English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McEntee an chéim dheiridh de scéim na leabhar scoile saor in aisce

Inniu (Dé Céadaoin), d’fhógair an tAire Oideachais agus Óige Helen McEntee TD. sonraí faoin gcéim dheiridh de Scéim na Leabhar Scoile Iar-Bhunscoil.

Déanfar leabhair scoile saor in aisce agus croí-acmhainní ranga a sholáthar do na scoláirí go léir in iar-bhunscoileanna atá sa Scéim Saoroideachais ó scoilbhliain 2025/26 ar aghaidh.

Bainfidh thart ar 400,000 scoláire, atá cláraithe i thart ar 672 iar-bhunscoil agus os cionn 80 scoil speisialta, leas as leathnú na scéime.

Dúirt an tAire McEntee:

“Is mian liom a chinntiú go mbeidh deis ag ár leanaí agus ag ár ndaoine óga go léir teacht ar oideachas a dhéanann iad a chumasú chun a bheith rathúil agus barr a gcumais a bhaint amach. Is lá cinniúnach é an lá inniu maidir leis sin; den chéad uair beidh leabhair scoile saor in aisce á bhfáil ag beagnach milliún scoláire ó thús scoilbhliain 2025/2026.

“Is mian liom aitheantas agus moladh a thabhairt don obair a rinne mo réamhtheachtaí an tAire Norma Foley maidir le tús chur le scéim na leabhar scoile saor in aisce. Cinnteoidh an pacáiste maoinithe seo de bhreis agus €123 milliún go mbeidh leabhair scoile á soláthar again do na scoláirí iar-bhunscoile go léir laistigh den Scéim Saoroideachais. Is beart buan é a chabhróidhchun maolú a dhéanamh ar na tromualaí airgeadais a bhíonn ar theaghlaigh agus scoláirí ag filleadh ar an scoil.

“Tá pacáiste deontais tacaíochta riaracháin breisithe á chur i bhfeidhm ag mo Roinn d’iar-bhunscoileanna mar aitheantas don mhéid oibre atá le déanamh i mbliana agus an scéim á leathnú tuilleadh. Beidh réiteach soláthair sainoiriúnaithe chun tacú le scoileanna ag feidhmiú freisin sna seachtainí seo amach romhainn.

“Agus mé ag tosú amach sa ról mar Aire Oideachais agus Óige ba mhaith liom an deis a thapú chun aitheantas a thabhairt do dhianobair agus do thiomantas na gceannairí scoile agus na bpobal scoile ar fud na hÉireann a bhí ríthábhachtach maidir leis an rath a bhí ar chur i bhfeidhm Scéim na Leabhar Scoile sa tSraith Shóisearach in 2024.”

Ag labhairt dó ar scéim na leabhar scoile saor in aisce, dúirt an tAire Stáit don Oideachais Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan TD:

“Labhair mé le mórán tuismitheoirí agus caomhnóirí faoi strus na gcostas a bhaineann le filleadh ar an scoil agus is eol dom an méid difríochta is féidir le scéim na leabhar scoile saor in aisce a dhéanamh. Sin an fáth a raibh mé go mór ar son scéim na leabhar scoile saor in aisce a leathnú chuig iar-bhunscoileanna. Is rud eile é nach mbeidh ar theaghlaigh a bheith imníoch faoi ag am an-ghnóthach den bhliain.

“Rud atá tábhachtach ná má tá scoláire i scoil speisialta cláraithe ar chláir na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí, gheobhaidh an scoil ráta na leabhar iar-bhunscoile. Cuirfidh sé seo tacaíocht bhreise ar fáil dá gcuid foghlama agus forbartha.

