Foilsíonn Cigireacht na Roinne Oideachais tuarascáil théamach ar ranganna luath-idirghabhála do leanaí ar a bhfuil uathachas
- Foilsithe: 18 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
D’fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais tuarascáil théamach inniu ar an soláthar i ranganna luath-idirghabhála do leanaí ar a bhfuil uathachas. Tá na cinntí as cigireachtaí a rinneadh ar chúig rang luath-idirghabhála déag a reáchtáladh idir Meán Fómhair agus Nollaig 2023, mar bhonn eolais ar an tuarascáil.
- Fuair cigirí amach go bhfuil cáilíocht an tsoláthair i ranganna luath-idirghabhála go maith go ginearálta.
- Thug mórán de na scoileanna tacaíocht mhaith do na leanaí; agus d’ullmhaigh an chuid ba mhó de na múinteoirí gníomhaíochtaí foghlama an-oiriúnach bunaithe ar ábhair spéise, láidreachtaí agus riachtanais na leanaí.
- Bhain mórán múinteoirí úsáid as modhanna measúnaithe agus teagaisc a bhain go sonrach le huathachas agus bhí tiomantas láidir acu don fhoghlaim ghairmiúil faoin uathachas.
- Bhí córais mhaithe i bhfeidhm ag beagnach gach scoil chun cabhrú leis na leanaí mothú sábháilte, nasctha agus tacaithe sa rang luath-idirghabhála agus sa scoil.
Tugtar moltaí don fheabhas i roinnt gnéithe de na ranganna luath-idirghabhála lena n-áirítear an riachtanas go gcinnteodh múinteoirí go bhfuil gníomhaíochtaí foghlama i ranganna luath-idirghabhála oiriúnach chun freastal ar riachtanais aonair leanaí ar a bhfuil uathachas agus go bhfuil clár foghlama aonair ag gach leanbh sa rang.
Tugtar léargas sa tuarascáil freisin ar ghnéithe de pholasaí agus de chleachtas ar gá machnamh cúramach a dhéanamh orthu agus córas ionchuimsitheach, comhleanúnach soláthair oideachais á fhorbairt agus á chur i bhfeidhm a fhreastalaíonn ar leanaí ar a bhfuil uathachas. Áirítear leis sin an gá atá le:
• Fís shoiléir do chóras oideachais ionchuimsitheach
• Réasúnaíocht a ndearnadh machnamh cúramach air maidir le soláthar ranganna speisialta laistigh den chóras sin
• Comhleanúnachas sa chur chuige maidir le measúnú agus sainaithint riachtanais.
Déantar cur síos i dtuarascáil na Cigireachta ar chuid de na dúshláin a thuairiscigh tuismitheoirí leanaí ar a bhfuil uathachas agus iad ag aimsiú áiteanna dá leanaí i ranganna luath-idirghabhála agus ag pleanáil na chéad chéimeanna eile dá n-aistear oideachais. Moltar roinnt tionscnamh inti chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Ina measc sin tá:
• Tuilleadh soiléireachta a sholáthar faoi na seirbhísí atá ar fáil do thuismitheoirí leanaí réamhscoile ar a bhfuil uathachas,
• Pleanáil lena chinntiú go bhfuil na seirbhísí sin ar fáil do gach tuismitheoir a dteastaíonn siad uathu, agus
• Eolas a sholáthar do thuismitheoirí ar na seirbhísí i bhfoirm inrochtana.
Agus an tuarascáil á foilsiú aici, dúirt an Príomhchigire, Yvonne Keating:
“Tugtar aitheantas sa tuarascáil seo don dea-chleachtas i mórán ranganna luath-idirghabhála. Leagtar béim inti freisin ar roinnt gnéithe tábhachtacha den pholasaí agus den chleachtas reatha maidir le hoideachas leanaí ar a bhfuil uathachas ar gá iad a fheabhsú. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an riachtanas go ndéanfadh gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear tuismitheoirí agus an pobal, fís a chomhaontú do chóras oideachais atá ionchuimsitheach agus ar ardchaighdeán agus an ról atá ag ranganna speisialta laistigh den chóras sin. Tá an Chigireacht tiomanta do thacaíocht a thabhairt don chuspóir tábhachtach seo agus é a bhaint amach.”
