Fógraíonn an tAire Oideachais go bhfuil Coimisiún Imscrúdúcháin le bunú agus go bhfuil Tuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe le foilsiú
- Foilsithe: 3 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley TD, go bhfuil Coimisiún Imscrúdúcháin le bunú, tar éis moladh a rinneadh i dTuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe a bunaíodh chun scrúdú a dhéanamh ar dhrochúsáid ghnéasach stairiúil i scoileanna lae agus cónaithe arna reáchtáil ag oird rialta.
Insíodh don Fhiosrúcháin Scóipe faoi 2,395 líomhain faoi dhrochúsáid ghnéasach stairiúil, ina raibh 884 drochúsáideoir líomhnaithe i gceist in 308 scoil ar fud gach cuid den tír idir na blianta 1927 go 2013. Tuairiscíodh an chuid is mó de na líomhaintí seo ó na taifid de 42 ord rialta a reáchtálann scoileanna in Éirinn faoi láthair nó a reáchtáil scoileanna in Éirinn roimhe seo.
Is é bunú fiosrúchán Stáit faoi dhrochúsáid ghnéasach stairiúil ceann amháin de líon na moltaí a rinne an tAbhcóide Sinsearach, Mary O’Toole ina tuarascáil chuig an Aire.
D’eagraigh an Fiosrúchán Scóipe próiseas Rannpháirtíochta Marthanóirí inar tugadh cuireadh dóibh siúd a d’fhulaing drochúsáid ghnéasach i scoileanna lae agus cónaithe arna reáchtáil ag oird rialta teacht chun tosaigh agus a dtuairimí a roinnt maidir le freagairt iomchuí ón Stát.
Thuairiscigh rannpháirtithe eispéiris de dhrochúsáid ghnéasach i mbunscoileanna, in iar-bhunscoileanna agus i scoileanna speisialta, scoileanna poiblí agus príobháideacha araon, arna reáchtáil ag oird rialta ar fud na tíre.
I dTuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe, tá mionchuntais ar dhrochúsáid ghnéasach, éigniú agus ionsaí gnéasach agus is tuarascáil í atá fíordhian lena léamh.
Tá tuarascáil iomlán an Fhiosrúcháin Scóipe neamhspleách á cur ar fáil ar dtús ag an Aire Foley dóibh siúd a ghlac páirt i bpróiseas Rannpháirtíochta Marthanóirí an Fhiosrúcháin Scóipe, i gcomhréir leis an ngealltanas a thug sí dóibh roimhe seo agus leis an nádúr íogair agus pearsanta dá bhfuil inti. Foilseofar í ina dhiaidh sin ar líne níos déanaí inniu.
Dúirt an tAire Foley:
“Is doiciméad coscrach í Tuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe, ina bhfuil roinnt de na cuntais is uafásaí ar dhrochúsáid ghnéasach. Tá sé millteanach an scála agus an t-uafás a ndearna daoine cur síos orthu ina n-agallaimh leis an bhFiosrúchán Scóipe, agus ní féidir áibhéil a dhéanamh faoin tionchar buan atá ar shaol na marthanóirí sin. Chuaigh misneach, neart agus oscailteacht na ndaoine úd uile a roinn a n-eispéiris go mór i bhfeidhm orm.
“Táim ag smaoineamh orthu siúd uile inniu a tháinig chun tosaigh mar chuid de phróiseas an Fhiosrúcháin Scóipe agus go deimhin orthu siúd nach bhfuil in ann a leithéid a dhéanamh sa tráth seo ina saol. Is mian liom cuimhnú go háirithe ar Mark Ryan nach maireann agus aitheantas a thabhairt dó, a bhí lárnach, in éineacht lena dheartháir David, i mbunú an Fhiosrúcháin Scóipe. Tá sé go mór inár gcroí inniu, agus tá a fhios agam go bhfuil cothrom bliana ó fuair sé bás ag teacht aníos sna seachtainí amach romhainn.
“Táim ag fógairt inniu go bhfuil an Rialtas tar éis glacadh le príomh-mholadh Thuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe, agus is é sin Coimisiún Imscrúdúcháin a bhunú. Is ábhar fíorthromchúiseach í drochúsáid ghnéasach stairiúil agus is gá í a scrúdú go mion.
“Ceann de na gnéithe is láidre sa Tuarascáil ná gur thug rannpháirtithe níos sine cuntais mhillteanacha den chaoi inar chuir drochúsáid ghnéasach ina n-óige isteach ar a saol iomlán, óna laethanta ar scoil trína ndéaga, nuair a bhí siad ina ndaoine fásta óga agus anois agus iad amach sna blianta.
“Táim sásta a chur in iúl go luaitear sa tuarascáil gur bearta láidre agus éifeachtacha iad na bearta reatha um chosaint sonraí atá i scoileanna agus tuigim go mór gur ábhar imní í sábháilteacht leanaí atá fíorthábhachtach do mharthanóirí agus don tsochaí uile.”
I dtuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe, moltar freisin go ndéanfaidh an rialtas breithniú ar scéim sásaimh a bhunú do mharthanóirí de dhrochúsáid ghnéasach stairiúil i scoileanna lae agus cónaithe arna reáchtáil ag oird rialta.
Tá moltaí eile ann a bhaineann le feabhas a chur ar an eispéireas do mharthanóirí sna próisis dhlíthiúla agus bunú seirbhísí tacaíochta tiomnaithe do mharthanóirí, go háirithe ó thaobh an Choimisiúin agus an rannpháirtíocht fhéideartha sa phróiseas sin.
