Fógraíonn na hAirí Foley agus Madigan sonraí faoi mhaoiniú oideachais €9.2 billiún i mBuiséad 2022, lena n-áirítear bearta chun dul i ngleic le míbhuntáiste agus tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
- Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
• Soláthar do bhreis agus 2,800 múinteoir nua agus cúntóir riachtanas speisialta
• An leathnú is mó riamh ar an gclár DEIS chun dul i ngleic le míbhuntáiste
• An sceideal foirne is ísle riamh ag 24:1 don bhunleibhéal
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Josepha Madigan TD sonraí inniu faoin gcaoi a méadaíonn Buiséad 2022 an chroí-infheistíocht sa chóras scolaíochta faoi leath billiún euro go €9.2 billiún.
Cuireann Buiséad 2022 chun cinn an infheistíocht mhór atá á dhéanamh inár gcóras oideachais bunscoile agus iar-bhunscoile. Léiríonn an infheistíocht mhéadaithe shuntasach tiomantas an Rialtais tacú le rath oideachasúil gach foghlaimeora agus córas scoile uilechuimsitheach ardchaighdeáin a sholáthar le torthaí foghlama feabhsaithe do chách.
Faoin méadú is mó riamh ar mhaoiniú don chlár Comhionannas Deiseanna a Sheachadadh i Scoileanna (DEIS), tá leithdháileadh breise €18 milliún (leithdháileadh bliana iomlán €32 milliún) a chruthóidh leathnú breise an chláir i 2022 go tuilleadh scoileanna. Soláthraíonn an clár seo acmhainní breise teagaisc agus tacaíochtaí eile do scoileanna, a dhíríonn ar dhul i ngleic le míbhuntáiste oideachais.
Mar thoradh air seo beidh méadú os cionn 20 faoin gcéad ar mhaoiniú don chlár DEIS. Ina theannta sin, tabharfaidh an feabhsú aon phointe amháin eile ar an sceideal foirne do scoileanna Banda Uirbeach 1 DEIS an leithdháileadh iomlán chun dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais in 2023 go €180 milliún.
Ag leanúint leis an Tiomantas sa Chlár Rialtais a chomhlíonadh, cuirfear maoiniú ar fáil do 350 múinteoir breise (lena n-áirítear feabhsú foirne DEIS), chun sceidil foirne scoile a laghdú 1 phointe do gach bunscoil.
Cuirfear 980 múinteoir oideachais speisialta breise ar fáil, iad ag obair i ranganna speisialta, i scoileanna speisialta agus i suíomhanna príomhshrutha, chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.
Tá maoiniú ar fáil do 1,165 cúntóir riachtanas speisialta breise chun tacaíocht a sholáthar do leanaí le riachtanais speisialta oideachais, móriomlán 19,200 CRSanna nach mór.
Dúirt an tAire Foley:
“Beidh na bearta infheistíochta seo faoi Bhuiséad 2022 thar a bheith tábhachtach chun dul i ngleic le míbhuntáiste agus chun tacú le leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu inár gcóras oideachais. Le dhá bhliain anuas, tuigeadh ar fud na sochaí tábhacht lárnach na scoileanna agus an oideachais i saol ár leanaí agus ár ndaoine óga. Tá meas níos doimhne againn ná riamh ar a thábhachtaí agus atá na deiseanna a sholáthraímid do leanaí agus do dhaoine óga, agus an ríthábhacht a bhaineann le heispéireas maith scoile, dá n-am i láthair agus dá dtodhchaí.
“Táim an-bhródúil gur éirigh liom an pacáiste is mó riamh a fháil ó cuireadh tús leis an gclár DEIS atá dírithe ar dhul i ngleic le míbhuntáiste oideachais. Cuirfidh an infheistíocht, €18 milliún breise in 2022, ar ár gcumas an clár a leathnú chun tacaíochtaí feabhsaithe a sholáthar do scoileanna breise, chun leasa níos mó leanaí agus daoine óga.
