English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn Cigireacht na Roinne Oideachais tuarascáil théamúil ar thorthaí ó mheastóireachtaí ar sholáthar Ógtheagmhála

D’fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais tuarascáil théamach inniu ar na torthaí ó mheastóireachtaí ar sholáthar Ógtheagmhála a rinneadh in 2023.

Is é Ógtheagmháil príomhfhreagairt na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (RBATNE) chun tacú le daoine óga, idir sé bliana déag agus fiche bliain d’aois, a fhágann an scoil sula gcríochnaíonn siad an Ardteistiméireacht. Cuireann 104 Lárionaid Oideachais agus 31 Ionaid Oiliúna Pobail Ógtheagmháil ar fáil.

Tá an tuarascáil, Daoine Óga ar Chonair Eile Oideachais agus Oiliúna: Meastóireacht ar Sholáthar Ógtheagmhála, bunaithe ar thorthaí cuairteanna cigireachta ar ocht Lárionad Oideachais agus ar Ionad Oiliúna Pobail amháin.

Aithnítear i dtuarascáil na Cigireachta na deiseanna maithe oiliúna agus foghlama a sholáthraítear sna hionaid, na tacaíochtaí iomlánaíocha ardchaighdeáin atá i bhfeidhm agus na hiarrachtaí atá déanta ag ceannaireacht agus foireann na n-ionad chun braistint nasc agus muintearais gach duine óig a fhorbairt sna hionaid. Áirítear iad seo a leanas i measc phríomhláidreachtaí eile an tsoláthair sna Lárionaid Oideachais agus sna hIonaid Oiliúna Pobail a ndearnadh meastóireacht orthu:

  • An raon leathan clár atá ar fáil do dhaoine óga
  • Na timpeallachtaí cuimsitheacha agus foghlaimeoir-dhírithe a sholáthraítear do dhaoine óga
  • Na leibhéil arda sástachta le hobair na n-ionad a léirigh tuismitheoirí agus na daoine óga iad féin agus

Na hiarrachtaí suntasacha atá déanta ag ceannaireacht agus foireann na n-ionad chun daoine óga a spreagadh chun féinmhuinín a bheith acu, a bheith uaillmhianach agus a lánacmhainneacht a bhaint amach.

Díríonn an tuarascáil aird freisin ar réimsí atá le feabhsú sna Lárionaid Oideachais agus sna hIonaid Oiliúna Pobail, lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • Níor éirigh leis an gclár ionduchtaithe i bhformhór na n-ionad spéiseanna, láidreachtaí agus riachtanais na ndaoine óga a ghabháil i gcónaí
  • Ní raibh na nósanna imeachta a bhí i bhfeidhm chun tacú le forbairt scileanna agus inniúlachtaí daoine óga sa litearthacht agus san uimhearthacht éifeachtach i gcónaí
  • Ba ghá feabhas a chur ar thinreamh daoine óga i bhformhór na n-ionad. Aithnítear sa tuarascáil go raibh na cúiseanna a bhain le drochfhreastal éagsúil agus casta. Dírítear aird ar an ngá atá le straitéisí soiléire chun tinreamh maith a chur chun cinn ar an gclár Ógtheagmhála agus an gá atá ag gach ionad córais leordhóthanach a bheith i bhfeidhm acu chun monatóireacht agus rianú a dhéanamh ar leibhéil tinrimh.
  • Tá treoir agus pleanáil do na chéad chéimeanna eile in oideachas na ndaoine óga an-tábhachtach do dhaoine óga ar an gclár Ógtheagmhála. Ní raibh rochtain ag gach ionad ar threoirchomhairleoir a bhí cáilithe go cuí agus ní raibh córais mhaithe i bhfeidhm ag gach ionad chun cabhrú le daoine óga pleanáil do na chéad chéimeanna eile dá dturas oideachais.

