English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McEntee oscailt comhairliúcháin náisiúnta ar threoir iar-bhunscoile

D’fhógair Helen McEntee TD, an tAire Oideachais, inniu oscailt próisis comhairliúcháin náisiúnta fhadréimsigh ar threoir ar leibhéal na hiar-bhunscoile.

Tá an próiseas á sheoladh ag an Roinn Oideachais mar chuid den Chreat Straitéiseach Náisiúnta um Threoir ar feadh an tSaoil: Plean Gníomhaíochta Straitéiseach 2024-2030. Leis an bpróiseas sin, cuirtear ar aghaidh an gealltanas atá tugtha i gClár an Rialtais feabhas a chur ar sheirbhísí treorach i scoileanna, mar aon leis an ngealltanas atá tugtha ag an Roinn Oideachais treoir iar-bhunscoile a fhorbairt mar chuid de threoir ar feadh an tsaoil ar fud na tíre.

Dúirt an tAire McEntee:

“Déanann treoir fíordhifear maidir le tacú le daltaí agus scoláirí a roghanna oideachais, oiliúna, gairme, pearsanta, sóisialta agus saoil féin a bhainistiú ionas go gcumasaítear dóibh, agus go dtacaítear leo, barr a gcumais a bhaint amach. Mar sin, tá lúcháir orm comhairliúchán taighde náisiúnta a sheoladh ina leith sin inniu, agus molaim do gach geallsealbhóir páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán agus a dtuairimí a chur in iúl.

“Leag an Rialtas amach go soiléir an tiomantas atá aige dá chinntiú go bhfuil rochtain ag gach scoláire inár scoileanna, lena n-áirítear ar leibhéal na hiar-bhunscoile, ar threoir ardchaighdeáin. Cabhróidh an comhairliúchán seo le cinneadh a dhéanamh ar a éifeachtaí atá an tsamhail um leithdháileadh treorach in iar-bhunscoileanna, agus é mar sprioc dheiridh againn treisiú lenár soláthar do scoláirí.

“Tá sé ríthábhachtach go ngabhfaimis dearcthaí agus eispéiris na ndaoine uile a imríonn ról sa réimse seo ionas gur féidir linn cur leis na bunchlocha ar a bhfuil an fhís le haghaidh treoir fheabhsaithe tógtha. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na geallsealbhóirí uile as páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo, agus táim ag tnúth le leanúint le hobair i gcomhar le chéile chun a chinntiú ar deireadh gur féidir le gach duine óg in Éirinn barr a gcumais a bhaint amach.”

Beidh an tréimhse comhairliúcháin ar siúl go 5in ar an 9 Aibreán, agus tá an doiciméad comhairliúcháin ar fáil anseo.

Nótaí d’Eagarthóirí

Bunaíodh an Grúpa Beartais Náisiúnta um Threoir ar feadh an tSaoil i mí Eanáir 2022 chun creat comhleanúnach fadtéarmach straitéiseach a fhorbairt. Tá an Grúpa Beartais Náisiúnta comhdhéanta de chúig roinn rialtais, is iad sin: an Roinn Oideachais; an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta; an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige; an Roinn Coimirce Sóisialaí; agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

Is é ról an Ghrúpa Beartais Náisiúnta an obair atá ar siúl chun creat comhleanúnach fadtéarmach straitéiseach um threoir ar feadh an tsaoil a fhorbairt a stiúradh, á chinntiú go bhfuil an fhreagairt do na moltaí atá sa tuarascáil ó Indecon ag teacht leis an obair a dhéantar chun forbairt a dhéanamh ar chineálacha cur chuige náisiúnta agus idirnáisiúnta i leith treoir ar feadh an tsaoil.

Leagtar amach sa Chreat Straitéiseach Náisiúnta um Threoir ar feadh an tSaoil (2024-2030) an fhís, na colúin, na cuspóirí agus na torthaí a bheidh i gceist le treoir ar feadh an tsaoil in Éirinn thar théarma seacht mbliana. Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta Straitéiseach Náisiúnta um Threoir ar feadh an tSaoil (2024-2030) na gníomhartha straitéiseacha a dhéanfar ar an leibhéal náisiúnta ar mhaithe leis na torthaí sainaitheanta a bhaint amach.

Agus iad ag baint leas as cur chuige comhoibríoch an Ghrúpa Beartais Náisiúnta um Threoir ar feadh an tSaoil, tá ranna agus comhlachtaí ábhartha rialtais ag stiúradh na hoibre ar na gníomhartha atá leagtha amach sa phlean gníomhaíochta straitéiseach.

Tá tuilleadh faisnéise faoi threoir ar fáil agItem was unpublished or removed

Tugtar i dtuarascáil ar dhul chun cinn ar threoir ar feadh an tsaoil forbhreathnú ar na clocha míle a baineadh amach le 12 mhí anuas maidir leis an gcreat agus an plean gníomhaíochta um threoir ar feadh an tsaoil a chur chun feidhme agus ar an obair atá ar siúl chun gealltanas trasrialtais a chomhlíonadh, is é sin: comhfhís go mbeadh córas treorach níos aontaithe agus níos fearr ann a chur ar aghaidh.

D’fhoilsigh an Roinn roinnt ciorclán agus nótaí faisnéise chun tacú agus treisiú le treoir iar-bhunscoile. Féachanseo chun tuilleadh faisnéise a fháil.