Filleadh céimnithe ar ghnáth-thorthaí na hArdteistiméireachta fógartha ag an Aire Foley, dáta deimhnithe do thorthaí na hArdteistiméireachta 2024
- Foilsithe: 17 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Dheimhnigh an tAire Oideachais, Norma Foley TD, inniu go gcuirfear tús le filleadh de réir a chéile ar ghnáth-thorthaí na hArdteistiméireachta in 2025. I gcás scoláirí in 2024, ní bheidh aon athrú ann ón mbliain seo caite agus beidh na gráid ag fanacht ag an leibhéal céanna ar an meán.
Ciallaíonn sé seo, mar a tharla le 2022 agus 2023, go leanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) de choigeartú iarmharcála a chur i bhfeidhm tar éis na marcála go léir ar scrúduithe na hArdteistiméireachta a bheith chríochnaithe chun a chinntiú go sroichfidh na gráid san iomlán na leibhéil chuí.
Ón mbliain seo chugainn ar aghaidh, cuirfidh CSS coigeartú iarmharcála i bhfeidhm a thabharfaidh torthaí foriomlána na hArdteistiméireachta go dtí pointe a bheidh tuairim is leath bealaigh idir leibhéal 2020 agus 2021.
Beidh leibhéal na gcoigeartuithe ar scrúduithe agus ar mheasúnú sna blianta tar éis 2025 agus an amlíne chun deireadh de réir a chéile a chur le coigeartú iarmharcála bunaithe ar thaithí 2025.
Dúirt an tAire Foley:
"Mar a aithnítear go forleathan, ní mór dúinn torthaí comhiomlána a thabhairt ar ais i dtreo na leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim. Mar sin féin, i bhfianaise an chur isteach ar theagasc agus ar fhoghlaim do mhic léinn, bhí sé ceart torthaí foriomlána a choinneáil ag an leibhéal reatha le dhá bhliain anuas trí choigeartú iarmharcála. Is ceart é sin a dhéanamh arís in 2024, mar nach raibh raibh deis ag formhór na scoláirí i mbliana scrúduithe na Sraithe Sóisearaí a dhéanamh ós rud é go mbeadh an tSraith Shóisearach críochnaithe ag formhór na ndaltaí atá ag déanamh scrúduithe na hArdteistiméireachta in 2024 in 2021.
"Ní mór dúinn, le himeacht ama, filleadh ar na gnáthshocruithe do thorthaí na hArdteistiméireachta, agus trí laghdú measartha, de réir a chéile a dhéanamh ar leibhéal an choigeartaithe iarmharcála a chuirtear i bhfeidhm, déanfaimid an tionchar ar scoláirí a íoslaghdú a mhéid is féidir.
"Is féidir liom a dheimhniú go gcuirfear tús leis an bpróiseas chun torthaí na hArdteistiméireachta a thabhairt ar ais chuig na leibhéil ag a raibh siad roimh an bpaindéim do scoláirí 2025 agus gur próiseas de réir a chéile a bheidh ann, ag teacht le mo ghealltanas nach mbeadh aon athrú tobann á dhéanamh maidir le filleadh ar thorthaí roimh an bpaindéim.
"Ciallaíonn sé sin go mbeidh cleachtadh coigeartaithe iarmharcála fós ann in 2025 a fhéachfaidh leis an tsraith fhoriomlán torthaí comhiomlána a thabhairt go dtí pointe nach bhfuil níos ísle ná tuairim is leath bealaigh idir leibhéil 2020 agus 2021. Cé go mbeidh siad níos ísle ná torthaí 2024, meastar go mbeidh na torthaí comhiomlána in 2025 ar a laghad 5.5 pointe céatadáin ar an meán os cionn leibhéil 2019."
Tar éis deimhniú a fháil maidir le coigeartú iarmharcála a chur i bhfeidhm ar shraith fhoriomlán na dtorthaí in 2024, thug CSS le fios inniu go bhfuil sé i gceist acu torthaí Ardteistiméireachta 2024 a eisiúint Dé hAoine an 23 Lúnasa. Dúirt an tAire Foley: "Tá lúcháir orm gur cheadaigh a soiléiriú seo do CSS a dheimhniú go bhfuil sé i gceist acu torthaí na hArdteistiméireachta in 2024 a eisiúint Dé hAoine an 23 Lúnasa, rud a fhágann go bhfuil cinnteacht ann do scoláirí na bliana seo."
D'fhógair an tAire Foley chomh maith inniu go leanfaidh na coigeartuithe measúnaithe reatha don Ardteistiméireacht atá i bhfeidhm do scoláirí in 2024 de bheith i bhfeidhm in 2025.
Dúirt an tAire Foley:
"Is féidir liom a dheimhniú go bhfanfaidh na coigeartuithe measúnaithe reatha atá i bhfeidhm le dhá bhliain anuas agus arís i mbliana i bhfeidhm in 2025. Mar sin, leanfaidh scoláirí de bheith ag baint tairbhe as na coigeartuithe sin, lena n-áirítear rogha níos fearr sna scrúduithe, rud a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú ar an leibhéal is airde."
Tá fáilte curtha ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Patrick O'Donovan TD, roimh an soiléirí atá curtha ar fáil i bhfógra an lae inniu.
Dúirt sé:
"Aithnímid na dúshláin a bhain leis an bpaindéim dár ndaoine óga trína dtaithí scoile agus, go deimhin, ní raibh deis ag cohórt na bliana seo fiú a gcuid scrúduithe don tSraith Shóisearach a dhéanamh.
"In ainneoin na ndeacrachtaí a bhí rompu, d'fhreagair an córas oideachais agus ár ndaoine óga go hiontach, ag déanamh a mbealaigh trí an domhan fíorúil go minic chun a chinntiú go bhféadfadh scoláirí a gcuid aislingí agus spriocanna gairme a bhaint amach go fóill.