“Comhlíonfaimid ár dtiomantas faoin gClár Rialtais maidir leis an tsamhail aitheantais DEIS nua a chur i gcrích, ag cinntiú go leathnófar stádas DEIS chuig scoileanna a fhreastalaíonn ar an líon is mó daltaí atá i mbaol míbhuntáiste oideachais.
“Táimid tiomanta oibriú leis na páirtithe leasmhara ar an samhail aitheantais DEIS agus an obair seo a chur i gcrích go tráthúil ionas go mbainfidh scoileanna a bhíonn mar chuid den chlár DEIS leas as tacaíochtaí DEIS agus as acmhainní breise lena n-áirítear maoiniú deontais DEIS, comhordaitheoirí teagmhálaithe baile is scoile agus rochtain ar an gclár críochnaithe scoile don scoilbhliain 2022/23.
“D’fhógair mé cheana féin sonraí faoin gclár CLASS atá ag soláthar tacaíochtaí breise agus teagaisc dóibh siúd is mó a raibh an tionchar is diúltaí orthu le linn na paindéime. Ba mhaith linn tacú lenár leanaí agus daoine óga de gach cúlra agus riachtanas ar fud ár scoileanna ionas go mbeidh deis acu foghlaim i dtimpeallacht chuimsitheach agus a lánacmhainneacht a bhaint amach. Cuirfidh infheistíocht fheabhsaithe Bhuiséad 2022 ar fud an chórais, lena n-áirítear múinteoirí agus CRSanna breise, infheistíocht i leabhair, i TFC i scoileanna, i dtacaí breise agus inár gclár caipitil chun tacú le timpeallachtaí foghlama uilechuimsitheacha, nua-aimseartha agus inbhuanaithe, an aidhm seo chun cinn.”
Dúirt an tAire Madigan:
“Mar Aire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, tá áthas orm gur éirigh linn an buiséad is mó riamh a fháil don oideachas speisialta. Áireofar leis seo 1165 CRS nua nach bhfacthas a leithéid cheana, rud a fhágfaidh go mbeidh níos mó ná 19,000 CRS san iomlán in Éirinn.
“Táimid ag cur beagnach 1,000 múinteoir nua isteach san oideachas speisialta i scoileanna príomhshrutha, ranganna speisialta agus scoileanna speisialta freisin.
“Ina theannta seo, táimid ag cur roinnt beart spriocdhírithe chun tacú le cuimsiú san oideachas agus bearta chun tacú le hoscailt áiteanna breise don oideachas speisialta. Tá dul chun cinn mór déanta againn go dtí seo agus táimid diongbháilte leanúint leis an dul chun cinn seo. Leis an maoiniú atá faighte agam i mBuiséad na bliana seo, is féidir linn breis agus 1,700 áit rang speisialta nua a chur ar fáil an bhliain seo chugainn. Tá príomhoidí riaracháin á sholáthar againn freisin do scoileanna a bhfuil príomhoidí teagaisc mar aon le dhá rang speisialta nó níos mó acu faoi láthair.
“Le míonna beaga anuas thug mé cuairt ar scoileanna ar fud na tíre, bhuail mé le foirne agus daltaí, agus chuala mé na riachtanais a bhí acu. Tá an maoiniú don oideachas speisialta i 2022 os cionn an ceathrú cuid de bhuiséad caiteachais reatha na Roinne Oideachais. Is ionann seo agus méadú os cionn 50 faoin gcéad ó 2011. Is eol dúinn go raibh cúpla bliain dheacair ag daoine, go háirithe inár gcóras oideachais, agus is mian linn a chinntiú go mbíonn an tacaíocht a bhíonn de dhíth ar dhaoine amach anseo. Tá áthas orm go bhféadfaimis an infheistíocht seo a fháil do roinnt de na grúpaí is leochailí sa tsochaí agus leanfaidh mé orm ag gníomhú ar a son.”
