English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn Cigireacht ‘Clár samhraidh 2023: Muinín agus naisc a chothú do leanaí agus do dhaoine óga: Torthaí ó chigireachtaí agus ó chuairteanna leantacha.’

Inniu, d’fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais tuarascáil théamach ar eispéiris leanaí agus daoine óga a ghlac páirt i gclár samhraidh in 2023. Seo í an tríú tuarascáil Chigireachta i sraith de thrí thuarascáil a dhíríonn ar chuimsiú, rannpháirtíocht agus gafacht leanaí agus daoine óga san oideachas.

Sa tuarascáil atá foilsithe inniu cuirtear i láthair na torthaí ó 94 cuairt chigireachta ar chláir samhraidh agus ó 32 cuairt leantach, a rinneadh i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2023, ar scoileanna a ndearnadh cigireacht ar a gclár samhraidh i rith an tsamhraidh. Dírítear aird sa tuarascáil ar an gcaoi ar bhain na leanaí agus daoine óga taitneamh as an gclár samhraidh agus ar an gcaoi a thacaigh sé leo nuair a d’fhill siad ar scoil i mí Mheán Fómhair. Tugtar faoi deara sa tuarascáil an méadú suntasach ar líon na leanaí agus na ndaoine óga atá rannpháirteach sa chlár ó cuireadh tús leis in 2021. Treisítear an gá atá ann leanúint le spreagadh a thabhairt don oiread scoileanna agus is féidir chun clár samhraidh a thairiscint in 2024. Cuirtear roinnt moltaí i láthair sa tuarascáil freisin chun tacú le cuimsiú, rannpháirtíocht agus gafacht leanaí agus daoine óga san oideachas.

Leagtar béim sa tuarascáil ar ghnéithe tábhachtacha den chlár samhraidh:

Rannpháirtíocht agus gafacht a éascú: Ó cuireadh tús leis an gclár in 2021, tá méadú os cionn deich míle tagtha ar an líon leanaí agus daoine óga a ghlacann páirt i gclár samhraidh, agus tá méadú os cionn caoga faoin gcéad tagtha ar líon na scoileanna speisialta a ghlacann páirt sa chlár. Aithnítear sa tuarascáil obair na scoileanna maidir le tosaíocht a thabhairt mar is ceart do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, agus dóibh siúd atá i mbaol míbhuntáiste oideachais, le haghaidh áiteanna ar an gclár. Aithnítear sa tuarascáil freisin go bhfuil an Roinn Oideachais i dteagmháil faoi láthair le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear ionadaithe earnáil na scoileanna speisialta, chun cur tuilleadh in 2024 le líon na scoileanna speisialta a bhfuil clár á thairiscint acu. Tá an Chigireacht tiomanta leanúint ar aghaidh ag obair leis na páirtithe leasmhara go léir chun an cuspóir tábhachtach seo a bhaint amach.

Taitneamh as an bhfoghlaim: Cruthaigh an clár samhraidh deiseanna do leanaí agus do dhaoine óga chun foghlaim i dtimpeallacht nach raibh chomh foirmiúil céanna leis an taithí a bhíonn acu le linn na scoilbhliana. Léiríodh sa tuarascáil seo gur cothaíodh ardleibhéal taitnimh i mbeagnach gach clár trí ghníomhaíochtaí mar chócaireacht, ceol, ealaín agus ceardaíocht, spóirt, drámaíocht mar aon le turais agus cuairteanna oideachasúla éagsúla. Aithnítear sa tuarascáil an tábhacht a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seo chun muinín na leanaí agus na ndaoine óga a neartú agus a muintearas lena scoil a threisiú.

Tacú le leanaí agus daoine óga ar fhilleadh ar scoil dóibh: Thacaigh a rannpháirtíocht sa chlár samhraidh le leanaí agus daoine óga nuair a d’fhill siad ar scoil i mí Mheán Fómhair. Tagraítear sa tuarascáil do chairdeas níos leithne, aistrithe níos suaimhní, dearcthaí feabhsaithe i leith na scoile agus, do chuid acu, tinreamh feabhsaithe mar bhuntáistí ar leith den chlár.

