Foilsíonn an tAire Foley Tuarascáil Athbhreithnithe Eatramhach agus Plean Forfheidhmithe go dtí 2026 de chuid Déanann Teangacha Nasc.
- Foilsithe: 28 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu (28ú Márta), d’fhoilsigh an tAire Oideachais Norma Foley TD an Tuarascáil Athbhreithnithe Eatramhach agus an Plean Forfheidhmithe go dtí 2026 le haghaidh Déanann Teangacha Nasc – Straitéis Náisiúnta na hÉireann do Theangacha Iasachta san Oideachas 2017 – 2026.
Mar atá leagtha amach sa tuarascáil, is iad seo a leanas roinnt de na príomhéachtaí a bhí ann go dtí seo:
• Ceithre ábhar theanga iasachta nua don Ardteistiméireacht a thabhairt isteach (Liotuáinis, Mandairínis, Polainnis agus Poirtaingéilis)
• Sonraíocht nua do Nuatheangacha Iasachta a chur i bhfeidhm don tSraith Shóisearach
• An méadú atá tagtha i líon na gCúntóirí Teangacha Iasachta in ár scoileanna ó 110 go 181
• An dul chun cinn atá déanta ar theangacha iasachta a thabhairt isteach ag leibhéal na bunscoile
• Rolladh amach an mhodúil samplach Cuir Fáilte Roimh Theangacha ag leibhéal na bunscoile
• Mar chuid den fheachtas um mhúscailt feasachta ar a dtugtar Déanann Teangacha Nasc, ambasadóirí teangacha a cheapadh agus an ócáid seachtaine #Thinklanguages do scoláirí na hIdirbhliana a chur ar siúl ina raibh 15,000 rannpháirteach i mí na Samhna 2023
• Maoiniú do mhalartuithe scoile, leabharlanna scoile, agus uas-sciliú teangacha do mhúinteoirí
• Córas de leithdháileadh breise chun éagsúlú an churaclaim teangacha a spreagadh
Is príomhghníomhaíocht í nuatheangacha iasachta a thabhairt isteach do ranganna sinsearacha ag leibhéal na bunscoile ar bhonn céimnithe ó mhí Mheán Fómhair 2025 sa Phlean Forfheidhmithe go dtí 2026 de chuid Déanann Teangacha Nasc. Tá an curaclam á fhorbairt ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus tá dréacht ar fáil faoi láthair le haghaidh comhairliúchán poiblí go dtí an 7ú Meitheamh 2024.
Tá forbairt an churaclaim nua á treorú ag an bhfoghlaim ó phríomhthionscnaimh lena n-áirítear modúl samplach ocht seachtaine Cuir Fáilte Roimh Theangacha do dhaltaí bunscoile. Tá tuairim is 1,210 bunscoil rannpháirteach anois sa tríú bliain den chlár seo ina dtugtar tacaíocht dóibh le Nuatheanga Iasachta dá rogha féin nó Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) a thabhairt isteach. Tá uas-sciliú na foghlama á reáchtáil ar bhonn píolótach faoin gclár seo mar chuid den phróiseas pleanálaí níos fadtéarmaí.
Dúirt an tAire Foley:
“Is í an teanga ceann amháin de na príomh-mhodhanna ina mbímid ag smaoineamh, ina léirimid ár smaointe, ina ndéanaimid cumarsáid agus nasc le daoine eile. Príomhthosaíocht don Rialtas is ea teagasc agus foghlaim na dteangacha iasachta agus is forbairt í a bhfuil an-fháilte roimpi iad a thabhairt isteach i gcuraclam na bunscoile, leis an bhféidearthacht le deiseanna dearfacha a chruthú do dhaoine aonair, don tsochaí agus don gheilleagar. Is cúis mhór áthais dom inniu, dá bhrí sin, an Tuarascáil Athbhreithnithe Eatramacha agus an Plan Forfheidhmithe go dtí 2026 de chuid Déanann Teangacha Nasc, a fhoilsiú.
“Ó tugadh isteach Déanann Teangacha Nasc in 2017, treoraíodh dul chun cinn suntasach i dteagasc agus i bhfoghlaim na dteangacha iasachta in Éirinn lena n-áirítear ceithre ábhar nua a thabhairt isteach don Ardteistiméireacht agus sonraíocht nua don tSraith Shóisearach. Músclaíodh feasacht shuntasach freisin maidir leis na buntáistí a bhaineann le teangacha a fhoghlaim.
“Ba mhór agam fáilte a chur roimh scoláirí Idirbhliana trasna na tíre go dtí an Roinn Oideachais i mí Eanáir don chraobh den chomórtas #ThinkLanguages a bhí ar siúl i rith seachtain #ThinkLanguages i mí na Samhna. Thaispeáin na scoláirí a ghlac páirt ann go raibh an-fhonn orthu teangacha iasachta a fhoghlaim agus léirigh siad na buntáistí éagsúla a chruthaíonn siad dúinn ar fad. Agus an Plean Forfheidhmithe go dtí 2026 foilsithe, cuideoidh sé seo lena chinntiú gur féidir le níos mó scoláirí a bheith páirteach sna deiseanna seo.”
