English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn Cigireacht na Roinne Oideachais cinntí ó chigireachtaí scoile ar an mBéarla mar Theanga Bhreise

D'fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais tuarascáil ilchodach inniu ar sholáthar don Bhéarla mar Theanga Bhreise (BTB) i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Seo an dara tuarascáil i sraith de thrí thuarascáil a dhíríonn ar ionchuimsiú, rannpháirtíocht agus gafacht leanaí agus daoine óga i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Foilsíodh an chéad tuarascáil, Cáilíocht an Oideachais le haghaidh Leanaí agus Daoine Óga ón Úcráin, Déardaoin 15 Feabhra 2024. Foilseofar an tríú tuarascáil sa tsraith, Clár Samhraidh 2023: Muinín agus Naisc a chothú, go luath.

Léiríonn an dara tuarascáil, Riachtanais Bhreise Teanga – Cuir Chuige Scoile Uile agus Ranga i dtaca le Foghlaim Ionchuimsitheach Teangacha: Torthaí ó chigireachtaí bunscoile agus iar-bhunscoile ar Bhéarla mar Theanga Breise, a foilsíodh inniu, ainneoin go bhfuil go leor láidreachtaí sa soláthar do leanaí agus daoine óga atá ag foghlaim Béarla mar theanga bhreise, go bhfuil réimsí tábhachtacha le feabhsú freisin.

Tá an tuarascáil bunaithe ar 83 cigireact a rinneadh i 47 mbunscoil agus 36 iarbhunscoil i Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair 2023. Dhírigh na cigireachtaí ar phríomhréimsí a bhíonn de dhíth ar gach leanbh agus duine óg atá ag foghlaim an Bhéarla mar Theanga Bhreise chun an t-oideachas is fearr is féidir a fháil inár scoileanna. Ina measc tá:

Timpeallacht fháilteach agus ionchuimsitheach a chruthú: Bhí córais mhaithe nó an-mhaith i bhfeidhm ag os cionn leath de na scoileanna chun éagsúlacht a bpobal a cheiliúradh. Ní raibh na córais sásúil i mbreis agus an cúigiú cuid de na scoileanna.

Measúnú a dhéanamh ar riachtanais teanga: Is céad chéim ríthábhachtach é an measúnú sa teagasc agus san fhoghlaim; bhí cleachtais mhaithe nó an-mhaith i bhfeidhm ag beagán os cionn leath de na scoileanna chun riachtanais teanga a mheas. Ní raibh measúnú ar riachtanais teanga sásúil i mbeagnach an ceathrú cuid de na scoileanna.

Teagasc agus foghlaim: Ní mór do mhúinteoirí cuir chuige teagaisc ar leith a úsáid ionas gur féidir le gach leanbh agus duine óg atá ag foghlaim BTB a n-acmhainneacht a bhaint amach. Léirítear sa tuarascáil seo cé go raibh an teagasc agus an fhoghlaim go maith nó an-mhaith i mbeagnach 60% de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu; ní raibh sé sásúil i mbeagnach an cúigiú cuid de na scoileanna.

Rinneadh réimsí tábhachtacha eile a mheas sna cigireachtaí freisin lena n-áiríodh an chaoi inar bhain scoileanna úsáid as na hacmhainní breise teagaisc a fuair siad ón Roinn le haghaidh soláthar BTB, an tacaíocht a fuair scoileanna ó na seirbhísí tacaíochta gairmiúla agus an soláthar BTB i scoileanna lán-Ghaeilge.

Moltaí: Leagtar béim sa tuarascáil ar an tábhacht a bhaineann le cultúr scoile dearfach agus ionchuimsitheach, a chuireann folláine gach linbh agus duine óig chun cinn, agus le bealaí cumarsáide éifeachtacha. Fuarthas amach go raibh gá le struchtúir scoile uile feabhsaithe chun tacú le soláthar do BTB, agus chun soláthar do BTB a leabú laistigh den chreat Leanúntais Tacaíochta. Chun torthaí foghlama BTB a fheabhsú, leagtar béim ann ar an tábhacht a bhaineann le cuir chuige mheasúnaithe chuí agus le cuir chuige éifeachtacha teagaisc.