Áirítear i measc an tsoláthair bhreise i mBuiséad 2022 do bhearta chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu:
• 980 post do mhúinteoirí nua, mar seo a leanas:
o Cuirfidh 620 de na poist nua tacaíocht bhreise ar fáil do leanaí atá ag freastal ar ranganna príomhshrutha lena n-áirítear scoileanna nua agus méadaithe
o Soláthróidh 360 de na poist oscailt 287 ranganna speisialta nua a chuirfidh os cionn 1,700 áit nua agus 140 áit scoile speisialta nua ar fáil i 2022
• 1,165 post CRS don bhunscoil agus don iar-bhunscoil araon, mar seo a leanas:
o 574 chun tacú le daltaí i ranganna speisialta nua
o 46 chun tacú le daltaí in áiteanna scoileanna speisialta nua
o 545 chun tacú le daltaí i ranganna príomhshrutha
Mar thoradh air sin, beidh líon na ranganna speisialta ar an líon is airde riamh, díreach os cionn 2,400 i scoileanna na tíre.
• Tá acmhainní faighte chun tacaíochtaí bainistíochta a mhéadú do scoileanna speisialta agus do scoileanna a bhfuil ranganna speisialta iontu. Beidh scoileanna le príomhoide teagaisc, agus a bhfuil dhá rang speisialta nó níos mó oscailte acu, nó scoileanna speisialta le príomhoidí teagaisc, i dteideal príomhoide riaracháin anois.
Tacaíochtaí don Léitheoireacht agus don Litearthacht
• Cuirfear maoiniú €20 milliún ar fáil do leabhair, closleabhair agus ábhair léitheoireachta eile chun na huirlisí agus na tacaíochtaí litearthachta atá ar fáil do leanaí i scoileanna a mhéadú. Cuirfear an maoiniú deontais seo ar fáil do scoileanna i 2022.
An Sceideal Foirne Bunscoile
• Ag tógáil ar an dul chun cinn le blianta beaga anuas, tá an Buiséad seo tar éis an sceideal foirne bunscoile a laghdú tuilleadh faoi phointe amháin, rud a fhágann go bhfuil sé ag leibhéal íseal nach bhfacthas cheana ag 24:1 i mbunscoileanna. Tá ráta níos ísle i bhfeidhm i mbunscoileanna DEIS, áit a gcuirfear laghdú pointe amháin i bhfeidhm freisin. Ceapfar 350 múinteoir breise chun tacú leis na bearta seo.
Caipitíocht d’Iar-Bhunscoileanna Deonacha
• Tá maoiniú caipitíochta breise á leithdháileadh ar mheánscoileanna deonacha sa scéim saoroideachais, chun neamhréireachtaí stairiúla i maoiniú caipitíochta ag leibhéal na hiar-bhunscoile a cheartú.
Tacaíochtaí Treorach agus Laethanta Saor ó Theagasc
• Leanfar leis an tacaíochtaí breise do threoirmhúinteoirí agus do laethanta saor ó theagasc do cheannairí scoile.
Iompar Scoile
• Cuirfear €30 milliún ar fáil chun infheistíocht a mhéadú sa scéim iompair scoile.
An Clár Caipitíochta
• Faoi Tionscadal Éireann 2040, beidh infheistíocht chaipitil thart ar €4.4 billiún san iomlán á fháil ag an earnáil oideachais sa tréimhse 2021-2025. Cruthaíonn an infheistíocht shuntasach seo deis dúinn dul ar aghaidh go diongbháilte lenár bpleananna uaillmhianacha agus tionscadail tógála ar ardchaighdeán a sholáthar, ina mbíonn fócas dáiríre ar inbhuanaitheacht, do phobail scoile ar fud na hÉireann.
• Déantar pleanáil agus buiséadú caipitil ar bhonn ilbhliantúil. Éascóidh an leithdháileadh €792m do 2022 rolladh amach láidir leanúnach tionscadal tógála scoile agus bearta eile mar atá leagtha amach thíos.
