English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Oideachais go bhfuil an buiséad do dheontais STEM do scoileanna méadaithe faoi thrí go dtí €4.7 milliún

D'fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley TD inniu méadú faoi thrí ar an mBuiséad do dheontais Eolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (STEM) go dtí €4.7m. Ciallaíonn an fógra, atá á dhéanamh mar thoradh ar éileamh ollmhór, go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh maidir le hoideachas STEM a chur chun cinn i scoileanna ar fud na tíre.

Tá €4.7 á sholáthar mar mhaoiniú do thionscadail STEM, a léiríonn leithdháileadh méadaithe ón €1.5m a fógraíodh i dtús báire.

San iomlán, tá 446 bunscoil agus 85 iar-bhunscoil ar fud na tíre ag fáil suimeanna maoinithe idir €1,000 agus €10,000. Gheobhaidh na scoileanna ochtó cúig faoin gcéad den mhaoiniú in 2023 agus íocfar an cúig déag faoin gcéad eile i ndiaidh próiseas tuairiscithe agus measúnaithe in 2024.

I measc na dtionscadal rathúil tá tionscadail ina ndírítear ar chódú, róbataic, plandaí a fhás gan ithir, modúil ar IS, patrúin aimsire a léirmhíniú, scannánaíocht agus beochan, clubanna STEM do scoláirí agus Aonaigh Eolaíochta Bunaithe sa Phobal.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:

“Fuaireamar freagairt shármhaith ar an scéim deontais agus rinneadh breis agus 2,700 iarratas. Is mór an spreagadh dúinn an díograis agus an paisean atá léirithe ag scoileanna ar fud na tíre a fheiceáil agus iad ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach in oideachas STEM.

Tagann an borradh ar iarratais le haghaidh deontais STEM sna sála ar fhás an-dearfach de ocht bpointe ar scóir litearthachta eolaíochta scoláirí na hÉireann i dtorthaí Chlár ECFE um Measúnú Idirnáisiúnta Scoláirí (PISA) 2022. Bhog scoláirí na hÉireann ón dara háit is fiche go dtí an dara háit déag i litearthacht eolaíochta i measc na 81 tír a ghlac páirt i dtionscadal PISA.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:

“Aithním an ról ríthábhachtach atá ag Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Matamaitic agus na hEalaíona maidir leis na scileanna a theastaíonn ónár scoláirí le bheith rathúil i ngnéithe áirithe den saol a chothú. Tá sé mar aidhm ag scéim deontais STEM scoileanna a chumasú chun an t-oideachas STEM ar ardchaighdeán a theastaíonn óna gcuid scoláirí go léir a sholáthar.”

Comhlíonann scéim deontais STEM gealltanas a tugadh faoin bPlean Forfheidhmithe um Oideachas STEM go dtí 2026, a foilsíodh i mí an Mhárta 2023. Leagtar amach clár oibre sa Phlean Forfheidhmithe chun leanúint de bheith ag baint amach agus ag feabhsú oideachas STEM do gach foghlaimeoir. Tugadh isteach an curaclam leasaithe san Eolaíocht do scoláirí na Sraithe Sóisearaí in 2016 agus faoi láthair tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta i mbun comhairliúchán poiblí maidir leis na curaclaim nua do na hábhair Fisic, Ceimic agus Bitheolaíocht san Ardteistiméireacht.

Mhol an tAire Foley ardchaighdeán na n-iarratas ar dheontais STEM agus na cuir chuig nuálacha a bhí ag na scoileanna a bhí páirteach.

“Tá na hiarratasóirí rathúla ionadaíoch do réimse éagsúil bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna as áiteanna ar fud na tíre. Tacóidh na deontais leis na scoileanna sin chun tionscnaimh a fheidhmiú, ar tionscnaimh iad a spreagfaidh suim agus rannpháirtíocht in STEM agus a chuirfidh le curaclam STEM agus le rannpháirtíocht na bhfoghlaimeoirí.”

Tá an scéim deontais á tús-ualú ag an Roinn i mbliana agus táthar ag súil go bhféadfar babhta eile maoinithe a reáchtáil in 2024. Ciallaíonn sé go bhféadfaidh scoileanna incháilithe nár éirigh leo an t-am seo maoiniú a fháil amach anseo.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:

“Cé go ndéanaimid éachtaí na scoileanna a roghnaíodh a cheiliúradh, táimid ag iarraidh freisin ár mbuíochas a chur in iúl do na scoileanna go léir a ghlac páirt sa phróiseas iarratais. Bhí an iomaíocht an-dian, agus na hiarratais ar ardchaighdeán agus ar an drochuair, ní fhéadfadh na hiarratasóirí go léir a bheith rathúil an t-am seo.

“I dtaca leis na scoileanna sin nár roghnaíodh a gcuid iarratas, níl neamhshuim á déanamh de bhur dtiomantas d’oideachas STEM a chur chun cinn agus táim ag iarraidh oraibh leanúint le bhur gcuid iarrachtaí na heispéiris foghlama is fearr is féidir a sholáthar dár gcuid scoláirí.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Polasaí na hÉireann um Oideachas STEM

Sa Ráiteas Polasaí um Oideachas STEM 2017-2026, de chuid na Roinne Oideachais, leagtar amach na spriocanna agus na bearta uaillmhianacha atá de dhíth chun eispéireas agus torthaí STEM a bhaint amach agus a fheabhsú do na foghlaimeoirí go léir ó na luathbhlianta go dtí an iar-bhunscoil.

