English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Gach rath á ghuí ag na hAirí Foley, Naughton agus Byrne ar bhreis is 136,000 scoláire atá ag tosú ar scrúduithe stáit inniu

Tá an tAire Oideachais Norma Foley, an tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú Hildegarde Naughton agus an tAire Stáit Spóirt, Corpoideachais agus Gaeltachta Thomas Byrne tar éis an t-ádh agus gach rath a ghuí ar gach iarrthóir ar fud na hÉireann atá ag tosú ar scrúduithe stáit inniu (Dé Céadaoin, an 5 Meitheamh).

Déanfaidh 136,160 scoláire san iomlán scrúduithe na hArdteistiméireachta, na hArdteistiméireachta Feidhmí agus na Sraithe Sóisearaí i mbliana in 817 ionad ar fud na tíre, lena n-áirítear iar-bhunscoileanna agus suíomhanna eile atá aitheanta ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit chun na scrúduithe teistiméireachta a reáchtáil iontu.

Dúirt an tAire Foley:

"Tá áthas orm an deis a bheith agam gach rath a ghuí ar na scoláirí go léir atá ag tosú ar scrúduithe na hArdteistiméireachta, na hArdteistiméireachta Feidhmí agus na Sraithe Sóisearaí inniu. Is toradh é ar mhórán blianta fada d'obair chrua ó gach duine agaibh. Tá a fhios agam go raibh na blianta sin dúshlánach agus deacair ach sheas sibh an fód go dtí an deireadh. Mar sin, inniu agus sna laethanta amach romhainn, déanaigí bhur míle dícheall. Ádh mór oraibh go léir."

Dúirt an tAire Naughton:

"Do gach iarrthóir ar fud na hÉireann atá ag tosú ar scrúduithe inniu, ach go háirithe do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, ba mhaith liom gach rath a ghuí oraibh san obair atá le déanamh agaibh sna laethanta agus sna seachtainí amach romhainn. D'oibrigh sibh go crua agus fuair sibh eolas agus scileanna suntasacha le linn bhur gcuid staidéir. Is deis iad na scrúduithe chun gach a bhfuil ar eolas agaibh agus gach a bhfuil bainte amach agaibh a léiriú. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghlacadh le bhur dtuismitheoirí, bhur múinteoirí agus le bhur bpobail scoile, as gach a ndearna siad chun tacú libh ar an mbealach go dtí an lá cinniúnach seo inniu. Beidh siad ansin daoibh anois chomh maith má tá sibh ag iarraidh labhairt leo faoi rud ar bith nó má tá rud ar bith ag teastáil uaibh. Tá súil agam go n-éireoidh go maith libh go léir le linn na tréimhse seo."

Dúirt an tAire Byrne:

"Ba mhaith liom gach rath agus gach beannacht a ghuí ar na hiarrthóirí go léir atá ag tosú ar a gcuid scrúduithe inniu agus, go háirithe, iad siúd atá ag ullmhú chun an scrúdú Corpoideachais a dhéanamh. Tá súil agam go leanfaidh sibh ar aghaidh ag baint leas as na scileanna, na léargais agus na nósanna sláintiúla a chuireann staidéar ar an gCorpoideachas chun cinn i bhur saol amach anseo. Tá súil agam go mbeidh rath oraibh sna laethanta amach romhainn agus ansin gur féidir libh sult a bhaint as an gcuid eile den samhradh agus leas a bhaint as an iliomad deiseanna atá amach romhaibh."