English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fóram tionscnaimh um Chorpoideachas á oscailt ag an Aire Byrne – 'Oideachas ag Bogadh'

Tá an tAire Stáit Spóirt agus Corpoideachais, Thomas Byrne TD, ag oscailt an chéad Fhóraim um Chorpoideachas i Staid Aviva i mBaile Átha Cliath inniu (Déardaoin).

Tugann an Fóram páirtithe leasmhara ó gach cearn den chorpoideachas le chéile, lena n-áirítear múinteoirí, ceannairí scoile, mic léinn, acadóirí agus lucht déanta beartas, chun scrúdú a dhéanamh ar conas is féidir gníomhaíocht choirp a thabhairt isteach san fhoghlaim sa seomra ranga.

Cuirfidh an Tánaiste Michéal Martin TD an spreagaitheasc ar fáil ag an bhFóram agus beidh trí phlé painéil ann le saineolaithe i réimsí an Chorpoideachais, an spóirt agus na gníomhaíochta coirp, lena n-áirítear:

· Jason Smyth, Parailimpeach na hÉireann agus Bainisteoir Straitéise ag Parailimpigh Éireann;

· An tOllamh Catherine Woods, Stiúrthóir an Ionaid Taighde um Ghníomhaíocht Choirp don tSláinte i gColáiste na hOllscoile, Luimneach;

· Michael Darragh Macauley, Comhordaitheoir Spóirt & Folláine Pobail i Lár na Cathrach Thoir Thuaidh, múinteoir bunscoile agus iar-pheileadóir le Baile Átha Cliath;

· Karen Cotter, Comhordaitheoir Náisiúnta Chlár na Brataí Scoile Gníomhaí;

· Dalton Tattan, Ard-Rúnaí Cúnta sa Roinn Oideachais;

· Sarah O'Brien, Ceann Chlár Bia Sláintiúil agus Maireachtáil Ghníomhach FSS;

· An Dr Wesley O'Brien, Léachtóir Sinsearach sa Chorpoideachas agus san Eolaíocht Chóitseála i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh;

· Brenda O'Donnell, Príomhfheidhmeannach Active Disability Ireland;

· Shari Irfan, Uachtarán Aontas Mac Léinn Dara Leibhéal na hÉireann,

· Benny Cullen, Stiúrthóir Taighde agus Nuálaíochta ag Spórt Éireann agus

· An Dr Joao Costa, Léachtóir le hOideolaíocht Spóirt i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh

Is é Reachtaire an Fhóraim Láithreoir Spóirt RTÉ, Jacqui Hurley. Tar éis don Fhóram a bheith tugtha chun críche, foilseofar tuarascáil ar a thorthaí.

Dúirt an tAire Byrne:

"Tá an-bhród orm an chéad Fhóram corpoideachais a sheoladh inniu. Cuirim fáilte mhór roimh an spreagaitheasc ón Tánaiste Michéal Martin TD a leagann béim ar thiomantas láidir an Rialtais don chorpoideachas. Tugann an Fóram mic léinn, múinteoirí, saineolaithe oideachais, agus páirtithe leasmhara ó gach cearn d'Éirinn le chéile ar mhaithe le dea-chleachtas a roinnt agus ár n-uaillmhianta don todhchaí a leagan amach. Tá sé an-tábhachtach na scileanna is gá dóibh a bheith gníomhach go fisiciúil ar feadh a saoil a thabhairt dár ndaoine óga.

"Trí ghluaiseacht a thabhairt isteach sa seomra ranga, is féidir linn cabhrú le rannpháirtíocht ar feadh an tsaoil i ngníomhaíocht choirp a fhorbairt. Tríd an bhFóram atá againn inniu, fiosróimid cad atá á dhéanamh cheana féin i bpobail ar fud na tíre agus cad eile is féidir a dhéanamh chun 'Oideachas ag Bogadh' a thabhairt chun beatha inár seomraí ranga agus leibhéil gníomhaíochta coirp a mhéadú do chách."

Dúirt an Tánaiste Michael Martin,

"Tá an-áthas orm a bheith i láthair ag an gcéad Fhóram corpoideachais inniu in éineacht leis an Aire Stáit Spóirt, Thomas Byrne. Bhí an t-oideachas agus an spórt araon ina bpaisean fadsaoil agam agus creidim, mar shochaí, go gcaithfimid béim a chur ar rochtain a bheith ag gach páiste ar ghníomhaíocht choirp agus a bheith páirteach inti.

"Tugann an Fóram seo deis iontach dúinn breathnú ar an obair dhearfach atá á déanamh ar fud an chórais oideachais chun páistí a chur páirteach san aclaíocht fhisiciúil, agus machnamh a dhéanamh ar an méid is mó is féidir linn a dhéanamh chun rannpháirtíocht níos mó a spreagadh."