English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire Foley Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027 agus fógraíonn sí íocaíocht €50 milliún de mhaoiniú deontais TFC do scoileanna

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 13 Aibreán 2022
  • An t-eolas is déanaí: 19 Bealtaine 2022

D’fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley TD., inniu, an 13 Aibreán, foilsiú na Straitéise Digití do Scoileanna go dtí 2027 agus íocaíocht €50 milliún i maoiniú deontais d’infreastruchtúr teicneolaíochta digití do gach bunscoil agus iar-bhunscoil aitheanta.

Mar thoradh ar an straitéis seo, déanfar dul chun cinn i gcur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí digiteacha ar fud an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe, ag tógáil ar an obair a rinneadh sna straitéisí roimhe seo. Tá sé mar aidhm ag an straitéis tacaíocht bhreise a thabhairt do chóras na scoile ionas gur féidir leis na scoláirí uile inár scoileanna ar fad an deis a fháil leis an eolas agus na scileanna a bhaint amach atá ag teastáil uathu chun a mbealach a dhéanamh go rathúil sa saol digiteach atá ag athrú de shíor.

Dúirt an tAire Foley:

“Tá sé ríthábhachtach go mbaineann ár gcóras scoile úsáid as an teicneolaíocht dhigiteach go héifeachtach, ionas go bhfoghlaimeoidh ár scoláirí na scileanna atá ag teastáil uathu dár saol comhaimseartha. Cuideoidh an straitéis seo atá á foilsiú agam inniu lenár bpobail scoile chun an teicneolaíocht dhigiteach a chur i bhfeidhm níos mó ar fud an teagaisc agus na foghlama, agus cuirfear infheistíocht leanúnach ar fáil chun an teicneolaíocht a fhorbairt i scoileanna.

“Tá na teicneolaíochtaí digiteacha mar chuid dár ngnáthshaol laethúil. Ní mór go mbeadh ár scoláirí ullmhaithe go hiomlán leis na príomhscileanna, scileanna digiteacha san áireamh, le cur ar a gcumas chun leas a bhaint as na deiseanna nua don fhoghlaim agus leis an méid is mó agus is féidir a bhaint amach ar a n-aistear oideachais. Dá réir sin, beidh siad in ann barr a gcumais a bhaint amach agus in ann a bheith rannpháirteach go hiomlán sa saol digiteach.

“Rinneadh dul chun cinn ollmhór le blianta beaga anuas, agus bhí tiomantas leanúnach ónár gceannairí agus múinteoirí scoile, a léirigh é seo cheana féin san úsáid mhéadaithe a bhaineann siad as teicneolaíochtaí digiteacha ina gcleachtas teagaisc go dtí anois. Bhí tuilleadh le foghlaim mar thoradh ar thaithí na scoileanna leis an gcianteagasc agus leis an gcianfhoghlaim i rith phaindéim Covid-19. Tacóidh an straitéis seo lenár scoileanna chun forbairt a dhéanamh agus glacadh níos mó leis an úsáid a bhaineann siad as teicneolaíochtaí digiteacha.”

Forbraíodh an straitéis seo tar éis próisis chomhairliúcháin a bhí fairsing leis na páirtithe leasmhara uile iomchuí. Chlúdaigh sé seo na scoláirí ag an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile, tuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí agus ceannairí scoile, chomh maith leis na comhpháirtithe oideachais, na hinstitiúidí oideachas tosaigh múinteoirí, grúpaí daoine faoi mhíchumas, eagraíochtaí neamhrialtais, an earnáil tionscail, comhghleacaithe an AE i líon ballstát agus na Ranna Rialtais ábhartha eile.

Dúirt an tAire Foley:

“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh leo siúd ar fad a ghlac an t-am le bheith rannpháirteach sa phróiseas comhairliúcháin. Bhí ról lárnach ag toradh na ngnéithe uile den phróiseas comhairliúcháin chun cur leis an bhforbairt ar an iomlán ar an straitéis nua. Tá sé an-tábhachtach dom go dtugtar an deis do na daoine uile agus go n-éistfear lena nguth, go háirithe do na scoláirí.