Tacú le tuismitheoirí agus teaghlaigh: Labhair go leor tuismitheoirí, go háirithe tuismitheoirí leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, le cigirí faoin gcaoi ar thacaigh an clár samhraidh leo agus lena dteaghlaigh. Áiríodh leis na tacaíochtaí fios a bheith acu go raibh a leanbh in ann páirt a ghlacadh i gclár samhraidh lena bpiaraí agus i dtimpeallacht a raibh taithí acu uirthi.

Leanaí agus daoine óga agus a dtuismitheoirí a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí pleanála: Bhí baint ag leanaí agus daoine óga le gníomhaíochtaí an chláir samhraidh a phleanáil in os cionn 85 faoin gcéad de na cláir. Ní raibh an bhaint chéanna ag tuismitheoirí le pleanáil an chláir agus bhí éagsúlachtaí i leibhéil rannpháirtíochta na dtuismitheoirí trasna na scoileanna.

Tuairisciú ar dhul chun cinn leanaí agus daoine óga: Ní raibh ach líon beag scoileanna a raibh modhanna foirmiúla acu chun tuairisciú do thuismitheoirí agus don scoil ar dhul chun cinn a leanaí agus a ndaoine óga le linn samhraidh.

Cuirtear trí phríomh-mholadh i láthair sa tuarascáil agus iad deartha chun cuimsiú, rannpháirtíocht agus gafacht leanaí agus daoine óga a ghlacann páirt i gclár samhraidh a fheabhsú tuilleadh.

• Ba cheart go gcuimseodh gach clár samhraidh raon gníomhaíochtaí atá deartha chun inniúlachtaí foghlama ardoird leanaí agus daoine óga a ghlacann páirt sa chlár a fhorbairt. (Áirítear le hinniúlachtaí foghlama ardoird cumas machnamh a dhéanamh ar an bhfoghlaim, mothú úinéireachta ar an bhfoghlaim agus spreagadh chun foghlama).

• Ba cheart go n-áireofaí i ngach clár modhanna oiriúnacha agus praiticiúla chun rannpháirtíocht éifeachtach tuismitheoirí a chur chun cinn sa chlár samhraidh.

• Ba cheart go mbeadh córas i bhfeidhm i ngach clár samhraidh chun a chinntiú go gcomhlánaítear tuairisc achomair, scríofa ar dhul chun cinn gach linbh agus duine óig ag deireadh gach cláir. Ba chóir an tuairisc seo a chur ar fáil do thuismitheoirí agus don scoil nuair a bhíonn a rannpháirtíocht sa chlár samhraidh thart.

Ag foilsiú na tuarascála, dúirt an Príomhchigire, Yvonne Keating, ‘Aithnítear sa tuarascáil seo an iliomad buntáistí a bhaineann le rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga ar chlár samhraidh. I measc na mbuntáistí, áirítear dearcadh feabhsaithe i leith na scoile, féinmhuinín méadaithe agus caidrimh níos láidre leis an bhfoireann agus le piaraí. Aithnítear freisin fiúntas an chláir samhraidh do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí. Tá moltaí na tuarascála deartha chun cuimsiú, rannpháirtíocht agus gafacht leanaí agus daoine óga sa chlár samhraidh a mhéadú tuilleadh. Leanfaidh an Chigireacht ag obair leis na páirtithe leasmhara go léir chun an cuspóir tábhachtach seo a bhaint amach.’

