Fógraíonn an tAire Oideachais soláthar de mhaoiniú €250,000 le haghaidh tionscnaimh ag baint le hOideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) d’eagraíochtaí
- Foilsithe: 2 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá fógartha ag an Aire Oideachais Norma Foley TD go soláthrófar os cionn €250,000 i maoiniú le haghaidh tionscnaimh a baineann le hOideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) le 12 eagraíocht ar fud na tíre.
Íocadh deontais idir €1,000 agus €25,000 d’eagraíochtaí rathúla a mhol a gcuid tionscnaimh inbhuanaitheacht do 2024/2025 faoin 2ú Straitéis Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI go dtí 2030).
San áireamh sna tionscnaimh a bhí rath orthu ná foinsí agus tacaíochtaí chun gairdíní scoile a fhorbairt, Tionscnaimh Folláine, Mullaigh Nádúr an Aeráide, agus tionscnaimh chomhoibrithe Pobail agus Scoile, traenáil faisin inbhuanaithe agus Féile Scannánaíochta Truflais. Cuireann roinnt de na tionscnaimh ceardlanna do scoláirí san áireamh agus fócas acu ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach in OFI do mhúinteoirí.
Tá sé mar aidhm ag OFI 2030 a chinntiú go bhfuil an t-eolas agus scileanna cuí ag foghlaimeoirí chun an fhorbairt inbhuanaithe a chuir chun cinn.
Tá cúig réimse tosaíochta ag OFI go 2030: Beartas a Chur Chun Cinn, Timpeallachtaí Foghlama a hAthrú ó Bhonn, Cumas Oideoirí a Fhorbairt, Daoine Óga a Chumasú agus a Spreagadh agus Dlús a chur le Gníomhaíocht ar Leibhéal Áitiúil.
Dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley TD:
“Is údar mór misnigh é an leibhéal spéise ó na heagraíochtaí a chuir isteach ar mhaoiniú i mbliana a fheiceáil. Comhghairdeas dóibh siúd a d’éirigh lena hiarratas i mbliana agus táim ag súil go mór leis na deiseanna oideachais ar fad atá curtha ar fáil trí fhorbairt inbhuanaithe do fhoghlaimeoirí óga agus tríd ár bpobail ar fad a fheiceáil”.
“Leanann muid orainn tacaíochtaí atá de dhíth chun oideachas OFI a chuir ar fáil inár scoileanna a sholáthar agus tá obair na heagraíochtaí seo cuid lárnach de sin . Foilsíonn mo Roinn nuachtlitir ráithiúil a chuireann an obair dhian ar fad a dhéantar idir eagraíochtaí agus scoileanna araon le linn na bliana chun cinn”.
Nóta don Eagarthóir
Tá an 2ú Straitéis Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe - OFI go 2030 - chomh-urraithe ag an Roinn Oideachais, an Roinn Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
Tá sé mar aidhm ag OFI a chinntiú go bhfuil an t-eolas agus scileanna ag foghlaimeoirí cuí chun an fhorbairt inbhuanaithe a chuir chun cinn. Is sprioc de chuid na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe é an OFI (Sprioc 4.7) agus é aitheanta mar cumasóir lárnach chun go mbainfear amach gach deann den 17 Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna).
Tá cúig réimse tosaíochta ag OFI go 2030, i líne le creatlach UNESCO le haghaidh OFI go 2030:
- Beartas a Chur Chun Cinn Timpeallachtaí Foghlama a hAthrú ó Bhonn
- Cumas Oideoirí a Fhorbairt
- Daoine Óga a Chumasú agus a Spreagadh
- Dlús a chur le Gníomhaíocht ar Leibhéal Áitiúil
Leagann amach an Plean Feidhmiú OFI go 2030 2022-2026 treochlár chun sprioc 4.7 a bhaint amach faoi 2030 laistigh den Earnáil Oideachais ó Fhoghlaim agus Cúram an Luath-Óige go tríú leibhéal agus ar aghaidh idir oideachas foirmiúil agus neamh-fhoirmiúil.