Agus í ag foilsiú na tuarascála, dúirt an Príomhchigire, Yvonne Keating:

“Tugtar aitheantas sa tuarascáil Cigireachta seo don dea-chleachtas atá i go leor Lárionad Oideachais agus Ionad Oiliúna Pobail. Is údar mór misnigh iad na hiarrachtaí atá déanta ag an bhfoireann chun timpeallachtaí cuimsitheacha a chruthú agus chun gach duine óg a spreagadh chun páirt a ghlacadh athuair san oideachas. Díríonn an tuarascáil aird freisin ar roinnt réimsí tábhachtacha ar gá iad a fheabhsú. Ina measc tá an gá atá le tacú le gach duine óg chun a scileanna litearthachta agus uimhearthachta a fhorbairt agus chun tinreamh na ndaoine óga ar an gclár Ógtheagmhála a fheabhsú. Tá an Chigireacht tiomanta do thacú le hionaid, BOOanna agus gach páirtí leasmhar eile chun na moltaí seo a chur i bhfeidhm.”

D’fháiltigh an tAire Oideachais, Norma Foley TD, roimh fhoilsiú na tuarascála, ag rá:

“Tá an soláthar do dhaoine óga a fhágann an scoil sula gcríochnaíonn siad an Ardteistiméireacht tábhachtach lena chinntiú go mbíonn deiseanna ag gach duine óg a lánacmhainneacht a bhaint amach. Táim thar a bheith sásta go ndíríonn an tuarascáil seo aird ar dhea-chleachtas i go leor ionad. Fáiltím freisin roimh mholtaí na tuarascála, a bheidh an-úsáideach de réir mar a bhíonn an Rialtas, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus mo Roinnse ag obair le chéile chun an taithí foghlama a fheabhsú do gach duine óg.”

D’fháiltigh an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Patrick O’Donovan TD, roimh fhoilsiú thuarascáil na Cigireachta freisin, ag rá:

“Léiríonn an tuarascáil seo ar sholáthar Ógtheagmhála láidreachtaí tábhachtacha agus réimsí ina bhfuil gá le tuilleadh oibre. Is ábhar misnigh é léamh faoi na leibhéil arda sásaimh a léirigh tuismitheoirí agus daoine óga faoin gclár Ógtheagmhála. Tá obair na n-ionad maidir le féinmhuinín daoine óga a spreagadh agus na scileanna atá de dhíth orthu chun leanúint ar aghaidh san oideachas a fhorbairt an-tábhachtach freisin. Beidh m’oifigigh i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara go léir le féachaint conas is fearr is féidir linn na moltaí a chur i bhfeidhm agus leanúint ar aghaidh ag forbairt soláthar Ógtheagmhála.”

Tá fáil ar an tuarascáil iomlán anseo.

Le haghaidh tuilleadh eolais seol ríomhphost chuig inspectorate@education.gov.ie.

CRÍOCH


Tuilleadh eolais ar sholáthar Ógtheagmhála i Lárionaid Oideachais agus in Ionaid Oiliúna Pobail

• Is clár oideachais, oiliúna agus taithí oibre dhá bhliain é Ógtheagmháil do dhaoine óga, idir sé bliana déag agus fiche bliain d’aois, a d’fhág an scoil gan an Ardteistiméireacht a chríochnú. Leagtar béim ar leith sa chlár Ógtheagmhála ar fhorbairt phearsanta, deiseanna oiliúna, taithí oibre phraiticiúil agus forbairt scileanna. Tá sé mar aidhm aige forbairt phearsanta agus shóisialta daoine óga a chur chun cinn agus cabhrú leo conair chuí a aimsiú chuig breisoideachas nó chuig saol na hoibre.

• In 2023, chuir céad agus ceithre Lárionad Oideachais agus tríocha haon Ionad Oiliúna Pobail an clár Ógtheagmhála ar fáil.

• Tá tuilleadh eolais ar fáil Item was unpublished or removed.