Nóta don Eagarthóir
Plan Forfheidhmithe go dtí 2026 de chuid Déanann Teangacha Nasc
San áireamh sna gníomhaíochtaí sa Phlean Forfheidhmithe go dtí 2026, tá na cinn seo a leanas:
• Deiseanna a mhéadú don uas-sciliú teangacha do mhúinteoirí
• Líon na gcúntóirí teangacha iasachta inár scoileanna a mhéadú níos mó
• Deiseanna soghluaiseachta a chur chun cinn do scoláirí agus d’oideoirí lena n-áirítear trí Erasmus+
• Athbhreithniú ar ghearrchúrsaí Teangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí agus iniúchadh ar éagsúlú roghanna na dTeangacha Iasachta a d’fhéadfadh a bheith ann ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí
• An rannpháirtíocht a mhéadú i gcur chuige na Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) i dtreo teangacha a theagasc agus a fhoghlaim ar fud an leanúntais oideachais
• Tacaíochtaí breise a sholáthar do mhúinteoirí teangacha atá cáilithe lasmuigh de Phoblacht na hÉireann
• Cur leis an gcomhoibriú le hambasáidí iasachta agus leis an earnáil fiontraíochta ó thaobh foghlaim teangacha
• Leanúint ar aghaidh agus feasacht a mhúscailt agus na buntáistí a chur chun cinn a bhaineann le foghlaim teangacha lena n-áirítear tras-scileanna gaolmhara
Nuatheangacha Iasachta ag an Leibhéal Bunscoile
Tabharfar nuatheangacha iasachta isteach sna ranganna sinsearacha (rang 3 go rang 6) ag an leibhéal bunscoile ar bhonn céimnithe ó mhí Mheán Fómhair 2025. Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) i mbun curaclam a fhorbairt ina mbeidh samhail um fheasacht teanga do rang 3 agus do rang 4 ag tógáil ar na teangacha sa seomra ranga agus cuirfear cumas teanga leis i rang 5 agus i rang 6. Tá an dréachtchuraclam NTI ar fáil faoi láthair le haghaidh comhairliúchán poiblí go dtí an 7ú Meitheamh 2024: Comhairliúchán 2024 - CNCM
Agus nuatheangacha iasachta á dtabhairt iseach, d’fhéadfadh socruithe eatramhacha a bheith i gceist le haghaidh roinnt scoileanna lena n-áirítear, mar shampla, ag obair le teagascóirí ar cuairt (cúntóirí teangacha iasachta, múinteoirí iar-bhunscoile, soláthraithe príobháideacha etc) chun tacú le scoileanna sna céimeanna tosaigh. Chomh maith leis sin, is é a bheidh i gceist ná an PPLI agus Oide ag déanamh forbartha ar acmhainní. Tá mionphleanáil ar bun faoi láthair maidir le tacaíochtaí scoile, forbairt acmhainní, oiliúint múinteoirí, FGL agus uas-sciliú teangacha.
Cuir Fáilte Roimh Theangacha
Sa mhodúl Cuir Fáilte Roimh Theangacha, áirítear blaiseadh a thabhairt do mhúinteoirí agus do dhaltaí faoi cad atá i gceist le teangacha breise a chomhtháthú isteach in éineacht le Béarla agus Gaeilge.
Sa chomhthéacs seo, is é is aidhm le Cuir Fáilte Roimh Theangacha:
- Feasacht a chothú i measc daltaí faoi raon na dteangacha a úsáideann a bpiaraí ina scoileanna agus ina bpobail, lena n-áirítear Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, a d’fhéadfadh cuidiú le cuimsiú níos mó agus tuiscint níos fearr ar an éagsúlacht sa tsochaí
- An líon a dhéanann teangacha ag an leibhéal iar-bhunscoile a spreagadh
- Deiseanna a chur ar fáil do leibhéil mhéadaithe de chomhoibriú i measc phobal na scoile maidir le teangacha agus cultúir a cheiliúradh
- Tacú le cur i bhfeidhm Item was unpublished or removed
I measc na dteangacha iasachta a roghnaigh scoileanna i rith na trí bliana de Cuir Fáilte Roimh Theangacha, bhí na cinn seo a leanas: Araibis, Fraincis, Gearmáinis, Eabhrais, Iodáilis, Seapáinis, Liotuáinis, Mandairínis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Spáinnis, Tamailis agus Úcráinis.
Ar áit thiomnaithe den suíomh gréasáin Déanann Teangacha Nasc (https://languagesconnect.ie/primary/), tá an t-ábhar uile a bhaineann leis an modúl thar na trí théarma den scoilhbliain, lena n-áirítear liosta de níos mó ná 1,200 scoil rannpháirteacha. Is féidir rochtain a dhéanamh ar na hacmhainní teagaisc agus foghlama ón suíomh gréasáin agus tá siad ar fáil as Gaeilge freisin, a bhuí leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG). San áit ina bhfuil ceisteanna coitianta, cuirtear soiléireacht ar fáil maidir le fiosruithe a thagann aníos go minic.
Cuireann Teangacha Iar-bhunscoile Éireann (PPLI) seisiúin oiliúna ar fáil do na múinteoirí/teagascóirí uile a sheachadann an modúl, agus déantar seisiúin eolais a éascú freisin do mhúinteoirí agus ionadaithe scoile eile atá á reáchtáil. Cuirtear pacáistí um múscailt feasachta amach chui na scoileanna rannpháirteacha freisin chun cur leis na hacmhainní teagaisc.