I measc na bpríomh-mholtaí bhí:

• Ba chóir go n-úsáidfeadh múinteoirí príomhshrutha agus múinteoirí ábhair níos mó cineálacha cur chuige teagaisc chun príomhtheanga a bhaineann go sonrach le hábhar a threisiú agus ba chóir do mhúinteoirí i róil tacaíochta idirghabhálacha atá nasctha go díreach leis an gcuraclam a phleanáil agus a ailíniú le spriocanna teanga an linbh nó an duine óig.

• Teastaíonn feabhsuithe ar chleachtais mheasúnaithe lena n-áirítear próisis socraithe spriocanna agus cuir chuige teagaisc agus foghlama don BTB i ranganna príomhshrutha agus tacaíochta.

• Ba cheart go leanfadh na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear an CNCM, an Lárionad Taighde ar Oideachas (LTO), Oide, Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) agus ceannairí scoile agus córais den acmhainn córais níos fearr a thógáil sa réimse measúnaithe.

• Soláthraítear le Plean Gníomhaíochta Cosán creat sármhaith chun foghlaim ghairmiúil múinteoirí a acmhainniú agus chun cumas múinteoirí a thógáil chun foghlaim sa seomra ranga a threorú agus chun cuir chuige nua a ghlacadh chun tacú le foghlaim leanaí agus daoine óga.

• Ba cheart do na comhpháirtithe oideachais go léir cur i bhfeidhm Phlean Gníomhaíochta Cosán a chur chun cinn ar fud an chórais faoi 2027.

Agus an tuarascáil á foilsiú aici, dúirt an Príomhchigire Yvonne Keating,

'Aithnítear sa tuarascáil seo go bhfuil timpeallachtaí fáilteacha agus ionchuimsitheacha cruthaithe ag go leor scoileanna agus go mbaintear úsáid as cuir chuige mheasúnaithe, teagaisc agus foghlama atá deartha chun a chinntiú go bhfaigheann leanaí agus daoine óga atá ag foghlaim an Bhéarla mar theanga bhreise an t-oideachas is fearr is féidir. Léirítear sa tuarascáil freisin go bhfuil mionlach suntasach scoileanna ann ina bhfuil gá le feabhas ar fud na réimsí uile a bhí mar fhócas ag na cigireachtaí seo.'

Dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley TD,

'Fáiltím roimh fhoilsiú na tuarascála seo. Feictear domsa go bhfuil soláthar éifeachtach le haghaidh leanaí agus daoine óga atá ag foghlaim an Bhéarla mar theanga bhreise lárnach d’fhonn cothromas deiseanna san oideachas a chinntiú agus folláine a chur chun cinn. Is cúis áthais ar leith dom go léirítear sa tuarascáil seo go ndéanann go leor scoileanna ceiliúradh ar éagsúlacht a bpobal agus go n-oibríonn siad go dian chun a chinntiú go mbraitheann gach leanbh agus duine óg go bhfuil nasc agus muintearas acu lena scoil. Fáiltím freisin roimh mholtaí na tuarascála atá ceaptha chun feabhsuithe a chur i gcrích ag leibhéal na scoile agus an chórais. Bainfidh m'oifigigh agus mé féin úsáid as an tuarascáil seo chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do gach scoil chun eispéiris foghlama ar ardchaighdeán a sholáthar a fhreastalaíonn ar riachtanais gach linbh agus duine óig.'

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ag gov.ie - Tuairiscí cigireachta: Tuarascálacha agus treoirlínte meastóireachta (www.gov.ie)

Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig inspectorate@education.gov.ie.

CRÍOCH

Tuilleadh eolais ar an tuarascáil chigireachta ilchodach

Cé hiad na leanaí agus daoine óga a bhfuil an Béarla mar theanga bhreise (BTB) acu?

Ós rud é gur tír ilchultúrtha í Éire, tá leanaí agus daoine óga ag go leor dár scoileanna nach é Béarla ná Gaeilge a máthairtheanga. Tá na leanaí agus na daoine óga seo ag foghlaim Béarla mar theanga bhreise.