“Ionas go n-éireoidh le cur i gcrích na straitéise seo, beidh gá le comhoibriú agus rannpháirtíocht leanúnach ó na príomhpháirtithe leasmhara uile. Is cúis áthais dom go bhfuil san áireamh sa straitéis go mbunófar grúpa sainchomhairleachta agus grúpa tionscail a thabharfaidh cúnamh sa bhreis chun tacú le cur i bhfeidhm spriocanna na straitéise agus a chinnteoidh go mbeidh sí i réim ar feadh a saolré go dtí 2027.

“Trí infheistíocht leanúnach a dhéanamh, cinnteoimid go dtugtar an nascacht leathanbhanda oiriúnach do gach scoil, is cuma cén áit a bhfuil sí. Leanfaimid ag déanamh infheistíochta chun tacú le scoileanna a gcumas féin agus a n-infreastruchtúr teicneolaíochta digití a fhorbairt.

“Mar aitheantas ar an obair atá ar siúl ag leibhéal na scoile chun fáilte a chur roimh leanaí ón Úcráin agus chun na scoileanna a chur ar a gcumas chun tacú leis na leanaí sin, is féidir le scoileanna an maoiniú seo a úsáid freisin mar chuid den iarracht sin. D’fhéadfadh a bheith san áireamh anseo gléasanna a thabhairt ar iasacht do leanaí Úcránacha atá cláraithe sa scoil más gá, chomh maith leis na bogearraí, aipeanna agus uirlisí a chur ar fáil dóibh chun tacú lena gcuid foghlama.

“Agus muid ag bogadh ar aghaidh tar éis na paindéime, beidh sé tábhachtach an móiminteam a baineadh amach a choinneáil agus breathnú ar bhealaí nuálacha chun an teicneolaíocht dhigiteach a chur i bhfeidhm níos mó sa teagasc agus san fhoghlaim chun feabhas a chur ar thaithí fhoghlama digití na bhfoghlaimeoirí uile. Is príomhthacaíocht do scoileanna an maoiniú atá curtha ar fáil faoin gcéad Straitéis Dhigiteach eile san aistear sin.”

Tá spriocanna ardleibhéil na straitéise leagtha amach faoi thrí cholún, atá mar aidhm acu a chinntiú go bhfuil córas na scoile ullmhaithe do chur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí digiteacha sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú, agus go leanann sé ag déanamh dul chun cinn. Tugann siad freisin faoin gcuimsiú, tacú le leasuithe curaclaim, sábháilteacht ar líne, tacaíocht theicniúil agus cuirtear réimsí san áireamh lena meas, go háirithe teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, ina bhfuil gá le tuilleadh taighde a dhéanamh.

Fuair scoileanna an chéad íocaíocht chun tacú leis an straitéis a chur i bhfeidhm, arbh fhiú €50 milliún ar fud na scoileanna.

Méadaíodh buiséad caipitil na Roinne in 2021 chun íocaíocht luath den chéad sciar den mhaoiniú a éascú ón tiomantas iomlán faoin bPlean Forbartha Náisiúnta de €200 milliún thar shaolré na straitéise seo. Tá tábla iomlán den mhaoiniú seo leagtha amach thíos.

Tá an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027 agus na tuarascálacha a bhaineann léi ar fáil ar

https://www.gov.ie/en/publication/69fb88-digital-strategy-for-schools/

Eiseofar chuig scoileanna tar éis shos na Cásca an ciorclán ina leagtar amach na critéir a bhaineann leis an Scéim Deontais um Bonneagar Teicneolaíochta Digití na Straitéise Digití.


Nótaí d’Eagarthóirí:

An Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027

Forbraíodh an straitéis seo timpeall trí cholún, atá mar aidhm acu a chinntiú go bhfuil córas na scoile ullmhaithe do chur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí digiteacha sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú, agus go leanann sé ag déanamh dul chun cinn.

