English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn na hAirí Foley agus Madigan tuarascáil ar úsáid laethanta scoile laghdaithe

  • Ó: An Roinn Oideachais

  • Foilsithe: 21 Meán Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhoilsigh an tAire Oideachais Norma Foley TD agus an tAire Stáit don Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Josepha Madigan TD dhá thuarascáil inniu (21 Meán Fómhair 2023) ar na sonraí a fuarthas ó Sheirbhísí Tacaíochta Oideachais Tusla maidir le húsáid laethanta scoile laghdaithe ó tugadh isteach na treoirlínte an 1 Eanáir 2022.

Tá tiomantas i gClár an Rialtais “A chinntiú go mbailítear sonraí go láidir maidir le húsáid amchláir laghdaithe. A chinntiú nach n-úsáidtear amchláir laghdaithe ach ar bhealach atá teoranta, iomchuí agus riachtanach go hiomlán, de réir rialacha na Roinne Oideachais.”

I mí Mheán Fómhair 2021 d’fhoilsigh an Roinn treoirlínte do scoileanna ar úsáid laethanta scoile laghdaithe. Foilsíodh nóta faisnéise freisin atá deartha go sonrach do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí.

Is é cuspóir na dtreoirlínte seo soiléireacht a sholáthar d’údaráis scoileanna agus do thuismitheoirí agus caomhnóirí maidir le húsáid laethanta scoile laghdaithe agus a chinntiú go bhfuil an cleachtas seo teoranta do na cúinsí sin amháin ina meastar go bhfuil a leithéid riachtanach amach is amach.

Tháinig na treoirlínte i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022. Ón dáta sin, ní mór do scoileanna a chur in iúl do Sheirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla nuair a bhíonn laethanta scoile laghdaithe á úsáid acu do dhalta ar bith. Má chuireann scoileanna lá scoile laghdaithe i bhfeidhm, níor cheart socruithe dá leithéid a chur i bhfeidhm gan toiliú an tuismitheora nó an chaomhnóra. Aithnítear, i gcásanna áirithe, gur idirghabháil dhearfach í úsáid laethanta scoile laghdaithe ar mhaithe le cabhrú le dalta filleadh ar thinreamh lánaimseartha agus i gcásanna áirithe go bhféadfaidh tuismitheoirí LSL a iarraidh chun tacú lena leanbh filleadh ar lán-tinreamh.

Is iad seo na chéad tuarascálacha a foilsíodh maidir le sonraí a bailíodh ó tháinig na treoirlínte i bhfeidhm i mí Eanáir 2022. Is féidir an tuairisc a fheiceáil anseo: Usáíd Laghdaithe Laethanta Scoile

Dúirt an tAire Foley:

Táim sásta anois gur féidir liom na sonraí ar úsáid laethanta scoile laghdaithe, ó tugadh isteach na treoirlínte, a fhoilsiú. Seo í an chéad uair a foilsíodh tuairisc ar laethanta scoile laghdaithe agus seo í an chéad chéim chun a chinntiú gur mar atá beartaithe amháin, agus mar bheart eisceachtúil amháin i gcúinsí eisceachtúla, a úsáidtear laethanta scoile laghdaithe agus go mbítear dírithe i gcónaí ar fhilleadh ar scolaíocht lánaimseartha chomh luath agus is féidir.

Léiríonn aiseolas ó scoileanna go bhféadfadh tionchar an-dearfach a bheith ag cur i bhfeidhm lá scoile laghdaithe ar dhalta. Tacaíonn sé leis an dalta freastal ar an scoil ar bhealach tomhaiste agus tugann sé deis filleadh ar lá iomlán scoile de réir a chéile ach ar bhealach atá oiriúnaithe go sonrach do riachtanais aonair an dalta.

Tá solúbthacht á léiriú ag scoileanna le daltaí, agus iad ag glacadh cúraim le luas a n-ionchais, gan foghlaimeoirí a threascairt agus iad a ath-chuimsiú de réir a chéile.

Tá aitheantas agus moladh tuillte ag tuismitheoirí freisin. Tá toilteanas léirithe acu dul i dteagmháil le scoileanna agus oibriú i gcomhpháirtíocht chun tacú le hoideachas a linbh.

Cuideoidh na sonraí atá bailithe sna tuarascálacha seo eolas a chur ar fáil freisin don Straitéis Oideachais do Phobal an Lucht Siúil agus na Romach atá á forbairt faoi láthair agus cuirfear léargas breise ar fáil maidir le tacú le daltaí an Lucht Siúil agus na Romach ina n-aistear oideachais. Tá áthas orm freisin na físeáin faisnéise do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí a fhoilsiú, ina bhfuil faisnéis shonrach ó bhaill den Lucht Siúil do bhaill an Lucht Siúil.