"Ach tá sé tábhachtach go dtosófaí ar na socruithe speisialta a tugadh isteach mar fhreagairt ar COVID-19 a scaoileadh, agus fáiltím roimh an soiléiriú a thugann fógra an Aire Foley inniu. Ní mór dúinn machnamh a dhéanamh ar an tionchar a atá ag na hathruithe ar scoláirí Ardteistiméireachta san am a caitheadh agus sa todhchaí. Táimid tosaithe anois ar an mbóthar chun na coigeartuithe sin a scaoileadh.”
Dheimhnigh an tAire Foley freisin, maidir leis an tSraith Shóisearach, go bhfanfaidh na coigeartuithe measúnaithe atá i bhfeidhm ó 2022 maidir le Measúnú Rangbhunaithe do scoláirí a bheidh ag tabhairt faoin tSraith Shóisearach in 2025 agus 2026. Eiseofar treoir do scoileanna ina leith sin in am trátha, bunaithe ar thorthaí an Staidéir Fhadaimseartha ar an gCreat don tSraith Shóisearach, a choimisiúnaigh CNCM, a bhfuiltear ag súil go mbeidh sé críochnaithe go déanach in 2024.
Nótaí d'Eagarthóirí
Tugadh méadú ar an tsraith fhoriomlán torthaí faoi deara in Éirinn agus go hidirnáisiúnta tar éis idirghabhálacha a bhaineann leis an bpaindéim. In Éirinn, mar thoradh ar chur i bhfeidhm na nGrád Ríofa in 2020 agus na nGrád Creidiúnaithe in éineacht le scrúduithe in 2021, bhí torthaí foriomlána comhiomlána, arna dtomhas ar an scála ilchodach, leibhéal-choigeartaithe, ag ardú 4.4 pointe céatadáin in 2020, agus 2.6 pointe céatadáin eile in 2021, nó thart ar 7 bpointe céatadáin níos airde ná iad siúd in 2019.
D'fhonn a chinntiú nach mbeadh scoláirí a raibh tionchar ag an paindéim Covid orthu faoi mhíbhuntáiste maidir le rochtain ar bhreisoideachas agus ardoideachas, thug an tAire Foley gealltanas nach bhfeicfí aon athrú tobann ann ó thaobh shraith iomlán thorthaí na hArdteistiméireachta. Tá dhá chineál idirghabhála curtha i bhfeidhm le blianta beaga anuas.
Is é an chéad cheann díobh seo ná coigeartuithe ar na socruithe scrúdaithe agus measúnaithe. Cuireann siad sin le láidreachtaí na scoláirí trí struchtúr foriomlán eolach na scrúduithe a fhágáil slán, agus rogha bhreise a chur san áireamh do dhaltaí sna scrúduithe. I gcásanna áirithe, soláthraíonn na bearta coigeartaithe níos mó ama don teagasc trí, mar shampla, obair ullmhúcháin do scrúduithe praiticiúla a laghdú.
Is é an dara hidirghabháil ná Coimisiún na Scrúduithe Stáit a bheith ag feidhmiú coigeartú iarmharcála ar na marcanna a baineadh amach tríd an ngnáthphróiseas marcála in 2022 agus 2023 araon. Chinntigh an coigeartú iarmharcála seo go raibh na torthaí comhiomlána mar an gcéanna ar an meán ó 2021 i leith.
Bhí údar maith leis an gcur chuige seo i bhfianaise an chur isteach leanúnach ar an bhfoghlaim a bhí ag scoláirí mar thoradh ar phaindéim COVID-19. Mar sin féin, ag teacht leis an gcur chuige a glacadh i ndlínsí comharsanacha, tá sé tráthúil anois filleadh ar ghnáththorthaí na hArdteistiméireachta a phleanáil agus deireadh a chur de réir a chéile leis an gcoigeartú iarmharcála.
Tá soiléireacht maidir le próisis agus amlínte thorthaí na hArdteistiméireachta ríthábhachtach chun aistrithe réidhe a chinntiú do scoláirí chuig roghanna iarscoile, agus chun pleanáil a chumasú san earnáil oideachais threasaigh.
Tá sé beartaithe go gciallóidh coigeartú iarmharcála in 2025 go meastar go mbeidh na torthaí comhiomlána 5.5 pointe céatadáin ar a laghad ar an meán os cionn leibhéil 2019.
Próiseas de réir a chéile a bheidh ann, ag teacht le gealltanas an Aire Foley nach mbeadh aon athrú tobann ann maidir le filleadh ar thorthaí roimh an bpaindéim.
Nuair a bheidh próiseas scrúduithe 2025 (lena n-áirítear marcáil, coigeartú iarmharcála agus soláthar torthaí tar éis aon achomhairc) críochnaithe, déanfar athbhreithniú ar an taithí chun an cur chuige don bhliain dár gcionn a chinneadh.
Maidir le scrúduithe agus coigeartuithe measúnaithe, in 2024 agus 2025 beidh siad seo mar an gcéanna leis an gceann a cuireadh i bhfeidhm ar scrúduithe Stáit in 2023, ach déanfar iad a nuashonrú de réir mar is cuí. Eiseofar sonraí faoi na socruithe measúnaithe coigeartaithe do gach tuairisceoir ábhair/modúil san Ardteistiméireacht Bhunaithe, san Ardteistiméireacht Fheidhmeach, i nGairmchlár na hArdteistiméireachta agus i gcláir na Sraithe Sóisearaí chuig scoileanna in am trátha, agus iarrfar ar scoileanna a chinntiú go gcuirtear gach scoláire ar an eolas faoi na hathruithe seo.