English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Oideachais clár píolótach de €5m de thacaíochtaí comhairleoireachta agus meabhairshláinte do bhunscoileanna

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 31 Bealtaine 2023
  • An t-eolas is déanaí: 1 Meitheamh 2023

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu, Dé Céadaoin an 31 Bealtaine, go mbunófar clár suntasach de thacaíochtaí comhairleoireachta agus meabhairshláinte a bheidh ar bhonn píolótach i sraith bunscoileanna ó Mheán Fómhair 2023 ar aghaidh.

Den chéad uair riamh, beidh cnuasach de bhunscoileanna in ann leas a bhaint as seirbhísí suntasacha comhairleoireachta trí thionscadal píolótach nuálach.

Tá an clár nua seo deartha chun tionchar Covid-19 ar leanaí in aois bunscoile a aithint agus oibreoidh sé chun na dúshláin mheabhairshláinte a d’fhéadfadh a bheith i scoileanna a mhaolú.

Dúirt an tAire Foley: “Tá an fholláine i gcroílár gach a ndéanaimid sa chóras oideachais. Tá forbairt agus cur chun cinn na folláine riachtanach chun an fhoghlaim agus an fhorbairt a héascú do leanaí agus an deis a gcumas a bhaint amach. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal píolótach nua seo tacú le folláine inár mbunscoileanna, í a fheabhsú agus a chothú le dhá mhúnla tacaíochta nua.

“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil tús leis an gclár píolótach seo chun tacaíochtaí suntasacha comhairleoireachta agus meabhairshláinte a sholáthar do leanaí sa bhunscoil. Tá €5m faighte agam ó Bhuiséad 2023 le go gcuirfear tús leis an gclár píolótach seo i mí Mheán Fómhair don scoilbhliain 2023/24. Cuirfidh sé seo leis an obair agus leis na hacmhainní reatha chun tacú le meabhairshláinte agus folláine leanaí atá á soláthar i scoileanna ag an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM), an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (SNSO) agus, in iar-bhunscoileanna, treoirchomhairleoirí; chomh maith leis na tacaíochtaí meabhairshláinte níos leithne atá ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga trí na seirbhísí sláinte.

“Le seachadadh an chláir phíolótaigh seo beidh sé mar aidhm a chinntiú go gcuirfear seirbhísí inrochtana agus freagrúla ar fáil do leanaí a bhfuil riachtanais mheabhairshláinte acu, chun ligean dóibh a gcumas oideachais a bhaint amach agus feabhas a chur ar a bhfolláine. Oibreoidh mo Roinn go dlúth leis an Roinn Sláinte agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le linn an chláir phíolótaigh agus leanfaidh an dá Roinn ag déanamh iniúchadh ar bhealaí chun tacaíochtaí do dhaoine óga a fheabhsú, lena n-áirítear; feasacht mhéadaithe, cur chun cinn na bealaí conas cabhair a lorg mar aon le daoine óga a threorú chuig an raon leathan seirbhísí atá ar fáil.”

Dúirt an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Josepha Madigan TD: “ Tá ríméid orm inniu na mionsonraí tábhachtacha a bhaineann leis an togra seo a fheiceáil. Níl aon amhras ach go bhfuil tionchar COVID-19 fós le brath ar mheabharshláinte ár bpáistí. Cuirfidh an clár piolótach seo soláthar de chomhairleoireacht duine le duine ar fáil do bhunscoileanna agus bainfidh leanaí le riachtanais speisialta tairibhe as an gclár sna seacht gcontae atá luaite leis.

Déanfar snáithe a haon den chlár píolótach seo a sheachadadh mar a leagtar amach thíos:

  • Soláthar de leithdháileadh seisiún comhairleoireachta duine le duine do bhunscoileanna, trasna contaetha an Chabháin, Laoise, Liatroim, Longfoirt, Mhaigh Eo, Mhuineacháin, Thiobraid Árann, trí fáil ar chomhairleoir atá ceadaithe ag an Roinn Oideachais.
  • Roghnaíodh na contaetha seo tar éis anailís a dhéanamh ar an soláthar comhairleoirí a bhí ar fáil go háitiúil agus tar éis dul i dteagmháil le foirne réigiúnacha SNSO. Roghnaíodh contaetha a raibh dóthain comhairleoirí ar fáil iontu do shnáithe a haon den scéim phíolótach seo.
  • Beidh fáil ag scoileanna ar suas le hocht seisiún comhairleoireachta do gach aon leanbh a fhaigheann tacaíocht faoin snáithe seo den chlár píolótach mar bheart idirghabhála luath chun cosc a chur ar ghéarú deacrachtaí agus ar an ngá le leanbh a chur chun cinn ag seirbhísí seachtrachta.
  • Beidh tuismitheoirí agus baill foirne ábhartha scoile mar chuid den idirghabháil leis an leanbh agus déanfar iad a threorú agus a spreagadh chun tacú leis an leanbh sa bhaile agus ar scoil.
  • Gheobhaidh gach bunscoil i snáithe a haon tuilleadh eolais le linn na seachtaine seo chugainn, lena n-áirítear eolas do thuismitheoirí ar an gclár píolótach.

Fógrófar an dara snáithe den chlár píolótach seo sna seachtainí atá romhainn.