Choimisiúnaigh an Fiosrúchán Scóipe saintuarascálacha neamhspleácha maidir le cosaint leanaí inár scoileanna agus ceartas aisiríoch mar chuid den obair a rinne sé.
Dúirt an tAire Foley:
“Is mian liom a lua freisin go bhfuil an pointe cinniúnach seo sroichte againn de bharr obair agus abhcóideacht cuid mhór daoine eile, agus is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a chuir leis an bpróiseas seo in aon slí, cibé acu trína rannpháirtíocht féin nó trí thacaíocht a thabhairt do dhuine muinteartha nó do chara. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le foireann an Fhiosrúcháin Scóipe, an Ceannasaí, Mary O'Toole, agus an ceannasaí rannpháirtíochta marthanóirí, Kieran McGrath, as an obair dhíograiseach a rinne siad le tuarascáil chomh mionsonraithe agus críochnúil a chur ar fáil.”
Mar a luadh roimhe seo, tá tuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe á cur chuig marthanóirí ar dtús. Cuirfear eolas faoi na tacaíochtaí atá ar fáil chuig marthanóirí in éineacht leis an tuarascáil agus tá sí ar fáil freisin ar [link broken] an Fhiosrúcháin Scóipe. Cuirfear sonraí faoi thacaíochtaí do scoileanna agus dá mbaill foirne agus dá scoláirí, ar fáil d’fhorais bhainistíochta na scoileanna le go mbeidh siad in ann aon tacaíocht riachtanach a chur ar fáil do scoileanna.
Má chuaigh aon cheann de na saincheisteanna a pléadh i dTuarascáil an Fhiosrúcháin Scóipe i bhfeidhm ort, tá eolas maidir le tacaíocht ar fáil thíos. Tá tuilleadh eolais maidir le tacaíocht ar fáil ar [link broken] an Fhiosrúcháin Scóipe.
Tacaíocht
Cuireann an eagraíocht One in Four (Duine Amháin As Ceathrar) seirbhísí ar fáil do mharthanóirí aosaigh de dhrochúsáid ghnéasach leanaí. Is féidir teagmháil a dhéanamh le One in Four trí ghlaoch a chur ar 01 662 4070 nó tríd an bhfoirm a chomhlánú ag www.oneinfour.ie/contact
Más mian leat líomhain faoi dhrochúsáid ghnéasach a thuairisciú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do stáisiún áitiúil de chuid an Gharda Síochána, Aonad Bainistíochta an Gharda Síochána um Choireanna Gnéis (01-6663430) nó Líne Thuairiscithe an Gharda Síochána maidir le Drochúsáid Ghnéasach (1800 555 222), ar seirbhís faoi rún agus saor in aisce í atá ar fáil ar bhonn 24/7. Nó, is féidir leat ríomhphost a chur chuig GNPSB_SCMU@garda.ie
Nótaí d’Eagarthóirí
An Próiseas Rannpháirtíochta Marthanóirí
Sa chéad chéim den phróiseas, chomhlánaigh 205 duine ceistneoirí tosaigh maidir lena n-eispéiris, agus bhí roinnt díobh nár tháinig faoi na téarmaí tagartha don Fhiosrúchán Scóipe.
As na daoine seo, tugadh cuireadh do 182 marthanóir páirt a ghlacadh sa dara céim ina raibh rogha acu agallamh a dhéanamh le héascaitheoir atá feasach i gcúrsaí tráma nó aighneacht i scríbhinn a dhéanamh.
Bailíodh tuairimí ó 149 marthanóir sa dara céim agus chuir siad seo le moltaí an Fhiosrúcháin Scóipe.
Sa Tuarascáil, tá cuid inti ina léirítear an t-eolas a cuireadh ar fáil sna hionchuir uathu siúd nár tháinig a n-eispéiris faoi na téarmaí tagartha don Fhiosrúchán Scóipe.
Bunú Coimisiún Imscrúdúcháin
An chuid is mó díobh siúd a ghlac páirt sa phróiseas Rannpháirtíochta Marthanóirí, d’éiligh siad imscrúdúchán reachtúil, agus is é príomh-mholadh an Fhiosrúcháin Scóipe Coimisiún Imscrúdúcháin a bhunú. Sa Tuarascáil, mínítear go mion an chaoi inar cuireadh na prionsabail uileghabhálacha agus mianta na marthanóirí san áireamh in éineacht leis na riachtanais agus próisis i gcineálacha éagsúla fiosrúcháin, agus cinneadh gurbh é Coimisiún Imscrúdúcháin an fhreagairt is iomchuí.
Chuir marthanóirí in iúl go soiléir ina bhfuil ag teastáil uathu lena chinntiú gur féidir iallach a chur ar fhinnéithe agus ar dhoiciméid in aon phróiseas agus go bhfuil an rogha ann do mharthanóirí nach mian leo labhairt go poiblí faoi cad a tharla dóibh, fianaise a thabhairt go príobháideach.
Mhothaigh marthanóirí nach bhfuil próisis atá an-naimhdeach oiriúnach le scrúdú a dhéanamh ar an tsaincheist faoi dhrochúsáid ghnéasach, agus tá an tsolúbthacht ag Coimisiún Imscrúdúcháin srian a chur leis an bhféidearthacht go bhfágfaí atráma orthu siúd a thugann fianaise dó.
Sa Tuarascáil freisin, moltar go reáchtálfar Clár Rannpháirtíochta Marthanóirí faoi choimirce an Choimisiúin ionas go mbeidh an deis ag raon leathan marthanóirí a scéalta a insint i dtimpeallacht nach bhfuil naimhdeach.