Fógraíonn an tAire Foley sonraí na scéime deontais do scoileanna i Snáithe a Dó den treoirthionscadal Comhairleoireachta i mBunscoileanna
- Foilsithe: 17 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 17 Deireadh Fómhair 2024
D'fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley, sonraí faoi scéim deontais chun cur leis na tacaíochtaí atá á gcur ar fáil ag Foirne Folláine Oideachais ar bhonn píolótach i gcnuasaigh scoileanna i gCorcaigh, Ceatharlach, Baile Átha Cliath 7 agus Baile Átha Cliath 16.
Tá na scoileanna seo ag obair le Foirne Folláine Oideachais nuabhunaithe ón mbliain seo caite. Cuimsíonn na foirne Cleachtóirí Folláine Oideachais agus príomhshíceolaí NEPS, ag tacú le cnuasaigh scoileanna chun folláine agus meabhairshláinte a chur chun cinn.
Anois tá na scoileanna seo go léir le híocaíocht aon uaire €2,000 a fháil chun tionscnaimh atá dírithe ar fholláine a chur chun cinn agus tacú léi i measc a bpobal scoile i scoilbhliain 2024 / 2025.
I measc na gcineálacha tionscnamh a bhféadfadh scoileanna an maoiniú deontais a úsáid lena n-aghaidh tá gairdíní folláine a fhorbairt, múrphictiúir folláine a choimisiúnú agus criosanna suaimhnithe a bhunú.
Is féidir leis ceannach trealaimh rialaithe céadfaigh a chlúdach freisin, cláir Ambasadóirí Folláine a reáchtáil agus mórán eile. Beidh solúbthacht ag scoileanna an maoiniú a úsáid chun freastal ar na riachtanais is mó a shainaithnítear go háitiúil.
Dúirt an tAire Foley:
"Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaí gach leanbh agus duine óg a chumasú agus a éascú ionas go mothóidh siad sábháilte agus go mothóidh siad go bhfuil tacaíocht á fáil acu le linn a gcuid ama inár scoileanna.
“Ar mo chuairteanna ar scoileanna feicim an difríocht a dhéanann sé nuair a bhíonn an fholláine chun tosaigh – bíonn deis níos fearr ag daltaí cairdeas a dhéanamh, rath a bheith orthu agus barr a maitheasa a bhaint amach. Tá an-áthas orm inniu, mar sin, a bheith ag fógairt sonraí na scéime deontais do Shnáithe a Dó den Treoirthionscadal Comhairleoireachta i mBunscoileanna a chuirfidh leis na tacaíochtaí folláine agus meabhairshláinte atá i bhfeidhm cheana féin i scoileanna i gCorcaigh, Ceatharlach, Baile Átha Cliath 7 agus Baile Átha Cliath 16."
• Is éard atá i Snáithe 1 den treoirthionscadal comhairleoireachta ná tacaíocht chomhairleoireachta duine le duine a sholáthar do líon beag daltaí bunscoile i gcontaetha an Chabháin, Laoise, Liatroma, an Longfoirt, Mhaigh Eo, Mhuineacháin agus Thiobraid Árann.
• Is éard atá i Snáithe 2 den chlár píolótach ná cineál nua tacaíochta a bhunú do scoileanna ó Fhoirne Folláine Oideachais agus tugtar isteach Cleachtóirí Folláine Oideachais chun tacaíochtaí feabhsaithe ionscoile a chur ar fáil do chnuasaigh bunscoileanna i gCorcaigh, Ceatharlach, Baile Átha Cliath 7, agus Baile Átha Cliath 16.
Gheobhaidh scoileanna a ghlacann páirt i Snáithe a Dó den chlár píolótach seo an maoiniú deontais €2,000 go díreach, mar aon le treoir chun tuairimí daltaí agus tuismitheoirí a bhailiú, ionas gur féidir leo straitéisí agus bearta a fhorbairt a chabhróidh leo athruithe dearfacha a dhéanamh ar fholláine leanaí, tuismitheoirí agus an phobail scoile i gcoitinne.
Nótaí don Eagarthóir
Snáithe 1 den Treoirthionscadal Comhairleoireachta i mBunscoileanna
Is éard atá i Snáithe 1 ná tacaíocht chomhairleoireachta duine le duine a sholáthar do líon beag daltaí bunscoile i gcontaetha an Chabháin, Laoise, Liatroma, an Longfoirt, Mhaigh Eo, Mhuineacháin agus Thiobraid Árann. Tá painéil chontae de chomhairleoirí príobháideacha réamhcheadaithe bunaithe ag an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) thar ceann na Roinne chun tacaíocht chomhairleoireachta duine le duine a chur ar fáil.
Snáithe 2 den Treoirthionscadal Comhairleoireachta i mBunscoileanna
Is éard atá i Snáithe 2 den treoirthionscadal ná cineál nua tacaíochta a bhunú do scoileanna ó Fhoirne Folláine Oideachais agus tugtar isteach Cleachtóirí Folláine Oideachais chun tacaíochtaí feabhsaithe ionscoile a chur ar fáil do chnuasaigh bunscoileanna i gCorcaigh, Ceatharlach, Baile Átha Cliath 7, agus Baile Átha Cliath 16.
Feidhmíonn Snáithe 2 den Treoirthionscadal Comhairleoireachta i mBunscoileanna i gcomhpháirtíocht straitéiseach le BOO Chorcaí.
Tá na Foirne Folláine Oideachais ag obair le daltaí, tuismitheoirí agus foireann na scoile chun tacú le folláine agus athléimneacht ar leibhéal na scoile uile.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin treoirthionscadal comhairleoireachta i mBunscoileanna, féach Item was unpublished or removed.