English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Gealltanas tugtha ag an Aire Foley treoirlínte a bhunú maidir le húsáid IS

D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD inniu go bhfuil a roinn ag obair ar threoirlínte cuimsitheacha a bhunú do mhúinteoirí agus d'oideoirí maidir le húsáid na hIntleachta Saorga (IS) i gcóras oideachais na hÉireann.

Tá tacaíocht á tabhairt d'oifigigh ag Oide, an tseirbhís tacaíochta do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile, maidir le treoirlínte a fhorbairt chun feasacht uileghabhálach a sholáthar ar na deiseanna agus na rioscaí agus ar na tosca ba cheart a chur san áireamh agus IS á húsáid ar bhealach sábháilte, freagrach agus eiticiúil.

Tá monatóireacht ghníomhach á déanamh ag an roinn ar fhorbairtí in IS agus ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith aici i suíomhanna oideachais agus measúnaithe, lena n-áirítear trí phlé ar leibhéal an AE agus le Ballstáit eile maidir lena dtaithí agus lena saineolas.

Dúirt an tAire Foley:

"Agus muid ag leanúint lenár gcleachtais churaclaim agus teagaisc a nuachóiriú agus a athchóiriú, ní mór dúinn a bheith feasach ar an domhan ina bhfeidhmíonn scoileanna, ar domhan é atá ag athrú go tapa. Tá a fhios againn go bhfuil athrú á chur ag an intleacht shaorga (IS) cheana féin ar an gcaoi a maireann agus a n-oibríonn daoine. Níl aon dabht ach go bhfuil an-acmhainn ag IS feabhas a chur ar an oideachas agus ar an gcuimsiú ach tá go leor saincheisteanna agus dúshláin ann freisin maidir lena húsáid. Tá ról lárnach le himirt ag an oideachas agus ag an oiliúint lena chinntiú go n-úsáidtear IS go héifeachtach agus go heiticiúil agus i gcomhréir le reachtaíocht agus treoirlínte maidir le príobháideachas sonraí.

"Tá sé mar rún daingean agam go mbeidh daltaí agus scoláirí inár mbunscoileanna agus inár n-iar-bhunscoileanna in ann IS giniúnach a úsáid ar mhaithe leis na buntáistí a d'fhéadfadh a bheith ag baint léi, agus ag an am céanna go dtacófar leo ionas nach mbeidh siad ag brath rómhór ar é a úsáid chun a gcuid smaointeoireachta agus foghlama a dhéanamh dóibh. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar tuilleadh taighde ar thionchar gléasanna digiteacha ar ár seomraí ranga agus ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint astu laistigh dár scoileanna. Tá tús curtha leis an obair seo cheana féin agus táim ag súil go mór lena bheith críochnaithe faoi dheireadh na bliana seo.

"Ní mór dúinn a chinntiú go mbreathnóimid go cúramach ar úsáid IS i dtaca le gach gné den teagasc, den fhoghlaim agus den mheasúnú agus go bhfuil na hacmhainní agus na scileanna riachtanacha ag múinteoirí agus ag ceannairí scoile chun tacú leo. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, chun na scileanna IS riachtanacha a fhorbairt dár scoláirí agus dár múinteoirí araon, gurb é an chéad chéim bhunúsach sa mhéid sin ná a chinntiú go bhfuil na scileanna digiteacha ábhartha acu chun a húsáid a thuiscint, a nascleanúint agus a cheistiú go héifeachtach agus go heiticiúil.

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le múinteoirí agus le ceannairí scoile as a ndearcthaí agus a dtaithí sa réimse sin go dtí seo a roinnt ag ócáid a d'eagraigh Oide le déanaí chun riachtanais múinteoirí maidir le IS sa seomra ranga a aithint. Cabhróidh na tuairimí seo, maidir le hábhair lena n-áirítear conas feasacht ar IS agus litearthacht sonraí a mhúscailt i measc baill foirne agus ceannaireacht scoile agus na tacaíochtaí ba chóir don chóras a sholáthar, le bonn eolais a chur faoi fhorbairt an bheartais amach anseo sa spás athraitheach seo."