Chuir an Plean Forfheidmithe um Oideachas STEM 2017-2029 a foilsíodh in éineacht leis an ráiteas polasaí le réimse leasuithe agus tionscnamh a bhí ar siúl cheana féin in STEM, i réimsí amhail leasú ar churaclam agus ar mheasúnacht, forbairt ghairmiúil múinteoirí, foghlaim dhigiteach a leabú agus dul chun cinn in oideachas tosaigh múinteoirí. Tá na réimsí a bhaineann le forbairt polasaí agus beart i leith oideachas STEM scaipthe ar fud ceithre cholún mar seo a leanas:

• Comhpháirteachas agus rannpháirtíocht na bhFoghlaimeoirí a chothú;

• Acmhainn cleachtóirí luathbhlianta agus múinteoirí a fheabhsú;

• Tacú le Cleachtas Oideachais STEM; agus

• Feidhm a bhaint as Fianaise chun tacú le hoideachas STEM.

Foilsíodh an dara plean forfheidhmithe, Plean Forfheidhmithe um Oideachas STEM go dtí 2026 ar an 2 Márta i mbliana agus is plean i gcomhar é a d’fhorbair an Roinn Oideachais in éineacht leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Cuimsíonn forfheidhmiú an chláir oibre go dtí 2026 ceithre cholún na forbartha polasaí ón Ráiteas Polasaí agus cuireann na bearta a sainaithníodh sa Phlean Forfheidhmithe cinntí ó phróiseas dian comhairliúcháin san áireamh. Déantar soláthar don turas leanúnach in Oideachas STEM sa Phlean Forfheidhmithe

Deontas um Oideachas STEM

Tugtar gealltanas sa Phlean Forfheidhmithe um Oideachas STEM go dtí 2026, go ndéanfar scéim a fhorbairt ina gcuimseofar maoiniú a sholáthar chun tionscadail oideachais STEM a fheabhsú, a fhorbairt nó a athbhunú, ar tionscadail iad ina mbeidh foghlaimeoirí rannpháirteach in STEM i mbunscoileanna agus/nó in iar-bhunscoileanna.

Cuspóirí:

· Deis a thabhairt do scoileanna measúnú a dhéanamh ar na cláir/na hacmhainní do STEM atá ar fáil ina gcuid scoileanna faoi láthair

· Feabhas a chur ar na deiseanna foghlama do STEM atá acu faoi láthair

· Gníomhaíochtaí STEM a athbhunú

· Tús a chur le gníomhaíocht/deis foghlama STEM nach raibh ar fáil roimhe seo

Torthaí:

· Foghlaim an churaclaim a fheabhsú agus a dhaingniú

· Spreagadh a thabhairt d'fhorbairt réimse leathan scileanna i bhfoghlaimeoirí

· Féadfaidh scoileanna a dtairiscint STEM a fhorbairt

· Tá deis ag Daltaí/Scoláirí a bheith páirteach i ndeiseanna foghlama STEM agus/nó rochtain a fháil ar acmhainní STEM ar scoil gan costais bhreise a thabhú

· Breis rannpháirtíochta ag scoileanna le pobal STEM

Critéir:

· Déanfar iarratais ó bhunscoil, ó iar-bhunscoil nó ó scoil speisialta ar bith laistigh den scéim saoroideachais a bhreithniú

· Ní mór do scoileanna plean tionscadail a chur isteach ina dtarraingítear aird ar an ngá atá leis an tionscnamh nó leis na hacmhainní agus ag tabhairt sonraí iomlána faoin méid atá de dhíth agus an bealach ina ndéanfar é a chaitheamh.

· Féadfar deontais a úsáid chun trealamh agus teagasc ó éascaitheoirí seachtracha a cheannach más gá ach níl sé i gceist go n-úsáidfí deontais le haghaidh caiteachas caipitil amhail costais struchtúracha nó tógála.

· Ní mór do scoileanna duine nó daoine ainmnithe a bheith acu chun an clár a bhainistiú

· Ní mór do scoileanna breac-chuntas a thabhairt ar na hionchais atá acu don tionscadal, .i.e. an méid a bhainfear amach.

· Déanfar scoileanna a fuair maoiniú a bhaineann le STEM cheana féin a bhreithniú don deontas seo, i gcás go bhfuil na riachtanais tuairiscithe go léir maidir leis an maoiniú sin faighte ag an Roinn agus sa chás sin amháin.

Beidh na tograí a roghnóimid faoi threoir freisin ag na nithe seo a leanas:

· Réimse náisiúnta tíreolaíoch

· Réimse leathan gníomhaíochtaí

· Réimse leathan de chineálacha scoileanna

Scoileanna nach bhfuil incháilithe:

Scoileanna atá lasmuigh den Scéim Saoroideachais

Íocaíocht Deontas

· 85% den deontas á íoc le scoileanna i mí na Nollag 2023

· An 15% eile á íoc i dtéarma an tsamhraidh, ag brath ar dhul chun cinn an tionscadail.