“Ar nós scéim na bunscoile, tá an tsolúbthacht ag iar-bhunscoileanna maoiniú a úsáid chun acmhainní ranga a cheannach chun freastal ar shainriachtanais foghlama na scoláirí a luaithe a shásaítear costas na leabhar scoile agus na gcroí-acmhainní ranga. Tá an tsolúbthacht sin thar a bheith tábhachtach do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

“I ndeireadh na dála, is lena chinntiú go bhfuil gach a bhfuil ag teastáil uaitha ag gach leanbh agus duine óg in iar-bhunscoileanna ionas gur féidir leo foghlaim a dhéanamh, a bheith rathúil agus forbairt. Tá súil agam go gcabhróidh sé seo chun maolú a dhéanamh ar chuid den strus airgeadais a bhíonn ar theaghlaigh agus iad an ullmhú don scoilbhliain.”

Chomh maith leis sin, cuirfear Deontas Tacaíochta Riaracháin ar leith ar fáil do scoileanna chun cabhrú le leathnú amach agus feidhmiú na scéime agus chun aon ualach breise riaracháin a mhaolú.

Ciallaíonnn Scéim na Leabhar Scoile d’Iar-bhunscoileanna:

  • Go gcuirfear leabhair scoile, agus croí-acmhainní ranga ar nós dialanna, cóipleabhair, foclóirí agus áireamháin ar fáil do gach scoláire iar-bhunscoile sa Scéim Saoroideachais. Ní gá do thuismitheoirí/chaomhnóirí na nithe sin a cheannach ná a fháil ar cíos.
  • Go gcuirfear dóthain maoinithe ar fáil do scoileanna chun costais a bhaineann le soláthar na nithe seo a chlúdach.
  • Is leis an scoil na leabhair scoile agus ní mór iad a thabhairt ar ais ag deireadh na scoilbhliana nó na Sraithe Sóisearaí/Sinsearaí.

Chun tacú le riar na scéime seo, tá an Roinn ag leithdháileadh Deontas Tacaíochta Riaracháin ar iar-bhunscoileanna don scoilbhliain 2025/26, bunaithe ar mhéid na scoile, chun cabhrú le haon obair bhreise is gá chun an scéim a fheidhmiú. Féadfaidh scoileanna an deontas sin a úsáid chun duine/daoine a fhostú d’obair riaracháin na scéime nó an t-airgead a úsáid i dtreo costais riaracháin eile a bhaineann le feidhmiú na scéime.

Beidh treoir don scéim á heisiúint ag an Roinn chuig iar-bhunscoileanna go luath agus is féidir le hiar-bhunscoileanna ar bith a bhfuil ceisteanna acu faoin scéim teagmháil a dhéanamh go díreach leis an Roinn.

Sa tréimhse atá le teacht foilseoidh an roinn an treoir do scoileanna agus gach eolas ar an gcaoi a fheidhmeoidh an scéim Item was unpublished or removed.

Críoch


Nótaí d’Eagarthóirí

1. Scéim na Leabhar Scoile Iar-bhunscoile

Tá cur i bhfeidhm na scéime nua in 2025 bunaithe ar Scéim Leabhar Scoile na Sraithe Sóisearaí atá ar fáil cheana féin i ngach iar-bhunscoil aitheanta sa Scéim Saoroideachais, lena n-áirítear scoileanna speisialta. Tá an scéim ar fáil anois do gach scoláire sa tSraith Shóisearach agus sa tSraith Shinsearach, lena n-áirítear an Idirbhliain.

Ar aon dul le Scéim Leabhar Scoile na Sraithe Sóisearaí do 2024/25, cuirfear cistí ar fáil go díreach do scoileanna chun leabhair scoile agus croí-acmhainní ranga a cheannach. Ceannaíonn scoileanna leabhair go díreach ó sholáthraithe leabhar scoile faoi láthair mar chuid d’fheidhmiú Scéim Leabhar Scoile na Sraithe Sóisearaí 2024/25. Tá foráil ann freisin inar féidir le scoileanna leabhair scoile athláimhe a cheannach ó thuismitheoirí nó ó fhoinsí eile.