- Colún 1: Ag tacú leis na teicneolaíochtaí digiteacha a chur i bhfeidhm sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú

- Colún 2: Infreastruchtúr Teicneolaíochtaí Digiteacha

- Colún 3: Ag Féachaint ar an Todhchaí: polasaí, taighde agus ceannaireacht dhigiteach

Colún 1: Is é atá i gceist leis seo ná a chintiú go gcuirtear teicneolaíochtaí digiteacha i bhfeidhm sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú. Díríonn sé ar an mbealach is fearr is féidir tacú le múinteoirí agus le ceannairí scoile lena chinntiú go bhfuil na scileanna riachtanacha agus an mhuinín acu chun ár scoláirí a ullmhú leis an eolas agus leis na scileanna atá ag teastáil sa saol comhaimseartha. Tugann sé freisin faoi fhoghlaimeoirí agus na riachtanais atá acu, cuimsiú, pleanáil scoile, scileanna digiteacha agus inniúlachtaí agus an curaclam.

Colún 2: Díríonn an dara colún ar an teicneolaíocht í féin agus an nascachtc leathanbhanda i scoileanna. Leagtar amach ann an maoiniú atá geallta faoin NDP (Plean Forbartha Náisiúnta) agus cuirtear san áireamh ann freisin conas tacú le scoileanna le gléasanna digiteacha a cheannach agus a choinneáil chomh maith le teicneolaíocht eile lena mbaineann a cheannaítear trí chreataí soláthair agus trí réitigh fhéideartha eile ó thaobh an réimse thábhachtaigh a bhaineann le tacaíocht theicniúil.

Colún 3: Le go n-éireofar leis an straitéis seo a chur i bhfeidhm, beidh gá le hailíniú córais. I bhfianaise líon na bpolasaithe de chuid an AE agus an Rialtais a bhaineann leis an straitéis seo, tá an Roinn tiomanta chun cuidiú le scoileanna an caidreamh seo a thuiscint níos fearr. Chomh maith leis sin, féachann an colún seo ar an ngné thábhachtach maidir le sábháilteacht ar líne, saincheisteanna nua agus cinn a thagann chun cinn sa réimse teicneolaíochtaí digiteacha i gcúrsaí oideachais, an rannpháirtíocht le tuismitheoirí agus leis an bpobal scoile i gcoitinne chomh maith leis an tionscal.

I ngach colún tá spriocanna uileghabhálacha, a gheobhaidh tacaíocht sa bhreis le Plean Forfheidhmithe ina mbeidh níos mó mionsonraí. Beidh an chéad Phlean Forfheidhmithe ag rith ó 2022-2024. I dtreo dheireadh na céime seo déanfar athbhreithniú meántéarma chun bonn eolais a thabhairt don chéad Phlean Forfheidhmithe eile ó 2025-2027. Tá an chéad phlean á fhorbairt faoi láthair agus foilseofar é sna seachtainí amach romhainn.

Tá sé i gceist próisis agus nósanna imeachta maoirseachta agus tomhais oiriúnacha a fhorbairt leis an straitéis seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach. San áireamh anseo beidh grúpaí ábhartha á mbunú chun maoirseacht a chur ar fáil agus chun cur leis an gcur i bhfeidhm leanúnach thar shaolré na straitéise, lena n-áirítear forbairtí leanúnacha chun leas a bhaint as na teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

An Próiseas Comhairliúcháin

San áireamh sa phróiseas comhairliúcháin, bhí ceistneoir ar líne do phríomhoidí scoile, do mhúinteoirí agus do scoláirí, glaoch oscailte le haghaidh aighneachtaí, fócasghrúpaí le príomhoidí scoile, le múinteoirí agus le scoláirí (ó bhunscoileanna agus ó iar-bhunscoileanna), le hinstitiúidí ardoideachais a chuireann cláir oideachas tosaigh múinteoirí ar fáil, grúpaí daoine faoi mhíchumas, eagraíochtaí neamhrialtais agus an earnáil tionscail. Bhí 100 aighneacht i gceist a fuarthas faoin bpróiseas glaoch oscailte agus reáchtáladh 9 bhfócasghrúpa. Tá na tuarascálacha a bhaineann le gach ceann de na gnéithe den phróiseas comhairliúcháin ar fáil ar https://www.gov.ie/en/publication/69fb88-digital-strategy-for-schools/

Bunaíodh grúpa comhairleach freisin ar a raibh ionadaithe ó fhorais bhainistíochta na scoileanna, ó cheardchumainn na múinteoirí, ó fhorais ionadaíochta tuismitheoirí agus scoláirí agus ón tionscal chun cur le forbairt leanúnach na straitéise.