· Próiseas measúnaithe le tosú i mí mheán Fómhair 2024

Liosta de na scoileanna ar ceadaíodh maoiniú STEM dóibh

School Name County Cost Primary/Post-Primary
St Joseph's NS Carlow Carlow €9,923.00 Primary
Scoil Molaise, Old Leighlin Carlow €7,040.00 Primary
Scoil Mhuire Lourdes Carlow €8,768.88 Primary
Our Lady's NS Carlow €10,000.00 Primary
Myshall NS Carlow €10,000.00 Primary
St Fiacc's N.S Carlow €9,336.06 Primary
Scoil Mhuire Lourdes Carlow €9,640.65 Primary
The Model School Cavan €10,000.00 Primary
St. Patrick’s N.S Cavan €8,867.40 Primary
Convent of Mercy N.S. Cavan €9,732.00 Primary
St Felim's N.S Cavan €9,400.00 Primary
S.N Doire na Ceise Cavan €10,000.00 Primary
Butlersbridge NS Cavan €10,000.00 Primary
Ballynarry NS Cavan €3,000.00 Primary
St. Mogue’s College Cavan €3,120.00 Post Primary
Virginia College Cavan €10,000.00 Post Primary
Boston N.S Clare €5,159.72 Primary
Shragh National School Clare €2,225.00 Primary
Cloonanaha NS Clare €7,000.00 Primary
Kilbaha N.S Clare €10,000.00 Primary
Lissycasey N.S Clare €10,000.00 Primary
New Quay National School Clare €6,575.00 Primary
Ballyea Mixed N.S Clare €10,000.00 Primary
Scoil Réalt na Mara Clare €6,500.00 Primary
St. Joseph’s NS Cree Clare €6,575.00 Primary
Colaiste Muire Ennis Clare €10,000.00 Post Primary
Labasheeda NS Clare €3,220.00 Primary
Scoil na Mona Fliche Cork €10,000.00 Primary
Scoil Freastógáil Mhuire Cork €9,175.00 Primary
South Lee Educate Together NS Cork €10,000.00 Primary
Ballinspittle National School Cork €10,000.00 Primary
Scoil Bhride Midleton Cork €8,100.00 Primary
Scoil Mhaoiliosa N.S Cork €7,000.00 Primary
Scoil Naomh Seosamh Cork €10,000.00 Primary
Trafrask NS Cork €3,167.78 Primary
Kilcorney NS Cork €9,972.00 Primary
Dromina (Druimne) N.S Cork €9,500.00 Primary
Curraglass N.S Cork €6,575.00 Primary
Bunscoil Rinn an Chabhlaigh Cork €10,000.00 Primary
Scoil Ghleanna Maghair Íochtaraigh Cork €10,000.00 Primary
Shanbally National School Cork €10,000.00 Primary
Kilbrittain N.S Cork €9,920.00 Primary
Kilcoe N.S Cork €7,950.00 Primary
Scoil Réidh na nDoirí Cork €8,133.35 Primary
Kealkill N.S Cork €10,000.00 Primary
Dromclough N.S Cork €10,000.00 Primary
St Mary's N.S Cork €10,000.00 Primary
Dunderrow N.S Cork €10,000.00 Primary
Scoil na Croise Naofa Cork €9,030.50 Primary
Togher NS Cork €10,000.00 Primary
Aghabullogue NS Cork €8,576.00 Primary
Rathbarry N.S Cork €10,000.00 Primary
Scoil Mhuire Cork €9,906.00 Primary
Scoil Mhuire Milford NS Cork €9,900.00 Primary
St. Patricks N.S Cork €10,000.00 Primary
Ballymoney National School Cork €3,989.51 Primary
Scoil Fhursa Cork €9,599.94 Primary
Ballycroneen NS Cork €9,595.13 Primary
Little Island N.S Cork €10,000.00 Primary
St. Mary’s on the Hill NS Cork €9,575.00 Primary
Banteer National School Cork €10,000.00 Primary
Scoil Iosagáin Infant School Cork €7,000.00 Primary
St. Mark's Boys National School Cork €10,000.00 Primary
Kildorrery NS Cork €1,953.29 Primary
Scoil Barra Cork €10,000.00 Primary
North Presentation Primary School Cork €2,059.92 Primary
Scoil an Spioraid Naoimh Boys Cork €10,000.00 Primary
Scoil Niocláis Cork €10,000.00 Primary
St. Patrick’s Boys’ National School Cork €9,973.38 Primary
Scoil Naomh Pádraig Cork €10,000.00 Primary
Scoil Mhuire Gan Smál Cork €10,000.00 Post Primary
Colaiste Muire, Realt na Mara Cork €10,000.00 Post Primary
Nagle Rice Secondary School Cork €9,844.80 Post Primary
Patrician Academy Cork €9,994.56 Post Primary
St. Mary’s Secondary School Cork €10,000.00 Post Primary
St Mary's Secondary School Cork €10,000.00 Post Primary
Midleton CBS Secondary School Cork €9,997.23 Post Primary
Coláiste Chríost Rí Cork €4,500.00 Post Primary
Nano Nagle College Cork €8,000.00 Post Primary
St Angela's College Cork €9,285.54 Post Primary
St Patricks College Cork €5,500.00 Post Primary
Bishop McEgan College Cork €10,000.00 Post Primary
Schull Community College Cork €10,000.00 Post Primary
Colaiste Choilm Cork €7,931.00 Post Primary
Glanmire Community College Cork €9,985.45 Post Primary
Kilbarron N.S. Donegal €9,110.00 Primary
Scoil Mhuire, Belcruit Donegal €10,000.00 Primary
Comhscoil Chonmha SN Donegal €9,997.83 Primary
Scoil Cholmcille Termon Donegal €10,000.00 Primary
St. Davaddog's N.S Donegal €10,000.00 Primary
