Foilsíonn Cigireacht na Roinne Oideachais tuarascáil ar cháilíocht oideachais le haghaidh leanaí agus daoine óga ón Úcráin
- Foilsithe: 15 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
D’fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais inniu ‘Cáilíocht an Oideachais le haghaidh Leanaí agus Daoine Óga ón Úcráin’ – tuarascáil ilchodach ar cháilíocht an oideachais le haghaidh leanaí agus daoine óga ón Úcráin atá in Éirinn.
Léiríodh sa tuarascáil go bhfuil na heispéiris teagaisc agus foghlama do thromlach leanaí na hÚcráine atá ar scoil in Éirinn ‘go maith’ nó ‘go han-mhaith’. Fuarthas go raibh bearta i bhfeidhm i mbeagnach gach scoil a ndearnadh cigireacht orthu chun a chinntiú gur mhothaigh leanaí, daoine óga agus tuismitheoirí na hÚcráine muintearas lena bpobal scoile nua.
Tiomsaíodh an tuarascáil ar chigireachtaí a rinneadh ar 40 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil idir Meán Fómhair agus mí na Nollag 2023. Díríodh sna cigireachtaí ar thrí phríomhréimse: cáilíocht na n-eispéireas teagaisc agus foghlama a soláthraíodh do leanaí agus daoine óga ón Úcráin, an chaoi inar thacaigh scoileanna lena n-ionchuimsiú agus a rannpháirtíocht, agus a leibhéal rannpháirtíochta agus gafachta i saol na scoile.
Thuairiscigh formhór na scoileanna (85 faoin gcéad) go raibh leanaí agus daoine óga na hÚcráine ag leanúint curaclam na hÚcráine (ar líne) agus curaclam na hÉireann (ar scoil).
Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley TD: “Tháinig os cionn 18,000 leanbh agus duine óg go hÉirinn ón Úcráin le dhá bhliain anuas. Tá an roinn faoi chomaoin ag pobail scoileanna, páirtithe leasmhara agus foirne REALT ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta ar fud na tíre as a rannpháirtíocht, a gcomhoibriú agus a dtacaíocht maidir le freastal orthu inár mbunscoileanna agus inár n-iar-bhunscoileanna. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, tá sé tráthúil athbhreithniú a dhéanamh ar cháilíocht an oideachais atá á fháil acu agus fáiltím go mór roimh fhoilsiú na tuarascála seo inniu.
“Is ábhar misnigh go bhfaca cigirí samplaí an-mhaith inár scoileanna de cheachtanna dea-ullmhaithe, acmhainní á n-úsáid go héifeachtach chun tacú leis an bhfoghlaim agus múinteoirí ag obair le chéile chun tacú le daltaí agus scoláirí. Fuarthas go raibh an teagasc agus an fhoghlaim ‘go maith’ nó ‘go han-mhaith’ i mbreis agus 75 faoin gcéad de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu.
“Chuir bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna fáilte chroíúil roimh leanaí agus daoine óga na hÚcráine agus a dtuismitheoirí isteach ina bpobail agus tá an-iarrachtaí déanta acu a rannpháirtíocht agus ngafacht a uasmhéadú. Chuir nach mór gach scoil a ndearnadh cigireacht orthu a ndaltaí Úcránacha nua i ranganna a bhí oiriúnach dá n-aois. I mbreis agus 70 faoin gcéad de na scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu, bhí sé beartaithe ag gach duine óg ón Úcráin sa tríú bliain agus sa séú bliain scrúduithe na Sraithe Sóisearaí agus na hArdteistiméireachta a dhéanamh.
“Is rud an-dearfach é freisin moltaí na tuarascála a bheith ar fáil chun dearadh beartais a threorú d’fhonn tacú le rannpháirtíocht agus gafacht mhéadaithe leanaí agus daoine óga na hÚcráine i scoileanna. Beidh tábhachtach ar leith ag baint leo seo chun leibhéil tinrimh a mhéadú, lena chinntiú gur féidir le daltaí agus scoláirí leas iomlán a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil inár scoileanna chun a lán-acmhainneacht a bhaint amach. Bainfear úsáid as na moltaí chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do gach scoil d’fhonn eispéiris foghlama ionchuimsitheacha ar ardchaighdeán a sholáthar chun freastal ar riachtanais gach linbh agus duine óig.”
Dúirt an Príomhchigire Yvonne Keating: “Aithnítear sa tuarascáil seo na heispéiris teagaisc agus foghlama ar ardchaighdeán a fhaigheann leanaí agus daoine óga ón Úcráin i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Aithnítear freisin na cleachtais ionchuimsitheacha atá i bhfeidhm in go leor scoileanna. Díríonn an tuarascáil aird ar réimsí ar gá iad a fhorbairt tuilleadh. Leanfaidh an Chigireacht ag obair le páirtithe leasmhara eile chun tacú le cur i bhfeidhm mholtaí na tuarascála, atá deartha chun rannpháirtíocht agus gafacht leanaí agus daoine óga ón Úcráin i suíomhanna agus scoileanna a uasmhéadú.”
Déanann an tuarascáil roinnt moltaí chun rannpháirtíocht agus gafacht leanaí agus daoine óga ón Úcráin lena gcuid oideachais in Éirinn a fheabhsú.
