English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an Chigireacht 'Dearcthaí ar Iompar Bulaíochta (2023): An chéad cheann i sraith de chúig thuarascáil bhliantúla

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 19 Meitheamh 2024
  • An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025

D'fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais inniu 'Dearcthaí ar Iompar Bulaíochta (2023): An chéad cheann i sraith de chúig thuarascáil bhliantúla, 2023-2027’.

Tá an tuarascáil bunaithe ar fhreagraí suirbhé a chuir líon suntasach rannpháirtithe ó 106 scoil i gcrích idir bhunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus scoileanna speisialta, lena n-áirítear 2,346 leanbh agus duine óg, 3,378 tuismitheoir, 812 múinteoir agus 64 príomhoide.

Soiléirítear sna cinntí go bhfeictear scoileanna mar thimpeallachtaí dearfacha den chuid is mó ag tuismitheoirí, múinteoirí agus scoláirí, cé go bhfuil dúshláin fós ann, go háirithe san iar-bhunoideachas ina mbraitheann líon suntasach scoláirí (beagnach aon trian) nach bhfuil fáilte rompu. Léirigh go leor scoláirí iar-bhunscoile imní faoi éifeachtacht scoileanna maidir le hiompar bulaíochta a bhainistiú.

Aithnítear bearna shuntasach sa tuarascáil maidir leis na deiseanna foghlama comhoibríocha a sholáthraítear do leanaí agus daoine óga agus a gcuid rannpháirtíochta i mbeartas ar fud earnálacha éagsúla scoile, agus is lú an bhaint a bhíonn ag scoláirí iar-bhunscoile leis.

Tugtar breac-chuntas sa tuarascáil ar roinnt straitéisí a shainaithin ceannairí scoile a bhfuil tionchar acu ar iompar bulaíochta a chosc agus aghaidh a thabhairt air, lena n-áirítear athbhreithnithe bliantúla beartais le rannpháirtíocht leathan, feabhsuithe ar thimpeallachtaí fisiciúla scoile, agus teagasc dírithe ar scileanna sóisialta agus iompar measúil ar líne. Cuirtear béim freisin ar mhonatóireacht agus maoirseacht chomhsheasmhach le linn uaireanta scoile mar rud ríthábhachtach chun iompar bulaíochta a íoslaghdú.

Sainaithnítear sa tuarascáil an gá atá le tacaíocht níos spriocdhírithe do scoláirí atá i mbaol agus rannpháirtíocht feabhsaithe scoláirí i straitéisí coiscthe bulaíochta. Éilítear inti go ndéanfar iniúchtaí cuimsitheacha ar thimpeallachtaí scoile agus go gcuirfear curaclaim i bhfeidhm go hiomlán a thacaíonn leis an Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS), go háirithe ag leibhéal na hiar-bhunscoile.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley TD:

"Táim tiomanta a chinntiú gur féidir le gach leanbh agus duine óg inár scoileanna foghlaim i dtimpeallacht atá saor ó bhulaíocht agus eagla. Tugann an tuarascáil seo léargas luachmhar dúinn; agus leagtar béim inti ar iarrachtaí inmholta ár scoileanna timpeallachtaí measa agus sábháilteachta a chothú. Is ábhar misnigh dom go háirithe na céimeanna réamhghníomhacha atá glactha ag scoileanna chun beartais chuimsitheacha frithbhulaíochta a ionchorprú agus chun scoláirí a mhealladh i bhfoghlaim iompar measúil ar líne.

"Leagtar béim sa tuarascáil freisin ar an ngá atá le feabhsú leanúnach. Is léir, cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta againn, go bhfuil go leor oibre fós le déanamh. Glacaimis leis an tuarascáil seo mar mheabhrúchán ar ár bhfreagrachtaí agus mar threoir dár n-iarrachtaí leanúnacha chun a chinntiú gur timpeallachtaí foghlama sábháilte, ionchuimsitheacha agus tacúla iad ár scoileanna do gach leanbh agus duine óg.

"Táim muiníneach go leanfaidh cur i bhfeidhm leanúnach na ngníomhartha in Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar Bhulaíocht, trína chur chuige oideachais uile, ag cur le folláine ár leanaí agus ár ndaoine óga go léir."

Dúirt an Príomhchigire Yvonne Keating:

"Tugann an tuarascáil seo léargas ríthábhachtach ar an dul chun cinn agus ar na dúshláin a bhaineann le hiarrachtaí ár scoileanna iompar bulaíochta a chosc agus aghaidh a thabhairt air. Is údar misnigh é an dul chun cinn dearfach a rinneadh maidir le timpeallachtaí foghlama measúla a chruthú. Mar sin féin, léiríonn an t-aiseolas, go háirithe ó na scoláirí iar-bhunscoile a d'fhreagair an suirbhé, go bhfuil gá le gníomh níos comhbheartaithe. Táimid tiomanta do léargais na tuarascála seo a úsáid chun ár ról cigireachta agus comhairleach a threorú chun a chinntiú go mbraitheann gach scoláire sábháilte agus go bhfuil meas orthu.”

Déantar roinnt moltaí sa tuarascáil do scoileanna chun iompar bulaíochta a chosc agus aghaidh a thabhairt air a thuilleadh. Ina measc tá:

  • Ba chóir do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí leanaí aonair agus daoine óga a bhféadfadh tacaíocht spriocdhírithe a bheith de dhíth orthu a aithint go gníomhach.
  • Ba cheart do scoileanna leanúint d'iarrachtaí chun gníomhaíochtaí ábhartha éagsúla a chur ar fáil le linn tréimhsí áineasa.
  • Ba cheart do scoileanna fíordheiseanna a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga gcumas gníomhúcháin a fheidhmiú maidir le hiompar bulaíochta.
  • Ba cheart do cheannairí scoile, tar éis dul i gcomhairle le leanaí agus le daoine óga, iniúchadh a eagrú ar thimpeallacht fhisiciúil a scoile.
  • Ba chóir do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí a chinntiú go gcuirtear an Curaclam Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Sláinte (OSPS) i bhfeidhm ina iomláine.
  • Ba chóir do mhúinteoirí iar-bhunscoile a chinntiú go bhfoghlaimíonn scoláirí faoi iompar bulaíochta ar bhealach atá freagrúil do riachtanais na scoláirí.
  • Ba chóir do mhúinteoirí iar-bhunscoile a chinntiú go bhfaigheann scoláirí deiseanna rialta oibriú i gcomhar lena gcomhscoláirí.
  • Ba chóir do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí a chinntiú go bhfuil sé de chumhacht ag leanaí agus daoine óga iompar bulaíochta a aithint agus a bheith muiníneach as a bheith ar an eolas faoi conas tuairisc a thabhairt agus tacaíocht a lorg nuair a theastaíonn sé uathu.
  • Ba cheart do scoileanna oibriú chun feabhas a chur ar a nósanna imeachta chun imní faoi iompar bulaíochta a thuairisciú chun a chinntiú go mbraitheann leanaí agus daoine óga go bhfuil siad in ann tuairisciú a dhéanamh, agus go bhfreagraíonn scoileanna go héifeachtach do na tuairiscí sin.

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo

Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig inspectorate@education.gov.ie.

Dearcthaí ar Iompar Bulaíochta (2023)
Leis an bPlean Gníomhaíochta Cineáltas, tugann an Chigireacht tiomantas tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú agus eolas a bhailiú ó pháirtithe leasmhara éagsúla. Déantar achoimre ar léargais scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí agus príomhoidí in tuarascáil 2023 ar éifeachtacht straitéisí frithbhulaíochta i scoileanna na hÉireann.
Amharc amharc