Scoil Naomh Colmcille Donegal €10,000.00 Primary
Scoil Phádraig, Dobhar Donegal €10,000.00 Primary
Scoil Mhuire Gan Smál Donegal €10,000.00 Primary
Rathdonnell NS Donegal €10,000.00 Primary
St Peter's N.S Donegal €10,000.00 Primary
Scoil Cholmcille Drumman Donegal €9,980.00 Primary
St Patrick's Boys School Donegal €9,993.00 Primary
Donagh N.S. Donegal €6,372.95 Primary
Scoil Naomh Bríd Donegal €2,760.00 Primary
Scoil Mhuire Donegal €9,780.00 Primary
Holy Family National School Donegal €4,000.00 Primary
Scoil Chróine Donegal €9,964.00 Primary
CRANA COLLEGE Donegal €10,000.00 Post Primary
Abbey Vocational School Donegal €10,000.00 Post Primary
Scoil Mhuire GNS Lucan Dublin €10,000.00 Primary
St Mary’s NS Dublin €4,200.00 Primary
Mary Help of Christians GNS Dublin €10,000.00 Primary
Our Lady of Good Counsel Girls N.S Dublin €9,990.00 Primary
St. Mary’s B.N.S. Dublin €7,095.19 Primary
St Mary’s NS Dublin €10,000.00 Primary
Adamstown Castle ETNS Dublin €10,000.00 Primary
St Mary's BNS Dublin €10,000.00 Primary
St Andrews NS Dublin €10,000.00 Primary
Scoil Mhuire GNS, Dublin €9,575.00 Primary
St Cronan's N.S Dublin €10,000.00 Primary
St Patrick's Girls N.S Dublin €10,000.00 Primary
St Patrick’s NS Chapelizod Dublin €10,000.00 Primary
St Catherine's N.S Dublin €9,575.00 Primary
St. Patrick's SNS Dublin €10,000.00 Primary
St. Brigid’s Girls’ School Dublin €8,600.00 Primary
St Finians N.S Dublin €10,000.00 Primary
St Vincent de Paul Infant School Dublin €10,000.00 Primary
St Molaga’s SNS Dublin €1,399.00 Primary
Christ the King Infant Girls’ N.S Dublin €10,000.00 Primary
St Catherine's Senior Girls School Dublin €10,000.00 Primary
St Oliver Plunkett’s NS Dublin €10,000.00 Primary
Loreto JNS Dublin €10,000.00 Primary
Greenlanes National School Dublin €9,576.00 Primary
Scoil Carmel JNS Dublin €9,914.78 Primary
Our Lady of Mercy Convent School Dublin €2,469.99 Primary
St. Michael’s, Holy Angels Dublin €10,000.00 Primary
Mount Anville Primary School Dublin €10,000.00 Primary
Scoil Chaitríona Infants Dublin €10,000.00 Primary
St Mary's N.S Dublin €9,575.00 Primary
St Augustines Special Dublin €10,000.00 Primary
St. John Bosco Junior Boys’ School Dublin €10,000.00 Primary
Scoil San Treasa Dublin €10,000.00 Primary
Mary Queen of Angels 2 Dublin €8,584.60 Primary
Scoil Naomh Pádraig Dublin €10,000.00 Primary
Scoil Naomh Aine Dublin €9,575.00 Primary
St Paul’s Special School Dublin €9,721.50 Primary
St. Olaf’s NS Dublin €9,973.40 Primary
Guardian Angels N.S Dublin €10,000.00 Primary
St Marks Senior National School Dublin €8,740.00 Primary
Our Lady’s Girls’ National School Dublin €10,000.00 Primary
Glenageary Killiney N.S Dublin €10,000.00 Primary
Scoil an tSeachtar Laoch Dublin €9,995.00 Primary
St Joseph’s Junior National School Dublin €9,760.00 Primary
Scoil Maelruain Senior Dublin €10,000.00 Primary
St Patricks JNS, Corduff Dublin €9,670.00 Primary
St Kilian's JNS Dublin €1,500.00 Primary
Scoil Treasa  Dublin €5,435.00 Primary
Scoil Réalt na Mara Dublin €9,875.50 Primary
St Fiachra's Senior School Dublin €7,999.98 Primary
Scoil Santain Dublin €10,000.00 Primary
Sacred Heart JNS Dublin €9,000.00 Primary
Catherine McAuley N.S Dublin €9,575.00 Primary
Holy Family JNS Dublin €9,082.67 Primary
Queen of Angels PS Dublin €9,200.00 Primary
Scoil Thomais Dublin €9,958.00 Primary
Holy Roseary Primary School Dublin €9,949.08 Primary
St. David’s BNS Dublin €10,000.00 Primary
Harolds Cross N.S Dublin €9,575.00 Primary
Scoil Treasa Naofa Dublin €10,000.00 Primary
Gaelscoil Naomh Padraig Dublin €10,000.00 Primary
Gaelscoil na Camóige Dublin €10,000.00 Primary
Griffith Barracks Multidenominational N.S Dublin €2,720.00 Primary
Gaelscoil Thaobh na Coille Dublin €9,995.00 Primary
Monkstown Educate Together NS Dublin €10,000.00 Primary
Dublin 7 Educate Together N.S Dublin €10,000.00 Primary
The Harold School Dublin €10,000.00 Primary
St. Columbanus N.S. Dublin €10,000.00 Primary
Gaelscoil Ui Earcain Dublin €9,724.39 Primary
Lucan East Educate Together N.S Dublin €9,853.00 Primary
Saplings Special School Rathfarnham Dublin €10,000.00 Primary
St. Louise De Marillac Primary School Dublin €9,800.00 Primary
Scoil Aoife Community National School Dublin €10,000.00 Primary