• Éascóidh maoiniú €52m eile a ceadaíodh faoin bPlean Náisiúnta Téarnaimh agus Teacht Aniar (NRRP) dhá thionscadal san earnáil oideachais le hinfheistíocht fhoriomlán €63.5m do 2021 agus 2022 le gá le €52.3m i 2021. I 2021, Eiseofar maoiniú €50m NRRP do scoileanna chun tacú leis na foghlaimeoirí atá acu is mó atá i mbaol míbhuntáiste oideachais de bharr easpa rochtana ar bhonneagar digiteach cuí agus dá réir sin dul i ngleic leis an deighilt dhigiteach. Tá mionsonraí na scéime á bhforbairt agus tá sé mar aidhm an maoiniú seo a eisiúint sa bhliain reatha. Cuirfidh an chuid eile den mhaoiniú bonn faoin tionscadal chun leathanbhanda ardluais a sholáthar do bhunscoileanna nach bhfuil san áireamh sa Phlean Náisiúnta Leathanbhanda nó le soláthar tráchtála. Tá an tionscadal tosaithe agus tá sé beartaithe é a chríochnú faoi dheireadh 2022.
• Íocfar deontas €20 milliún le scoileanna d’acmhainní litearthachta i 2022.
• Déanfar €30m breise a leithdháileadh ar rolladh amach feabhsaithe tionscadal faoi scéim Oibreacha Samhraidh 2022. Éascóidh an maoiniú breise seo, sa bhreis ar an ngnáthchlár €35m, clár foriomlán €65m don scéim oibreacha samhraidh. Fógrófar mionsonraí na dtionscadail seo go luath i mí na Nollag 2021 chun tréimhse mhaith ama a thabhairt do scoileanna chun na tionscadail a sholáthar sa samhradh 2022.
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá mionsonraí an bpríomhbheart i mBuiséad na Roinne Oideachais ar fáil anseo
Samhail aitheantais DEIS
Faoi láthair tá 884 ag baint leasa as an gclár DEIS.
Tá scoileanna DEIS incháilithe do raon tacaíochtaí a dhíríonn ar dhul i ngleic le míbhuntáiste oideachais, lena n-áirítear poist bhreise teagaisc sa seomra ranga, poist chomhordaitheoirí teagmhálaithe baile is scoile, maoiniú deontais DEIS agus rochtain an Chláir Críochnaithe Scoile.
Tá tiomantas sa Chlár Rialtais an tsamhail nua aitheantais DEIS a chur i gcrích, ag cinntiú go leathnófar stádas DEIS chuig scoileanna a fhreastalaíonn ar an líon is airde daltaí atá i mbaol míbhuntáiste oideachais.
Ceadóidh an infheistíocht €18 milliún (costas bliana iomlán €32 milliún) i mBuiséad 2022 an clár DEIS a leathnú chuig scoileanna breise.
Tagann an pacáiste seo i ndiaidh saothar fairsing oibre a rinneadh ar an samhail aitheantais DEIS. Chuimsigh sé seo anailís chuimsitheach, a rinne grúpa teicniúil DEIS, ar ghnéithe chun an tsamhail aitheantais DEIS a bheachtú agus próiseas comhairliúcháin tosaigh ag an Roinn Oideachais leis na comhpháirtithe oideachais.
Sna seachtainí amach romhainn tarlóidh tuilleadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara ábhartha chun comhpháirteanna na samhla a leagan amach sula gcuirfear i bhfeidhm é. Is é an aidhm ná a chinntiú, a mhéid is féidir, gur féidir leis an tsamhail cur chuige oibiachtúil agus neamhspleách a sholáthar chun scoileanna a fhreastalaíonn ar thiúchan ard daltaí atá i mbaol míbhuntáiste oideachais a aithint.
Príomhoidí Riaracháin i Scoileanna Speisialta/Scoileanna beaga le dhá rang speisialta nó níos mó
Faoi láthair tá thart ar 36 scoil le príomhoide teagaisc a bhfuil dhá rang speisialta nó níos mó acu i 2021/22 mar aon le ceithre scoil speisialta le príomhoidí teagaisc.
Cuirfidh soláthar na bpost riaracháin do phríomhoidí sna 40 scoil seo go suntasach leis na tacaíochtaí bainistíochta atá ar fáil sna scoileanna sin.
CRÍOCH