English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Garsprioc thábhachtach do 10 bhfoirgneamh scoile shuaitheanta nua deimhnithe ag an Aire Foley

D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu go bhfuil Litreacha Intinne á n-eisiúint chuig conraitheoirí rathúla do Bheart 6 de chlár Dearaidh & Tógála na Roinne ina bhfuil 10 scoil, lena n-áirítear 3 thionscadal campais, thar dhá bheart éagsúla.

Tá sé seo ar cheann de na bearta is mó de thionscadail scoile nua ar thug an Roinn Oideachais faoi go dtí seo, ina bhfuil thart ar 83,000m2 d'áiseanna nua den scoth a fhreastalaíonn ar bheagnach 8,000 dalta, áiseanna do ranganna speisialta san áireamh.

Tá na scoileanna seo mar chuid den obair leantach nuair a fógraíodh an tseachtain seo caite go ndearnadh infheistíocht €800m chun beagnach 90 tionscadal a chur chun cinn le tógáil le linn 2024 agus tús 2025.

Is forbairtí suaitheanta iad na foirgnimh scoile nua seo ina gceantar féin agus cuirfidh siad áiseanna nua agus nua-aimseartha ar fáil chun cabhrú le freastal ar dhaonraí atá ag fás mar gheall ar an bhfás suntasach ar fhorbairtí tithíochta.

Cuimseoidh na foirgnimh scoile nua seo córais in-athnuaite lena n-áirítear teicneolaíochtaí teaschaidéil le haghaidh téimh agus painéil ghréine freisin. Ina theannta sin, cuimseoidh siad córais Aerála Meicniúla agus Aisghabhála Teasa (MVHR) a léiríonn freagairt leanúnach na Roinne ar an bplean um ghníomhú ar son na haeráide.

Garsprioc shuntasach is ea eisiúint na Litreacha Intinne maidir le dul chun cinn na dtionscadal suaitheanta tábhachtach seo. Is é an chéad gharsprioc mhór eile ná eisiúint na Litreacha Glactha chuig na conraitheoirí rathúla. Déanfar é sin tar éis tuilleadh rannpháirtíochta leis na conraitheoirí rathúla maidir lena dtairiscintí do dhearadh agus do thógáil na scoileanna nua. Tabharfaidh an rannpháirtíocht seo soiléireacht freisin maidir le clár oibreacha an chonraitheora chun na tionscadail agus na hamlínte a sholáthar.

Dúirt an tAire Foley:

"Is cúis mhór áthais dom na Litreacha Intinne a fhógairt do na 10 scoil seo atá mar phríomhthosaíocht ag mo Roinn. Déanfaidh soláthar na dtionscadal seo athrú ó bhonn ar an timpeallacht teagaisc agus foghlama do na pobail scoile seo. Ó 2020 i leith, tá thart ar €4.5 billiún infheistithe ag an Roinn Oideachais i scoileanna ar fud na tíre. Tá thart ar 800 tionscadal tógála scoile curtha i gcrích agus tá 300 tionscadal eile á dtógáil.

"Aithníonn an leibhéal seo de chur i bhfeidhm tógála an tosaíocht a thugann an Rialtas d’infheistíocht san oideachas"