St. Mary’s Primary School Dublin €10,000.00 Primary
Holy Spirit Senior Primary School Dublin €10,000.00 Primary
Scoil Sinéad Finglas NS Dublin €10,000.00 Primary
Gaelscoil na Mara Dublin €10,000.00 Primary
Cherrywood ETNS Dublin €10,000.00 Primary
Gaelscoil Ghráinne Mhaol Dublin €9,575.00 Primary
Sallynoggin Killiney Educate Together Dublin €10,000.00 Primary
St Benildus College Dublin €10,000.00 Post Primary
CBS James Street Dublin €4,770.00 Post Primary
St Aidan's CBS Dublin €10,000.00 Post Primary
Holy Faith Secondary School Dublin €4,049.41 Post Primary
Loreto College Crumlin Dublin €10,000.00 Post Primary
Loreto College Swords Dublin €10,000.00 Post Primary
St Paul's Secondary School Dublin €5,435.00 Post Primary
Coláiste Ghlór na Mara Dublin €10,000.00 Post Primary
Collinstown Park Community College Dublin €5,855.50 Post Primary
St Kevins Community College Dublin €9,879.00 Post Primary
Luttrellstwon Community College Dublin €8,596.24 Post Primary
Swords Community College Dublin €7,500.00 Post Primary
Holy Family Community School Dublin €10,000.00 Post Primary
Coolmine Community School Dublin €10,000.00 Post Primary
Holy Child Community School Sallynoggin Dublin €10,000.00 Post Primary
St Marks CS Dublin €10,000.00 Post Primary
Pobalscoil Neasáin Dublin €6,340.00 Post Primary
Clogher Road Community College Dublin €9,866.46 Post Primary
Scoil an Linbh Íosa Galway €9,575.00 Primary
Scoil Bhríghde Naofa, Northampton N.S Galway €10,000.00 Primary
Scoil Mhuire Galway €9,674.60 Primary
Ballinderreen NS Galway €7,215.28 Primary
Gortanumera NS Galway €6,575.00 Primary
Scoil Íomair, Killimor Galway €3,600.85 Primary
Bawnmore National School Galway €10,000.00 Primary
Letterfrack N.S Galway €10,000.00 Primary
Inishbofin National School Galway €9,200.00 Primary
Bracklon N.S Galway €5,481.90 Primary
Ballaghlea N.S Galway €9,575.00 Primary
Ballinderry NS Galway €10,000.00 Primary
Mullagh N.S. Galway €10,000.00 Primary
Ballinakill N.S Galway €4,288.00 Primary
Carrabane NS Galway €8,445.59 Primary
Scoil Rónáin Galway €4,953.00 Primary
Scoil na bhForbacha Galway €5,115.00 Primary
Derryoober NS Galway €9,576.00 Primary
Cahergal N.S. Galway €9,942.42 Primary
Scoil Mhuire Naofa, Menlough Galway €9,825.00 Primary
Scoil Mhuire Galway €10,000.00 Primary
Scoil Bhride/Cooloo NS Galway €10,000.00 Primary
Scoil Cholmcille Galway €10,000.00 Primary
Scoil Cholmáin Tuairíní Galway €9,789.18 Primary
Scoil Bhríde, Tír na Cille Galway €10,000.00 Primary
Tierneevin N.S Galway €6,875.00 Primary
Scoil San Phroinsias Galway €10,000.00 Primary
Glinsk N.S. Galway €8,011.40 Primary
Gaelscoil Iarfhlatha Galway €9,000.00 Primary
Scoil Eoin Pól 11 Galway €10,000.00 Primary
Gaelscoil an Choillín Galway €10,000.00 Primary
Newton NS Galway €9,971.00 Primary
Knocknacarra Educate Together Galway €9,905.00 Primary
Tuam ETNS Galway €9,835.00 Primary
Cuan na Gaillmhne CNS Galway €2,000.00 Primary
St Columba's N.S Galway €9,575.00 Primary
Coláiste Ghobnait Galway €10,000.00 Primary
Colaiste Mhuire Galway €9,000.00 Post Primary
St. Pauls Secondary School Galway €10,000.00 Post Primary
High Cross College Galway €9,832.52 Post Primary
Merlin College Galway €9,857.00 Post Primary
Dunmore Community School Galway €10,000.00 Post Primary
Sliabh a’ Mhadra N.S. Kerry €10,000.00 Primary
Kilgobnet National School Kerry €10,000.00 Primary
Scoil Naomh Cárthach – Ballyfinane N.S Kerry €3,089.87 Primary
Castledrum NS Kerry €9,678.15 Primary
Flemby NS Kerry €10,000.00 Primary
Asdee NS Kerry €7,208.92 Primary
Castlegregory NS Kerry €10,000.00 Primary
Scoil Treasa Naofa Kerry €10,000.00 Primary
Firies N.S Kerry €10,000.00 Primary
Curraheen NS Kerry €4,489.40 Primary
Scoil Bhreac Chluain Kerry €8,007.40 Primary
Kiltallagh National School Kerry €4,700.00 Primary
CBS Primary School Kerry €10,000.00 Primary
Ardfert Central N.S Kerry €9,818.92 Primary
Gaelscoil Mhic Easmainn Kerry €9,575.00 Primary
Scoil Réalta na Maidine Kerry €10,000.00 Primary
Gaelscoil Faithleann Kerry €9,812.04 Primary
Scoil Mhuire ague Naomh Treasa Kerry €9,575.00 Primary
Tralee Educate Together N.S Kerry €10,000.00 Primary
SN Colmcill Naofa Kildare €9,889.78 Primary
Presentation Girls’ School Kildare €10,000.00 Primary
