English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Foley agus an tAire Naughton Tuarascáil ar an Suirbhé Náisiúnta Cúntóirí Riachtanas Speisialta

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 24 Meitheamh 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhoilsigh an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Hildegarde Naughton TD an Tuarascáil ar an Suirbhé Náisiúnta Cúntóirí Riachtanas Speisialta inniu.

Agus an chéad Phlean Forbartha Fórsa Saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta riamh á ullmhú, d’iarr an Roinn Oideachais na tuairimí ón bhfórsa saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta ar nithe atá ábhartha dá ról.

Tugtar le fios sa suirbhé gur ann d’fhórsa saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta atá dea-cháilithe agus a bhaineann an-sásamh as an bpost, ach a bhfuil strus air freisin mar gheall ar an ról túslíne atá aige. Léirítear i dtorthaí an tsuirbhé gur ann, tríd is tríd, do chaidreamh dearfach idir freagraithe agus baill foirne scoile, lena n-áirítear príomhoidí, múinteoirí, agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta eile. Mar sin féin, thuairiscigh beagnach leath na gCúntóirí Riachtanas Speisialta a ndearnadh suirbhé orthu nach bhfaigheann siad aon aiseolas ar a bhfeidhmíocht.

Dúirt an tAire Foley:

“Mar Aire Oideachais, táim lántiomanta chun oibriú leis na páirtithe leasmhara go léir chun tacú le córas oideachais a sholáthar atá cuimsitheach, oscailte agus fáilteach do chách. Is céim shuntasach eile é seo, san obair thábhachtach leanúnach ar phlean forbartha lucht saothair na Cuntóirí Riachtanas Speisialta, foilsiú na tuarascála seo ar shuirbhé náisiúnta Cúntóirí Riachtanas Speisialta. Táim buíoch do na Cúntóirí Riachtanas Speisialta ar fad a ghlac an t-am chun páirt a ghlacadh sa suirbhé agus gabhaim buíochas leo as an obair ríthábhachtach a dhéanann siad gach lá, chun cabhrú le leanaí agus le daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.’

Ag fáiltiú di roimh an tuarascáil ar an suirbhé, dúirt an tAire Naughton:

“Tosaíocht agamsa is ea an t-eispéireas scoile is fearr a sholáthar do leanaí a bhfuil riachtanas speisialta oideachais acu, agus soláthraíonn Cúntóirí Riachtanas Speisialta cúram agus tacaíocht atá tábhachtach do fhreastal na leanaí sin ar scoil agus dá rannpháirtíocht agus iad ar scoil. Tá sé ríthábhachtach éisteacht le Cúntóirí Riachtanas Speisialta maidir lena chinntiú go mbíonn forbairt a róil oiriúnach don fheidhm agus go gcomhlíonann sí riachtanais na leanaí a dtugann siad aire dóibh gach lá. Is cúis áthais ar leith dom gur ghlac níos mó ná aon trian de na Cúntóirí Riachtanas Speisialta ar fud na tíre páirt sa suirbhé; is léiriú é sin ar a gcuid fuinnimh agus léargais i ndáil le pleanáil chun cinn do na haistir oideachais a thógfaidh leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Cúntóirí Riachtanas Speisialta as an am a thóg siad amach as a sceideal gnóthach chun aiseolas a thabhairt do mo roinn agus, go deimhin, as gach a ndéanann siad dár leanaí ar fud na tíre.

“Leanfar ar aghaidh le dul i gcomhairle le geallsealbhóirí sna seachtainí agus sna míonna atá le teacht. Rud ríthábhachtach, áireofar leis sin caidreamh a dhéanamh le daltaí chun a chinntiú go léireofar guth an linbh sa phlean forbartha. Táim ag tnúth le meamram a leagan faoi bhráid an Rialtais go luath chun an t-eolas is deireanaí a thabhairt do mo chomhghleacaithe Comh-Aireachta ar an obair atá ar siúl ar an bPlean Forbartha Fórsa Saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta, a bhfuil sé beartaithe agam é a fhoilsiú an bhliain seo chugainn.”