Chomh maith leis an bpróiseas comhairliúcháin fairsing, rinneadh tuarascáil a choimisiúnú a bhí ullmhaithe ag an Ollamh Deirdre Butler agus ag an Dr Margaret Leahy ina bhfuil anailís ar chur i bhfeidhm na straitéise roimhe seo san áireamh, agus leagtar béim ar réimsí lena meas le cur san áireamh sa straitéis nua. I dTreo Straitéise Comharbais don Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020: Tuarascáil Bhonnlíne, a thugtar ar an tuarascáil seo, agus ba ionchur an-tábhachtach iad na torthaí agus na saincheisteanna a ardaíodh sa tuarascáil seo i bhforbairt na straitéise digití.

Tá an tuarascáil ar fáil ar https://www.gov.ie/en/publication/69fb88-digital-strategy-for-schools/

Maoiniú

Tabharfar tacaíocht don straitéis trí infheistíocht chaipitil de thart ar €200 milliún thar a saolré faoi Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2030. Beidh ceannairí scoile, faoi threoir a bhfoirne foghlama digití, neamhspleách agus solúbtha go fóill sa chaoi a ndéanann siad infheistíocht ar an maoiniú seo, i bhfianaise thábhacht chomhthéacs gach scoile í féin. Ba chóir leanúint ar aghaidh go mbeidh an caiteachas ar aon dul le haidhmeanna agus spriocanna Phlean Foghlama Digití agus próisis Féinmheastóireachta Scoile na scoile. Chomh maith leis an maoiniú seo, tugann an Roinn maoiniú don Chlár Leathanbhanda Scoileanna ar chostas bliantúil de €13m chun nascacht leathanbhanda a chur ar fáil do scoileanna.

Maoiniú TFC de €50 milliún

Briseadh síos an mhaoinithe de réir Contae

Contae Líon na mBuncoileanna Maoiniú Líon na nIar-Bhuncoileanna Maoiniú Maoiniú Iomlán
Ceatharlach 44 €414,383 11 €325,376 €739,759
An Cabhán 76 €574,455 11 €312,938 €887,392
An Clár 112 €781,669 18 €468,692 €1,250,361
Corcaigh 356 €3,382,982 86 €2,278,309 €5,661,291
Dún na nGall 176 €1,149,496 27 €737,785 €1,887,281
Baile Átha Cliath 510 €7,115,804 188 €4,654,654 €11,770,458
Gaillimh 231 €1,735,401 46 €1,123,099 €2,858,500
Ciarraí 136 €937,282 26 €609,199 €1,546,481
Cill Dara 105 €1,452,289 29 €1,037,712 €2,490,000
Cill Chainnigh 75 €622,354 16 €437,023 €1,059,377
Laois 65 €600,122 10 €334,822 €934,944
Liatroim 37 €229,469 7 €147,164 €376,633
Luimneach 142 €1,250,540 28 €858,999 €2,109,540
An Longfort 38 €308,437 9 €223,958 €532,395
74 €886,571 18 €680,533 €1,567,104
Maigh Eo 160 €936,110 26 €582,131 €1,518,241
An Mhí 117 €1,361,484 24 €837,081 €2,198,564
Muineachán 62 €452,077 12 €302,301 €754,377
Uíbh Fhailí 68 €546,823 11 €347,321 €894,144
Ros Comáin 89 €508,263 9 €221,212 €729,475
Sligeach 68 €454,689 13 €273,133 €727,822
Tiobraid Árann 156 €1,101,009 30 €735,633 €1,836,642
Port Láirge 77 €764,076 17 €513,584 €1,277,660
An Iarmhí 77 €635,256 13 €440,972 €1,076,228
Loch Garman 103 €991,873 23 €712,865 €1,704,738
Cill Mhantáin 86 €929,313 25 €658,586 €1,587,899

Is é an maoiniú seo an chéad sciar den phacáiste iomlán maoinithe (€200m) don infreastruchtúr teicneolaíochta digití mar atá curtha ar fáil faoin Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027. Eisíodh na deontais seo go huathoibríoch chuig na scoileanna ar fad i mí na Nollag 2021, i dtaca le scoilbhliain 2021-2022.

