí
Tógfaidh cur i bhfeidhm na scéime nua ar an scéim leabhar scoile in aisce atá ar fáil i ngach bunscoil aitheanta lena n-áirítear scoileanna speisialta.
Bunaíodh an scéim ar an mbonn go gcuirfear cistí ar fáil go díreach do scoileanna chun leabhair scoile, agus acmhainní ranga a cheannach. Faoi láthair, ceannaíonn scoileanna leabhair agus acmhainní go díreach ó sholáthraithe leabhar scoile mar chuid de chur i bhfeidhm scéim cíosa leabhar scoile.
Beidh rogha ag scoileanna maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear an maoiniú deontais leabhar scoile, ar an mbonn go gcuireann sé deireadh le costas iomlán leabhair scoile agus acmhainní lárnacha ranga do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Mar sin, ní gá iarraidh ar thuismitheoirí/chaomhnóirí leabhair scoile nó acmhainní lárnacha ranga a cheannach, nó ranníocaíocht a dhéanamh leis an scoil i dtreo chostas na n-earraí seo.
Féachfaidh an scéim lena chinntiú go mbainfear luach ar airgead amach, agus go dtabharfar tacaíocht do scoileanna chun an scéim a chur i bhfeidhm ar bhealach a mbeidh na torthaí foghlama is fearr ann do dhaltaí. Beidh neamhspleáchas i gcónaí ag scoileanna leabhair a roghnú a shásóidh riachtanais an churaclaim.
Beidh na leabhair scoile faoi úinéireacht na scoile i gconaí agus cinnteoidh scoileanna, chomh fada agus is féidir, go dtabharfar na leabhair scoile ar fad ar ais ag deireadh na scoilbhliana nó na Sraithe Sóisearaí lena n-athúsáid an bhliain/na sraithe dár gcionn.
Tá soláthar curtha san áireamh ag an Roinn freisin do Dheontas Tacaíochta Riaracháin d’iar-bhunscoileanna chun cabhrú le rolladh amach agus cur i bhfeidhm na scéime agus chun an t-ualach riaracháin ar scoileanna a mhaolú.
8. Doiciméad Treorach
Tá doiciméad treorach forbartha d’iar-bhunscoileanna ar an gcaoi a fheidhmeoidh an scéim. Tá an treoir seo foilsithe ag Deontas Leabhair Scoile Treoirlínte d’Iar Bhunscoileanna 2024-2025
9. Maoiniú
Eiseofar maoiniú go díreach chuig scoileanna faoi dheireadh mhí an Mhárta 2024.
10. Soláthar
Chuir an tAonad um Sholáthar Scoileanna laistigh den Roinn Oideachais treoir ar fáil in 2017 do scoileanna ar dhea-chleachtais soláthair.
Tá dualgais ar scoileanna a eascraíonn ó rialacha soláthair poiblí an AE agus náisiúnta, nuair a bhíonn earraí agus seirbhísí á fhoinsiú acu. Tá rochtain ag scoileanna ar na Treoirlínte um Sholáthar Poiblí maidir le hEarraí agus Seirbhísí atá foilsithe ag an Oifig um Sholáthar Rialtais.