D’fháiltigh an tAire Oideachais, Norma Foley TD, roimh fhoilsiú na tuarascála, ag rá:
“Tá soláthar do leanaí agus do dhaoine óga ar a bhfuil uathachas lárnach i misean mo Roinne foghlaim agus teagasc ardchaighdeáin a chinntiú ar fud an oideachais agus eispéiris foghlama a fheabhsú ionas go n-éireoidh lenár leanaí agus lenár ndaoine óga go léir. Táim thar a bheith sásta go leagann an tuarascáil seo béim ar an dea-chleachtas i mórán de na ranganna luath-idirghabhála a ndearnadh cigireacht orthu."
"Fáiltím freisin roimh mholtaí na tuarascála, a bheidh an-úsáideach mar go n-oibríonn an Rialtas agus mo Roinnse le chéile chun an chomhairle faoi pholasaí ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta le déanaí maidir le hOideachas Ionchuimsitheach ar mhaithe le 'Sochaí Ionchuimsitheach a chur i bhfeidhm.’"
D’fháiltigh an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Hildegarde Naughton TD freisin roimh fhoilsiú thuarascáil na Cigireachta, ag rá:
“Tá soláthar éifeachtach do leanaí agus do dhaoine óga ar a bhfuil uathachas lárnach chun córas ionchuimsitheach a chur chun cinn ina dtugtar tacaíocht do gach leanbh agus duine óg chun barr a gcumais a bhaint amach. Léirítear sa tuarascáil seo ar Ranganna Luath-Idirghabhála go soiléir láidreachtaí an chórais reatha agus na réimsí ina bhfuil gá le tuilleadh oibre. Táim tiomanta oibriú leis na páirtithe leasmhara go léir chun na moltaí tábhachtacha i dtuarascáil na Cigireachta a chur i bhfeidhm.”
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo.
Le haghaidh tuilleadh eolais seol ríomhphost le do thoil chuig Inspectorate@education.gov.ie.
CRÍOCH
Tuilleadh eolais ar ranganna luath-idirghabhála do leanaí ar a bhfuil uathachas
• Is éard is ranganna luath-idirghabhála ann ná ranganna réamhscoile do leanaí ar a bhfuil uathachas a reáchtáiltear i mbunscoileanna príomhshrutha nó i scoileanna speisialta.
• Tá siad bunaithe ag an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) mar fhreagairt ar riachtanas aitheanta i gceantar agus tar éis plé idir CNOS, an scoil, teaghlaigh leanaí réamhscoile ar a bhfuil uathachas agus an Roinn Oideachais.
• Chun a bheith incháilithe d’áit i rang luath-idirghabhála, ní mór tuairisc a bheith ag leanbh ó ghairmí ábhartha nó ó fhoireann ghairmiúil ábhartha á rá go bhfuil uathachas orthu.
• Bunaíodh ranganna luath-idirghabhála den chéad uair in 2006, agus sa scoilbhliain 2023/2024, bhí céad caoga a seacht rang luath-idirghabhála á reáchtáil i mbunscoileanna príomhshrutha.
• Tá freagracht fhoriomlán ar bhord bainistíochta na scoile as na ranganna luath-idirghabhála, agus faigheann an scoil post breise teagaisc agus beirt chúntóirí riachtanas speisialta (CRS) don rang.
• Ceaptar ranganna luath-idirghabhála chun réimse eispéireas agus idirghabhálacha oideachais cuí a sholáthar do leanaí ar a bhfuil uathachas sula dtosaíonn siad ar scoil.