Scoil Chóca Naofa Kildare €10,000.00 Primary
Caragh National School Kildare €10,000.00 Primary
Scoil Mhuire Junior School Kildare €9,776.00 Primary
Naas Community National School Kildare €7,709.00 Primary
Gaelscoil Ruairi Kildare €9,792.00 Primary
Ardscoil na Trionoide Kildare €6,644.70 Post Primary
Castlecomer Boys NS Kilkenny €9,599.50 Primary
Holycross NS Kilkenny €10,000.00 Primary
Lisdowney N.S Kilkenny €7,168.38 Primary
St. Michael’s National School Kilkenny €9,840.65 Primary
Moneenroe N.S Kilkenny €9,011.00 Primary
St. Patrick’s N.S. Clogh Kilkenny €9,575.00 Primary
Scoil Náisiúnta Chiaráin Naofa Kilkenny €8,060.00 Primary
St Michael's N.S Kilkenny €5,000.00 Primary
St Patrick’s De La Salle BNS Kilkenny €9,575.00 Primary
Scoil Iognáid de Rís Kilkenny €10,000.00 Primary
Scoil Bhride Goresbridge Kilkenny €2,529.24 Primary
CBS Secondary School Kilkenny Kilkenny €10,000.00 Post Primary
Colaiste Pobail Osrai Kilkenny €10,000.00 Post Primary
Church Hill National School Kilkenny €10,000.00 Primary
The Swan NS Laois €6,934.24 Primary
Scoil Mhuire, Wolfhill NS Laois €6,934.24 Primary
Scoil Phádraig Laois €9,575.00 Primary
Sandy Lane National School Laois €9,935.00 Primary
Scoil Tighearnach Naofa Laois €9,340.00 Primary
Gaelscoil Phortlaoise Laois €10,000.00 Primary
Holy Family Senior School Laois €10,000.00 Primary
Scoil Chriost Rí Laois €10,000.00 Post Primary
Ballinakill National School Laois €9,901.57 Primary
Rushall NS Laois €8,692.00 Primary
St. Aidan's N.S Leitrim €9,915.91 Primary
Caherelly N.S. Limerick €10,000.00 Primary
Croagh National School Limerick €10,000.00 Primary
Mahoonagh N.S Limerick €10,000.00 Primary
Saint Michael's N.S Limerick €8,083.84 Primary
St Nessan's NS Limerick €10,000.00 Primary
Scoil an Spioraid Naoimh Limerick €3,639.00 Primary
Athea N.S Limerick €10,000.00 Primary
St Patrick's Boys NS Limerick €9,175.00 Primary
Scoil Naomh Iosaf Limerick €10,000.00 Primary
Kilmeedy NS Limerick €9,675.00 Primary
Kilcolman N.S. Limerick €10,000.00 Primary
Shanagolden National School Limerick €5,925.00 Primary
Scoil Naisiunta Gleann Na Gcreabhar Limerick €5,000.00 Primary
Scoil Naomh Mhuire Ballyhahill Limerick €10,000.00 Primary
Scoil Mhuire N.S Limerick €10,000.00 Primary
Lisnagry National School Limerick €9,363.00 Primary
St Pauls National School Limerick €9,575.00 Primary
Midwest School for the Dead Limerick €9,975.00 Primary
Corpus Christi PS Limerick €10,000.00 Primary
Scoil Naomh Iosef Limerick €4,919.67 Primary
Christ The Saviour NS Limerick €10,000.00 Primary
Scoil Chaitríona Infants Limerick €10,000.00 Primary
Le Chéile NS Limerick €6,575.00 Primary
Thomond Primary School Limerick €10,000.00 Primary
SCOIL NAOMH MUIRE EAS GÉITINE Limerick €8,450.00 Primary
Scoil Bhríde Longford €10,000.00 Primary
St, Guasacht's N.S Longford €10,000.00 Primary
St. John’s National School Longford €1,500.00 Primary
ScoilSamhthann Longford €10,000.00 Primary
Lanesborough Primary School Longford €10,000.00 Primary
St. Teresa’s N.S. Killoe Longford €9,575.00 Primary
Mercy Secondary School Longford €8,550.00 Post Primary
St Mary's N.S Louth €5,311.51 Primary
Scoil Naomh Fainche Louth €9,980.00 Primary
Bellurgan N.S Louth €10,000.00 Primary
St. Finain’s NS Louth €9,575.00 Primary
Muchgrange NS Louth €9,516.00 Primary
Scoil Mhuire ns Trocaire Louth €10,000.00 Primary
SN Muire Louth €10,000.00 Primary
St  Nicholas NS C. of I. Louth €10,000.00 Primary
Scoil Naomh Buithe Louth €9,575.00 Primary
Redeemer Girls N.S Louth €6,095.00 Primary
St. Paul’s Senior National School Louth €10,000.00 Primary
St Mary's Parish Primary School Louth €9,980.00 Primary
St Mary’s Diocesan School Louth €10,000.00 Post Primary
Our Lady's College Louth €9,595.00 Post Primary
St Mary's College Louth €10,000.00 Post Primary
St Vincent's Secondary School Louth €10,000.00 Post Primary
Ó Fiaich College Louth €9,999.01 Post Primary
Ardee Community School Louth €7,644.00 Post Primary
Gaelcholáiste Chomáin Mayo €3,300.00 Primary
Newtownwhite Educate Together N.S Mayo €10,000.00 Primary
Craggagh NS Mayo €10,000.00 Primary
Glencastle N.S Mayo €10,000.00 Primary
Mountpleasant N.S Mayo €1,000.00 Primary
Fahy N.S Mayo €9,884.50 Primary
Bangor Erris N.S Mayo €10,000.00 Primary
