Fógraíonn an tAire McHugh, Cealú na dTrialalcha Praiticiúla agus Béaltrialacha feidhmíochta an Teastais Shóisirigh agus na hArdteistiméireachta
- Foilsithe: 19 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 19 Márta 2020
D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna Joe Mc Hugh TD inniú (Déardaoin 19 Marta 2020) go gcuirfear ar ceal béaltrialacha agus trialalcha praiticiúla feidhmíochta na scrúdaithe stáit a bhí le bheith ar siúl idir Dé Luain 23 Márta agus Dé hAoine 3 Aibreáin 2020.
Bronnfar marcanna iomlána don mhír seo de na scrúdaithe ar na scoláirí a bhí leis na scrúdaithe seo a dhéanamh.
Tógadh an cinneadh seo de bharr go bhfuil na scoileanna dúnta ar mhaithe le leathadh Covid-19 a shrianadh agus is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) a chuirfidh i bhfeidhm é.
Dúirt an tAire McHugh:
“Is tréimhse an-chrua é seo do gach duine. Is dúshlán an-mhór é dár scoláirí go bhfuil na scoileanna dúnta agus is ar leas na scoláirí atá an cinneadh seo á thógáíl againn.
“Is é seo an cinneadh is córa go bhféadfaimid a thógáil ag an tráth seo. Tugann sé gealltanas, nach mbronnfar marc níos ísle ar aon scoláire ná mar a mbainfeadh sé/sí amach dá mbeadh na scoileanna ag feimhniú mar is gnáth.
“Tá béim úr feicthe againn ar chianfhoghlaim le linn na héiginnteachta seo a bhaineann le tionchar Covid-19 agus dúnadh na scoileanna. Tá súil agam go dtabharfaidh an cinneadh seo faoiseamh éigin ón mbrú atá á mothú ag scoláirí faoi láthair agus go mbeidh siad in ann díriú ar a gcuid oibre chun a dtionscnaimh a chríochnú agus réiteach do na scrúduithe scríofa.”
Ciallaíonn an t-athrú atá déanta do na scrúdaithe stáit 2020 go mbronnfar marcanna iomlána ar scoláirí a bhí le béaltrialacha agus trialalcha praiticiúla feidhmíochta a dhéanamh sna scrúdaithe seo a leanas:
- Béaltrialacha na hArdteistiméireachta i nGaeilge agus sna nuatheangacha - Fraincís, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis, Rúisis agus Seapáinis san áireamh.
- Trialalcha praiticiúla feidhmíochta i gCeol na hArdteistiméireachta.
- Trialalcha praiticiúla feidhmíochta i gCeol agus Eacnamaíocht Bhaile an Teastais Shóisirigh.
Dhearbhaigh an Aire McHugh freisin go mbeidh aithruithe ar spriocdhátaí atá ann do scoláirí chun a gcuid obair tionscadail agus obair chúrsa a chríochnú i líon áirithe ábhar.
Bhí ar scoláirí na míreanna seo de na scrúdaithe stáit a chríochnú roimh dhátaí idir Dé hAoine 20 Marta agus Dé hAoine 24 Aibreáin 2020, ag brath ar an ábhar.
Tá tugtha go dtí Dé hAoine 15 Bealtaine do na scoláirí a gcuid oibre a críochnú anois.
Dúirt an Aire McHugh:
“Tá a fhios againn go bhfuilimid ag iarradh ar chách obair dhian a dhéanamh ar mhaithe le leathadh Covid-19 a shrianadh. Chun freagairt don éileamh sin atá á dheanamh againn, ba mhaith liom go mbeadh solúbacht ann do scoláirí, a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí agus a mhúinteoirí agus iad ag obair i dtreo na scrúdaithe.
“Tá an Rialtas uille fíorbhuíoch don iarracht, tiomantas agus fuinneamh atá á gcur isteach ag scoláirí agus múinteoirí faoi láthair chun leanúint leis an bhfoghlaim faoi chúinsí deacra, dúshlánacha. Iarraim oraibh an móiminteam a choinneáil suas agus díriú ar ullmhú do na scrúdaithe.”
