Fógraíonn an tAire Oideachais Helen McEntee TD €100,000 i ndeontais oideachais ceoil
- Foilsithe: 20 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Oideachais Helen McEntee TD inniu (Déardaoin an 20 Márta) go bhfuil tús á chur le hiarratais ar dheontais ó chiste iomlán de €100,000 d'eagraíochtaí a chuireann oideachas ceoil ar fáil.
Tugann na deontais deis d'eagraíochtaí a bhfuil rochtain theoranta nó gan aon rochtain acu ar chineálacha eile maoinithe phoiblí íoc as ranganna ceoil, uirlisí agus trealamh eile.
Chuidigh an Scéim Sparánachta d'Oideachas Ceoil Neamh-Phríomhshrutha le cóir leanaí, bannaí ceolchoirme, bannaí práis, ceolfhoirne tíre, píobairí uilleann agus tuilleadh. Tá sé dírithe ar eagraíochtaí beaga a bhfuil baint acu le hoideachas ceoil neamh-phríomhshrutha agus le tionscnaimh cheoil phobail a fhreastalaíonn ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch.
Dúirt an tAire McEntee:
"Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaimid gach deis dár leanaí agus dár bhfoghlaimeoirí óga iad féin a chur in iúl agus a gcruthaitheacht a léiriú. Tá oideachas ceoil ar cheann den iliomad bealaí iomlánaíocha inar féidir linn tacú le leanaí agus le daoine óga inár bpobail a barr a gcumais a bhaint amach.
"Tá ciste deontais iomlán de €100,000 á fhógairt agam inniu a chuirfidh ar chumas eagraíochtaí leanúint ar aghaidh ag cur ranganna ceoil ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga ina bpobail ionas go mbeidh deis acu iad féin a chur in iúl agus a gcruthaitheacht a fhiosrú agus scileanna nua á bhforbairt acu ag an am céanna."
Tugtar cuireadh d’eagraíochtaí leasmhara agus incháilithe a n-iarratais ar mhaoiniú deontais a dhéanamh faoin Scéim Sparánachta d'Oideachas Ceoil Neamh-Phríomhshrutha 2025 faoin 10 Aibreán 2025.
Cliceáil anseo don fhoirm iarratais.
Ní mór d'iarratasóirí an fhoirm iarratais a íoslódáil, gach cuid a chomhlánú, a shábháil agus a sheoladh ar ríomhphost chuig nmmebs@education.gov.ie.
Ní mór d'eagraíochtaí a n-iarratas a chur isteach faoin 10 Aibreán 2025 ionas go mbreithneoidh an Coiste um Oideachas Ceoil neamh-Phríomhshrutha atá maoinithe ag an Roinn Oideachais é le haghaidh maoiniú deontais.
Nótaí d'Eagarthóirí
Critéir maidir le hIarratais a roghnú
Breithneofar iarratais ó eagraíochtaí/grúpaí a léiríonn na nithe seo a leanas:
• Cuntas teiste seanbhunaithe i soláthar oideachais ceoil.
• Soláthar seirbhíse i réimse an oideachais ceoil neamh-phríomhshrutha/an cheoil pobail.
• Oideachas ceoil neamh-phríomhshrutha a sholáthar do dhaoine óga 18 mbliana d'aois agus níos óige.
• Torthaí foghlama láidre do rannpháirtithe.
Tabharfar tús áite do na heagraíochtaí/grúpaí sin ar féidir leo a léiriú go bhfreastalaíonn siad ar ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch. D'fhéadfaí tús áite a thabhairt freisin d'eagraíochtaí/grúpaí atá incháilithe agus go bhféadfadh sé nach bhfuair siad maoiniú ón tionscnamh seo roimhe seo. D'fhéadfadh méideanna an deontais ón gciste €100,000 a bheith éagsúil ag brath ar líon na n-iarratas incháilithe agus ar líon na leanaí agus na ndaoine óga a fhaigheann tacaíocht ón eagraíocht atá ag déanamh an iarratais.
Beidh roghnú na dtograí bunaithe freisin ar an mian go mbeadh na nithe seo a leanas ann:
• Leathadh geografach náisiúnta, nuair is féidir
• Réimse seánraí ceoil
• Cothromaíocht idir cur chuige praiticiúil agus teoiriciúil
Grúpaí neamh-incháilithe
Ní chuirfear maoiniú ar fáil ach do thionscnaimh oideachais ceoil neamh-phríomhshrutha lasmuigh de ghnáthuaireanta scoile agus de churaclam na scoile.
Tá na catagóirí eagraíochtaí seo a leanas neamh-incháilithe chun iarratas a dhéanamh:
• Cuideachtaí neamhbhrabúis, scoileanna agus institiúidí oideachais eile
• Comhpháirtíochtaí Oideachais Ceoil atá ag fáil maoiniú Music Generation tráth an iarratais
• Daoine aonair faoi bhun 18 mbliana d'aois
• Grúpaí taibhithe gairmiúla.