Foilsíonn na hAirí Oideachais, Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta straitéis nua chun treoir ar feadh an tsaoil a sholáthar do chách
- Foilsithe: 21 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, d'fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley TD agus an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta foilsiú straitéise Item was unpublished or removed
Baineann treoir ar feadh an tsaoil le cúnamh a thabhairt do dhaoine chun roghanna níos fearr a dhéanamh faoina gcuid oideachais, faoina ngairm bheatha agus a roghanna saoil, trí eolas, comhairle agus seirbhísí treoirchomhairleoireachta.
De bharr go bhfuil patrúin oibre ag athrú agus an geilleagar ag éirí níos domhandaithe in aghaidh an lae agus an domhan ag éirí níos digití, táthar ag éileamh ar dhaoine uasoiliúint agus athoiliúint a dhéanamh ar feadh an tsaoil do ghairmeacha agus do phoist éagsúla.
Ní ghlacann daoine le post ar feadh an tsaoil níos mó. Seachas sin, tá siad ag súil go n-aistreoidh siad chuig réimse post le linn a ngairmréime.
I measc na dtograí nua sa phlean gníomhaíochta tá:
• Treoir a chur ar fáil atá á soláthar ag gairmithe atá oilte go cuí do scoláirí sna 130 scoil speisialta sa tír den chéad uair.
• Gearrchúrsaí nua a bhunú do scoláirí Idirbhliana chun cabhrú leo le taithí oibre agus le scileanna um bainistiú gairme.
• Breis scáthfhoghlama agus socrúchán do thaithí oibre a sholáthar do dhaoine atá faoi mhíchumas chun feabhas a chur ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil dóibh.
• Breis aontaí gairme agus ceardlann réigiúnach a reáchtáil do scoláirí, tuismitheoirí agus múinteoirí.
Dúirt an tAire Foley go raibh ról an-tábhachtach ag treoir ar feadh an tsaoil i dtaca le hoideachas, oiliúint, agus roghanna gairme, pearsanta agus saoil chun daoine óga a chumasú chun barr a gcumais a bhaint amach.
“Soláthróidh an straitéis nua seo treoir ar feadh an tsaoil do dhaoine an t-am ar fad, ag cur leis an obair den scoth atá á déanamh cheana féin inár scoileanna. Níl teorainn ar bith leis na mianta atá againn dár scoláirí agus dá bhrí sin níor cheart go mbeadh teorainn ar bith leis na deiseanna a chuireann earnáil an oideachais ar fáil dóibh.
“Tá an Roinn Oideachais ag tacú le soláthar dhá chúrsa oiliúna iarchéime sa bhreis don treoirchomhairleoireacht. Cabhróidh sé sin chun an soláthar treoirchomhairleoirí a neartú ag leibhéal na hiar-bhunscoile.
“Is maith liom go mór go bhfuiltear ag díriú ar an ionchuimsitheacht agus treoir le cur ar fáil do scoláirí i scoileanna speisialta. Is mian linn go mbeadh rochtain ag ár scoláirí go léir ar thacaíocht atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán agus go mbeadh sí so-úsáidte, inrochtana agus cuí.
“Fáiltím freisin roimh an ngealltanas go dtabharfar rochtain ar scáthfhoghlaim agus ar thaithí oibre do gach duine le linn a saoil, iad siúd atá imeallaithe nó atá faoi mhíchumas san áireamh.”
D'fhorbair an Grúpa Polasaí Náisiúnta um Threoir ar Feadh an tSaoil, faoi mar a bhunaigh an tAire Foley é in 2022, an Creat Straitéiseach Náisiúnta don Treoir ar Feadh an tSaoil (2024 – 2030) agus an Creat Straitéiseach Náisiúnta don Treoir ar Feadh an tSaoil: Plean Gníomhaíochta Straitéiseach (2024 – 2030).
Is é atá mar fhís don treoir ar feadh an tsaoil, mar atá léirithe sa chreat, ná go mbeadh córas treorach níos comhaontaithe ag Éirinn a cheadódh do dhaoine rochtain a bheith acu ar threoir ar feadh an tsaoil atá ar ardchaighdeán, iomlánaíoch agus cuí.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Harris:
“Táimid ag iarraidh an comhrá faoin oideachas a athrú sa tír seo agus píosa lárnach den lúb ar lár is ea a chinntiú go bhfuil an t-eolas agus an tacaíocht atá de dhíth orthu ag foghlaimeoirí idir óg agus aosta chun na cinntí atá ceart dóibhsean a dhéanamh.
“Anois, níos mó ná riamh, tá sé tábhachtach dúinn dearcadh níos iomlánaíche a bheith againn i leith roghanna tríú leibhéal chun breisoideachas agus printíseachtaí a chur san áireamh, chomh maith le cláir ardoideachais. Ar na cúiseanna sin, tá sé tábhachtach go mbeadh an t-eolas go léir maidir le roghanna gairme agus foghlama inrochtana, sothuigthe agus go mbeadh sé chomh héasca agus is féidir ar gach duine a mbealach a dhéanamh tríothú. Déanfaidh sé sin scoláirí a chumasú, go háirithe, chun an rogha atá ceart dóibhsean a dhéanamh.
“Is Gné an-tábhachtach é sin den Chreat atá á fhoilsiú inniu - creat a dhéanfaidh soláthar maidir le córas seirbhísí treorach a fhorbairt atá comhoibríoch, ar ardchaighdeán agus cuí agus a mbainfidh an duine aonair, an tsochaí agus an geilleagar tairbhe as”.
Déanfaidh cúig cinn de ranna rialtais an straitéis nua agus an plean gníomhaíochta a sholáthar go háirithe - an Roinn Oideachais (treoir i scoileanna), an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (treoir san Earnáil Threasach agus mar chuid den chlár um fhorbairt an lucht oibre), an Roinn Fiontar (treoir i gcomhthéacs scileanna/eolas an mhargaidh saothair), an Roinn Leanaí (treoir do dhaoine atá faoi mhíchumas) agus an Roinn Coimirce Sóisialaí (treoir do chuardaitheoirí poist).
Eolas Breise
Ceithre cholún chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt na treorach ar feadh an tsaoil
Déantar ceithre cholún a shainaithint laistigh den chreat mar phríomhchoincheapa chun bonn eolais a chur faoin treocht chun treoir ar feadh an tsaoil a fhorbairt in Éirinn.
1. Infheictheacht agus Feasacht ar Sheirbhísí Treorach ar Feadh an tSaoil agus Soláthar Eolais;
2. Caighdeáin agus Cáilíocht ar fud an Chórais Treorach ar Feadh an tSaoil;
3. Rochtain, Cuimsiú agus Dearadh Uilíoch agus;
4. Scileanna Bainistithe Gairme agus Soghluaisteacht Ghairme ar Feadh an tSaoil.
Tuarascáil Chomhairliúcháin
Is féidir teacht ar an gcomhairliúchán maidir le forbairt an chreata straitéisigh ar líne ag Item was unpublished or removed
An Grúpa Polasaí don Treoir Náisiúnta ar Feadh an tSaoil
Cuimsíonn an Grúpa Polasaí don Treoir Náisiúnta ar Feadh an tSaoil oifigigh shinsearacha as cúig cinn de ranna rialtais: an Roinn Oideachais, an Roinn Bhreisoideachais agus Ard-Oideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an Roinn Coimirce Sóisialaí, an Roinn Leanaí Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. Déanann an Roinn Oideachais cathaoirleacht ar an ngrúpa.