Beidh rogha ag scoileanna maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear an maoiniú deontais leabhar scoile, ar an mbonn go gcuireann sé deireadh le costas foriomlán leabhar scoile agus croí-acmhainní ranga do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Ní gá iarraidh ar thuismitheoirí/chaomhnóirí leabhair scoile nó croí-acmhainní ranga a cheannach, nó ranníocaíocht a dhéanamh leis an scoil i dtreo chostas na n-earraí sin.

Cinntíonn an scéim go mbainfear luach ar airgead amach, agus go dtabharfar tacaíocht do scoileanna chun an scéim a chur i bhfeidhm ar bhealach a mbeidh na torthaí foghlama is fearr ann do scoláirí. Beidh neamhspleáchas i gcónaí ag scoileanna leabhair scoile a roghnú a shásóidh riachtanais an churaclaim.

Beidh na leabhair scoile faoi úinéireacht na scoile i gconaí agus cinnteoidh scoileanna, chomh fada agus is féidir, go dtabharfar na leabhair scoile ar fad ar ais ag deireadh na scoilbhliana nó na Sraithe Sóisearaí/Sinsearaí lena n-athúsáid sa bhliain/sa tsraith dár gcionn.

Tar éis aiseolas a fháil ó scoileanna agus ó chomhpháirtithe oideachais, tá soláthar breisithe curtha san áireamh ag an Roinn freisin do Dheontas Tacaíochta Riaracháin d’iar-bhunscoileanna chun cabhrú le leathadh amach agus le cur i bhfeidhm na scéime agus chun an t-ualach riaracháin ar scoileanna a mhaolú.

Tá meastóireacht iomlán ar an gcéad bhliain de Scéim Leabhar Scoile na hIar-Bhunscoile sa tSraith Shóisearach idir lámha i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, chun bonn eolais a chur faoi threoir, cur i bhfeidhm, costais agus éifeachtacht na scéime do na blianta atá le teacht.

2. Doiciméad Treorach

Tá doiciméad treorach á fhorbairt d’iar-bhunscoileanna ar an gcaoi a bhfeidhmeoidh an scéim. Nuair a chríochnófar í, foilseofar an treoir ag Item was unpublished or removed

3. Maoiniú

Eiseofar maoiniú go díreach chuig scoileanna faoi dheireadh mhí Feabhra 2025. Cuirfear in iúl do scoileanna nuair a dhéanfar an íocaíocht.

4. Soláthar

Tá dualgais ar scoileanna, amhail eagraíochtaí eile a fhaigheann maoiniú ón earnáil phoiblí, a eascraíonn as rialacha soláthair phoiblí an AE agus náisiúnta araon agus iad ag foinsiú earraí agus seirbhísí.

Má tá luach móriomlán chonradh leabhar scoile níos lú ná €50,000 (gan CBL san áireamh) féadfaidh scoileanna é sin a sholáthar ach trí luachan scríofa a iarraidh ó thrí cinn de sholáthraithe. Tá teimpléad caighdeánach ar fáil.

Spreagfar na scoileanna seo freisin chun an Córas Ceannaigh Dinimiciúil nua ar líne a úsáid, atá á bhunú ag an Roinn chun tacú le scoileanna lena riachtanais soláthair.

Tá úsáid an Chórais Ceannaigh Dinimiciúil seo éigeantach do gach conradh leabhar scoile lena mbaineann breis agus €50,000 mar luach iomlán (gan CBL san áireamh). Beidh sé bunaithe ar 20 baisc réigiúnach agus spreagfar gach soláthraí áitiúil chun clárú leis.

Beidh an Roinn i dteagmháil le hiar-bhunscoileanna go luath maidir leis an gCóras Ceannaigh Dinimiciúil agus soláthrófar tacaíochtaí agus acmhainní saincheaptha do scoileanna maidir lena fheidhmiú.