Dúirt an tAire McHugh freisin go mbeidh an Roinn ag obair go leanúnach le Coimisiún na Scrúduithe Stáit maidir le staid Covid-19 a mheas maidir leis an tionchar a bheadh aige ar sceidil chodanna eile de na scrúdaithe stáit.
“Leanfaimid linn ag freagairt do na dúthslán ar an mbealach ceart, ag an am ceart agus leas ár scoláirí i gcroílár ár smaointe,”
Chuir an tAire síos ar na céimeanna ata tógtha ag an Roinn chun an tionchar atá ag dúnadh na scoileanna, ar theagasc agus ar fhoghlaim, a laghdú. Iarradh ar gach scoil leanúint le ceachtanna a phleanáil agus, nuair is féidir, acmhainní nó ceachtanna ar líne a sholáthar do scoláirí i scoileanna a bhfuil sé d’acmhainn acu é seo a dhéanamh. Iarradh ar scoileanna freisin aird a thabhairt ar scoláirí nach bhfuil aon rochtain acu ar áiseanna ar líne agus é sin a bhreithniú go gníomhach agus iad ag freagairt don bheart seo. Tá foirgneamh na scoile ar fáil don fhoireann más mian leo rochtain a fháil ar na háiseanna ar mhaithe le seirbhísí a chur ar fáil ar líne, nó seirbhísí riachtanacha eile a sholáthar fad is a dtagann siad le comhairle Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE).
Leanfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag cur tacaíochtaí ar fáil don earnáil oideachais le linn an ama seo, ach go háirithe do scoileanna a bhfuil scoláirí acu atá ag glacadh páirt sna scrúdaithe stáit.
Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag obair i ndlúthchomhar leis an Roinn Sláinte i dtaca le Coróinvíreas/Covid-19 ar bhonn leanúnach ó tús mhí Eanáir i leith. Leanfar leis an obair sin.
Críoch
Nótaí d’Eagarthóirí,
Tá comhairle agus treoir maidir le hobair na Roinne i leith Covid-19 ar fáil ar: Anseo
Glacfaidh thart ar 126,000 scoláire páirt i scrúdaithe stáit i 2020:
- Déanfaidh 65,190 scoláire an Teastas Sóiseareach.
- Tá 61,053 scoláire cláraithe chun an Ardteistiméireacht (Bhunaithe), Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP). agus an Ardteistiméireacht Fheidhmeach a dhéanamh.
Tá míreanna éagsúla i gceist sna scrúdaithe atá scaipthe amach thar tréimhse líon seacthainí leis na scrúdaithe scríofa idir Dé Céadaoin 3 Meitheamh 2020 agus Dé Máirt 23 Meitheamh 2020 mar críoch orthu.
Tá na Béaltrialacha agus Trialacha Praiticiúla Feidhmíochta (a bhí le bheith ar siúl idir Luan an 23 Márta agus Aoine 3 Aibreán) curtha ar ceal. Is iad na scrúdaithe seo leanas atá i gceist:
- Gaeilge agus na nuatheangacha na hArdteistiméarachta: Fraincís, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis, Rúisis agus Seapáinis san áireamh.
- Ceol na hArdteistiméireachta.
- Ceol agus Eacnamaíccht Bhaile an Teastais Shóisirigh.
Déanfaidh na scoláirí, a bhí leis na béaltrialacha agus na trialalcha praiticiúla feidhmíochta thuasluaite a dhéanamh, na scrúdaithe scríofa ag an leibhéal a roghnaigh siad agus iad ag deimhniú a gcuid ábhar le Coimisiún na Scrúduithe Stáit níos luaithe i mbliana.