Cruthaíonn leanaí agus daoine óga a bhfuil an Béarla mar theanga bhreise acu deiseanna saibhre foghlama éagsúla sna seomraí ranga - deiseanna a théann chun tairbhe gach linbh agus duine óig. Teastaíonn cuir chuige mheasúnaithe, teagaisc agus foghlama ar leith uathu freisin chun a scileanna teanga a fhorbairt agus, ag an am céanna, dul chun cinn a dhéanamh leis an gcuraclam agus a lánacmhainneacht a bhaint amach. Tá soláthar éifeachtach le haghaidh leanaí agus daoine óga a bhfuil an Béarla mar theanga bhreise acu lárnach chun cothromas deiseanna san oideachas a chinntiú agus chun tacú le gach leanbh agus duine óg barr a gcumais a bhaint amach.

Cad air a bhí na cigireachtaí dírithe?

Bhí na cigireachtaí dírithe ar na príomhghnéithe seo a leanas den soláthar:

o Measúnú agus socrú spriocanna le haghaidh leanaí agus daoine óga a raibh an Béarla á fhoghlaim mar theanga bhreise acu

o Cáilíocht an teagaisc agus na foghlama i suíomhanna príomhshrutha agus tacaíochta

o An úsáid a baineadh as acmhainní chun tacú le leanaí agus daoine óga a bhí ag foghlaim an Bhéarla mar theanga bhreise.

Cén fáth a bhfuil an measúnú tábhachtach?

Is é measúnú éifeachtach an chéad chéim chriticiúil chun cinneadh a dhéanamh ar na hidirghabhálacha is oiriúnaí chun tacú le leanaí agus daoine óga dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de shealbhú teanga. Táthar ag súil go ndéanfaidh scoileanna measúnú ar inniúlacht leanaí agus daoine óga sa Bhéarla agus Béarla á fhoghlaim mar theanga bhreise acu trí mheasúnuithe atá ailínithe le Comhchreat Tagartha na hEorpa (CET) um theangacha.

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach spriocanna a leagan síos?

Le socrú éifeachtach spriocanna, cuirtear spriocanna ar fáil do mhúinteoirí, do leanaí, do dhaoine óga agus dá dtuismitheoirí chun scileanna teanga a fheabhsú. Ar an gcaoi chéanna, d'fhéadfadh spriocanna neamhéifeachtacha bac a chur ar dhul chun cinn i sealbhú teanga. Tar éis an mheasúnaithe leis an CET, cuirtear ar chumas múinteoirí spriocanna a leagan síos chun tacú leis an dalta/scoláire bogadh go dtí an chéad leibhéal inniúlachta teanga eile agus cur ar a gcumas rochtain níos éifeachtaí a fháil ar an gcuraclam. Ba chóir do scoileanna spriocanna a thaifeadadh i bPlean Tacaíochta an Scoláire agus iad a roinnt leis an leanbh nó leis an duine óg agus lena dtuismitheoirí.

Cén fáth a bhfuil tacaíocht do theangacha baile tábhachtach?

Éilítear ar scoileanna teangacha baile gach dalta/scoláire a aithint agus a chothú i dtaca le cleachtas éifeachtach le haghaidh leanaí agus daoine óga atá ag foghlaim an Bhéarla mar theanga bhreise. Tríd an teanga baile a úsáid agus a chothabháil, is féidir leo rochtain níos fearr a fháil ar ábhar acadúil atá oiriúnach dá n-aois agus dá gcéim forbartha sa dara teanga agus tuiscint níos fearr a fháil air. Chomh maith leis sin, aithnítear agus tacaítear lena bhféiniúlacht agus féin tuiscint nuair a dhéantar an teanga baile a chothabháil, rud a chuireann go mór leis an bhfolláine trí chéile.

Bíonn torthaí oideachais níos fearr do na leanaí agus do dhaoine óga mar thoradh ar thacaíocht do theangacha baile agus bíonn tionchar dearfach aige ar a bhfolláine.

Cad iad na cuir chuige éifeachtacha teagaisc le haghaidh leanaí agus daoine óga a bhfuil an Béarla mar theanga bhreise acu?