D’fháiltigh an tAire Oideachais, Norma Foley TD, roimh fhoilsiú na tuarascála, agus í ag rá

“Is iontach ar fad a thabhairt faoi deara go bhfuil méadú go 10,000 tagtha ar an líon leanaí atá ag glacadh páirte sa chlár samhraidh ó cuireadh tús leis trí bliana ó shin. Tá sé mar uaillmhian agam go bhfreastalófar ar níos mó leanaí fós, agus dá réir sin táim tiomanta do mholtaí na tuarascála seo a chur i bhfeidhm.

“Is léir dom go bhfuil an soláthar samhraidh do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus dóibh siúd atá i mbaol míbhuntáiste oideachais lárnach chun cothromas deiseanna a chinntiú san oideachas agus rannpháirtíocht a chothú san oideachas agus san fholláine.

“Is mór agam freisin obair na foirne ar an gclár samhraidh chun an nascacht agus muintearas lena scoil a mhothaíonn leanaí agus daoine óga a neartú. Tá súil agam go dtabharfaidh torthaí na tuarascála seo spreagadh breise do scoileanna eile clár samhraidh a thairiscint in 2024.”

D'fháiltigh an tAire Stáit don Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Josepha Madigan, TD, chomh maith roimh an tuarascáil Cigireachta, ag rá; 'léiríonn an tuarascáil seo go soiléir go bhfuil rannpháirtíocht i gclár samhraidh thar a bheith dearfach do pháistí agus do dhaoine óga le riachtanais oideachais speisialta agus dá dteaghlaigh, agus gur thacaigh sé go mór leo nuair a d’fhill siad ar an scoil i mí Mheán Fómhair. Is cúis athais ar leith dom go raibh an clár samhraidh ar fáil in os cionn leath na scoileanna speisialta i 2023, méadú 50% ar 2022, agus gur thug na scoileanna príomhshrutha tús áite do rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga i ranganna speisialta don chlár. Tá mé tiomnaithe do chomhoibriú lenár gheallshealbhóirí chun líon na scoileanna a thairscíonn an clár samhraidh a mheadú a thuilleadh don todhchaí.'

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ag: https://www.gov.ie/en/collection/inspectorate-publications-evaluation-reports-guidelines/#corporate-reports

Foilsíodh an chéad tuarascáil, ‘Cáilíocht an Oideachais le hAghaidh Leanaí agus Daoine Óga ón Úcráin’(ar fáil anseo) ar an Déardaoin 15 Feabhra. Foilsíodh an dara tuarascáil, ‘Freastal a dhéanamh ar Riachtanais Bhreise Teanga – Cuir Chuige Scoile Uile agus Ranga i dTaca le Foghlaim Ionchuimsitheach Teangacha: Torthaí ó chigireachtaí Bunscoile agus Iar-bhunscoile ar BTB’ (ar fáil anseo) ar an Déardaoin 22 Feabhra.

Chun tuilleadh eolais a fháil seol ríomhphost le do thoil chuig i nspectorate@education.gov.ie .

CRÍOCH

Tuilleadh eolais faoi na tuairiscí cigireachta téamacha

1. An Clár Samhraidh

• Ó 2021 i leith, tugann an Roinn Oideachais deis do gach bunscoil agus iar-bhunscoil phríomhshrutha agus do gach scoil speisialta clár samhraidh scoilbhunaithe a thairiscint.

• Is é aidhm an chláir rannpháirtíocht freastal ar leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus iad siúd atá i mbaol míbhuntáiste oideachais, i rith laethanta saoire an tsamhraidh.

• Tá sonraí iomlána an chláir, lena n-áirítear na treoirlínte a chuirtear ar fáil do scoileanna, ar fáil anseo.

2. An líon scoileanna a chuir clár ar fáil in 2023

• Chuir míle, céad is a cúig scoil an clár samhraidh ar fáil in 2023.

• Chuir breis agus daichead faoin gcéad de na scoileanna speisialta go léir, beagnach tríocha faoin gcéad de na bunscoileanna go léir agus beagán os cionn fiche faoin gcéad de na hiar-bhunscoileanna go léir clár samhraidh ar fáil.