Is iad sin:
- tacaíocht bhreise a thabhairt do thuismitheoirí leanaí réamhscoile ón Úcráin chun soláthar Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige (FCLÓ) a rochtain
- leibhéil freastail leanaí agus daoine óga ón Úcráin i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna a fheabhsú
- faisnéis shoiléir a chur ar fáil do dhaoine óga ón Úcráin maidir le rochtain ar bhreisoideachas agus saol na hoibre.
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo.
Chun tuilleadh eolais a fháil seol ríomhphost chuig inspectorate@education.gov.ie.
CRÍOCH
Tuilleadh eolais faoin tuarascáil chigireachta
Líon leanaí agus daoine óga ón Úcráin atá cláraithe faoi láthair i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna na hÉireann
Faoi láthair, tá os cionn 18,000 leanbh agus duine óg ón Úcráin i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna in Éirinn: 11,165 i mbunscoileanna agus 6,838 in iar-bhunscoileanna.
Rinneadh na cigireachtaí seo i seachtó is a hocht scoil; daichead bunscoil agus tríocha a hocht iar-bhunscoil. Ar an iomlán bhí 2,469 leanbh agus duine óg ón Úcráin sna scoileanna a ndearnadh cigireacht orthu; 998 sna bunscoileanna agus 1,471 sna hiar-bhunscoileanna.
Treoir na Roinne maidir le tacú le leanaí agus daoine óga ón Úcráin
Tá na hábhair treorach do scoileanna ar fáil anseo.
An Clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (COLÓ)
Is féidir le gach leanbh leas a bhaint as an gClár COLÓ de suas le dhá bhliain soláthar réamhscoile saor in aisce i suíomh Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige (FCLÓ) arna mhaoiniú ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ). Soláthraítear le Clár COLÓ trí uair an chloig in aghaidh an lae, cúig lá sa tseachtain ar feadh ocht seachtaine is tríocha in aghaidh na bliana de sheirbhís réamhscoile saor in aisce do leanaí. Bíonn leanaí incháilithe don soláthar seo nuair a shroicheann siad dhá bhliain agus ocht mí d'aois agus fanann siad i dteideal páirt a ghlacadh go dtí go sroicheann siad cúig bliana agus sé mhí d'aois. Tá an t-eolas iomlán faoin scéim ar fáil anseo.
Is féidir le tuismitheoirí leanaí réamhscoile ón Úcráin faisnéis a rochtain ar líne ón RLCMLÓ agus trí raon gníomhaireachtaí lena n-áirítear an Biúró um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus Coistí Cúraim Leanaí Cathrach agus Contae.
An Feachtas Náisiúnta Tinrimh
Sheol Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (STOT) agus an Roinn Oideachais an Feachtas Náisiúnta Tinrimh i mí Mheán Fómhair 2023. Tá an feachtas deartha chun an tábhacht a bhaineann le tinreamh scoile a chur chun cinn. Cuimsítear sa bhfeachtas teachtaireachtaí dearfacha, cumarsáid i bpáirt idir an Roinn agus STOT, sraith de sheimineáir ghréasáin do cheannairí scoile, ábhair bholscaireachta agus faisnéise, acmhainní agus uirlisí maidir le cur chun cinn an tinrimh do scoileanna. Tá sonraí iomlána ar an bhFeachtas Náisiúnta Tinrimh ar fáil anseo.
An Deontas Tacaíochta don Fheachtas Tinrimh
Fuair an tAire Oideachais maoiniú de bhreis is ocht milliún euro le haghaidh bearta chun tinreamh, rannpháirtíocht agus coinneáil scoile a fheabhsú. Tá cuid den mhaoiniú leithdháilte ar gach scoil chun tacú leis an bhfeachtas tinrimh seo i bhfoirm Deontas Tacaíochta don Fheachtas Tinrimh. Is íocaíocht aonuaire é an Deontas Tacaíochta don Fheachtas Tinrimh do gach scoil chun freastal scoile rialta leanaí agus daoine óga a chur chun cinn agus a thacú. Iarrtar ar scoileanna an maoiniú seo a dhíriú ar dhaoine aonair agus ar ghrúpaí atá i mbaol lagthinrimh agus is féidir an deontas a úsáid sa bhliain acadúil reatha nó thar thréimhse níos faide. Tá sonraí iomlána faoin Deontas Tacaíochta don Fheachtas Tinrimh ar fáil anseo.
Tacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine óga ón Úcráin ar mian leo dul ar aghaidh chuig breisoideachas
Tá roinnt tacaíochtaí curtha i bhfeidhm ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta do dhaoine óga ón Úcráin ar mian leo dul ar aghaidh chuig breisoideachas in Éirinn. Ina measc seo tá táillí teagaisc a íoc le haghaidh ardoideachas lánaimseartha, deontas do dhaoine cáilithe a bhfuil cúrsa lánaimseartha á dhéanamh acu in Institiúid Ardoideachais atá maoinithe go poiblí agus deontas do mhic léinn a bhfuil cúrsa Iar-Ardteistiméireachta (PLC) á dhéanamh acu. Tá eolas ar na scéimeanna sin foilsithe anseo.