Cuirtear i láthair sa tuarascáil anailís ar phríomh-shaintréithe agus príomhthreochtaí san fhórsa saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta i mbunscoileanna aitheanta, in iar-bhunscoileanna aitheanta agus i scoileanna speisialta aitheanta ar fud na hÉireann. Leis na fionnachtana agus leis an aiseolas eile ó gheallsealbhóirí, tacófar le pleanáil fhianaisebhunaithe agus le déanamh beartas fianaisebhunaithe san earnáil seo d’fhonn seirbhís bhreisithe Cúntóirí Riachtanas Speisialta a sholáthar.

I mbliana, chuir an Roinn Oideachais tús le hobair ar an gcéad Phlean Forbartha Fórsa Saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta riamh (an plean), agus é le cur i gcrích i mí Mheán Fómhair 2025. Leis na sonraí a bailíodh sa suirbhé agus leis an ionchur ó gheallsealbhóirí, tógfar léargas ar an bhfórsa saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta agus déanfar eolas don chinnteoireacht ar an bPlean Forbartha Fórsa Saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta.

Is féidir an Tuarascáil ar an Suirbhé Náisiúnta ar Chúntóirí Riachtanas Speisialta a rochtain thíos

Tuarascáil ar Shuirbhé Náisiúnta Cúntóirí Riachtanas Speisialta
Amharc amharc

Is féidir tuilleadh faisnéise faoin bPlean Forbartha Fórsa Saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta a rochtain anseo.

Nótaí don Eagarthóir

Ghlac an Roinn Oideachais cur chuige straitéiseach i leith forbairt beartais Cúntóirí Riachtanas Speisialta, agus é mar chuspóir leis forbairt a dhéanamh ar sheirbhís bhreisithe Cúntóirí Riachtanas Speisialta lena soláthrófar an toradh is fearr do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu inár scoileanna.

Tá an roinn ag obair faoi láthair ar an gcéad Phlean Forbartha Fórsa Saothair Cúntóirí Riachtanas Speisialta riamh a fhorbairt. Sa dá bhliain atá romhainn, tabharfar isteach leis an bplean sin forbairtí beartais faoi na cúig cheannteideal leathana seo a leanas lena dtabharfar soiléire agus treo don tseirbhís Cúntóirí Riachtanas Speisialta:

  • Colún 1 – Ról an Chúntóra Riachtanas Speisialta a athbhreithniú agus a fhorbairt, áit a bhfiosrófar ról agus dualgais an Chúntóra Riachtanas Speisialta.
  • Colún 2 – Creat Dearbhaithe Cáilíochta a bhunú chun struchtúir rialachais agus formhaoirseachta a sholáthar don earnáil.
  • Colún 3 – Clár Foghlama agus Forbartha Cúntóirí Riachtanas Speisialta a bhunú – chun rochtain a sholáthar ar dheiseanna níos cuí, níos dlisteanaí agus níos caoithiúla le haghaidh uasoiliúna agus athoiliúna.
  • Colún 4 – Tacú le hEarcú, Coinneáil agus Éagsúlacht Cúntóirí Riachtanas Speisialta – rud a mbeidh sé i gceist leis athbhreithniú a dhéanamh ar an gConradh Fostaíochta Cúntóirí Riachtanas Speisialta, treoirscéim ath-imlonnúcháin do Chúntóirí Riachtanas Speisialta a bhunú, agus éagsúlacht san earnáil a fhiosrú.
  • Colún 5 – Straitéis Cumarsáide a Cheapadh – chun cumarsáid agus comhoibriú éifeachtach leis na geallsealbhóirí uile a chinntiú agus chun a chinntiú go gcuirfear an ról chun cinn mar rogha ghairme.

Ar an iomlán, áireofar leis an bplean breithniú ar conas a bheidh ceannairí scoile, múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta in ann obair le chéile chun a chinntiú go dtacófar leo an tseirbhís is éifeachtaí a sholáthar do leanaí a bhfuil riachtanais shuntasacha chúraim acu inár scoileanna.

Forbrófar an plean i gcomhairle agus i gcomhoibriú le geallsealbhóirí, lena n-áireofar ceannairí scoile, múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta, agus deis á tabhairt do na páirtithe uile ionchur a sholáthar agus tuairimí a chomhroinnt ar fhorbairt agus treo na seirbhíse Cúntóirí Riachtanas Speisialta sa todhchaí.