Obair tionscadail agus obair chúrsa Tá spriocdhataí don obair thionscadail agus obair chúrsa curtha siar go dtí Dé hAoine a 15 Bealtaine do na habhair seo a leanas:
- Ar leibhéal na hArdteistiméireachta; Eolaíocht Ríomhaireachta, Coirpoideachas, Teicneolaíocht, Ealaín , Eolaíocht Talmhaíochta, Eacnamaíocht Talmhaíochta, Stair, Tíreolaíocht, Oideachas Reiligiúnach, An Pholaitíocht agus an tSochaí, Ceol, Staidéar Foirgníochta agus Eacnamaíocht Bhaile;
- Obair na dtionscadal don Teastas Sóiseareach sa Mhiotalóireacht, Teicneolaíocht Ábhar (Adhmad), Teicneolaíocht agus san Oideachas Reiligiúnach
- Tascanna Measúnaithe an Teastais Shóisirigh sa Bhéarla, Gaeilge, Nuatheangacha Iasachta, Eolaíocht agus sa Staidéar Gnó.
An Dara céim de na Trialacha Praiticiúla Feidhmíochta Níl athrú tagtha ar an dara céim de na trialacha praiticiúla feidhmíochta, atá le tarlú idir Dé Luain 27 Aibreán agus De hAoine 8 Bealtaine, ná ar dháta na scrúduithe scríofa dheiridh i nGairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP) atá le bheith ar siúl Dé Céadaoin a 6 Bealtaine, clár na mBéaltrialacha agus na Trialacha Praiticiúla do chlár na hArdteistiméireacht Fheidhmeach (LCA) agus céad scrúdú Eolaíocht Ríomhairíochta na hArdteistiméarachta ar 27 Bealtaine ná na scrúduithe scríofa dheiridh a thosaíonn ar 3 Meitheamh.
Seo a leanas ualú na marcanna mar chéadatán de na marcanna iomlána, a bhaineann leis na béaltrialacha agus trialalcha praiticiúla feidhmíochta:
Béaltrial/Triail Phraiticiúl Fheidhmíoch | |||
Ábhar | Ardleibhéal | Gnáthleibhéal | Líon scoláirí 2020 |
Artteisteaméaracht | |||
Gaeilge | 40% | 40% | 50,062 |
Francís | 25% | 20% | 23,133 |
Gearamánais | 25% | 20% | 8,802 |
Spánais | 25% | 20% | 8,461 |
Iodálach | 25% | 20% | 456 |
Rúiseach | 25% | 20% | 567 |
Seapáineach | 25% | 20% | 287 |
Ceol | 50%^ | 50% | 6,618 |
An Teastas Sóiseareach | |||
Eacnamaíocht Bhaile | 50% | 50% | 22,769 |
Ceol | 25% | 25% | 10,706 |
^ is féidir le scoláirí, a dhéanann scrúdú ceoil na hArdteistiméarachta ag an ardleibhéal, suas go dtí 50% de na marcanna a ghnóthú ar an dtriail phraiticiúl feidhmíochta ag brath ar na heilimintí a roghaníonn siad don scrúdú.
Tá roinnt céimeanna tógtha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna chun an tionchar atá ag dúnadh na scoileanna ar fhoghlaim agus ar theagasc a laghdú.
Tá breis eolais ar fáil ar: Anseo
Tá eolas curtha ar fáil ag an Roinn do scoileanna maidir le réimse ábhair ar-líne a bhfuil fáil orthú, san áireamh tá ( https://www.scoilnet.ie/ ), lárshuíomh oifigúil na Roinne don Oideachas in Éirinn agus atá mar acmhainn sainaitheanta ar líne chun tacaíocht a thabhairt do scoileanna, múinteoirí, daltaí/scoláirí agus tuismitheoirí le cabhrú le scoileanna ceachtanna a phleanáil do dhaltaí/scoláirí.
Tá leathanach dírithe ar chianfhoglaim curtha ar fáil ag Seirbhís um Fhorbairt Ghairimiúil do Mhúinteoirí na Roinne ar: Anseo