I gcás bunscoile, is é a bheidh i gceist le deontas straitéise digití TFC ná bundeontas de €2,000 móide €41.10 do gach dalta príomhshrutha, €49.32 do gach dalta a bhfuil riachtanais speisialta aige nó aici atá ag freastal ar scoil speisialta nó atá ag freastal ar rang speisialta atá ceangailte le scoil phríomhshrutha, agus €45.21 do gach dalta i scoileanna DEIS (ón 30 Meán Fómhair 2020 ar aghaidh). Mar shampla, gheobhadh bunscoil ina bhfuil 60 dalta €4,466 agus gheobhaidh scoil ina bhfuil 300 dalta €12,330.

I gcás iar-bhunscoile, is é a bheidh i gceist leis an deontas TFC ná bundeontas €2,000 móide €49.32 do gach scoláire príomhshrutha agus €54.25 do gach scoláire i scoileanna DEIS (amhail ón 30 Meán Fómhair 2020). Gheobhadh scoil ina bhfuil 500 scoláire €26,660 agus gheobhadh scoil ina bhfuil 1,000 scoláire €51,320.

I gCiorclán 0027/2022, leagtar amach na riachtanais maidir leis an gcaiteachas faoin deontas seo. Is gá go mbeadh ardán foghlama digití i bhfeidhm ag scoileanna faoi Chiorclán 0074/2020. Mar thoradh ar an gciorclán seo, táthar in ann leithdháileadh breise a dhéanamh ar scoileanna DEIS chun freastal ar na dúshláin atá rompu chun tacú lena bhfoghlaimeoirí.

Faigheann iar-bhunscoileanna a ghearrann táillí maoiniú ag 50 faoin gcéad den ráta, is é sin cnapshuim de €1,000 agus €24.66 in aghaidh an duine.

An Plean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (NRRP)

D’fhorbair an Rialtas an Plean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta ionas gur féidir le hÉirinn rochtain a dhéanamh ar mhaoiniú faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta de chuid an AE. Táthar ag súil go bhfaighidh Éire níos mó ná €900 milliún i ndeontais thar shaolré na saoráide. Is í an tsaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an chuid is mó den NextGenerationEU, freagairt an Aontais Eorpaigh ar an bpaindéim dhomhanda. Is é an aidhm atá aici ná chun cuidiú leis an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta a tharla de bharr na paindéime a réiteach agus chun ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh na hEorpa i ndiaidh Covid a bheidh níos glaise, níos digitií, níos athléimní agus a bheidh in ann tabhairt faoin todhchaí.

Go déanach in 2021, eisíodh €50m de mhaoiniú deontais chuig na bunscoileanna, scoileanna speisialta agus iar-bhunscoileanna sa scéim oideachais saor in aisce, mar chuid den Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta. Is é atá i gceist leis an maoiniú seo ná idirghabhálacha ar leith a chur i bhfeidhm chun tacú leis na foghlaimeoirí sin atá i mbaol míbhuntáiste oideachais tríd an deighilt dhigiteach. Fuair scoileanna i gclár DEIS nuair eisíodh é (go déanach in 2021) dhá oiread an leibhéil mhaoinithe mar gheall ar líon an leibhéil atá faoi mhíbhuntáiste a bhí aitheanta ag an am sna scoileanna sin. Eisíodh an maoiniú go díreach chuig na scoileanna mar gurb é sin an áit is fearr chun riachtanais a bhfoghlaimeoirí a thuiscint agus a aithint.

Leathanbhanda

Cuireann an Roinn nascacht leathanbhanda ar fáil do gach bunscoil, scoil speisialta agus iar-bhunscoil trí Chlár Leathanbhanda na Scoileanna ar chostas bliantúil de thart ar €13m. Cuirtear nascacht 200 Mbps ar fáil do gach iar-bhunscoil mar ghnáthcheangal, agus tá roinnt díobh a fhaigheann suas go dtí 1 Gbps. Cuirtear uasdátuithe ar fáil do scoileanna bunaithe ar fhianaise faoin méid a úsáideann siad.