Beidh na tuarascálacha mar bhunús d’fhorbairt polasaí sa réimse seo. Ba mhaith mo bhuíochas a chur in iúl do gach duine a raibh ionchur acu sa tuairisc seo agus tugaim aitheantas don obair leanúnach ar laethanta scoile laghdaithe.

Dúirt an tAire Madigan:

Tá an Roinn Oideachais ag obair go dlúth le Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla agus leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta chun a chinntiú go dtacaítear le gach dalta, a mhéid is féidir, chun freastal ar an lá scoile iomlán. Beidh na sonraí atá sa tuarascáil seo ríthábhachtach chun eolas a sholáthar d’fhorbairt polasaí sa todhchaí sa réimse seo.

Táimid tiomanta do thacú le gach leanbh a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a lánacmhainneacht a bhaint amach. In 2023, déanfar an buiséad oideachais speisialta a mhéadú go suntasach de nach mór deich faoin gcéad, le caiteachas iomlán ar thacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu os cionn €2.6 billiún.

Tá bearta nua leitheadacha curtha i bhfeidhm againn chun tacú le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, lena n-áirítear teagasc breise, acmhainní CRS agus tacaíochta. In 2023 tá 686 post múinteora nua, ina soláthrófar tacaíochtaí breise do dhaltaí atá ag freastal ar ranganna príomhshrutha agus tá €12 milliún leithdháilte do mhúinteoirí breise, a sholáthróidh 686 post múinteora nua, mar seo a leanas: cuirfear 206 post nua ar fáil do thacaíocht bhreise do leanaí atá ag freastal ar ranganna príomhshrutha. Osclófar 370 rang speisialta nua a sholáthróidh os cionn 2,200 áit nua in 2023 agus 250 áit nua i scoileanna speisialta.

Cuirfidh maoiniú breise don Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta ar a cumas tacaíocht bhreise a sholáthar do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus dá dteaghlaigh. Líonfar 121 post tosaigh agus riaracháin breise chun tacú le teaghlaigh. Ardóidh an tiomantas seo go dtí infheistíocht €13 milliún i mbliain iomlán. Léiríonn sé seo tiomantas láidir an rialtais chun a chinntiú go bhfaigheann leanaí agus daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu an tacaíocht atá de dhíth orthu ionas gur féidir leo a bheith lánpháirteach san oideachas.

Cuireann na treoirlínte treoir ar fáil d’údaráis scoileanna maidir leis an bpróiseas atá le leanúint nuair atá úsáid laethanta scoile laghdaithe á mbreithniú do dhalta.

Tá na treoirlínte bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

  • tá úsáid laethanta scoile laghdaithe teoranta do na cúinsí sin amháin ina bhfuil a leithéid sin riachtanach amach is amach
  • tá gá le toiliú an tuismitheora/caomhnóra (nó toiliú an scoláire i gcás scoláire atá 18 mbliana) ag teastáil sula gcuirtear lá laghdaithe i bhfeidhm
  • níor cheart go leanfadh córas an lae scoile laghdaithe ach chomh fada agus is gá chun filleadh ar scoil go lánaimseartha a éascú.

Chun cabhrú le tuismitheoirí, tá acmhainní físe agus comhairle foilsithe freisin agus tá siad ar fáil anseo:

Físeán Tuismitheoirí

Físeán don Lucht Siúil

Cuireann Seirbhísí Tacaíochta Oideachais Tusla (STOT) tacaíocht agus treoir ar fáil do thuismitheoirí agus do scoileanna araon maidir le húsáid lá scoile laghdaithe agus feidhmíonn an tSeirbhís Leasa Oideachais i gcomhar le gníomhaireachtaí ábhartha, lena n-áirítear An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS), más gá, chun tacú le daltaí filleadh ar scoil.

Leanann an Roinn Oideachais ag obair i ndlúthpháirt le scoileanna, le STOT agus le CNOS d’fhonn a chinntiú go dtacaítear le scoileanna chun freastal ar riachtanais gach dalta agus go n-úsáidtear laethanta scoile laghdaithe mar bheart eisceachtúil, agus ar mhaithe le leas an linbh nó an duine óig.

Tá eolas do scoileanna ar na Treoirlínte ar Laethanta Scoile Laghdaithe le fáil anseo

CRÍOCH