Barnatra N.S Mayo €10,000.00 Primary
Scoil Cholmcille Mayo €9,765.58 Primary
S.N Lainn Cille/Lankill N.S Mayo €3,320.00 Primary
Carrowholly NS Mayo €10,000.00 Primary
Belmullet Senior N.S Mayo €10,000.00 Primary
St Attracta's N.S Mayo €10,000.00 Primary
Killeen National School Mayo €10,000.00 Primary
St Dymphnas Special School Mayo €10,000.00 Primary
Foxford Central N.S. Mayo €6,445.00 Primary
Bohola NS Mayo €9,655.64 Primary
Crossmolina NS Mayo €5,790.00 Primary
Scoil Iosa Mayo €10,000.00 Primary
Wesport Educate Together NS Mayo €8,000.00 Primary
Kilmurry NS Mayo €10,000.00 Primary
Bunscoil Naomh Bríd agus Pádraig Mayo €6,134.00 Primary
Sancta Maria College Mayo €9,000.00 Primary
Balla Secondary School Mayo €9,329.00 Post Primary
St. Muredach’s College Mayo €10,000.00 Post Primary
Rice College Mayo €9,890.00 Post Primary
Moyne College Mayo €10,000.00 Post Primary
St. Louis Community School Mayo €9,975.00 Post Primary
Rathmore NS Meath €10,000.00 Primary
Scoil Naomh Bríd Meath €9,575.00 Primary
Scoil Eoin Baiste Meath €10,000.00 Primary
Dunsany N.S Meath €8,450.00 Primary
Culmullen National School Meath €9,575.00 Primary
Scoil Mhuire, Robinstown Meath €10,000.00 Primary
St. Mary's Primary School Meath €10,000.00 Primary
St. Anne's N.S Meath €10,000.00 Primary
Réalt na Mara B.N.S Meath €9,929.00 Primary
St Oliver Plunkett Primary School Meath €2,600.00 Primary
Gaelscoil na Cille Meath €10,000.00 Primary
Kildalkey National School Meath €10,000.00 Primary
Gaelscoil na Bóinne Meath €10,000.00 Primary
Gaelscoil an Bhradáin Feasa Meath €10,000.00 Primary
Trim Educate Together National School Meath €9,815.68 Primary
St Patrick's National School Meath €10,000.00 Post Primary
Athboy Community School Meath €9,980.00 Post Primary
Rockcorry N.S. Monaghan €9,110.00 Primary
KilleevanCentral National School Monaghan €10,000.00 Primary
Scoil Mhuire Monaghan €10,000.00 Primary
Gaelscoil Ultain Monaghan €9,260.00 Primary
Scoil Bhríde, Tír na Cille Monaghan €10,000.00 Primary
St Louis Secondary School Monaghan €10,000.00 Post Primary
Beech Hill College Monaghan €6,000.00 Post Primary
Oxmantown NS Offaly €6,999.95 Primary
St Brendans PS Offaly €10,000.00 Primary
Scoil Bhríde Offaly €7,374.00 Primary
St Patricks N.S. Clonbullogue Offaly €8,480.00 Primary
Monasteroris NS Offaly €10,000.00 Primary
St Mary's Primary School Offaly €10,000.00 Primary
Kinnitty NS Offaly €9,575.00 Primary
Scoil Muire Offaly €10,000.00 Primary
St. Kieran’s N.S. Offaly €6,000.00 Primary
Scoil N Mhuire Offaly €9,825.00 Primary
LUMCLOON NATIONAL SCHOOL Offaly €10,000.00 Primary
St. Mary’s National School Offaly €7,611.98 Primary
Scoil Charthaigh Naofa Offaly €10,000.00 Primary
Gaelscoil Eadan Doire Offaly €9,540.00 Primary
Scoil Mhuire agus Chormaic Offaly €10,000.00 Primary
Colaiste Choilm Tullamore Offaly €10,000.00 Post Primary
Colaiste na Sionna Offaly €10,000.00 Post Primary
St. Brendan's Community School Offaly €10,000.00 Post Primary
Gallen Community School Offaly €9,101.39 Post Primary
Boyle Parochial N.S. Roscommon €1,200.00 Primary
St Paul's NS Roscommon €9,575.00 Primary
Ballinlough N.S Roscommon €9,575.00 Primary
Gorthaganny N.S Roscommon €3,200.00 Primary
Rahara Roscommon €10,000.00 Primary
Kiltrustan National School Roscommon €10,000.00 Primary
St. Mary’s Primary School Roscommon €8,830.00 Primary
Ballagh N.S Roscommon €7,519.92 Primary
Croghan NS Roscommon €9,575.00 Primary
Naomh Atrachta Roscommon €5,557.00 Primary
Glanduff NS Roscommon €10,000.00 Primary
St. Coman's Wood Primary School Roscommon €10,000.00 Primary
Coláiste Chiaráin Roscommon €8,000.00 Post Primary
Abbey Community College Roscommon €7,999.00 Post Primary
Killavil NS Sligo €4,350.00 Primary
St. Teresas NS. Sligo €10,000.00 Primary
Owenbeg N.S. Sligo €10,000.00 Primary
Cliffoney NS Sligo €10,000.00 Primary
Ballinlig N.S Sligo €4,564.00 Primary
Scoil Bride Carns Sligo €9,670.00 Primary
Scoil Mhuire Gan Smál Sligo €10,000.00 Primary
St. Paul’s NS Sligo €5,128.00 Primary
Scoil Mhuire Agus Iosaf Sligo €8,500.00 Primary
Coola Post Primary School Sligo €10,000.00 Post Primary
Thomastown N.S Tipperary €10,000.00 Primary
Lisronagh National School Tipperary €10,000.00 Primary
Boher National School Tipperary €10,000.00 Primary