3. An méadú ar líon na leanaí agus na ndaoine óga a ghlacann páirt ar an gclár

• Tá méadú os 10,000 tagtha ar líon na leanaí agus na ndaoine óga a ghlacann páirt i gclár samhraidh ó cuireadh tús leis an gclár in 2021.

• Is méadú iomlán 72 faoin gcéad é seo.

• Tá an méadú is mó le tabhairt faoi deara in earnáil na bunscoile; bhain beagnach 5,000 leanbh breise ó bhunscoileanna leas as an gclár in 2023 ná mar a tharla in 2022.

4. Na cigireachtaí agus na cuairteanna leantacha

• Rinneadh na cigireachtaí i mí Iúil agus Lúnasa 2023. Scrúdaigh cigirí na réimsí seo a leanas nuair a thug siad cuairt ar an gclár samhraidh:

o obair eagraí an chláir maidir le pleanáil agus ullmhú don chlár

o an chaoi a tugadh tosaíocht do leanaí agus do dhaoine óga

o eispéiris foghlama agus a mhéid a bhí leanaí agus daoine óga agus a dtuismitheoirí páirteach i bpleanáil na ngníomhaíochtaí seo

o pleananna i bhí i bhfeidhm chun tuairisc a thabhairt don scoil ar dhul chun cinn leanaí agus daoine óga

o gnéithe de na nósanna imeachta um chosaint leanaí agus frithbhulaíochta a bhí i bhfeidhm

• Rinneadh na cuairteanna leantacha i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna 2023. Le linn na gcuairteanna sin bhailigh cigirí dearcthaí ar an gcaoi a thacaigh rannpháirtíocht sa chlár leis na leanaí agus na daoine óga nuair a d'fhill siad ar an scoil agus an chaoi ina bhféadfaí an clár a fheabhsú.

• Le linn na gcuairteanna leantacha seo bhí cruinnithe grúpa ag cigirí le:

o leanaí agus daoine óga a ghlac páirt sa chlár samhraidh

o tuismitheoirí leanaí agus daoine óga a ghlac páirt

o príomhbhaill foirne a bhí gafa leis an gclár

5. Torthaí na chéad tuarascála téamach: ‘Cáilíocht an Oideachais le hAghaidh Leanaí agus Daoine Óga ón Úcráin.’

Léiríonn an tuarascáil a foilsíodh an Déardaoin 15 Feabhra ar cháilíocht an oideachais do leanaí agus do dhaoine óga ón Úcráin go leor láidreachtaí maidir leis an soláthar:

• Bhí eispéiris teagaisc agus foghlama leanaí agus daoine óga ón Úcráin go maith nó go han-mhaith i níos mó ná trí cheathrú de na seachtó a hocht scoil.

• Bhí bearta ar leith i bhfeidhm ag beagnach gach scoil chun leanaí agus daoine óga agus a dtuismitheoirí a chur san áireamh i bpobal na scoile.

• Chuir beagnach gach bunscoil agus iar-bhunscoil leanaí agus daoine óga ón Úcráin i ranganna a bhí oiriúnach dá n-aois. Is toradh an-dearfach é seo mar tá socrúchán leanaí agus daoine óga ón Úcráin i ranganna aois-oiriúnach lárnach dá gcuimsiú go héifeachtach i saol na scoile.

• In os cionn seachtó faoin gcéad de na scoileanna bhí sé beartaithe ag gach duine óg ón Úcráin sa tríú bliain agus sa séú bliain scrúduithe na Sraithe Sóisearaí agus na hArdteistiméireachta a dhéanamh.