Tá cuid mhór bunscoileanna ar nascacht 100 Mbps nó ar nascacht níos fearr faoi láthair, agus is é tosaíocht luath atá sa straitéis ná nascacht ardluais a chur ar fáil do gach bunscoil faoi 2023. Bainfear é seo amach trí chur i bhfeidhm leanúnach Réimse Idirghabhála an Phlean Leathanbhanda Náisiúnta, soláthar tráchtála, agus do na scoileanna sin nach bhfuil sna catagóirí sin, tionscadal atá ar bun mar chuid de Phlean Náisiúnta na hÉireann um Théarnamh agus Athléimneacht atá maoinithe ag An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Príomhéachtaí áirithe a baineadh amach faoin Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020 a bhí ann roimhe seo

- Eisíodh €210 milliún i ndeontais infreastruchtúir chuig scoileanna

- Tá an Creat Foghlama Digití ar fáil do gach scoil, a fhaigheann tacaíocht ó chlár foghlama gairmiúla do mhúinteoirí (FGM)

- Foilsíodh treoirlínte um Pleanáil Foghlama Digití ar líne

- Tá réimse leathan de dheiseanna foghlama gairmiúla, lena n-áirítear modúil FGM idirdhealaithe, ar fáil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile maidir le húsáid éifeachtach na dteicneolaíochtaí digiteacha sna cleachtais teagaisc agus foghlama

- Forbairt atá déanta ag an FSGM (PDST) ar thacaíochtaí agus acmhainní fairsinge lena n-áirítear samplaí den dearbhú cáilíochta de chleachtas éifeachtach agus an-éifeachtach.

- Níos mó ná 23,000 acmhainn dhigiteacha atá clibeáilte mar acmhainní curaclaim ar ardchaigheán atá ar fáil ar www.scoilnet.ie

- Tacaíocht agus comhairle fhairsing do mhúinteoirí, tuismitheoirí agus scoláirí maidir le sábháilteacht ar líne ar fáil ar www.webwise.ie

- San áireamh sna sonraíochtaí curaclaim atá nua agus leasaithe, tá ráitis shoiléire a dhíríonn ar fhorbairt na scileanna foghlama digití agus úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha mar acmhainn chun torthaí ar leith a bhaint amach síos tríd an gcuraclam

- Tá scileanna litearthachta digiteacha fós á gcur chun cinn i gCreat na Sraithe Sóisearaí trí na hocht bPríomhscil (tá comhpháirt TFC/dhigiteach ag na scileanna ar fad) agus trí na Ráitis Foghlama

- An Ríomheolaíocht a thabhairt isteach mar ábhar Ardteistiméireachta

- Tá ‘Scileanna Digiteacha’ san áireamh anois mar phríomh-chomhpháirt de na cláir oideachas tosaigh múinteoirí

- Faoi Chlár Leathanbhanda na Scoileanna, tugann an Roinn maoiniú go díreach do sholáthar nascthachta leathanbhanda do scoileanna ar chostas bliantúil de thart ar €13m

- Ciste Barr Feabhais na Scoileanna – Mar thoradh ar thionscnamh digiteach, cumasaíodh bealaí cruthatheacha agus nuálacha leis na teicneolaíochtaí digiteacha a chur i bhfeidhm san fhoghlaim, sa teagasc agus sa mheasúnú. Fuair tuairim is 40 braisle de scoileanna, thar 200 scoil a bheag nó a mhór, tacaíocht d’infheistíocht €100m

- Tá leathanbhanda ardluais ag na hiar-bhunscoileanna uile, le nascacht luais de 200 Mbps ar a laghad agus roinnt díobh le luas de níos mó ná 1 Gbps.

- Tá obair ag leanúint ar aghaidh lena chinntiú go mbeidh luas nascachta ar a laghad de 100 Mbps nó níos mó ag gach bunscoil nó scoil speisialta faoi 2023.