English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Oideachais Norma Foley TD foilsiú ‘Iompar Scoile 2030’ – athbhreithniú ar an scéim iompair scoile

D’fháiltigh an tAire Oideachais Norma Foley TD roimh fhoilsiú thuarascáil na Scéime Iompar Scoile 2030 inniu (Dé Máirt).

Is é seo an t-athbhreithniú is mó ar an Scéim Iompar Scoile ó bunaíodh é i 1967.

Faoi láthair tá thart ar 161,000 dalta ag taisteal ar scoil agus iad ag baint úsáide as an scéim iompair scoile.

Moltar san athbhreithniú rochtain ar an scéim a leathnú ionas gur féidir 100,000 dalta breise a iompar faoin mbliain 2030.

D’aithin an t-athbhreithniú go raibh féidearthacht ann an scéim astuithe carbóin a laghdú trí líon na ndaltaí a thiomáintear chun na scoile a laghdú.

Díríonn an t-athbhreithniú aird freisin ar an ról tábhachtach atá ag an Scéim Iompar Scoile chun tacú le nascacht tuaithe agus chun dul i ngleic le díothacht tuaithe.

Mar chuid den athbhreithniú reáchtáladh próiseas fairsing rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara lena n-áirítear comhairliúchán le tuismitheoirí, daltaí, soláthraithe agus príomhpháirtithe leasmhara eile.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley TD:

“Is doiciméad ríthábhachtach é an t-athbhreithniú ar Iompar Scoile 2030 a léiríonn buntáistí soiléire sóisialta, eacnamaíocha agus gníomhaíochta aeráide na scéime. Tá mise tiomanta do bheith ag obair le mo chomhghleacaithe rialtais ionas gur féidir 100,000 dalta breise a fháil ar bhusanna scoile faoi 2030.”

Molann an t-athbhreithniú go gcuirfí deireadh leis an riachtanas ar dhaltaí freastal ar an ‘scoil is gaire dóibh’ chun rogha agus solúbthacht níos fearr a thabhairt do dhaltaí agus do thuismitheoirí. Ní bheidh sé seo i gceist, áfach, ach nuair a bhíonn bealaí bus ann cheana féin ar féidir iad a úsáid nó nuair a bheidh dóthain éilimh ó thuismitheoirí ar bhealach nua (10 ndalta nó níos mó).

Moltar freisin an fad slí ón scoil atá mar riachtanas cáilithe do dhaltaí a laghdú.

Moltar sraith athruithe san athbhreithniú atá le feidhmiú ó Mheán Fómhair na bliana seo:

  • Treoirthionscadail nua le tosú i mí Mheán Fómhair ina mbeidh scoláirí iar-bhunscoile ag taisteal chun na scoile ar bhealaí bus poiblí leis na critéir fad slí laghdaithe.
  • Bealach nua le bheith ann chun an t-achar atá riachtanach don scéim iompair scoile a ríomh le teicneolaíocht léarscáilithe níos nua-aimseartha á tabhairt isteach in am do thús na scoilbhliana 2025/2026.
  • Méadú ar an deontas iompair speisialta, a théann chuig teaghlaigh ar fearr leo a gcuid iompair féin a chur ar fáil dá leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu nó mura bhfuil seirbhís ar fáil.
  • Tá thart ar 4,000 tionlacan bus scoile a thaistealaíonn ar mhionbhusanna nó i dtacsaithe le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Déanfar athbhreithniú ar a dtéarmaí agus coinníollacha agus a rátaí pá faoi dheireadh na bliana seo.

Tá sé molta san athbhreithniú go ndéanfaí na hathruithe sna rialacha maidir le fad slí agus an scoil is gaire a thabhairt isteach de réir a chéile ó thús na scoilbhliana Meán Fómhair 2025 ionas go mbeidh am ann chun torthaí na dtionscadal píolótach a mheas, agus chun teacht ar na busanna scoile agus na tiománaithe breise a bheidh ag teastáil.

Léirigh an t-athbhreithniú go méadófar an costas ó €444 milliún anois go €672m in 2030 le leathnú na scéime iompair scoile chun 100,000 dalta breise a iompar. Ach léiríodh freisin mura ndéantar aon athruithe (an cás “gan aon rud a dhéanamh”) go gcosnóidh an scéim €678 milliún dáiríre chun an líon daltaí atá ann faoi láthair a iompar.

Dheimhnigh an tAire Foley freisin go leanfaidh na táillí don scéim iompair scoile ag na rátaí laghdaithe céanna don scoilbhliain 2024/2025 atá le teacht.

“Coimeádfar táille na Scéime Iompar Scoile do leanbh bunscoile ag €50 agus ag €75 do leanbh iar-bhunscoile. Is é an táille uasta do theaghlach ná €125. Tá an luach seo go hiontach nuair a chuirtear san áireamh gurb é an costas iarbhír chun iompar a sholáthar ná €1,100 in aghaidh an linbh ar iompar príomhshrutha in aghaidh na scoilbhliana.”

Cuireadh tús leis an athbhreithniú ar an scéim iompair scoile in 2021 agus rinneadh é i dtrí chéim. Tá na trí thuarascáil foilsithe inniu ag an nasc seo a leanas, mar aon le tuarascáil achomair agus mínitheoir: Item was unpublished or removed

CRÍOCH