Gabhann an tAire Oideachais buíochas leo siúd a ghlac páirt sa chomhairliúchán poiblí don pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
- Foilsithe: 6 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá sraith tuarascálacha foilsithe ag an Roinn Oideachais, ullmhaithe ag Sealbhú, an lárionad taighde in DCU, a bheidh mar bhonn eolais d'fhorbairt an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Cuimsíonn na tuarascálacha seo athbhreithniú ar litríocht idirnáisiúnta ar oideachas trí mheán mionteangacha, tuarascálacha ar na céimeanna éagsúla den chomhairliúchán poiblí a rinne an Roinn, agus sraith moltaí polasaí a eascraíonn astu. Tá na tuairiscí ar fáil ar leathanach an chomhairliúcháin ag Consultation process to develop a policy on Irish-medium education outside of the Gaeltacht
Aithneofar aicsin sa pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht chun na príomhchuspóirí seo a leanas a bhaint amach:
- creat a sholáthar chun oideachas ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí agus i suíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óige (mar shampla, naíonraí) lasmuigh den Ghaeltacht
- an líon leanaí agus daoine óga atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge a mhéadú, lena n-áirítear tógáil ar an mbunchloch a leagtar síos i suíomhanna foghlama agus cúraim na luath-óige lán-Ghaeilge (mar shampla, naíonraí)
- iniúchadh a dhéanamh ar na deiseanna chun bunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a mhéadú mar chuid den phróiseas pátrúnachta
- polasaí soiléir a fhorbairt ar bhunú agus ar inbhuanaitheacht Aonaid/Sruthanna trí mheán na Gaeilge in iar-bhunscoileanna meán-Bhéarla chun an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú
- iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi inar féidir an soláthar múinteoirí agus baill foirne eile a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu a mhéadú chun freastal ar an éileamh i suíomhanna oideachais lán-Ghaeilge
- féachaint ar bhealaí le rannpháirtíocht an phobail i scoileanna agus suíomhanna foghlama agus cúraim lán-Ghaeilge a threisiú.
Choimisiúnaigh an Roinn an lár ionad taighde Sealbhú chun athbhreithniú a dhéanamh ar litríocht ar oideachas lán-Ghaeilge agus mionteanga chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt an pholasaí. Sa chéad tuarascáil sa tsraith seo tá torthaí na dtaighdeoirí maidir le cleachtas éifeachtach i ndeich ndlínse éagsúla ina gcuirtear oideachas ar fáil trí mhionteangacha.
Léiríodh leibhéal suntasach spéise sa chomhairliúchán poiblí. Comhlánaíodh líon ard ceistneoirí, fuarthas aighneachtaí scríofa ó réimse leathan páirtithe leasmhara, agus bhí leibhéal ard rannpháirtíochta sna fócasghrúpaí éagsúla. Ghabh an tAire Oideachas, Norma Foley TD, buíochas leo siúd a ghlac páirt sa chomhairliúchán agus d'fháiltigh sí, go háirithe, roimh ionchur na ndaltaí agus na scoláirí sa phróiseas forbartha polasaí.
"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don fhreagairt shuntasach a bhí againn ar an gcomhairliúchán a bheidh mar bhonn eolais d'fhorbairt an pholasaí tábhachtach seo don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá áthas ar leith orm gur ghlac an oiread sin daltaí agus scoláirí páirt sa phróiseas seo, tríd an ceistneoir ar líne agus trína rannpháirtíocht sna grúpaí fócais. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh guthanna leanaí agus daoine óga san áireamh i bhforbairt polasaithe a mbeidh tionchar acu orthu, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na daltaí agus na scoláirí, agus leis na múinteoirí a d'éascaigh an rannpháirtíocht sin."
Coimisiúnaíodh Sealbhú chomh maith chun anailís a dhéanamh ar na príomhcheisteanna a d'eascair as an gcomhairliúchán. Iarradh ar na taighdeoirí na príomhthreochtaí agus na príomhthéamaí a aithint, agus achoimre a dhéanamh ar an raon tuairimí, dearcthaí agus moltaí a roinneadh leis an Roinn tríd an gcomhairliúchán poiblí. Go ginearálta, léiríodh an-suim agus an-tacaíocht don oideachas lán-Ghaeilge. Mheas na daoine a d'fhreagair an suirbhé gur chóir don Roinn leanúint ar aghaidh ag tacú le leathnú agus forbairt an oideachais lán-Ghaeilge.
Agus an polasaí nua á fhorbairt, bainfidh an Roinn leas as na tuarascálacha seo, chomh maith leis an t-eolas a roinn na páirtithe leasmhara i gcruinnithe déthaobhacha. Breithneofar an t-eolas seo i bhfianaise an tsoláthair reatha don oideachas lán-Ghaeilge agus réamh-mheastacháin ar éileamh don chóras oideachais, chomh maith le comhthéacs buiséadach agus reachtaíochta na Roinne.
Nóta d’eagarthóirí
Chuimsigh an comhairliúchán poiblí d’fhorbairt an pholasaí ceistneoir ar líne, glao ar aighneachtaí scríofa, agus sraith grúpaí fócais. Reáchtáladh grúpaí fócais i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna (idir scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna meán-Bhéarla) chun tuairimí na bpáistí agus na ndaoine óga a chur san áireamh i bhforbairt an pholasaí. Reáchtáladh tuilleadh grúpaí fócais le tuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí, oideoirí agus páirtithe leasmhara eile. Tá breis eolais maidir leis seo ar fáil ag Consultation process to develop a policy on Irish-medium education outside of the Gaeltacht