S.N Bhride Tipperary €10,000.00 Primary
Mount Bruis N.S Tipperary €9,575.00 Primary
St Mary’s NS Tipperary €10,000.00 Primary
Ballyarsna N.S Tipperary €10,000.00 Primary
Carrig National School Tipperary €10,000.00 Primary
Nenagh Community National School Tipperary €5,200.00 Primary
SN Naomh Ruadhain Tipperary €1,300.00 Primary
Castleiney National School Tipperary €8,470.00 Primary
Powerstown National School Tipperary €10,000.00 Primary
St Kevin’s NS Tipperary €8,000.00 Primary
St. Patrick’s N.S. Tipperary €10,000.00 Primary
Grange N.S. Tipperary €10,000.00 Primary
Leugh NS Tipperary €9,575.00 Primary
Rahealty National School Tipperary €2,340.00 Primary
Kilsheelan NS Tipperary €10,000.00 Primary
Roscomroe NS Tipperary €8,875.00 Primary
Scoil Mhuire Newcastle N.S Tipperary €5,200.00 Primary
St Anne's Special School Tipperary €10,000.00 Primary
Bansha N.S Tipperary €10,000.00 Primary
Clonoulty Central N.S Tipperary €8,195.34 Primary
Gaelscoil Chluain Meala Tipperary €10,000.00 Primary
Rossmore National School Tipperary €10,000.00 Primary
Ursuline Secondary School Tipperary €10,000.00 Primary
CBS High School Clonmel Tipperary €7,050.00 Post Primary
Coláiste Mhuire Co Ed Tipperary €9,600.00 Post Primary
Colaiste Phobal Ros Cre Tipperary €10,000.00 Post Primary
SN na bhFíodh Waterford €2,580.31 Primary
Our Lady of Mercy N.S Waterford €9,700.00 Primary
Kill National School Waterford €10,000.00 Primary
Modeligo NS Waterford €6,000.00 Primary
Faithlegg National School Waterford €10,000.00 Primary
Scoil Mhuire Waterford €10,000.00 Primary
Gaelscoil Inis Córthaidh Waterford €9,900.00 Primary
Tramore ETNS Waterford €10,000.00 Primary
Réalt na Mara National School Waterford €10,000.00 Primary
Dungarvan CBS/ Scoil na mBráithre Waterford €8,200.00 Post Primary
St. Angela's School Waterford €5,435.00 Post Primary
Dungarvan College Waterford €3,200.00 Post Primary
Blackwater Community School Waterford €5,435.00 Post Primary
St Patrick's NS Edmonton Westmeath €10,000.00 Primary
Emper N.S. Westmeath €10,000.00 Primary
Drumraney N.S Westmeath €10,000.00 Primary
Milltownpass N.S Westmeath €10,000.00 Primary
St Mary’s N.S. Westmeath €10,000.00 Primary
Coralstown N.S. Westmeath €9,484.50 Primary
St Manchan's N.S Westmeath €10,000.00 Primary
Kilcleagh NS Westmeath €2,669.43 Primary
Scoil Phádraig, Milltown NS Westmeath €8,000.00 Primary
St Tolas N.S Westmeath €10,000.00 Primary
Scoil Chruimin Naofa Westmeath €10,000.00 Primary
St. Kenny NS Westmeath €10,000.00 Primary
St Brigid's School Westmeath €10,000.00 Primary
St. Etchens NS Westmeath €8,873.03 Primary
Scoil an Chlochair N.S Westmeath €9,575.00 Primary
Saplings Special School Westmeath €10,000.00 Primary
Tombrack N.S Wexford €10,000.00 Primary
Davidstown PS Wexford €8,750.00 Primary
Scoil Chroí Ró Naofa Wexford €5,500.00 Primary
St. Senan’s PS Wexford €10,000.00 Primary
Caim NS Wexford €2,400.00 Primary
Kilnamanagh CNS Wexford €10,000.00 Primary
Gusserane National School Wexford €10,000.00 Primary
Scoil Mochua Wexford €9,978.80 Primary
Bunscoil Loreto Wexford €9,965.21 Primary
St Joseph's N.S Wexford €9,846.00 Primary
Kildavin N.S Wexford €9,569.88 Primary
Ballymacarbry N.S Wexford €10,000.00 Primary
Scoil Mhuire Coolcotts Wexford €10,000.00 Primary
Scoil Naomh Maodhóg Wexford €10,000.00 Primary
Catherine McAuley Junior School Wexford €10,000.00 Primary
FCJ Bunclody Wexford €10,000.00 Post Primary
CBS New Ross Wexford €10,000.00 Post Primary
Presentation Secondary School Wexford €9,500.00 Post Primary
Bridgetown College Wexford €10,000.00 Post Primary
Ramsgrange Community School Wexford €9,795.00 Post Primary
St. Joseph’s NS Wexford €7,200.00 Primary
St. Brigid’s NS Wicklow €8,835.00 Primary
St Patrick’s National School Wicklow €10,000.00 Primary
St Patricks NS Wicklow €10,000.00 Primary
Scoil Chaoimhín Naofa Wicklow €10,000.00 Primary
St.Patrick’s Loreto Primary School Wicklow €9,955.60 Primary
Kilmacanogue NS Wicklow €6,575.00 Primary
Wicklow Educate Together NS Wicklow €10,000.00 Primary
Kilcoole Primary School Wicklow €10,000.00 Primary
Presentation College Bray Wicklow €10,000.00 Post Primary
Temple Carrig School Wicklow €9,640.52 Post Primary
St Kevins Community College Dunlavin Wicklow €10,000.00 Post Primary