Dhírigh an tuarascáil aird ar thrí shaincheist ar leith ar gá aghaidh a thabhairt orthu chun rannpháirtíocht agus gafacht leanaí agus daoine óga na hÚcráine a mhéadú i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Is iad sin:

• Spreagadh breise do thuismitheoirí leanaí réamhscoile ón Úcráin chun soláthar Luathfhoghlama agus Cúraim (LFC) a rochtain

• Monatóireacht chúramach ar thinreamh scoile leanaí agus daoine óga ón Úcráin agus gníomhú chun tinreamh a fheabhsú nuair is gá

• Faisnéis chruinn, inrochtana agus soiléir a sholáthar ar chonair dul chun cinn agus tacaíocht mhaoinithe do dhaoine óga ón Úcráin ar mian leo staidéar breise a dhéanamh agus/nó dul ar aghaidh chuig saol na hoibre.

Tá an tuarascáil ar cháilíocht an oideachais do leanaí agus do dhaoine óga ón Úcráin ar fáil anseo.

6. Torthaí na dara tuarascála téamach: ‘Freastal a dhéanamh ar Riachtanais Bhreise Teanga – Cuir Chuige Scoile Uile agus Ranga i dTaca le Foghlaim Ionchuimsitheach Teangacha’

Léiríonn an tuarascáil a foilsíodh an Déardaoin 22 Feabhra go leor láidreachtaí sa soláthar do leanaí agus daoine óga atá ag foghlaim Béarla mar theanga bhreise (BTB). Aithnítear ann freisin roinnt réimsí tábhachtacha don fheabhsúchán:

• Bhí cáilíocht an mheasúnaithe go maith nó go han-mhaith i ndíreach os cionn leath de na hochtó a trí bhunscoil agus iar-bhunscoil a ndearnadh meastóireacht orthu; bhí sé níos lú ná sásúil i mbeagnach aon cheathrú de na scoileanna.

• Bhí struchtúir scoile-uile go maith nó go han-mhaith ag beagnach seasca faoin gcéad de na scoileanna chun tacú le BTB; bhí na struchtúir seo níos lú ná sásúil i mbeagnach aon chúigiú de na scoileanna.

• Bhí cáilíocht an teagaisc agus na foghlama i suíomhanna príomhshrutha an-mhaith i gceathair déag faoin gcéad de na scoileanna; bhí sé measartha nó lag i mbeagnach seacht déag faoin gcéad de na scoileanna.

• Bhí baint theoranta ag na hochtó a trí scoil leis na tacaíochtaí neamhtheagaisc atá ar fáil chun tacú le BTB. D’iarr díreach os cionn an tríú cuid de na scoileanna tacaíocht ó Oide (an tseirbhís tacaíochta do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile) agus bhí thart ar an cúigiú cuid de na scoileanna bainteach leis na hábhair tacaíochta a chuir an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus Integrate Ireland Language and Training (IILT) ar fáil.

Seo a leanas roinnt de na príomh-mholtaí:

• Ba chóir go n-úsáidfeadh múinteoirí príomhshrutha agus múinteoirí ábhair níos mó cineálacha cur chuige teagaisc chun príomhtheanga a bhaineann go sonrach le hábhar a threisiú agus ba chóir do mhúinteoirí i róil tacaíochta idirghabhálacha atá nasctha go díreach leis an gcuraclam agus atá ailínithe le spriocanna teanga an linbh nó an duine óig a phleanáil.

• Tá gá le feabhsuithe ar chleachtais mheasúnaithe lena n-áirítear próisis socraithe spriocanna agus cuir chuige teagaisc agus foghlama don BTB i ranganna príomhshrutha agus tacaíochta.

• Ba cheart go leanfadh páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear an CNCM, an Foras Taighde ar Oideachais (FTO), Oide, Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) agus ceannairí scoile agus córais ag tógáil acmhainn chórais níos fearr i réimse an mheasúnaithe.

Tá an tuarascáil maidir le Freastal a dhéanamh ar Riachtanais Bhreise Teanga – Cuir Chuige Scoile Uile agus Ranga i dTaca le Foghlaim Ionchuimsitheach Teangacha ar fáil anseo.

_____________________