Tá trí ghné atá comhtábhachtach agus idirnasctha ag OFI: Inbhuanaitheacht Chomhshaoil, Sóisialta agus Eacnamaíochta.
Tá maoiniú de €250,000 soláthartha go eagraíochtaí chun tacú leo tionscnaimh OFI a chur i bhfeidhm do scoileanna, mar shampla; an scoil agus a dtailte a déanamh níos inbhuanaithe; múinteoirí a thraenáil maidir le OFI; tionscnaimh scoláirí; tionscnaimh comhoibríocha idir an scoil agus an pobal áitiúil agus araile. Leagadh amach critéir sonraithe sa doiciméid don éileamh maoinithe, a eisíodh ar 17 Bealtaine, atá ar fáil anseo. Leithdháileadh maoiniú de réir an chritéir agus leibhéal éilimh.
Beidh maoiniú de bheagnach €600,000 ar fáil do scoileanna i Meán Fómhair 2024 chun tacú le réimse tionscnaimh a baineann le OFI a chur i bhfeidhm i scoileanna.
Tacaíonn OFI go 2030 le chur i bhfeidhm an Plean Ghníomhaithe ar son na hAeráide, Plean Forfheidhmithe Náisiúnta na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, an Comhaontú Glas don Eoraip AE agus Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe (17 Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe).
Nuachtlitir OFI:
Is ríomhiris ráithiúil í Nuachtlitir OFI na Ranna atá lárnach in aird a tharraingt ar OFI agus le eolas a fháil ar an méid atá á chuir i bhfeidhm i scoileanna. Cuireann an nuachtlitir samplaí dea-chleachtas chun cinn, ag cuir FGL chun cinn agus tá comórtais ann do léitheoirí agus comhfhreagraithe go rialta. Téann an nuachtlitir OFI amach do na scoileanna ar fad agus is féidir le haon duine a hainm a chur ar an liosta seachadta. Faoi láthair tá 1,200 duine ar an liosta seachadta agus tá an líon seo ag méadú an t-am ar fad. Is féidir teacht ar an nuachtlitir ag: gov - Nuachtlitir na Roinne Oideachais ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe (www.gov.ie)
Liosta d’Eagraíochtaí atá le deontas a bhronnadh orthu le haghaidh tionscnaimh OFI i Lúnasa 2024
Eagraíocht | Deontas | Tionscnamh | |
Wool in Schools | €24,910 | Clár Wool2Ewe do bhunscoileanna | |
Wise Water | €25,000 | Tionscnamh Wise Water Wellness, ceardlanna, acmhainn teagaisc, ócáid phobail | |
Biodiversity in Schools | €25,000 | FGL agus forbairt acmhainne | |
Dúlra Éireann | €18,000 | FGL agus acmhainní físeáin: www.engagewithnature.ie | |
Sustainable Fashion Ltd | €25,000 | Cúrsaí FGL nua a fhorbairt: www.sustainablefashioneducation.com | |
ISSN | €25,000 | CoP, sceidil FGL, Cruinniú Mullaigh Nadúr agus na hAeráide, acmhainní, nuachtlitir, rannpháirtíocht na scolairí | |
Global Citizenship Schools | €25,000 | Acmhainní scoile iomlán, tionscnamh Físeán de Nóiméad Amháin | |
Future Focus 21c/COBÁC | €25,000 | Traenáil litearthacht inbhuanaithe don todhchaí ETIEM do mhúinteoirí Iarbhunscoile, acmhainní | |
Friends of Merlin Woods | €1,000 | Tionscnamh chomhoibríoch idir Phobal agus Scoil | |
ISSU | €21,000 | Imeacht Déan Díospóireacht le do Chinnteoirí | |
Academy of the Near Future/Coláiste na Trionóide | €14,000 | Dear do Chathair mar a bheidh sé sa Todhchaí sa cheantar Ghaeltacht | |
Createschool | €25,000 | Féile Scannánaíochta Truflais, ceardlanna, agus rannpháirtíocht pobail áitiúil | |
Móriomlán | €253,910 |