English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Faomhadh na Comh-Aireachta faighte ag an Aire Foley do théacs an Bhille um Thacaíochtaí do Mharthanóirí Mí-Úsáide in Institiúidí Cónaithe

D'éirigh leis an Aire Oideachais, Norma Foley TD, faomhadh na comh-aireachta a fháil inniu (Dé Máirt) do théacs an Bhille um Thacaíochtaí do Mharthanóirí Mí-Úsáide in Institiúidí Cónaithe.

Forálann an Bille do phacáiste tacaíochtaí leanúnacha do mharthanóirí mí-úsáide in institiúidí cónaithe i réimsí lena n-áirítear sláinte, abhcóideacht agus oideachas agus leanann sé próiseas comhairliúcháin le marthanóirí agus le grúpaí marthanóirí thar roinnt blianta, lena n-áirítear Fóram Comhairleach faoi stiúir marthanóirí, éascaithe go neamhspleách.

Dúirt an tAire Foley:

"Tuigeann an rialtas ar fad go rímhaith an tráma ollmhór a d'fhulaing gach duine a tháinig slán ó mhí-úsáid, lena n-áirítear iad siúd in institiúidí cónaithe. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh a fhios ag marthanóirí go bhfuil an rialtas ag freagairt go láidir. Inniu, d'fhaomh an Chomh-aireacht an reachtaíocht a chumasóidh tabhairt isteach pacáiste nua de thacaíochtaí leanúnacha i réimsí lena n-áirítear sláinte agus oideachas, lena n-áirítear rochtain ar 'chártaí leighis feabhsaithe' agus deontais chun cabhrú le dul i mbun breisoideachais nó ardoideachais."

Tá 'cárta leighis feabhsaithe' san áireamh sa phacáiste feabhsaithe tacaíochtaí agus seirbhísí sláinte do dhaoine a tháinig slán ó mhí-úsáid institiúideach sa bhille. Is é seo an pacáiste céanna tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do mharthanóirí ó na Neachtlanna Maigdiléanacha faoin scéim na Neachtlann Maigdiléanach agus atá le cur ar fáil d'iarchónaitheoirí na nInstitiúidí Máithreacha agus Naíonán agus na dTithe Altranais Contae faoi Scéim Íocaíochta na nInstitiúidí Máithreacha agus Naíonán.

Beidh marthanóirí atá ina gcónaí thar lear in ann leas a bhaint as íocaíocht €3,000 in ionad an chárta leighis feabhsaithe chun tacú lena riachtanais sláinte. Is é seo an cur chuige céanna a glacadh maidir leis an Scéim Íocaíochta d'Institiúidí Máithreacha agus Naíonán.

Foráiltear sa bhille freisin do dheontais do mharthanóirí chun cabhrú leo dul i mbun breisoideachais nó ardoideachais. Beidh na híocaíochtaí seo sa bhreis ar aon deontais SUSI a bhféadfadh marthanóirí a bheith ina dteideal agus cinnteoidh an scéim freisin nach mbeidh ar mharthanóirí Táille Ranníocaíochta an Mhic Léinn a íoc sa chás go mbeadh feidhm leis sin murach sin.

Chun na tacaíochtaí sláinte agus oideachais seo a chur ar fáil, beidh gá leis an mbille nua a rith agus tá sé seo á chur chun cinn mar thosaíocht, d'fhonn na tacaíochtaí seo a chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe ón dara leath den bhliain seo.

Go dtí seo, tá thart ar €1.5 billiún caite, lena n-áirítear íocaíochtaí sásamh agus tacaíochtaí eile do mharthanóirí tríd an mBord Sásamh d'Institiúidí Cónaithe (RIRB), an Bord Airgeadais Oideachais agus Bord an Chiste Reachtúil d’Institiúidí Cónaihte, ar a dtugtar Caranua de ghnáth. Chuir Caranua tacaíochtaí maoinithe de €98 milliún ar fáil do thart ar 6,000 marthanóir. Tá a chiste, a chuir na cuallachtaí ábhartha ar fáil tar éis fhoilsiú Thuarascáil Ryan in 2009, ídithe anois agus mar chuid den aistriú seo go dtí céim nua de thacaíochtaí leanúnacha, tá Caranua á fhoirceannadh anois.

Bhí an Roinn Oideachais i mbun próiseas comhairliúcháin le marthanóirí agus le grúpaí marthanóirí thar roinnt blianta, lena n-áirítear Fóram Comhairleach faoi stiúir marthanóirí a éascaítear go neamhspleách.

Bhuail an tAire Foley le marthanóirí tríd an bhFóram Comhairliúcháin i mí Feabhra chun éisteacht lena dtuairimí faoi scéim ghinearálta an bhille agus chun buíochas a ghabháil leo as a rannpháirtíocht, a dtiomantas agus as an léargas agus an taithí a roinn siad agus iad ag glacadh páirte ina chuid oibre.

Leagadh béim i dtuarascáil an Fhóraim ar na dúshláin atá roimh mharthanóirí maidir le rochtain ar sheirbhísí poiblí a nascleanúint. Ina theannta sin, d'aithin sé go raibh géarghá le comharthaíocht agus abhcóideacht chun rochtain réidh ar gach seirbhís ábhartha a éascú. Mar fhreagra ar an riachtanas sin, d'fhostaigh an Roinn eagraíocht neamhspleách abhcóideachta, Sage Advocacy, chun seirbhísí tacaíochta faisnéise agus abhcóideachta a fhorbairt chun cabhrú le marthanóirí aonair dul i dteagmháil le seirbhísí agus tacaíochtaí ábhartha agus rochtain a fháil orthu. Tá an obair chun an tseirbhís seo a chur i bhfeidhm faoi lán seoil cheana féin agus tá Sage Advocacy ag plé le grúpaí agus eagraíochtaí ábhartha chun feasacht a chur chun cinn maidir lena hinfhaighteacht.


Nótaí d’Eagarthóirí

Sonraí teagmhála do Sage Advocacy

• Gréasán: https://sageadvocacy.ie/

• Ríomhphost: info@sageadvocacy.ie

• Fón: 01-5367330