English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Glao ar léirithe spéise le haghaidh ‘Scoil Barr Feabhais sa Chruthaitheacht 2025’

Fáilteoidh an Roinn Oideachais roimh léirithe spéise ó iar-bhunscoileanna ar spéis leo páirt a ghlacadh i dtionscadal chun an chruthaitheacht a athbhreithniú, a mheas agus a fhorbairt ina scoil.

Bronnfar an gradam ‘Scoil Barr Feabhais sa Chruthaitheacht 2025’ ar na scoileanna a n-éireoidh leo. Is é aidhm uileghabhálach an tionscadail tacú le scoileanna agus le ceannairí scoile cleachtais thar a bheith éifeachtach a fhorbairt a chothaíonn cruthaitheacht na bhfoghlaimeoirí. Tacófar leis na scoileanna iniúchadh a dhéanamh ar mhodhanna agus ar chleachtais teagaisc ábhartha le haghaidh cruthaitheachta mar aon le hathbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht na foghlama ina scoil trí chur chuige féinmheastóireachta scoile a ghlacadh.

Is éard a dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley TD:

“Cuirim fáilte mhór roimh an tionscnamh píolótach nuálach seo a thugann deis do scoileanna bealaí nua a shainaithint chun feabhas a chur ar sholáthar na cruthaitheachta dá ndaltaí”.

Ó mhí Mheán Fómhair 2024 ar aghaidh, tacófar le suas le hocht scoil a bheidh rannpháirteach chun iniúchadh a dhéanamh ar dhá shnáithe idirghaolmhara – oideolaíochtaí chun tacú leis an gcruthaitheacht, agus timpeallachtaí foghlama a oiriúnú chun tacú leis an gcruthaitheacht. Déanfaidh na scoileanna a bheidh rannpháirteach tuairisciú in am trátha ar thionchar an tionscnaimh ina scoil. Bronnfar an gradam ‘Scoil Barr Feabhais sa Chruthaitheacht 2025’ ar na scoileanna nuair a bheidh an tionscadal tugtha chun críche acu. Aithnítear leis an ngradam gur gnéithe lárnacha den fhoghlaim iad an chruthaitheacht agus an smaointeoireacht chruthaitheach. Cuirfidh Oide Creativity agus an Chigireacht tacaíocht ar fáil mar chuid de phlean Óige Ildánach na Roinne Oideachais. Beidh an clár píolótach atriallach agus díreofar ar an bhfoghlaim chomhghairmiúil.

Dúirt an tAire Foley,

“Mholfainn do scoileanna machnamh a dhéanamh ar an deis seo mar go bhfuil sé dírithe ar thacú lenár gcóras oideachais, go háirithe ár gceannairí scoile chun foghlaim chruthaitheach fheabhsaithe a chur ar fáil a chuideoidh lenár ndaltaí sa deireadh thiar.”

Beidh scoileanna tionscadail in ann múinteoirí ionaid a fháil nuair a bheidh múinteoirí ag freastal ar aon seimineáir nó comhdhálacha lár-eagraithe a bhaineann leis an tionscadal.

Suífidh an tionscnamh seo de chuid na Scoile Barr Feabhais sa Chruthaitheacht in éineacht le roinnt tionscnaimh rathúla leanúnacha faoi stiúir na Roinne Oideachais i bPlean Óige Ildánach 2023-2027, lena n-áirítear BLAST, Braislí Cruthaitheacha, Comhpháirtíochtaí Múinteoirí-Ealaíontóirí, OIDE Creativity agus Comhpháirtíochtaí Áitiúla Óige Ildánach.

Ba cheart do scoileanna a bhfuil spéis acu ann aon cheisteanna faoin tionscnamh seo a chur chuig DOEcreativeyouth@education.gov.ie.


Nótaí don Eagarthóir

Mar chuid den tionscadal píolótach seo, beifear ag súil go ndéanfaidh na hocht scoil a bheidh rannpháirteach an méid seo a leanas:

  • Dul i ngleic le rogha oideolaíochtaí cruthaitheacha ar bhonn scoile uile nó thar roinnt ranna ábhair.
  • An tsamhail FMS a úsáid chun athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe de leagan amach an tseomra ranga maidir le tacú le cruthaitheacht an fhoghlaimeora.
  • Taithí agus torthaí a roinnt laistigh den scoil agus le daoine eile ina líonraí.
  • Comhordaitheoir scoile a cheapadh a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

- Páirt a ghlacadh i líonra foghlama gairmiúla lena n-áirítear oiliúint aghaidh ar aghaidh a dhéanamh ar dhá lá ar leithligh le Oide Creativity

- Páirt a ghlacadh i gceardlanna/seimineáir ar líne

- Oibriú le comhordaitheoir FMS na scoile féin chun athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí an tionscadail seo.

  • Is d'iar-bhunscoileanna amháin atá rannpháirtíocht sa tionscadal píolótach seo.

Ba chóir Léirithe Spéise a chomhlánú ar líne tríd an nasc thíos. Dúnfar na hiarratais Dé hAoine an 17 Bealtaine 2024.

DÉAN IARRATAS ANSEO: SCOIL BARR FEABHAIS SA CHRUTHAITHEACHT 2025

Gradam don Scoil Barr Feabhais sa Chruthaitheacht - Amlíne

An dáta oscailte d’iarratais 30 Aibreán 2024
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais 17 Bealtaine 2024
Fógra á thabhairt do scoileanna píolótacha Deireadh mhí na Bealtaine 2024
Oiliúint tosaigh Deireadh mhí Mheán Fómhair 2024
Scoileanna ag cur tús le mionphleanáil agus le cur i bhfeidhm an tionscadail Tús mhí Dheireadh Fómhair 2024
Críochnú agus athbhreithniú tionscnaimh Deireadh mhí na Bealtaine 2025

Comhthéacs:

Tionscnamh píolótach de chuid Phlean Óige Ildánach 2023-2027 is ea an Gradam don Scoil Barr Feabhais sa Chruthaitheacht, a dhíríonn ar fhéith na cruthaitheachta i leanaí agus i ndaoine óga a chothú. Is cuid de chlár Éire Ildánach é agus tá sé faoi stiúir na Roinne Oideachais i scoileanna le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Faisnéis a theastaíonn chun an fhoirm ar líne a chur isteach.

1. Ainm na Scoile

2. Uimhir Rolla na Scoile: bain úsáid as an nasc seo chun teacht ar Uimhir Rolla agus Éirchód na scoileanna rannpháirteacha: Schools

3. Seoladh agus Éirchód na Scoile

4. Seoladh Ríomhphoist na Scoile

5. An Cineál Scoile

6. An Comhthéacs Scoile

7. Ainm Phríomhoide na Scoile

8. Uimhir Theileafóin Phríomhoide na Scoile

9. Ainm Chomhordaitheoir na Scoile / Ionadaí na Scoile

10. Uimhir Theileafóin Chomhordaitheoir na Scoile / Ionadaí na Scoile

11. Ráiteas tacaíochta maidir le hacmhainn tagartha do thionscnaimh scoile uile agus fócas FMS