English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McEntee agus an tAire Moynihan 399 Rang Speisialta Nua do Scoilbhliain 2025/26

Dheimhnigh an tAire Oideachais, Helen McEntee T.D., agus an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan T.D., 399 rang speisialta nua do scoilbhliain 2025/2026 inniu. Is céim thábhachtach é an fógra seo i dtiomantas leanúnach an Rialtais tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus pleanáil agus soiléireacht níos luaithe a chinntiú do theaghlaigh ar fud na hÉireann.

Dúirt an tAire McEntee:

“Tá áthas orm a dheimhniú go bhfuil 399 rang nua oideachais speisialta ceadaithe don scoilbhliain seo amach romhainn.

“Cruthóidh sé seo spásanna do 2,700 leanbh nua i ranganna oideachais speisialta don téarma scoile atá amach romhainn. Déanfaidh gluaiseacht nádúrtha leanaí idir ranganna 1,200 spás a shaoradh freisin, rud a chiallaíonn go mbeidh beagnach 4,000 spás ar fáil do leanaí i ranganna oideachais speisialta an téarma seo chugainn.

“Beidh formhór na n-áiteanna seo ar fáil do leanaí a bhfuil uathachas orthu, ag cinntiú go bhfuil rochtain ag na leanaí sin ar an oideachas ardchaighdeáin atá tuillte acu.

“Tá ceadú na ranganna nua oideachais speisialta seo tarlaithe mórán míonna níos luaithe i mbliana, rud a thugann níos mó ama le hullmhú do scoileanna agus do thuismitheoirí. Molaim do gach scoil tosú anois ar scoláirí a ligean isteach sna ranganna nua seo chun cinnteacht a thabhairt do thuismitheoirí agus, thar aon rud eile, do na leanaí.

“Is mian liom buíochas ó chroí a ghlacadh leis na scoileanna, na ceannairí scoile, na boird agus na pátrúin a bhí páirteach in oscailt na ranganna seo.

“In ainneoin dlúth-theagmháil leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta agus sainaithint na cóiríochta atá ar fáil, níor dheimhnigh scoil amháin go n-osclóidh sí ranganna speisialta breise ó mhí Mheán Fómhair.

“Mura mbeidh aon dul chun cinn déanta, an tseachtain seo chugainn cuirfidh mé tús leis an bpróiseas chun iallach a chur ar an scoil sin ranganna nua oideachais speisialta a oscailt.

“Tá leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu, a dteastaíonn áit scoile uathu agus an áit sin tuillte acu ag croílár na gcinntí seo agus creidim go láidir gur chun leas na leanaí é seo..

“Tá obair ar siúl cheana féin maidir le ranganna nua a phleanáil do mhí Mheán Fómhair 2026, chun soiléireacht níos luaithe fós a thabhairt do thuismitheoirí agus do scoileanna. Cinnteoidh sé sin freisin go mbeidh dóthain spásanna i ngach ceantar.”

Dúirt an tAire Moynihan:

“Is lá an-dearfach é seo don oideachas speisialta, agus 399 rang speisialta nua deimhnithe ar fud bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna — ag soláthar na mílte áiteanna breise do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu.

"Ní uimhreacha amháin a léiríonn na ranganna nua seo, ach deiseanna—deiseanna don chuimsiú, don fhoghlaim, agus do leanaí a bheith rathúil i suíomhanna a fhreastalaíonn ar na riachtanais ar leith atá acu.

"Is mian liom aitheantas ar leith a thabhairt d'obair na nEagraithe Riachtanais Speisialta Oideachais (ERSOanna), na mBainisteoirí Foirne, agus na foirne ar fad ag CNOS, a d'oibrigh go dlúth le scoileanna chun na háiteanna seo a aithint, a phleanáil agus a fháil níos luaithe ná riamh roimhe seo.

" Tá fíor dhul chun cinn á dhéanamh againn, ach táimid feasach freisin ar réimsí ina bhfuil géarghá le tuilleadh soláthair. Táimid tiomanta do ghníomhú go tapa agus go héifeachtach chun freastal ar na riachtanais sin, ag cinntiú nach bhfágfar aon leanbh gan áit oiriúnach.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

• Tá ranganna speisialta nua á gceadú i ngach contae. I measc na 399 rang nua atá ceadaithe tá 287 rang speisialta bunscoile agus 112 rang speisialta iar-bhunscoile.

• D'eisigh an Roinn Oideachais Imlitir 0080/2024 i mí Dheireadh Fómhair 2024, inar leagadh amach réimse de bhearta nua chun tacú le pleanáil chun cinn sa soláthar don oideachas speisialta. Go háirithe, rinneadh soláthar do shocruithe níos cuíchóirithe maidir le hathchumrú na cóiríochta scoile atá ann cheana féin chun ranganna speisialta a sholáthar.

• Mar thoradh ar líon méadaithe ERSOanna agus Bainisteoirí Foirne, reáchtáil CNOS díreach os cionn 1,700 cuairt scoile i míonna tosaigh na scoilbhliana seo. Bhí na cuairteanna sin ríthábhachtach chun a chinneadh cad iad na scoileanna a d’osclódh ranganna speisialta nua don scoilbhliain seo amach romhainn.

• Ag leibhéal na bunscoile, leithdháiltear múinteoir amháin agus beirt CRSanna ar scoil do gach rang speisialta nua. Ag leibhéal na hiar-bhunscoile soláthraítear 1.5 post múinteoireachta agus beirt CRSanna.

• Ina theannta sin, tá caipitíocht fheabhsaithe ann do scoileanna agus tacaíocht tiomnaithe iompair scoile ar fáil do leanaí a ghlacann na háiteanna sna ranganna speisialta nua seo.

• Tá oiliúint, treoir agus tacaíochtaí tiomnaithe ar fáil ó CNOS do gach scoil atá ag oscailt ranganna speisialta nua. Tá comhairleoirí breise earcaithe ag CNOS.

• Tá an Roinn Oideachais agus CNOS ag bualadh le comhlachtaí pátrúnachta scoile agus le comhlachtaí bainistíochta scoile ar an 11 Aibreán chun tús a chur le pleanáil chun cinn do sholáthar oideachais speisialta do scoilbhliain 2026/2027.