Sna cuir chuige dea-chleachtais i dteagasc agus i bhfoghlaim BTB spreagtar múinteoirí príomhshrutha chun tacú le leanaí agus le daoine óga dhá chineál teanga ar leith a fhorbairt: teanga le haghaidh idirghníomhaíochtaí sóisialta laethúla, agus an teanga shonrach a theastaíonn chun rochtain a fháil ar an gcuraclam. Is fearr an chéad cheann a bhaint amach trína chinntiú go mbíonn deiseanna dea-phleanáilte ag leanaí agus daoine óga idirghníomhú le cainteoirí líofa Béarla. Is féidir le múinteoirí an dara ceann a fhorbairt trí theanga an ábhair a mhúineadh go sainráite, amhail na príomhfhocal a theastaíonn i ngach ceacht agus scileanna foghlama teanga. Is féidir le múinteoirí príomhshrutha oibriú go comhoibritheach agus go héifeachtach leis an múinteoir tacaíochta BTB agus múinteoirí oideachais speisialta trí chleachtais ar nós teagasc foirne.

Is éard is suíomhanna tacaíochta ann ná suíomhanna ina dtéann leanaí agus daoine óga i mbun gníomhaíochtaí foghlama lasmuigh den rang príomhshrutha, ina n-aonar le múinteoir nó i ngrúpaí beaga le daltaí/scoláirí eile agus le múinteoir. Is éard atá i gceist le teagasc éifeachtach le haghaidh leanaí agus daoine óga atá ag foghlaim BTB i gceachtanna tacaíochta ná breithniú cúramach a dhéanamh ar na riachtanais foghlama tosaíochta measúnaithe agus ar na spriocanna a aithníodh do na daltaí/scoláirí sa rang tacaíochta. Tá deiseanna tábhachtacha ag múinteoirí i suíomhanna tacaíochta forbairt an dá ghné ar leith den teanga a threisiú: an teanga le haghaidh idirghníomhaíochtaí sóisialta laethúla agus an teanga ar leith a theastaíonn chun rochtain a fháil ar an gcuraclam.

Tuarascáil ar Cáilíocht an Oideachais le haghaidh Leanaí agus Daoine Óga ón Úcráin

Cad iad torthaí na tuarascála ar cháilíocht an oideachais do leanaí agus do dhaoine óga ón Úcráin?

Fuarthas sna cigireachtaí, go leor láidreachtaí sa soláthar oideachais do leanaí agus do dhaoine óga ón Úcráin:

• Bhí eispéiris teagaisc agus foghlama leanaí agus daoine óga ón Úcráin go maith nó go han-mhaith i níos mó ná trí cheathrú de na seachtó a hocht scoil.

• Bhí bearta sonracha i bhfeidhm ag beagnach gach scoil chun leanaí agus daoine óga agus a dtuismitheoirí a áireamh i bpobal na scoile.

• Chuir beagnach gach ceann de na bunscoileanna agus na hiar-bhunscoileanna leanaí agus daoine óga ón Úcráin i ranganna a bhí oiriúnach dá n-aois. Is toradh an-dearfach é seo mar go bhfuil socrúchán leanaí agus daoine óga ón Úcráin i ranganna aois-oiriúnach lárnach dá n-ionchuimsiú éifeachtach i saol na scoile.

• I níos mó ná seachtó faoin gcéad de scoileanna bhí sé beartaithe ag gach duine óg ón Úcráin sa tríú bliain agus sa séú bliain scrúduithe na Sraithe Sóisearaí agus na hArdteistiméireachta a dhéanamh.

Leag na cigireachtaí béim ar thrí shaincheist shonracha ar gá aghaidh a thabhairt orthu chun rannpháirtíocht agus gafacht daoine óga na hÚcráine i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna a mhéadú. Is iad seo:

• Spreagadh breise do thuismitheoirí leanaí réamhscoile ón Úcráin rochtain a fháil ar sholáthar Luathfhoghlama agus Cúraim (LFC).

• Monatóireacht chúramach ar thinreamh scoile leanaí agus daoine óga ón Úcráin agus gníomhú chun tinreamh a fheabhsú nuair is gá

• Faisnéis chruinn, inrochtana agus shoiléir a sholáthar ar bhealaí dul chun cinn agus tacaíocht mhaoinithe do dhaoine óga ón Úcráin ar mian leo staidéar breise a dhéanamh agus/nó dul ar aghaidh chuig saol na hoibre.

Is féidir leat teacht ar an tuarascáil ar cháilíocht an oideachais do leanaí agus do dhaoine óga ón Úcráin anseo.